Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Duaiseanna

Tá cineálacha áirithe maoinithe ón Aontas Eorpach ann is féidir a bhronnadh mar dhuais chun an nuálaíocht a chur chun cinn nó chun éachtaí agus barr feabhais a aithint.

Coinníollacha

Is é an Coimisiún féin a bhronnann na duaiseanna, go hiondúil ar dhaoine atá ag obair ar thionscadail a chuireann forbairt na sochaí chun cinn. Eolaithe agus taighdeoirí, bíonn seans maith ag iarratasóirí mar iad ar dhreasachtaí airgeadais den chineál sin. Mar luach saothair, tabharfar airgead tirim don bhuaiteoir nó déanfar a thogra a phoibliú agus a chur chun cinn.

Bronntar duaiseanna i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta agus faoi réir phrionsabal na córa comhionainne. Ní féidir iad a bhronnadh go díreach gan comórtas a reáchtáil.

Sonraítear an méid seo a leanas le rialacha comórtais

  • critéir incháilitheachta
  • an spriocdháta deiridh faoinar féidir le hiarratasóirí clárú, más gá, agus chun iarratais a sheoladh isteach
  • na critéir maidir le heisiamh
  • critéir bhronnta
  • méid na duaise nó na nduaiseanna
  • na socruithe le haghaidh íocaíocht na nduaiseanna leis na buaiteoirí tar éis iad a bhronnadh orthu

Cuirtear iarratasóirí ar an eolas a luaithe is féidir faoi thoradh na meastóireachta a rinneadh ar a n-iarratas agus, i gcás ar bith, laistigh de 15 lá féilire tar éis don oifigeach údarúcháin an cinneadh bronnta a dhéanamh.

An t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chur chun cinn

Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh ‘Bauhaus Eorpach Nua’ eispéireas inbhraite cultúrtha, duinelárnach agus dearfach a dhéanamh den Chomhaontú Glas. Ba cheart gach duine a bheith in ann an claochlú glas digiteach agus an bealach a gcuireann sé feabhas ar ár gcáilíocht saoil a bhrath, a fheiceáil agus taithí a fháil air. Léigh tuilleadh faoi bhuaiteoirí Dhuais Bauhaus Eorpach Nua 2022

An nuálaíocht a chur chun cinn

Is minic a bhronntar duaiseanna ar bhuaiteoirí chomórtais an chláir Fís, clár suaitheanta an Aontais um Thaighde agus um Nuálaíocht. Le duaiseanna an chláir Fís bronntar airgead ar na daoine is fearr a n-éiríonn leo dúshlán sainithe a chomhlíonadh. Is é an aidhm atá ann an nuálaíocht a spreagadh agus teacht ar réitigh ar fhadhbanna atá tábhachtach do shaoránaigh na hEorpa.

Samplaí de ghradaim agus de dhuaiseanna airgid an Aontais le haghaidh réitigh nuálacha ar dhúshláin shochaíocha

  • is duais airgid í Duais an Aontais do Nuálaithe Ban a bhronntar gach bliain ar mhná Eorpacha a bhfuil cuideachta rathúil bunaithe acu atá ina heiseamláir den nuálaíocht sa mhargadh. Déantar moltóireacht ar na hiomaitheoirí de bhonn nuálaíocht cheannródaíoch, tionchair agus inspioráide.
  • is é is aidhm do Dhuais an chláir Fís de chuid na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí dúshlán mór atá os comhair na sochaí a réiteach, gan mionsonraí a thabhairt faoin dóigh ar cheart é a dhéanamh ná faoi cé ba cheart a dhéanamh. Tá na duaiseanna sin oscailte d’aon duine atá toilteanach smaoineamh as an nua idir réimsí agus disciplíní éagsúla. Bronntar an duais orthu siúd is fearr a thugann aghaidh ar an dúshlán.
  • leis an nGradam Horizon Impact aithnítear agus ceiliúrtar tionscadail den scoth atá luachmhar don tsochaí

Cultúr na hEorpa a cheiliúradh

Chun infheictheacht earnálacha cultúrtha agus closamhairc na hEorpa a mhéadú, tacaíonn an Coimisiún Eorpach le duaiseanna agus le tionscnaimh faoin gclár Eoraip na Cruthaitheachta. Leis an gclár tugtar luach saothair do dhaoine as an méid atá bainte amach acu, tarraingítear aird ar an mbarr feabhais agus ardaítear feasacht maidir le cultúr agus oidhreacht na hEorpa, mar a léiríonn na samplaí seo thíos. 

  • Tá an Gradam 'Éirim Óg na hAiltireachta' (YTAA) á bhronnadh gach bliain ó 2016 agus ceapadh é chun aird a tharraingt ar thionscadail den scoth i réimse na hailtireachta, na pleanála uirbí agus na hailtireachta tírdhreacha atá ar siúl ag mic léinn as gach cearn den Eoraip agus as roinnt tíortha eile
  • Tionscnamh bliantúil is ea Duais Litríochta an Aontais Eorpaigh a thugann aitheantas do na húdair is fearr atá ag teacht chun cinn san Eoraip

Faighteoirí na nduaiseanna

Daoine óga, mic léinn, gairmithe agus comhlachtaí poiblí, is ó na catagóirí sin a thagann an chuid is mó de bhuaiteoirí na nduaiseanna.

Seo roinnt samplaí de na buaiteoirí a bhí ann roimhe seo:

  • mac léinn ollscoile a bhí ag obair ar bheartas iomaíochta a mhúnlú i ré an digitithe 
  • déantóir scannán óg a dhear póstaer le haghaidh féile scannán Eorpach
  • iriseoir a léirigh scoth na hiriseoireachta maidir le cúrsaí imirce
  • múinteoir a bhain leas as dea-chleachtais chun teagasc faoin Aontas Eorpach 
  • ailtire a bhí tar éis céim a bhaint amach agus a bhí san iomaíocht le haghaidh an ghradaim 'Éirim Óg na hAiltireachta' 
  • gnólacht a dhear gorlann ghnó nó dea-chleachtais i leith an chomhshaoil
  • údarás áitiúil a bhí ag obair ar sheachtain soghluaisteachta na hEorpa
  • ionadaí i mBallstát den Aontas Eorpach a chuir scéim gradam chun cinn, nó a rinne é a athchruthú ina thír féin
  • daoine aonair nó grúpaí a bhfuil a saol caite acu ag cosaint chearta an duine agus na saoirse smaointeoireachta (Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta)