Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An Treoir maidir le Caingne Ionadaíocha

An Treoir maidir le Caingne Ionadaíocha

Is é is aidhm do Threoir (AE) 2020/1828 maidir le Caingne Ionadaíocha a áirithiú go mbeidh tomhaltóirí in ann a gcomhleasanna a chosaint san Aontas trí chaingne ionadaíocha, na caingne dlí a thugann eintitis ionadaíocha (dá ngairtear eintitis cháilithe). Foráiltear leis go bhfuil sásra le haghaidh caingne ionadaíocha i bhfeidhm ag gach tír san Aontas. Leis an Treoir, cuirtear feabhas ar rochtain tomhaltóirí ar an gceartas agus foráiltear ann freisin coimircí iomchuí chun dlíthíocht mhí-úsáideach a sheachaint.

Is éard atá i gcaingne ionadaíocha caingne a thugann eintitis cháilithe os comhair cúirteanna náisiúnta nó údaráis riaracháin thar ceann grúpaí tomhaltóirí chun bearta urghaire (i.e. chun stop a chur le cleachtais neamhdhleathacha trádálaí, ar an gcaoi chéanna ar foráladh sa Treoir maidir le hUrghairí 2009/22/CE), bearta sásaimh (amhail aisíocaíocht, athsholáthar, deisiú) nó bearta urghaire agus bearta sásaimh araon a iarraidh.

Is é is aidhm don Treoir comhleasanna tomhaltóirí a chosaint i roinnt mhaith réimsí den dlí agus d’earnálacha eacnamaíocha, amhail cosaint sonraí, seirbhís airgeadais, taisteal agus turasóireacht, fuinneamh agus teileachumarsáid. Beidh feidhm ag an Treoir maidir le caingne ionadaíocha a thugtar in aghaidh cleachtais neamhdhleathacha (sáruithe) arna ndéanamh ag trádálaithe, mar a fhoráiltear i rialacha an Aontais atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann léi. Is féidir gach modhnú ar Iarscríbhinn I a fháil in EUR-Lex.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh freisin sásra na gcaingne ionadaíocha dá bhforáiltear sa Treoir maidir le Caingne Ionadaíocha a chur i bhfeidhm i réimsí eile dlí nó i ngach réimse dlí.

Ba chuid den Athbhreithniú ar dhlí tomhaltóirí an Aontais a bhí sa Togra le haghaidh na Treorach Ionadaíocha ón gCoimisiún Eorpach. 

Cad atá i gceist leis an Treoir maidir le Caingne Ionadaíocha?

Tá méadú tagtha ar an mbaol go ndéanfadh an domhandú agus an digiteáil díobháil do líon mór tomhaltóirí leis an gcleachtas neamhdhleathach céanna nó le cleachtas neamhdhleathach comhchosúil. Cleachtais drochúsáide ar mhórscála, amhail úsáid fhorleathan téarmaí éagóracha conartha ag bainc i gconarthaí morgáiste nó cealú forleathan taistil agus eitiltí gan aisíocaíocht le linn na paindéime, níl iontu sin ach cuid de na cásanna ina bhféadfadh sé go ndearnadh difear do chomhleasanna thomhaltóirí an Aontais.

Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go mbraitheann na tomhaltóirí a ndéantar difear dóibh nach bhfuil cumhacht acu agus go mbíonn drogall orthu caingean dlí a thabhairt. D’fhéadfadh bacainní a bheith rompu amhail éiginnteacht maidir lena gcearta nó maidir le sásraí nós imeachta atá ar fáil, leisce shíceolaíoch caingean a thabhairt nó comhardú diúltach idir na costais a mbeifí ag súil leo agus na tairbhí ionchasacha a bhainfeadh le caingean aonair. Dá bhrí sin, tá gá le sásraí comhshásaimh, amhail an ceann dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2020/1828 chun na constaicí a bhíonn ar thomhaltóirí le linn caingne aonair a shárú. Cuireann na sásraí sin freisin le hiomaíocht níos cothroime toisc go gcruthaíonn siad cothrom iomaíochta do thrádálaithe atá ag oibriú i margadh inmheánach an Aontais. D’fhéadfadh éifeacht díspreagtha láidir a bheith acu ar thrádálaithe bradacha.

Cé a thugann caingne ionadaíocha agus cén fáth?

I gcás na dtomhaltóirí lena mbaineann cleachtas neamhdhleathach an trádálaí chéanna nó cleachtas neamhdhleathach trádálaí chomhchosúil, déanann eintiteas cáilithe, eagraíocht tomhaltóirí nó comhlacht poiblí ionadaíocht orthu agus gníomhaíonn sé mar pháirtí is éilitheoir, ar mhaithe leis na tomhaltóirí sin agus thar a gceann.

Ní éilitheoirí iad tomhaltóirí aonair lena mbaineann caingean ionadaíoch, ach ba cheart dóibh a bheith i dteideal tairbhe a bhaint as an gcaingean sin.

Maidir le caingean ionadaíoch le haghaidh bearta sásaimh, is i bhfoirm leigheasanna, amhail cúiteamh, deisiú, athsholáthar, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh ba cheart do na tairbhí teacht, de réir mar is iomchuí agus de réir mar a bheidh fáil air faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta ag brath ar imthosca sonracha gach cáis. Maidir le caingean ionadaíoch le haghaidh bearta urghaire, is scor de chleachtas, nó toirmeasc a chur ar chleachtas, arb ionann é agus sárú an tairbhe a bheadh i gceist do na tomhaltóirí lena mbaineann.

Féadfaidh tomhaltóirí leas a bhaint freisin as comhshocraíochtaí a d’fhéadfaí a bhaint amach idir an t-eintiteas cáilithe a thugann an chaingean dlí agus an trádálaí is cosantóir. 

Féadfaidh na caingne ionadaíocha a bheith ina gcaingne intíre, arna dtionscnamh ag eintiteas cáilithe sa Bhallstát céanna inar ainmníodh é nó ina gcaingne trasteorann, arna dtionscnamh ag eintiteas cáilithe i mBallstát eile seachas an Ballstát inar ainmníodh an t-eintiteas.

I gcás ina dtugann eintiteas cáilithe caingean ionadaíoch i mBallstát ina bhfuil sé ainmnithe, ba cheart a mheas gur caingean ionadaíoch intíre an chaingean ionadaíoch sin fiú má thugtar í in aghaidh trádálaí a bhfuil sainchónaí air i mBallstát eile agus fiú má tá ionadaíocht ag tomhaltóirí ó roinnt Ballstát faoi chuimsiú na caingne ionadaíche sin.

Faoin Treoir freisin, is féidir le heintitis a dhéanann ionadaíocht ar thomhaltóirí ó Bhallstáit éagsúla dul i gcomhar le chéile in aon chaingean ionadaíoch amháin.

An 25 Meitheamh 2023 tháinig an Treoir i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta. Mar sin féin, go dtí seo níl an Treoir trasuite ag na Ballstáit eile. Féadfar féachaint in EUR-Lex ar staid na himeartha maidir leis na bearta trasuite a bheith á gcur in iúl ag na Ballstáit don Choimisiún Eorpach.

Féach liosta na n-eintiteas cáilithe atá cumasaithe caingne trasteorann a thabhairt, mar a chuir Ballstáit an Aontais in iúl don Choimisiún Eorpach.

Is ar a suíomhanna gréasáin náisiúnta a fhoilsíonn na Ballstáit liostaí na n-eintiteas cáilithe atá cumasaithe caingne ionadaíocha intíre a thabhairt ar an leibhéal náisiúnta. 

Conas a chuireann tomhaltóirí in iúl go bhfuil siad toilteanach go ndéanfaí ionadaíocht orthu sa chaingean?

Cuirfear na tomhaltóirí lena mbaineann an chaingean ar an eolas faoi chaingne ionadaíocha atá ar na bacáin, atá ar siúl agus atá dúnta.

