Page contents Page contents SparánachtaíNíl aon ghlao ar iarratais ar oscailt faoi láthair. Foilseofar an glao don bhliain acadúil 2026-27 ar an suíomh gréasáin seo idir mí na Bealtaine agus mí Iúil 2026.Glaonna atá dúnta 10 IÚIL 2025Call for applications - Bursaries for Conference Interpreting students 2025-2026 Critéir inghlacthachta (faoi réir modhnuithe)Chun go mbeidh iarratais inghlactha, ní mór dóibh:A bheith curtha isteach faoin sprioc-am.A bheith curtha isteach go leictreonach trí ardán SPIRIT. Ní ghlacfar le hiarratais a sheolfar le ríomhphost ná ar aon bhealach eile.Na doiciméid atá liostaithe faoi Rannán 3 den ghlao ‘Conas iarratas a dhéanamh ar sparánacht’ a bheith san áireamh iontu. Ní sheolfar ach meabhrúchán amháin lena ngabhann sprioc-am 2 lá chuig iarratasóirí i gcásanna nach bhfuil ach doiciméad amháin ar iarraidh.Critéir incháilitheachta (faoi réir modhnuithe)Chun bheith incháilithe le sparánacht a fháil, ní mór duit gach ceann de na cúig chritéar thíos a chomhlíonadh:A bheith i do náisiúnach de Bhallstát den Aontas Eorpach nó de cheann de na tíortha is iarrthóirí.Céim ollscoile nó cáilíocht choibhéiseach a bheith agat cheana féin nó a bheith sa bhliain dheireanach de chúrsa as a dtagann céim ollscoile nó cáilíocht choibhéiseach.Iarratas a bheith déanta agat ar chúrsa iomlán máistreachta/iarchéime san Ateangaireacht Chomhdhála, nó é a bheith i gceist agat iarratas a dhéanamh ar chúrsa iomlán máistreachta/iarchéime san Ateangaireacht Chomhdhála, arna thairiscint don bhliain 2025-2026 ag ollscoil aitheanta nó ag institiúid aitheanta ar leibhéal ollscoile. I gcás cúrsaí a mhaireann níos mó ná bliain amháin, ní bheidh ach daltaí sa bhliain deiridh incháilithe.Ní mór duit táille chlárúcháin a íoc nó a bheith íoctha agat le haghaidh na bliana acadúla 2025-2026 (ba cheart gurb í sin an bhliain deiridh de do chúrsa máistreachta/iarchéime). Is féidir táille teagaisc agus/nó táille riaracháin a bheith sa táille clárúcháin.Próifíl teanga do chlárúcháin a bheith mar atá luaite san fheidhmchlár sparánachta i gcomhréir leis na próifílí fabhracha a foilsíodh sa ghlao.Teagmháil Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta – Sparánachtaí AinmArd-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta – SparánachtaíSeoladh ríomhphoistscic-bursariesec [dot] europa [dot] eu Ráiteas príobháideachais 10 IÚIL 2025Data protection notice - DG Interpretation bursaries 2025-26