Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Réiteach malartach díospóidí le haghaidh tomhaltóirí

Le réiteach malartach díospóidí is féidir le tomhaltóirí agus le trádálaithe díospóidí a réiteach go tapa agus go neamhchostasach, gan dul chun na cúirte.

Athbhreithniú ar an Treoir maidir le RMD

An 17 Deireadh Fómhair 2023 ghlac an Coimisiún togra go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat maidir le RMD ar na bealaí seo a leanas: 

  1. togra reachtach lena leasófar an Treoir maidir le RMD atá ann faoi láthair, 
  2. togra reachtach lena n-aisghairfear Rialachán ODR, 
  3. moladh a bheidh dírithe ar na margaí ar líne agus ar chomhlachtaí trádála an Aontais a bhfuil sásra um réiteach gearán i bhfeidhm acu, agus ar na Ballstáit freisin.

Is iad seo a leanas cuspóirí an athbhreithnithe: 

  • an creat maidir le RMD a chur in oiriúint do na margaí digiteacha trí gach catagóir díospóidí a chlúdach a bhaineann le cearta tomhaltóirí an Aontais;  
  • feabhas a chur ar an rochtain ar RMD i ndíospóidí trasteorann trí úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha, agus cúnamh a chur ar fáil do thomhaltóirí agus trádálaithe; 
  • nósanna imeachta RMD a shimpliú do na gníomhaithe uile; oibleagáidí tuairiscithe na n-eintiteas RMD agus oibleagáidí faisnéise na dtrádálaithe ina measc a laghdú, sin agus trádálaithe a spreagadh chun a rannpháirtíocht le héilimh RMD a mhéadú tríd an dualgas maidir le freagra a thabhairt; 
  • scor den ardán ODR agus uirlisí digiteacha so-úsáidte a chur ina ionad chun cabhrú le tomhaltóirí uirlis sásaimh a aimsiú lena ndíospóid a réiteach; 
  • margaí ar líne agus comhlachtaí trádála an Aontais a bhfuil sásra um réiteach díospóidí i bhfeidhm acu a dhreasú chun iad féin a ailíniú leis na critéir cháilíochta sa Treoir maidir le RMD; 

Gabhann an méid seo a leanas leis na tograí reachtacha: 

Aimsigh gach doiciméad i dtaca leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le RMD

Feabhsuithe An Creat maidir le RMD/ODR atá ann faoi láthair Na hathruithe atá beartaithe
Raon feidhme na Treorach maidir le RMD a leathnú  Ní chuimsítear leis an Treoir ach díospóidí a eascraíonn as oibleagáidí conarthacha idir tomhaltóirí atá ina gcónaí san Aontas agus trádálaithe atá bunaithe san Aontas.  Beidh feidhm ag an Treoir maidir le gach sárú ar dhlí an Aontais a bhfuil gné cosanta tomhaltóirí ag baint leo, cuir i gcás, léiriú praghsanna míthreorach, cleachtais idirdhealaitheacha, saincheisteanna a bhaineann le haistriú ó sholáthraí seirbhíse amháin go ceann eile, faisnéis réamhchonarthach a fhágáil ar lár, inaistritheacht ábhair, réitigh a bhaineann leis an gceart chun deisiúcháin, etc. 
Is féidir le trádálaithe ó thír nach Ballstát den Aontas í a bheith rannpháirteach go deonach i nósanna imeachta RMD.
Borradh a chur faoi rannpháirtíocht na dtrádálaithe in RMD Rannpháirtíocht dheonach na dtrádálaithe in RMD ach amháin má cheanglaítear sin trí reachtaíocht an Aontais nó trí reachtaíocht náisiúnta. Beidh rannpháirtíocht dheonach na dtrádálaithe in RMD fós ann ach beidh ar na trádálaithe freagra a thabhairt ar iarratas eintiteas RMD laistigh de 20 lá oibre maidir le cibé an bhfuil sé i gceist acu páirt a ghlacadh in RMD nó nach bhfuil. 
Ní bheidh ceangal ar na trádálaithe ar líne an nasc chuig an ardán ODR a sholáthar ná seoladh ríomhphoist tiomnaithe a choimeád a thuilleadh.
Cúnamh spriocdhírithe do thomhaltóirí maidir le RMD trasteorann agus intíre Is féidir le tomhaltóirí cúnamh a fháil chun rochtain a fháil ar RMD trasteorann trí Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí, eagraíochtaí tomhaltóirí nó comhlachtaí eile. Ainmneoidh na Ballstáit Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí, eagraíocht tomhaltóirí nó comhlacht eile mar phointí teagmhála RMD chun cumarsáid idir na páirtithe a éascú, chun cabhrú leis an bpróiseas, chun eolas ginearálta a chur ar fáil do na páirtithe agus do na heintitis RMD faoi chearta tomhaltóirí an Aontais agus faoi rialacha nós imeachta a chuireann na heintitis RMD a sainaithníodh i bhfeidhm, sin nó chun iad a chur ar an eolas faoi mhodhanna eile sásaimh i gcás nach féidir díospóid a réiteach trí nós imeachta RMD.
Na gníomhaithe go léir a chabhraíonn le tomhaltóirí, gníomhóidh siad de mheon macánta agus soláthróidh siad an t-eolas uile is gá roimh ré.
Coinníonn an Coimisiún an tArdán ODR ar bun chun go mbeidh na tomhaltóirí in ann a ndíospóidí le trádálaithe a réiteach. Cuirfear uirlis dhigiteach idirghníomhach a threoróidh tomhaltóirí chuig réitigh sásaimh tomhaltóirí in ionad an ardáin ODR.
Tomhaltóirí leochaileacha a chosaint i margaí digiteacha   Is féidir le tomhaltóirí gearán agus na doiciméid tacaíochta a chur isteach ar líne ar bhealach inrianaithe agus rochtain a fháil ar dhoiciméid i bhformáid neamhdhigiteach ar éileamh.
Ceanglaítear leis an togra go n-úsáidfear nósanna imeachta digiteacha RMD trí uirlisí cuimsitheacha sorochtana.
Nósanna imeachta RMD atá níos so-úsáidte agus níos trédhearcaí   Beidh sé de cheart ag páirtithe a iarraidh go ndéanfaidh duine nádúrtha athbhreithniú ar an toradh RMD i gcás inar cuireadh an nós imeachta i gcrích trí mhodhanna uathoibríocha.
Beidh an fhéidearthacht ag na heintitis RMD cásanna a bhfuil eilimintí comhchosúla ag baint leo a láimhseáil le chéile tar éis dóibh an tomhaltóir a chur ar an eolas faoin rogha sin agus an deis a thabhairt dó diúltú dó. 
Ceanglais tuairiscithe cuíchóirithe maidir le heintitis RMD   Déanfaidh eintitis RMD tuarascálacha mionsonraithe bliantúla ar ghníomhaíochtaí a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin. Beidh ar eintitis RMD tuarascálacha comhdhlúite ar ghníomhaíochtaí a fhoilsiú gach dhá bhliain.
Laghdófar ceanglais maidir le faisnéis ag céim an fhógra le haghaidh eintitis RMD.
Moladh nua do mhargaí ar líne agus do chomhlachtaí trádála an Aontais a sholáthraíonn córais um réiteach díospóidí    Iarrann an Coimisiún orthu a gcórais a ailíniú le critéir cháilíochta na Treorach maidir le RMD.
Sa chás ina n-úsáideann siad nósanna imeachta uathoibríocha chun díospóidí a réiteach, cuirfear an t-eolas sin ar fáil go poiblí agus tabharfaidh siad an ceart do pháirtithe na díospóide a iarraidh go ndéanfaidh duine nádúrtha athbhreithniú ar an toradh.
Ba cheart dóibh tuarascálacha féinmheasúnaithe a fhoilsiú go rialta, nach faide ná 2 bhliain, ar conas a chuirfear na critéir cháilíochta chun feidhme.

Comhairliúchán poiblí

In 2022 rinne an Coimisiún dhá chomhairliúchán poiblí: ceann siarbhreathnaitheach agus ceann réamhbhreathnaitheach i gcomhthreo leis an nGlao ar Fhianaise. Rinneadh na comhairliúcháin sin i bhfianaise na meastóireachta agus an mheasúnaithe tionchair a ghabhann leis an togra reachtach ón gCoimisiún lena ndéantar athchóiriú ar an gcreat maidir le RMD/ODR. 

Gearáin a réiteach lasmuigh den chúirt

Is é atá i réiteach malartach díospóidí (RMD) gearáin a réiteach lasmuigh den chúirt le cúnamh ó chomhlacht neamhchlaonta réitigh díospóidí. Díospóidí tomhaltóirí a réiteach ar an dóigh sin, tá sé níos éasca, níos tapúla agus níos saoire ná cás a thabhairt os comhair na cúirte.

