Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An Seimeastar Eorpach

Is é an Seimeastar Eorpach creat an Aontais Eorpaigh chun beartais eacnamaíocha agus shóisialta a chomhordú agus chun faireachas a dhéanamh orthu.

Cad é an Seimeastar Eorpach?

Cleachtadh bliantúil is ea an Seimeastar Eorpach lena gcomhordaítear beartais eacnamaíocha agus shóisialta an Aontais Eorpaigh. Le linn an tSeimeastair, déanann Ballstáit den Aontas Eorpach a mbeartais bhuiséadacha agus eacnamaíocha a ailíniú leis na cuspóirí agus leis na rialacha a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais.

Trí chomhordú eacnamaíoch agus sóisialta níos láidre a bhaint amach, tá sé d’aidhm ag an Seimeastar Eorpach fás eacnamaíoch inbhuanaithe, cruthú post, cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus airgeadas poiblí fónta a chinntiú ar fud an Aontais.

Leantar timthriall athfhillteach i gclár ama an tSeimeastair, ag tosú san fhómhar nuair a chuireann an Coimisiún Eorpach tosaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta i láthair. Críochnaíonn sé i mí Dheireadh Fómhair na bliana ina dhiaidh sin nuair a chuireann Ballstáit den Aontas Eorpach a ndréachtphleananna buiséadacha isteach. Tosaíonn an timthriall ansin arís, ina dhiaidh sin.

Creat an tSeimeastair Eorpaigh

Bunaíodh an Seimeastar Eorpach in 2010, chun aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le rialachas socheacnamaíoch AE níos láidre agus le comhordú níos fearr idir beartais náisiúnta eacnamaíocha agus fhioscacha. Léirigh géarchéim airgeadais 2008 go raibh gá le cleachtadh den sórt sin. Mar fhreagairt air sin, chuir Ballstáit den Aontas Eorpach tús le hathchóiriú leathan bheartais AE lena gcuimsítear an méid seo a leanas:

  • uirlisí nua chun déileáil le Ballstáit a bhfuil anás airgeadais ag bagairt orthu, lena n-áirítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach
  • faireachas fioscach níos láidre ar bhuiséid náisiúnta tríd an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáisathchóirithe
  • ionstraimí nua chun forbairtí maicreacnamaíocha a bhfuil riosca ag baint leo a chosc agus a cheartú leis an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha
  • Comhordú beartas fostaíochta, sóisialta agus fáis a threisiú; agus
  • tabhairt isteach an tSeimeastair Eorpaigh, timthriall pleanála bliantúil lena ndéantar tráthchláir na nósanna imeachta comhordúcháin éagsúla a shioncrónú

Cinntítear leis an Seimeastar Eorpach go ndéantar anailís agus measúnú ar bheartais náisiúnta eacnamaíocha, shóisialta agus bhuiséadacha le chéile, agus cé go ndearnadh na beartais sin a láimhseáil ar leithligh roimhe seo. Leanann sé timthriall sonrach aon bhliana amháin. Le linn na chéad chéime, pléann Ballstáit den Aontas Eorpach a bpleananna eacnamaíocha agus buiséadacha agus tagann siad ar chomhaontú maidir le príomhthosaíochtaí. Sa dara cuid den timthriall, ar a dtugtar an ‘Seimeastar náisiúnta’, bíonn coinne leis go ndéanfaidh na Ballstáit beartais náisiúnta a ailíniú, go háirithe na buiséid náisiúnta le haghaidh na bliana ina dhiaidh sin. Tá ról tábhachtach ag an gCoimisiún Eorpach sa Seimeastar Eorpach trí mheastóireacht a dhéanamh ar dhréachtbhuiséid arna gcur isteach ag na Ballstáit agus trí threoraíocht a thabhairt dóibh.

Cuireadh tús leis an gcéad timthriall den Seimeastar Eorpach in Eanáir 2011 nuair a d'fhoilsigh an Coimisiún an suirbhé bliantúil fáis agus an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht. I mí na Samhna a cuireadh tús leis na timthriallta Seimeastair is déanaí, agus maireann an 'seimeastar náisiúnta' ó mhí an Mheithimh go dtí mí Dheireadh Fómhair.

I gcomparáid le creataí comhordúcháin a bhí ann roimhe seo, is féidir an méid seo a leanas a dhéanamh leis an Seimeastar Eorpach:

  • monatóireacht níos rialta
  • gníomhaíocht níos comhordaithe i gcoinne dúshláin choiteanna
  • freagairt níos tapúla i gcás fadhbanna
  • trédhearcacht fheabhsaithe i measc na mBallstát
  • níos mó rannpháirtíochta ó Pharlaimint na hEorpa agus ó reachtóirí náisiúnta, ó chomhpháirtithe sóisialta agus ó pháirtithe leasmhara ábhartha eile ar gach leibhéal.

Léigh tuilleadh eolais faoi chreat an tSeimeastair Eorpaigh

Amlíne an tSeimeastair Eorpaigh

Leantar clár ama soiléir sa Seimeastar. Chomh maith leis na céimeanna foirmiúla ar a dtugtar tuairisc thíos, téann an Coimisiún Eorpach i mbun idirphlé rialta leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara i rith na bliana.

  1. Mí na Samhna
    Pacáiste an Fhómhair den Seimeastar Eorpach

    Tosaíonn timthriall an tSeimeastair Eorpaigh i mí na Samhna nuair a chuireann an Coimisiún Eorpach Pacáiste an Fhómhair den Seimeastar Eorpach i láthair. Leagtar amach ann tosaíochtaí ginearálta sóisialta agus eacnamaíocha agus tugtar treoraíocht maidir le beartais do na Ballstáit le haghaidh na tréimhse atá romhainn.

    Cuimsítear an méid seo a leanas i bPacáiste an Fhómhair de ghnáth: 

    • An Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe, ina leagtar amach tosaíochtaí ginearálta an Aontais Eorpaigh maidir le beartais eacnamaíocha, fostaíochta agus shóisialta sna 12 mhí go 18 mí atá le teacht, de réir mar atá measúnaithe ag an gCoimisiún Eorpach;
    • Na Tuairimí maidir le Dréachtphleananna Buiséadacha na mBallstát atá sa limistéar euro ina dtugtar meastóireacht an Choimisiúin ar an gcaoi a bhfuil dréachtbhuiséid na mBallstát le haghaidh na bliana ina dhiaidh sin ailínithe le rialacha fioscacha eacnamaíocha an Aontais. Cuimsítear ann Teachtaireacht uileghabhálach;
    • Togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, lena soláthraítear comhairle beartais do Bhallstáit atá sa limistéar euro maidir le hábhair a dhéanann difear d’fheidhmiú an limistéir euro ina iomláine;
    • Is é is aidhm do Thuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimhmíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chuireann bac ar dhea-fheidhmiú gheilleagair na mBallstát, an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta nó an Aontais ina iomláine a bhrath, a chosc agus a cheartú;
    • Tuarascálacha faireachais iarchláir ina ndéantar measúnú ar acmhainneacht aisíocaíochta na mBallstát a thairbhigh de chláir cúnaimh airgeadais;
    • Togra le haghaidh Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, ina ndéantar anailís ar phríomhfhorbairtí fostaíochta agus sóisialta san Aontas, mar aon le freagairtí beartais ó rialtais náisiúnta.

    Pacáiste an Fhómhair 

  2. Ó mhí Eanáir go mí an Mhárta
    Glacann an Chomhairle conclúidí agus treoraíocht

    Seoltar doiciméid Phacáiste an Fhómhair chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh.

    Idir mí Eanáir agus mí Feabhra, déanann an Chomhairle conclúidí ar an Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe agus Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh a phlé agus a ghlacadh. Ina theannta sin, formheasann sí an dréachtmholadh ón gComhairle maidir leis an limistéar euro agus d'fhéadfadh leasuithe a bheith déanta aici air. Cuirtear an moladh faoi bhráid na Comhairle Eorpaí ina dhiaidh sin.

    I mí an Mhárta, glacann an Chomhairle an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht lena ngabhann conclúidí. Formhuiníonn an Chomhairle Eorpach an dréachtmholadh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro. Ar an mbonn sin, soláthraíonn ceannairí an Aontais treoraíocht choiteann le haghaidh na bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha atá le teacht i mí Aibreáin. Ina theannta sin, cuireann an Coimisiún treoraíocht ar fáil maidir leis an mbeartas fioscach chun eolas a chur faoi ullmhú na bpleananna náisiúnta sin.

    Pléann Parlaimint na hEorpa an Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe freisin, agus an deis tuarascáil féintionscnaimh a fhoilsiú.

  3. Mí Aibreáin
    Cuireann na Ballstáit a bpleananna beartas isteach le meastóireacht a dhéanamh orthu

    Faoi dheireadh mhí Aibreáin, cuirfidh na Ballstáit a bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha nó na tuarascálacha bliantúla gaolmhara ar dhul chun cinn faoi bhráid an Choimisiúin le meastóireacht a dhéanamh orthu. Leagtar amach sna doiciméid sin conair ghlanchaiteachais ilbhliantúil, arb é is aidhm di an fiachas náisiúnta a laghdú nó é a choinneáil ar leibhéil stuama. Mionsonraítear sna pleananna struchtúracha freisin na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí poiblí atá beartaithe ag tíortha a ghlacadh chun inbhuanaitheacht agus fás a fheabhsú, agus chun aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.

