Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta15 Samhain 2023Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 1 nóiméad

Táthar ag tuar go dtiocfaidh laghdú breise ar an mboilsciú agus go rachaidh geilleagar an Aontais chun feabhais beagán

Woman pushing shopping trolley in supermarket

 

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach réamhaisnéis eacnamaíoch Fhómhar 2023. Táthar ag tuar go dtéarnóidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch de réir a chéile agus go leanfar den bhoilsciú a laghdú. Tá an méid sin ag teacht i gcomhthéacs moilliú i ngeilleagar an Aontais, mar gheall ar an gcostas ard maireachtála agus rátaí úis méadaithe, i measc tosca eile.   

Ar an iomlán, meastar go mbeidh téarnamh fáis ann agus táthar ag tuar go dtiocfaidh feabhas ar fhás OTI in 2024 – go 1.3% san Aontas Eorpaigh agus go 1.2% sa limistéar euro. Maidir le tomhaltóirí, tá an boilsciú sa limistéar euro ag dul sa treo ceart, agus laghdú ag teacht air go dtí an leibhéal is ísle le dhá bhliain anuas go 2.9% i mí Dheireadh Fómhair, ón mbuaicphointe 10.6% a bhí ann bliain ó shin. Táthar ag tuar go leanfar den treocht íslitheach sin in 2024.  Fágann sé sin nach dtiocfaidh ardú chomh mór sin ar phraghsanna maidir le bia, earraí monaraithe agus seirbhísí.   
  
Tríd is tríd, tá ag éirí go maith leis an margadh saothair agus tá go leor daoine i mbun fostaíochta. Meastar nach dtiocfaidh athrú mór ar an ráta dífhostaíochta san Aontas agus go bhfanfaidh sé ar 6.0% in 2023 agus in 2024. Tá iasachtaí níos costasaí de thairbhe rátaí úis arda, áfach, agus tá beartaithe ag níos lú daoine teach a cheannach dá thoradh. Agus boilsciú níos ísle, ioncaim níos airde agus méadú ar easpórtálacha ann, ba cheart go dtéarnódh an geilleagar más go cuibhiúil féin é. 
 
Den chéad uair riamh, i réamhaisnéis eacnamaíoch an Fhómhair seo tá an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Mholdóiv agus an Úcráin san áireamh inti, ar dheonaigh an Chomhairle Eorpach stádas tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht an Aontais orthu.  

Tuilleadh eolais  

Réamhaisnéis Eacnamaíoch Fhómhar 2023

Geilleagar a fhóireann do dhaoine  

Réamhaisnéisí eacnamaíocha 

Preaseisiúint: Réamhaisnéis Eacnamaíoch Fhómhar 2023: Téarnamh réasúnta romhainn tar éis bliain dhúshlánach

Sonraí

Dáta foilsithe
15 Samhain 2023
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide