Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Imirce agus tearmann

Freagairt aontaithe Eorpach

Saincheist ilghnéitheach

Léirímis gur féidir leis an Eoraip an imirce a bhainistiú go héifeachtach agus go comhbhách.

An tUachtarán Ursula von der Leyen, aitheasc ar Staid an Aontais, an 13 Meán Fómhair 2023 

Figiúirí maidir leis an imirce

Cé gur minic a bhíonn an imirce neamhrialta i lár an aonaigh, is é fírinne an scéil nach bhfuil sna hiontrálacha neamhrialta ach codán beag den imirce san Aontas.

Bunaithe ar na figiúirí bliantúla is déanaí, seo a leanas an chuma atá ar an imirce chuig an Aontas agus amach as (sonraí le haghaidh 2021)

2.25 milliún
líon na ndaoine a tháinig ar imirce
chuig an Aontas Eorpach
1.12 milliún
líon na ndaoine a d’imigh ar imirce
ón Aontas Eorpach
1.14 milliún
líon iomlán na ndaoine a tháinig ar imirce
chuig an Aontas Eorpach 

An Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann

Leis an gComhaontú maidir le hImirce agus Tearmann, déanfar a chinntiú go mbeidh sciar ag gach Ballstát den iarracht ar bhealach freagrach, agus iad ag léiriú dlúthpháirtíochta leo siúd a chosnaíonn ár dteorainneacha seachtracha agus leo siúd a bhfuil brú imirce ar leith orthu, agus cosc á chur ag an am céanna ar imirce neamhrialta chuig an Aontas.

Chomh maith leis sin, tugann an Comhshocrú na huirlisí don Aontas agus do na Ballstáit chun freagairt go tapa i gcásanna géarchéime, nuair a bhíonn ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar líon mór daoine atá ag teacht isteach nó nuair a dhéanann tríú tír nó eintiteas neamhstáit iarracht ionstraimiú a dhéanamh ar imircigh chun an tAontas seo againne a dhíchobhsú.

Féach stádas na dtograí agus an amlíne

An imirce a bhainistiú ar bhealach freagrach

Beartais thábhachtacha

Iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe  

Tríd an gComhaontú maidir le hImirce agus Tearmann, neartóidh an tAontas bainistiú na n-iarratas ar thearmann san Aontas, cosnóidh sé dídeanaithe agus daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, agus tabharfaidh sé tacaíocht do thíortha dídine chomh maith. 

Is minic a bhíonn cruatan agus contúirt ann i mbealaí imirce na ndídeanaithe, agus cuireann na mílte a mbeatha i mbaol agus iad ag dul trí fhásaigh agus ar muir mar i ndúil go mbeadh todhchaí níos fearr acu. Tá an tAontas ag obair i gcomhar leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta maidir le hathlonnú agus bealaí comhlántacha d’imircigh ó réigiúin ar tosaíocht iad agus tá sé ag éileamh méadú ar áiteanna iontrála.  

Tuilleadh eolais faoin gComhchóras Eorpach Tearmainn

An imirce dhleathach: scileanna agus daoine tréitheacha a mhealladh  

Tá an imirce dhleathach ríthábhachtach don rathúnas eacnamaíoch. Agus daonra an Aontais ag dul in aois agus níos mó poist ghlasa agus dhigiteacha ann a bhfuil scileanna nua de dhíth ina leith, tá fostóirí na hEorpa ag streachailt chun teacht ar na hoibrithe atá de dhíth orthu. Chun daoine tréitheacha a mhealladh agus a choinneáil ar bhealach níos fearr, ghlac an Coimisiún an Pacáiste Scileanna agus Tallann i mí Aibreáin 2022.

Mar chuid den phacáiste sin, mhol an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cead Aonair agus ar an Treoir maidir le Cónaitheoirí Fadtéarmacha, agus Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh a chruthú. 

Leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cónaitheoirí Fadtéarmacha, déanfar an méid seo a leanas:

  • coinníollacha iontrála a shimpliú agus é a dhéanamh níos éasca stádas cónaithe fadtéarmach an Aontais a fháil dá bharr
  • cur le cearta cónaitheoirí fadtéarmacha agus cearta a mball teaghlaigh

Leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Cead Aonair, déanfar an méid seo a leanas:

  • cuíchóiriú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le hobair agus cónaí comhcheangailte, rud a fhágfaidh gur próiseas níos éasca agus níos tapúla a bheidh ann d’iarratasóirí agus d’fhostóirí 
  • a ligean d’iarratasóirí iarratais a chur isteach ó thíortha nach den den Aontas iad agus ó Bhallstáit an Aontais araon  

Tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú polaitiúil an 18 Nollaig 2023. Forálann na rialacha athbhreithnithe do shraith choiteann de chearta d’oibrithe ó thíortha nach den Aontas iad, maidir le dálaí oibre, slándáil shóisialta, aitheantas do cháilíochtaí agus sochair chánach.

Beidh Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh, rud a mhol an Coimisiún i mí na Samhna 2023, ar an gcéad uirlis uile-Aontais darb aidhm earcaíocht idirnáisiúnta a éascú agus deiseanna a chur ar fáil do náisiúnaigh nach den Aontas iad chun bheith ag obair san Aontas.   

Limistéar Schengen

I limistéar Schengen níl rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha, rud atá mar bhonn ag an tsaorghluaiseacht do bhreis agus 425 mhilliún saoránach den Aontas Eorpach, agus do náisiúnaigh nach den Aontas iad atá ina gcónaí san Aontas nó atá ar cuairt ann. Má táthar le rialuithe teorann a thabhairt isteach in athuair, níor cheart é a dhéanamh ach ar bhonn eisceachtúil, ní mór é a bheith teoranta go docht ó thaobh ama de, agus ní mór é a dhéanamh mar rogha dheiridh má fheictear go bhfuil bagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach. Ní mór saoirse gluaiseachta daoine, earraí agus seirbhísí a chinntiú i limistéar Schengen. 

Tá trí phríomhchuspóir ag an togra chun Cód Teorainneacha Schengen a leasú

  • uirlisí nua a chur ar fáil chun a chinntiú go leanfar de sheiceálacha a dhéanamh, mar rogha dheiridh, ag teorainneacha inmheánacha, agus solúbthacht a chur ar fáil maidir leis an úsáid a bhaineann na Ballstáit as bearta malartacha agus comhréireacha 
  • tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 
  • aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhí ann le déanaí ag teorainneacha seachtracha an Aontais 

Tuilleadh eolais faoi limistéar Schengen

Beartas víosaí agus digitiú víosaí Schengen  

An 13 Meitheamh 2023, tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil lenar féidir digitiú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le víosaí Schengen. Leis na rialacha nua, déanfar na nósanna imeachta maidir le víosaí a nuachóiriú trí ardán ar líne de chuid an Aontais a bhunú maidir le hiarratais ar víosaí agus tríd an ngreamán víosa atá ann faoi láthair a dhigitiú. I bhfómhar na bliana 2023, mhol an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an sásra fionraíochta víosaí chun go mbeidh tíortha an Aontais in ann cur i gcoinne na mí-úsáide a d’fhéadfaí a bhaint as taisteal gan víosa, ar bhealach níos fearr.

Féach tuilleadh eolais maidir le taisteal laistigh de limistéar Schengen

Teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh a neartú

Is ag na Ballstáit atá an phríomhfhreagracht maidir le bhainistiú a gcodanna féin de theorainneacha seachtracha an Aontais. Mar sin féin, cuireann an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil ar fáil do na Ballstáit, arna hiarraidh sin dóibh, maidir le bainistiú teorainneacha seachtracha agus le hoibríochtaí um fhilleadh araon. 

San áireamh in Frontex tá buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh, a mbeidh 10,000 ball foirne ann faoi 2027, chun méadú a dhéanamh ar éifeachtacht an bhainistithe chomhtháite teorainneacha san Eoraip. 

