Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Glao ar thograí - ‘Pobail a chothú ó ghlúin go glúin trí litearthacht sna meáin’

Deontais bheaga le haghaidh tionscadail foghlama maidir le litearthacht sna meáin ó ghlúin go glúin

Clabhsúr: 6 Feabhra 2026

Leis an nglao sin, tacaítear le tionscadail a nascann glúnta éagsúla faoi théama na litearthachta sna meáin i gceantair thuaithe agus i mbailte beaga agus meánmhéide (le daonra níos lú ná 50,000 duine) sa Bhulgáir, sa Rómáin, sa Ghréig agus sa Chipir. Ní mór do gach tionscadal páirt ghníomhach a thabhairt do dhá cheann ar a laghad de na trí phríomhghrúpa dhéimeagrafacha (leanaí agus daoine óga faoi bhun 25 bliana d’aois, daoine fásta (25-64 bliana d’aois), agus daoine scothaosta (65 bliana d’aois agus níos sine)) i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha fóinteacha maidir le litearthacht sna meáin i spás áitiúil iontaofa.

Ba cheart é a bheith mar chéad sprioc ag na tionscadail sin muinín a chothú ó ghlúin go glúin, mar bhloc tógála de dhaonlathas athléimneach. Tá dúshláin mhóra dhéimeagrafacha agus shóisialta roimh shochaithe na hEorpa agus beidh sé ríthábhachtach an mhuinín sin a chothú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin agus chun an deighilt ó ghlúin go glúin a shárú. Is é an dara sprioc treoir agus uirlisí a chur ar fáil do rannpháirtithe chun a scileanna litearthachta sna meáin a ardú, ó tharla go bhfuil dúshláin nua roimh dhaoine de gach aois maidir le rochtain a fháil ar eolas.

Is éard atá i spásanna áitiúla iontaofa suíomhanna laistigh de phobal ina mothaíonn baill an phobail sábháilte agus go bhfuil meas orthu agus ina mbíonn siad ar a gcompord le chéile, iad ag déanamh teagmháil le chéile, agus ag plé ábhair éagsúla. D’fhéadfadh siad a bheith inrochtana go poiblí (e.g. leabharlann nó ionad pobail), nó leathphoiblí (e.g. teach cúraim, scoil) ar choinníoll gur féidir leis an spás áitiúil iontaofa cothú muiníne agus naisc shóisialta a éascú i measc a rannpháirtithe.

Tá an glao ar thograí seo ar oscailt le haghaidh iarratas ón 12 Nollaig 2025 go dtí an 6 Feabhra 2026, ar glao é a thacóidh le tionscadal amháin i ngach tír ar feadh tréimhse 8 mí le €50,000. Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir le hincháilitheacht agus ceanglais eile, féach na doiciméid thíos.

Féadfaidh tú teacht ar na doiciméid sin i mBulgáiris, i nGréigis agus i Rómáinis ar shuíomhanna gréasáin Ionadaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh