Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Gealltanas Coca-Cola chun feabhas a chur ar mhaímh athchúrsála ar bhuidéil phlaisteacha

I mí na Samhna 2023, d’eisigh Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí (BEUC) foláireamh seachtrach in aghaidh cuideachtaí buidéalaithe a fhógraíonn maímh chomhshaoil ar bhuidéil phlaisteacha.

Tar éis an fholáirimh sin, rinne Cuideachta Coca-Cola teagmháil leis an gCoimisiún Eorpach agus chuaigh sí i mbun idirphlé go deonach le gréasán CPC faoi cheannaireacht Ghníomhaireacht Tomhaltóirí na Sualainne agus Údarás Iomaíochta na hUngáire.

Mar thoradh ar an idirphlé, thug Coca-Cola gealltanas an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Ráitis níos soiléire, cuir i gcás ‘Is as plaisteach 100% athchúrsáilte a rinneadh an buidéal seo, seachas an lipéad agus an caipín’, a chur in ionad maímh ar lipéid buidéal ar nós ‘Is buidéal mé atá déanta as plaisteach 100% athchúrsáilte’ (le séanadh ar leith i gclónna éagsúla a deir ‘an buidéal, ní an lipéad ná an caipín’;
  • Maímh ar lipéid buidéal, cuir i gcás ‘Athchúrsáil mé’ a chur in ionad maímh a deir ‘Athchúrsáil arís mé’ chun daoine a spreagadh le fáil réidh le buidéil fholmha ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh sé níos soiléire do thomhaltóirí nach bhfuil lúb ar lár sa phróiseas athchúrsála;
  • Cinnte a dhéanamh de nach gcuirfidh tuiscint fhoriomlán an lipéid ná na margaíochta tomhaltóirí ar míthreoir maidir le tairbhí comhshaoil na pacáistíochta, mar shampla trína gcomhcheangal le maímh nó siombailí glasa eile.
  • Cinnte a dhéanamh de go léireofar ábhar na ngealltanas sin i bhfeachtais mhargaíochta digití ar shuíomhanna gréasáin Coca-Cola agus ar chainéil meán sóisialta Coca-Cola.

Mar chuid de na chéad chéimeanna eile, déanfaidh na húdaráis náisiúnta cosanta tomhaltóirí monatóireacht ar chur i bhfeidhm na ngealltanas sin.

Faoi chomhordú an Choimisiúin Eorpaigh, déanfaidh na húdaráis measúnú freisin ar chleachtais cuideachtaí móra buidéalaithe eile atá ag feidhmiú sa Mhargadh Aonair, agus i gcás inar gá, ceanglóidh siad orthu cloí leis na gealltanais chéanna.

  • 6 BEALTAINE 2025
Complete list of commitments made by Coca-Cola

Umair leachta sceite díosail (AdBlue) i gcarranna Stellantis

Tar éis foláirimh a d’eisigh comhlachais tomhaltóirí san Iodáil agus sa Spáinn, d’iarr Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí (BEUC) ar an nGréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CCT) imscrúdú uile-Aontais a thionscnamh maidir le saincheisteanna teicniúla a bhaineann le humair leachta sceite díosail (AdBlue) i bhfeithiclí díosail áirithe a bhíonn Stellantis a mhonarú.

Is leacht é AdBlue atá deartha le haghaidh innill feithiclí díosail chun gur féidir leis an gcóras SCR (córas dí-ocsaídithe roghnaithigh chatalaíoch) feidhmiú agus chun astaíochtaí díobhálacha ocsaídí nítrigine a laghdú ar deireadh.  

Rinne custaiméirí gearán gur thug na bogearraí leabaithe i bhfeithiclí díosail áirithe arna monarú ag Stellantis (amhail Peugeot, Citroën, DS nó Opel) idir Eanáir 2014 agus Lúnasa 2020 le fios go mícheart go raibh an t-umar AdBlue nach mór folamh nó folamh ar fad. Stop an t-inneall dá thoradh sin agus níorbh fhéidir é a atosú, rud a d’fhág go raibh deisiúcháin chostasacha le híoc ag na húinéirí.

Shoiléirigh Stellantis gur éirigh fadhbanna teicniúla a bhaineann leis an umar úiré i nglúnta feithiclí níos sine, ach go bhfuil comhpháirteanna feabhsaithe in úsáid sna feithiclí nua.  

Bearta cúitimh arna gcomhaontú ag Stellantis  

I mí Mheán Fómhair 2023 d’imscrúdaigh Údarás Iomaíochta na hIodáile (AGCM) an tsaincheist agus chomhaontaigh sé sraith beart cúitimh le Stellantis do thomhaltóirí san Iodáil.