Bunaithe ar chomhaontuithe stádais, úsáideann Frontex an Buanchór agus trealamh teicniúil i dtíortha nach den Aontas iad, go háirithe iad siúd ar phríomhbhealaí imirce. Tá comhaontuithe stádais ag an Aontas leis an Moldóiv, leis an Macadóin Thuaidh, le Montainéagró, leis an Albáin agus leis an tSeirbia san am i láthair.   

Ceanglaítear le dlí an Aontais go ndéanfaidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach, Frontex agus údaráis bainistithe teorainneacha na mBallstát san áireamh, a gcuid cúraimí i gcomhréir iomlán le cearta bunúsacha.  

Díríonn cistí an Aontais ar fheabhas a chur ar chumas Bhallstáit an Aontais maidir le bainistiú teorainneacha, amhail carranna patróil, faireachas leictreonach, soithí patróil nó aerárthaí faireachais.  

Seoladh treoirthionscadail a dhíríonn ar nósanna imeachta teorann chun dea-chleachtais a léiriú maidir le clárú, nósanna imeachta tearmainn tapa agus cothroma, mar shampla, leis an Rómáin agus leis an mBulgáir. Tacaíonn Frontex, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus Europol leis na treoirthionscadail sin. 

Smuigleáil imirceach a chomhrac    

Baineann líonraí smuigleála úsáid as raon uirlisí atá ar fáil dóibh chun críoch coiriúil, ar líne agus as líne araon, agus athraíonn a modhanna go tapa agus go minic. Tá géarghá ag an Aontas le huirlisí nua chun na líonraí coiriúla sin a chomhrac.    

I gcomhréir le plean gníomhaíochta athnuaite an Aontais i gcoinne smuigléireacht na n-imirceach (2021-2025), chuir an Coimisiún dhá thogra reachtacha chun tosaigh i mí na Samhna 2023 lena gcuirfear dlús leis an gcomhrac sin tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: 

  • Cosc a chur le héascú ar theacht isteach, ar idirthuras agus ar fhanacht neamhúdaraithe san Aontas agus cur ina gcoinne sin
  • Europol níos láidre chun dul i ngleic le smuigléireacht na n-imirceach agus gáinneáil ar dhaoine ar bhealach níos fearr

Chun an comhar idirnáisiúnta a neartú maidir le smuigleáil imirceach a chosc agus freagairt uirthi chomh maith le roghanna malartacha ar an imirce neamhrialta a chur ar fáil, sheol an Coimisiún Comhghuaillíocht Dhomhanda chun cur i gcoinne Smuigleáil na nImirceach an 28 Samhain 2023. 

Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta  

Chun go n-éireoidh le beartas imirce an Aontais, ní mór dúinn ár gcomhpháirtíochtaí comhthairbheacha a neartú a thuilleadh le tíortha nach den Aontas iad.

Tá an Coimisiún ag obair níos dlúithe le comhpháirtithe tábhachtacha, tíortha tionscnaimh agus tíortha idirthurais chun an imirce neamhrialta a laghdú trí dhul i ngleic i gcomhar le chéile le smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine, rud a chuireann beatha daoine i mbaol. Le filleadh éifeachtach, tugtar comhartha láidir do smuigléirí freisin.

Tá an Coimisiún ag obair chun bealaí sábháilte dleathacha chuig an Aontas a fhorbairt agus chun tacú lenár gcomhpháirtithe dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce neamhrialta. Mar chuid de sin cuirfear tuilleadh deiseanna ar fáil do dhaoine óga, poist ina dtíortha féin san áireamh.

Trí chúnamh airgeadais an Aontais, amhail an an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar IdirnáisiúntaGlobal Gateway, tá sé ag tacú le hinfheistíochtaí san oideachas, le deiseanna gnó agus le cruthú post ar bhealach níos tapúla, agus le maolú a dhéanamh ar thionchar an athraithe aeráide in go leor tíortha.