Bainfidh tomhaltóirí tairbhe go huathoibríoch, mar a fhoráiltear i rialacha náisiúnta, as torthaí gníomhaíochtaí le haghaidh bearta urghaire. Mar sin féin, bheadh orthu rogha chomhfhiosach a dhéanamh an mian leo go ndéanfaí ionadaíocht orthu agus tairbhe a bhaint as toradh na gcaingne ionadaíocha le haghaidh sásaimh ina dhiaidh sin.

Tá an rogha i bprionsabal ag na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le sásra um rogha a bheith páirteach agus sásra um rogha gan a bheith páirteach, nó meascán den dá cheann.

Le sásra um rogha a bheith páirteach, ní bhainfidh ach na tomhaltóirí sin a chuir in iúl go sainráite gur mian leo go ndéanfaí ionadaíocht orthu tairbhe as an gcaingean. Le sásra um rogha gan a bheith páirteach, déanfar ionadaíocht ar gach tomhaltóir a ndearna an t-eintiteas cáilithe cinneadh caingean a thabhairt thar a cheann agus beidh na torthaí ina gceangal orthu, ach amháin má chuireann siad in iúl go sainráite gur mian leo go n-eisiafaí ón gcaingean iad. Is faoi na Ballstáit atá sé a chinneadh an chéim ag a bhféadfadh tomhaltóirí aonair a bheith in ann a gceart chun bheith páirteach nó gan a bheith páirteach a fheidhmiú.

Conas a mhaoinítear na caingne ionadaíocha?

Féadfar na caingne ionadaíocha a chistiú ó chistí poiblí nó príobháideacha.

De réir na Treorach, ní mór do na Ballstáit an cúnamh ábhartha a sholáthar d’eintitis cháilithe chun a áirithiú gur féidir leo a gceart chun caingne ionadaíocha a thabhairt a fheidhmiú go héifeachtach. Féadfaidh siad foráil a dhéanamh maidir le cistiú poiblí, mar shampla, lena n-áirítear tacaíocht struchtúrach d’eintitis cháilithe, teorainn a chur leis na táillí cúirte nó riaracháin is infheidhme, nó rochtain ar chúnamh dlíthiúil a áirithiú. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’eintitis cháilithe a cheangal ar thomhaltóirí a chuir in iúl gur mian leo go ndéanfadh eintiteas cáilithe ionadaíocht orthu i gcaingean ionadaíoch shonrach le haghaidh bearta sásaimh táille bheag iontrála nó muirear den chineál céanna a íoc.

Nuair a cheadaíonn na Ballstáit do chisteoirí nach bhfuil páirteach sna caingne sin (dá ngairtear Cistiú Tríú Páirtí) na caingne ionadaíocha a chistiú, ní mór dóibh a áirithiú go gcuirfear cosc ar choinbhleachtaí leasa. Ní mór dóibh a áirithiú freisin nach ndéanfaidh cistiú ó thríú páirtithe an chaingean ionadaíoch a atreorú ó chosaint comhleasanna tomhaltóirí, is iad sin tríú páirtithe a bhfuil leas eacnamaíoch acu i gcaingne ionadaíocha le haghaidh bearta sásaimh a thabhairt nó ina dtoradh.

Cé a dhéanfaidh cinneadh maidir le módúlachtaí nós imeachta na gcaingne ionadaíocha náisiúnta?

Tá an Treoir bunaithe ar phrionsabal, agus fágtar corrlach lánroghnach cothrom faoi na Ballstáit maidir le conas í a chur chun feidhme. Mar shampla, féadfaidh na Ballstáit a roghnú an bhféadfaí na caingne ionadaíocha a thabhairt os comhair cúirteanna nó údarás riaracháin, nó an dá cheann ag brath ar an earnáil eacnamaíoch nó ar an réimse sonrach dlí.  Sin é an fáth a bhfuil na roghanna a dhéanann na Ballstáit laistigh de phróiseas an trasuí ríthábhachtach chun é a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

‘EC-REACT’ — Uirlis Chomhoibrithe do Chaingne Ionadaíocha

D’fhorbair an Coimisiún Eorpach uirlis TF, ‘EC-REACT’ – ‘Uirlis Chomhoibrithe an Choimisiúin Eorpaigh do Chaingne Ionadaíocha’ chun tacú le feidhmiú éifeachtach na gcaingne ionadaíocha arna mbunú leis an Treoir maidir le Caingne Ionadaíocha. Leis an tionscadal seo, comhlíontar an oibleagáid dhlíthiúil a fhorchuirtear le hAirteagal 14(3) den Treoir. 
 