    Ó 2024 ar aghaidh, cuireadh na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha in ionad na gclár náisiúnta um athchóiriú agus in ionad na gclár cobhsaíochta / cóineasaithe a bhí ann roimhe seo mar chuid den athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch. Cumhdaíonn na pleananna tréimhse 4 bliana ar a laghad, ag brath ar fhad an reachtais náisiúnta.

    Agus na pleananna beartas nó na tuarascálacha ar dhul chun cinn á bhforbairt, tá coinne leis go gcuirfidh na Ballstáit san áireamh an treoraíocht a eisíodh trí na moltaí tírshonracha (cf. ó mhí an Mheithimh go mí Iúil), an moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro agus treoraíocht bhreise maidir le beartas fioscach ón gCoimisiún (cf. Eanáir-Márta).

  4. Mí na Bealtaine
    Pacáiste an Earraigh den Seimeastar Eorpach

    Cuireann an Coimisiún Pacáiste an Earraigh den Seimeastar Eorpach i láthair, lena soláthraítear treoraíocht eacnamaíoch agus fhioscach do na Ballstáit tar éis measúnú a dhéanamh ar an bplean struchtúrach fioscach meántéarmach nó ar an tuarascáil ghaolmhar ar dhul chun cinn.

    Cuimsítear an méid seo a leanas i bPacáiste an Fhómhair de ghnáth:

    • Teachtaireacht ina ndéantar achoimre ar phríomhghnéithe an Phacáiste;
    • Tuarascálacha tíre le haghaidh na mBallstát uile ina ndéantar a machnamh ar na staideanna eacnamaíocha agus sóisialta faoi seach;
    • Moltaí tírshonracha le haghaidh na mBallstát uile lena dtugtar treoraíocht maidir le conas freagairt go leormhaith do dhúshláin nua agus do dhúshláin atá ann cheana agus príomhchuspóirí beartais a bhaint amach;
    • Tuarascálacha faireachais iarchláir ina ndéantar measúnú ar acmhainneacht aisíocaíochta na mBallstát a thairbhigh de chláir cúnaimh airgeadais;
    • Togra le haghaidh treoirlínte maidir le Treoirlínte Fostaíochta ina gcuirtear tosaíochtaí coiteanna le haghaidh beartais náisiúnta fostaíochta i láthair.

    Pacáiste an Earraigh

  5. Ó mhí an Meithimh go mí Iúil
    Pléann agus glacann an Chomhairle moltaí tírshonracha

    I mí an Mheithimh, pléann an Chomhairle na moltaí tírshonracha atá beartaithe agus tagann sí ar chomhaontú maidir le leagan deiridh. Le linn an phlé sin, is féidir leis na Ballstáit barúlacha a thabhairt maidir lena bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha féin. Tar éis formhuiniú a fháil ón gComhairle Eorpach, glacann an Chomhairle na moltaí go hoifigiúil i mí Iúil.

    Moltaí tírshonracha

  6. Ó mhí Lúnasa go mí Dheireadh Fómhair
    Moltaí tírshonracha a chur i ngníomh

    Iarrtar ar na Ballstáit na moltaí tírshonracha a chur chun feidhme agus iad a ionchorprú sna pleananna athchóirithe, infheistíochta poiblí agus buiséadacha náisiúnta le haghaidh na bliana dár gcionn. Roinneann Ballstáit sa limistéar euro a ndréachtbhuiséid leis an gCoimisiún faoi lár mhí Dheireadh Fómhair, roimh an gcéad Phacáiste Fómhair eile. Déanann an Coimisiún measúnú ar na pleananna de réir cheanglais an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, na conaire glanchaiteachais a comhaontaíodh agus na moltaí tírshonracha.

    Ag deireadh na bliana, cuireann na Ballstáit bailchríoch ar a mbuiséid náisiúnta, agus Tuairimí an Choimisiúin maidir leis na Dréachtphleananna buiséadacha a bhaineann le Pacáiste nua an Fhómhair á gcur san áireamh.

    Ina dhiaidh sin, tagann deireadh leis an Seimeastar Eorpach, agus cuirtear tús le timthriall nua.

    Moltaí an tSeimeastair a chur chun feidhme

An Seimeastar Eorpach i do thírse

Aimsigh tuarascálacha, moltaí agus cláir náisiúnta a bhaineann go sonrach le tír faoi leith