Is iomaí cineál RMD atá ann, cuir i gcás

  • idirghabháil
  • idir-réiteach
  • ombudsmain
  • eadráin
  • boird um ghearáin

Comhlachtaí réitigh lasmuigh den chúirt de réir tíre

Tá líon mór comhlachtaí lasmuigh den chúirt ar fud an Aontais. Trí úsáid a bhaint as ceann de na comhlachtaí sin, is féidir leat leas a bhaint as RMD le haghaidh fhormhór na gcineálacha táirgí nó seirbhísí (ní dhéileálann na comhlachtaí sin le gearáin faoi chúram sláinte ná faoin ardoideachas).

Is cuma cé acu ar líne nó i siopa a cheannaigh tú an táirge nó an tseirbhís, nó cé acu i do thír féin nó i mBallstát eile atá an trádálaí lonnaithe.

Ar an ardán réitigh díospóidí ar líne tá liosta de chomhlachtaí réitigh díospóidí lasmuigh den chúirt le fáil de réir tíre.

Tionól 2021 maidir le Réiteach Malartach Díospóidí (RMD) - ábhair

Is é an Tionól maidir le RMD an t-imeacht RMD is mó do thomhaltóirí san Aontas Eorpach. Don dara heagrán den imeacht leathbhliantúil, a tionóladh an 28 agus an 29 Meán Fómhair 2021, thug an Coimisiún cuireadh do bhreis agus 400 eintiteas maidir le Réiteach Malartach Díospóidí (RMD) agus do pháirtithe leasmhara eile um chosaint tomhaltóirí chuig imeacht fíorúil.  Tá ábhair ón imeacht le fáil ag na naisc thíos.

Na cuir i láthair ón imeacht agus ábhair ghaolmhara

Físeán den searmanas clabhsúir ina bhfuil conclúidí agus ráitis chríochnaitheacha ón gCoimisinéir Didier Reynders

31 NOLLAIG 2021
2nd ADR Assembly, 28-29 September 2021, Summary Report

Cruinniú Comhchéime maidir le RMD trasteorann

I bhfianaise an athraithe i dtreo na siopadóireachta ar líne, tá réiteach éifeachtach díospóidí trasteorann lasmuigh den chúirt (RMD) tar éis éirí níos ábhartha le haghaidh fheidhmiú rianúil an mhargaidh aonair. Léiríonn sonraí, áfach, nach roghnaíonn tomhaltóirí RMD trasteorann ar chúiseanna éagsúla, ina bhfuil saincheisteanna casta dlí, teanga agus nós imeachta san áireamh, chomh maith le feasacht íseal ar na tairbhí a bhaineann le RMD, nó toisc nach féidir an gearán a réiteach ach amháin tríd an sásra láimhseála gearán arna oibriú ag an ardán ar líne a roghnaíonn an tomhaltóir. 

D’óstáil Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí (ECC-Net) agus an Coimisiún Eorpach cruinniú comhchéime maidir le RMD trasteorann. Tugadh cuireadh d’eintitis RMD, d’údaráis inniúla RMD, do Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí, d’acadóirí, d’eagraíochtaí tomhaltóirí agus d’eagraíochtaí trádálaí.

21 MEITHEAMH 2022
Final Report - Cross-border ADR Roundtable

Plépháipéir

Tuarascálacha maidir le cur i bhfeidhm RMD

I gcomhréir le hAirteagal 26 den Treoir maidir le RMD agus le hAirteagal 21(2) de Rialachán ODR, foilsíonn an Coimisiún tuarascáil chomhpháirteach maidir le cur i bhfeidhm RMD/ODR ina leagtar béim ar fhorbairt agus úsáid na n-eintiteas RMD ar ardchaighdeán agus an tionchar atá ag an RMD agus an ODR ar thomhaltóirí agus ar thrádálaithe. Tá an tuarascáil seo bunaithe ar thuarascálacha náisiúnta RMD a chuir na húdaráis inniúla RMD faoi bhráid an Choimisiúin gach ceithre bliana agus gníomhaíochtaí bailithe sonraí eile (ceardlanna tiomnaithe, comhairliúchán poiblí, staidéir, etc.).

Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm RMD 2023

Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm RMD 2019

Staidéir a bhaineann le RMD

 

17 DEIREADH FÓMHAIR 2023
Information gathering for assisting the Commission in complying with its obligation under Article 26 (“reporting”) of the ADR Directive and Article 21 (“reporting”) of the ODR Regulation
24 LÚNASA 2022
Executive Summary - Recommendations regarding the future needs of ADR
24 LÚNASA 2022
Report - Recommendations regarding the future needs of ADR