Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann

alt=""

An Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann

Is saincheist chasta í an imirce agus tá freagairt choiteann Eorpach ag teastáil ina leith. Ní mór sábháilteacht na ndaoine a iarrann cosaint idirnáisiúnta nó atá ag lorg saol níos fearr a chur san áireamh, chomh maith le hábhar imní na dtíortha ar cúis imní dóibh go sáróidh an brú imirce a n-acmhainneachtaí.

Agus an fhreagairt choiteann Eorpach sin á cur ar fáil aige, mhol an Coimisiún Eorpach an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann, creat de chuid an Aontais chun an imirce a bhainistiú san fhadtéarma. Tá an córas sin, ar vótáil Parlaimint na hEorpa air i mí Aibreáin 2024, ceaptha chun tacú leis na Ballstáit sin a bhfuil brú mór imirce orthu agus a chosnaíonn ár dteorainneacha seachtracha. Ag an am céanna, tugann sé cinnteacht agus soiléireacht do dhaoine a thagann isteach san Aontas. Cuireann sé ar chumas mhuintir na hEorpa freisin muinín a bheith acu go ndéanfar an imirce a bhainistiú ar bhealach éifeachtach daonnúil, i gcomhréir go hiomlán lenár luachanna agus le dlíthe idirnáisiúnta. 

Muinín a chothú

Bunaithe ar chur chuige iomlánaíoch, is tús nua é an Comhshocrú maidir leis an imirce chun muinín a chothú trí nósanna imeachta níos éifeachtaí agus cothromaíocht nua a bhaint amach idir an fhreagracht chomhchoiteann agus an dlúthpháirtíocht.

Nósanna imeachta nua um scagadh teorann a thabhairt isteach, córais TF a fheabhsú agus rialacha maidir le héilimh ar thearmann a choigeartú

Freagrachtaí soiléire

Le nósanna imeachta níos éifeachtúla déanfar cinnte de go mbeidh freagrachtaí soiléire ann, rud a chuideoidh chun iontaoibh a chothú arís idir na Ballstáit agus a thabharfaidh soiléireacht do na iarratasóirí san am céanna. Cuirfidh na rialacha feabhas ar an nasc idir na príomhphróisis, go háirithe an tearmann agus an filleadh.

  • alt=""
    Scagadh réamhiontrála éigeantach nua chun stádas a bhunú go tapa ar theacht isteach dóibh:
    • sainaithint
    • seiceálacha sláinte
    • seiceálacha slándála
    • méarlorgaireacht agus clárú i mbunachar sonraí Eurodac
  • alt=""
    Nós imeachta nua níos tapúla maidir le tearmann ag teorainneacha:
    • Nuair is infheidhme, nós imeachta gasta um fhilleadh, chun dlús a chur leis an gcinnteoireacht agus chun nósanna imeachta um thearmann a dhéanamh níos éifeachtúla
  • alt=""
    Córas níos fearr maidir le himirce agus bainistiú teorainneacha:
    • Bunachar sonraí Eurodac níos fearr, rud a chuirfidh leis an gcomhrac i gcoinne na himirce neamhrialta
    • An bhéim ar na hiarratasóirí seachas ar an iarratas chun an fhreagracht as iarratais ar thearmann a chinneadh
    • Stop a chur le gluaiseachtaí neamhúdaraithe chuig Ballstáit eile
    • Athlonnú agus faireachán níos fearr ar fhillithe a éascú
    • An tacaíocht d’imeachtaí deonacha agus don ath-lánpháirtiú a rianú
  • alt=""
    Ráthaíocht dlíthiúil:

Dlúthpháirtíocht

Solúbthacht do na Ballstáit chun dlúthpháirtíocht a léiriú le Ballstáit eile a bhfuil brú imirce orthu:

  • Daoine atá tagtha le déanaí a athlonnú
  • Tacaíocht oibríochtúil láithreach
  • Tacaíocht fhadtéarmach chun cur leis an gcumas maidir le nósanna imeachta um thearmann
  • Glacadh le daoine nua nó oibríochtaí um fhilleadh
  • Cúnamh chun freagairt do threochtaí imirce ar leith atá ag dul i bhfeidhm ar na Ballstáit, trí dhul i gcomhar le tíortha nach bhfuil san Aontas

Freagairtí dlúthpháirtíochta saincheaptha do chásanna sonracha:

  • alt=""
    Déileáil le daoine leochaileacha, cuir i gcás iad siúd a aimsítear tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála ar muir
    • Athlonnú daoine ar dócha go bhfuil cosaint de dhíth orthu
    • Riachtanais a shainaithint go luath trí thuarascáil réamhamhairc bhliantúil
    • Stór dlúthpháirtíochta rannchuidithe náisiúnta, bunaithe ar ghealltanais dheonacha
    • Sásra ceartúcháin chun tacaíocht éifeachtach a ráthú
  • alt=""
    An brú a laghdú ar chóras bainistithe imirce na mBallstát
    • Athlonnú a leathnú le go gclúdófar dídeanaithe aitheanta
    • Rannchuidithe bunaithe ar chion cothrom na mBallstát
    • Sásra ceartúcháin chun tacaíocht éifeachtach a ráthú
  • alt=""
    Cuidiú le linn géarchéime
    • Athlonnú a leathnú le go gclúdófar daoine atá sa nós imeachta teorann, daoine atá i gcás neamhrialta agus daoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu láithreach
    • Freagairt níos tapúla ar leibhéal an Aontais trí chinneadh mear maidir le rannchuidiú
    • Sásra dlúthpháirtíochta dírithe ar athlonnú

Cur chuige cuimsitheach

  • Dianobair ullmhúcháin ó bhí mí na Nollag 2019 ann
  • Dhá bhabhta iomlána comhairliúcháin leis na Ballstáit uile, Parlaimint na hEorpa, parlaimintí náisiúnta, an tsochaí shibhialta, comhpháirtithe sóisialta agus gnólachtaí
  • Cothromaíocht chúramach lena ndéantar na dearcthaí uile a chomhtháthú
  • I mí Mheán Fómhair 2022 tháinig Parlaimint na hEorpa agus na cúig Uachtaránacht rothlacha ar an gComhairle ar chomhaontú maidir le Treochlár Comhpháirteach maidir le heagrú, comhordú agus cur chun feidhme amlíne na caibidlíochta maidir leis an gComhshocrú. 
  • I mí na Nollag 2023, tháinig Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú polaitiúil maidir le cúig ghné lárnacha den Chomhshocrú.
  • I mí Aibreáin 2024, ghlac Parlaimint na hEorpa an Comhshocrú.

Doiciméid

12 MÁRTA 2024
Factsheet: Taking stock of EU migration and asylum achievements
12 MÁRTA 2024
Striking a balance on migration: an approach that is both fair and firm
3 SAMHAIN 2022
Report on Migration and Asylum 2022
3 SAMHAIN 2022
Annex to the Report on Migration and Asylum 2022
29 MEÁN FÓMHAIR 2021
Factsheet: EU fight against migrant smuggling and exploitation
29 MEÁN FÓMHAIR 2021
Report on Migration and Asylum 2021
29 MEÁN FÓMHAIR 2021
Annex 1 to the Report on Migration and Asylum 2021
29 MEÁN FÓMHAIR 2021
Annex 2 to the Report on Migration and Asylum 2021
23 MEÁN FÓMHAIR 2020
Factsheet: New Pact on Migration and Asylum