Tar éis idirphlé leis an gCoimisiún agus le Gréasán CCT, chomhaontaigh Stellantis na bearta sin a leathnú chuig na Ballstáit uile, agus thug sé roinnt gealltanais bhreise, an méid seo a leanas san áireamh:

  • An clúdach speisialta a leathnú chuig feithiclí eile de bhranda Stellantis, mar atá Peugeot, Citroën, DS agus Opel. Fágann sé sin go bhfuil Stellantis ag clúdach costas comhpháirteanna, thar cheanglais bharánta, ag brath ar aois agus míleáiste na feithicle, rud a leathnófar go 8 mbliana tar éis gach dáta monaraíochta feithicle ábhartha. Dá réir sin, mairfidh an cumhdach go 2028 le haghaidh feithiclí a monaraíodh i mí Lúnasa 2020. Cúitíonn Stellantis 100% de chostas na gcomhpháirteanna i gcás feithiclí incháilithe suas le 5 bliana seirbhíse agus suas le 150,000 ciliméadar. Má tá an fheithicil idir 5 agus 8 mbliana d’aois, clúdaíonn an Chuideachta idir 30% agus 90% de chostais na gcomhpháirteanna, ag brath ar an míleáiste faoi seach.
  • An cumhdach speisialta a chomhlánú le méid €30 le haghaidh costais saothair, is é sin thart ar 20% den mheánchostas saothair i gcásanna áirithe.
  • 100% de chostas na gcomhpháirteanna agus an tsaothair a chlúdach do thomhaltóirí atá ag dul i ngleic leis an bhfadhb chéanna arís eile (i gcás custaiméirí a chuaigh chuig deisitheoir údaraithe chun an t-umar úiré a athrú an dara huair, laistigh den teorainn 50,000 km nó 24 mhí ón uair dheireanach a athraíodh an t-umar úiré roimhe sin arna dhéanamh ag deisitheoir údaraithe agus arna dhoiciméadú le sonrasc; níl feithiclí athláimhe san áireamh. Beidh feidhm ag an mbeart go dtí mí Lúnasa 2028).
  • Beart aisghníomhach chun cúiteamh a thabhairt le cnapshuim do thomhaltóirí a fuair aisíocaíochtaí nach raibh chomh fabhrach céanna ón 1 Eanáir 2021 i leith ná an cumhdach speisialta leathnaithe.
  • Oiliúint a eagrú d’fhostaithe an líonra dáileacháin agus fostaithe cúraim custaiméirí chun a chinntiú go gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas go cuí faoi na cineálacha cumhdaigh atá ar fáil dóibh. =

Seolfaidh Stellantis ardán freisin a bheidh tiomnaithe don bheart aisghníomhach do thomhaltóirí dá ndearnadh difear, tomhaltóirí a fuair ranníocaíochtaí cheana féin roimhe, chun a gcearta breise cúitimh a ríomh. Beidh an t-ardán ar fáil i lár mhí Eanáir 2025.  

Glas-snasú san earnáil aerthaistil

Tar éis idirphlé leis an gCoimisiún Eorpach agus le húdaráis an líonra um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CCT), tá gealltanas tugtha ag 21 aerlíne a gcleachtais i dtaca le maímh mhíthreoracha chomhshaoil a athrú.

Cuireadh tús leis an ngníomhaíocht chomhordaithe sin, faoi stiúir Ard-Stiúrthóireacht na Beilge um Chigireacht Eacnamaíoch, Údarás na hÍsiltíre um Thomhaltóirí agus Margaí, Údarás Tomhaltóirí na hIorua agus Ard-Stiúrthóireacht Gnóthaí Tomhaltóirí na Spáinne, i mí an Mheithimh 2023 tar éis do Bhiúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí (BEUC) maímh mhíthreoracha a bhaineann leis an aeráid ó 17 n-aerlínte Eorpacha a cháineadh.

Seo a leanas na gealltanais atá pléite ag na haerlínte:

  1. a shoiléiriú nach féidir astaíochtaí CO₂ ó eitilt shonrach a neodrú, a fhritháireamh ná a laghdú go díreach trí ranníocaíochtaí nó íocaíochtaí
  2. gan an téarma ‘breoslaí eitlíochta inbhuanaithe’ a úsáid ach amháin nuair a thugtar bunús iomchuí leis.
  3. staonadh ó théarmaíocht nó íomhánna glasa doiléire a úsáid agus a chur in iúl go soiléir gur tionscal an-truaillitheach í an eitlíocht.
  4. maímh a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil amach anseo a shoiléiriú (e.g. glanastaíochtaí nialasacha gás ceaptha teasa).
  5. ríomhanna astaíochtaí CO₂ a chur i láthair go soiléir agus go trédhearcach i gcomhréir le dlí an Aontais
  6. fianaise agus eolas eolaíoch leordhóthanach a sholáthar chun tacú le haon chomparáid i dtaca le feidhmíocht chomhshaoil

Chomhaontaigh na haerlínte uile, i measc nithe eile, athruithe a thabhairt isteach ina gcleachtais, go háirithe ráitis a bhaint ina maítear gur féidir astaíochtaí CO₂ ó eitiltí aonair a neodrú, a fhritháireamh nó a laghdú go díreach trí íocaíochtaí le haghaidh tionscadail aeráide nó breoslaí eitlíochta malartacha. Anseo thíos tá tábla mionsonraithe ina bhfuil na gealltanais a comhaontaíodh in aghaidh an aerlíne.

Déanfaidh na húdaráis náisiúnta cosanta tomhaltóirí monatóireacht ar chur i bhfeidhm tráthúil na ngealltanas sin. I gcás ina meastar nach leor na gealltanais nó nach gcuirtear chun feidhme i gceart iad, féadfaidh na húdaráis gníomhaíocht forfheidhmiúcháin a dhéanamh chun cleachtais na n-aerlínte a chur i gcomhréir le dlí tomhaltóirí an Aontais agus chun iomaíocht chóir agus cothrom iomaíochta a chinntiú ar fud earnáil na heitlíochta.

  • 7 SAMHAIN 2025
Table of the commitments of airlines

Zalando

Tar éis idirphlé leis an gCoimisiún Eorpach agus leis na húdaráis náisiúnta tomhaltóirí, tá gealltanas tugtha ag Zalando na bratacha agus deilbhíní inbhuanaitheachta a thaispeántar in aice le táirgí a thairgtear ar a ardán a bhaint anuas. Féadfaidh maímh den sórt sin tomhaltóirí a chur amú maidir le saintréithe comhshaoil na dtáirgí.    

Chuir an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CCT), arna chomhordú ag an gCoimisiún Eorpach agus faoi stiúir ceithre údarás ón nGearmáin, ón Danmhairg, ón Iorua agus ón tSualainn, tús le gníomhaíocht chomhordaithe le Zalando i mí Aibreáin 2022. Ag an bpointe sin, ba é príomhábhar imní an líonra an úsáid a bhain Zalando as bratach inbhuanaitheachta. Le linn na gníomhaíochta comhordaithe agus dá toradh sin, bhain Zalando an bhratach inbhuanaitheachta agus gheall sé gan í a úsáid feasta. Mar sin féin, bhí imní fós ann maidir le deilbhíní míthreoracha comhshaoil a thug Zalando isteach tar éis dó an bhratach inbhuanaitheachta a bhaint anuas. Bhí imní ar an nGréasán CCT freisin faoi chur i láthair agus feidhmiú an scagaire agus faoin mbunús is gá chun tacú le maímh chomhshaoil.  

Mar thoradh ar an idirphlé le Gréasán CPC, gheall Zalando an méid seo a leanas a dhéanamh: 

  • an bhratach inbhuanaitheachta a bhí in úsáid ar dtús a bhaint anuas de gach leathanach gréasáin. 
  • na deilbhíní míthreoracha comhshaoil go léir a taispeánadh in aice le táirgí (amhail duilleog nó crann) a bhaint anuas.  
  • gan an téarma ‘inbhuanaitheacht’ a úsáid a thuilleadh, nó téarmaí eile a léiríonn buntáiste comhshaoil agus/nó eiticiúil, gan cáilíocht a bheith ann a bhaineann go díreach le maíomh den sórt sin. Ina ionad sin, úsáidfidh Zalando an téarma ‘caighdeán táirge’, nó frása mar é, agus eolas soiléir faoi thréithe sonracha an táirge, figiúr céatadáin san áireamh de mhéid an táirge sin atá comhdhéanta de ghné ar leith (e.g. ábhair athchúrsáilte). 
  • na deilbhíní agus an téarma ‘inbhuanaitheacht’ a bhaint den scagaire freisin, agus an téarma ‘caighdeán táirge’ a thabhairt isteach ina ionad sin lenar féidir le tomhaltóirí táirgí a scagadh agus a roghnú bunaithe ar thréithe sonracha táirge. 
  • feidhm ‘match any’ [meaitseáil aon rud] an scagaire a leasú lena mbeifear in ann táirgí a roghnú bunaithe ar chritéar amháin i ndáil le tréith táirge ar leith. 
  • eolas soiléir sonrach a chur ar fáil maidir le buntáiste comhshaoil agus/nó eiticiúil an táirge ar leathanach mhionsonraí an táirge, e.g. tréith nó tréithe an táirge mar aon leis an bhfigiúr nó na figiúirí céatadáin sonracha.  
  • an ‘Leathanach Inbhuanaitheachta’ a athbhreithniú trí dhá leathanach gréasáin nua a thabhairt isteach: ceann amháin ina bhfuil tuilleadh eolais faoi na caighdeáin táirgí agus ceann ina bhfuil eolas faoi na cineálacha cur chuige agus straitéisí atá ag Zalando maidir leis an inbhuanaitheacht.  
  • deimhin a dhéanamh de gur le gnéithe atá suntasach ó thaobh thionchar an táirge ar an gcomhshaol de a bhaineann maímh chomhshaoil Zalando. 

Nintendo

Tar éis foláireamh seachtrach a fháil ó Bhiúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí (BEUC), chuaigh Údaráis an Ghréasáin um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CCT) i dteagmháil le Nintendo of Europe GmbH (‘Nintendo’) chun aghaidh a thabhairt ar thuairiscí faoi mhaidí analógacha neamhfhreagracha ar rialaitheoirí sonracha ‘Nintendo Switch’. Mar thoradh air sin, tabharfaidh Nintendo an ceart do thomhaltóirí san Aontas siondróm freagrúlachta mhaide analógach na rialaitheoirí sin a dheisiú ina ionaid deisiúcháin oifigiúla, saor in aisce, fiú má tá an ráthaíocht dhlíthiúil nó baránta an mhonaróra agus/nó baránta an díoltóra imithe in éag. Is faoi cheannas Aireacht na Gréige um Fhorbairt agus Infheistíochtaí agus Gníomhaireacht na Gearmáine um an gComhshaol a bhí an ghníomhaíocht, agus is é an Coimisiún Eorpach a chomhordaigh í.
 
Roinnt tomhaltóirí a bhain úsáid as an gconsól Nintendo Switch, thuairiscigh siad d’údaráis CCT agus do chomhlachais tomhaltóirí nach bhféadfaidís an cluiche a rialú mar is ceart. Chuaigh na rialaitheoirí chun donais agus thosaigh siad ag clárú orduithe nach raibh ag teastáil, cé nár bhain an t-úsáideoir dóibh. Ó tharla nach raibh aon mhaith sna rialaitheoirí i ngeall ar an bhfadhb sin, tomhaltóirí nach raibh in ann iad a dheisiú go héasca nó saor in aisce, bhí orthu fáil réidh leo agus cinn nua a cheannach, agus bhí dramhaíl leictreonach gan ghá ann dá thoradh sin. Bhain an fhadhb theicniúil sin, ar a dtugtar ‘guagadh Joy-Con’, le gach cineál den chonsól Nintendo Switch. Is amhlaidh a fuair balleagraíochtaí BEUC beagnach 25,000 gearán ó thomhaltóirí faoin gconsól Nintendo Switch faoi mhí Eanáir 2021.
 
Mar thoradh ar an idirphlé, déanfaidh Nintendo an méid seo a leanas a chur ar fáil agus a chur in iúl go soiléir sa rannán ábhartha dá shuíomh gréasáin tacaíochta don Eoraip: aon fhadhb a bhaineann le guagadh nó freagrúlacht na rialaitheoirí Joy-Con, déanfar iad a dheisiú saor in aisce in ionaid deisiúcháin de chuid Nintendo, is cuma cé acu locht nó caitheamh agus cuimilt ba chúis leis, fiú má tá an barántas monaróra 24 mhí breise a thugann Nintendo imithe in éag. Thairis sin, chomhaontaigh Nintendo leis na hÚdaráis Tomhaltóirí an ceart céanna a chur ar fáil do thomhaltóirí nach ceannaitheoir bunaidh an rialaitheora iad.
 
Tomhaltóirí a raibh fadhbanna acu maidir le freagrúlacht rialaitheoirí Joy-Con, féadfaidh siad dul chuig an rannóg Tacaíochta do Chustaiméirí ar shuíomh gréasáin Nintendo, agus féadfaidh siad níos mó a fhoghlaim nó deisiúchán a chur in áirithe go díreach ar an leathanach sonrach ‘Joy-Con Control Sticks Are Not Responding or Respond Incorrectly’ [‘Níl na maidí Joy-Con ag freagairt, sin nó tá siad ag freagairt go mícheart’].

  • 4 AIBREÁN 2023
Common position of national authorities of the CPC Network concerning the commercial practices of Nintendo of Europe GmbH