Le ‘EC-REACT’ is féidir an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Is féidir leis na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach faoi na heintitis cháilithe atá ainmnithe chun caingne ionadaíocha trasteorann agus intíre a thionscnamh;
  • I gcás na n-eintiteas a bhfuil sé de chumas acu caingne trasteorann a thabhairt, is féidir leis an gCoimisiún Eorpach liosta de na heintitis sin a chomhdhlúthú agus a fhoilsiú;
  • Is féidir leis na Ballstáit agus seirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh comhoibriú le chéile maidir le heintitis cháilithe a bheith ag comhlíonadh a gcritéar ainmniúcháin mar a leagtar amach in Airteagal 4(3) den Treoir, agus maidir le gnéithe eile d’fheidhmiú na gcaingne ionadaíocha;
  • Is féidir le heintitis cháilithe comhoibriú ar a gcuid gníomhaíochtaí mar a fhoráiltear sa Treoir;
  • Is féidir le breithiúna agus údaráis riaracháin comhoibriú chun cuidiú le dea-fheidhmiú na gcaingne ionadaíocha ar fud an Aontais;
  • Is féidir leis na Ballstáit tuarascálacha ar fheidhmiú na gcaingne ionadaíocha a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh agus sheirbhísí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh chun an fhaisnéis sin a chomhdhlúthú i dtuarascálacha an Aontais.

Leis an ardán is féidir comhar a dhéanamh laistigh de ghrúpaí úsáideoirí ar leithligh, mar atá ionadaithe na mBallstát, na heintitis cháilithe, agus comhaltaí na mbreithiúna chun an Treoir a chur i bhfeidhm go comhleanúnach ar fud an Aontais. Fágann sé gur féidir malartú a dhéanamh laistigh de na pléfhóraim, iarrataí a dhéanamh ar eolas nó imscrúduithe agus teachtaireachtaí criptithe a sheoladh. Cumasaítear an taisclann doiciméad leis agus tá roghanna cuardaigh agus aistriúcháin le fáil ann.  
 
Is ardán leictreonach slán srianta é ‘EC-REACT’ nach bhfuil ar fáil ach do chatagóirí úsáideoirí réamhshainithe, faoi réir cead rochtana ó sheirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh.

Ceardlann ilpháirtithe leasmhara maidir le cur chun feidhme na Treorach maidir le Caingne Ionadaíocha

An 26 Samhain 2021, d’eagraigh an Coimisiún Eorpach ceardlann ar líne chun cur chun feidhme Threoir (AE) 2020/1828 maidir le Caingne Ionadaíocha a phlé.

Leis an gceardlann, tugadh le chéile grúpa éagsúil saineolaithe ón Aontas agus ó gach cearn den domhan, lena n-áirítear baill d’eagraíochtaí tomhaltóirí agus gnó, ionadaithe ó thíortha an Aontais, lucht léinn agus cleachtóirí a bhfuil taithí acu ar chaingne comhshásaimh. Thug na saineolaithe léargas luachmhar ar an gcaoi is fearr a bhféadfadh na Ballstáit an Treoir maidir le Caingne Ionadaíocha a chur chun feidhme.

Pléadh na hábhair seo a leanas, atá ríthábhachtach d’éifeachtacht na gcaingne ionadaíocha, ag trí fho-sheisiún:

  • Critéir chun na heintitis cháilithe a ainmniú agus inghlacthacht na gcaingne;
  • Cistiú na gcaingne agus cúnamh phoiblí le haghaidh eintitis cháilithe;
  • Faisnéis do thomhaltóirí, rannpháirtíocht tomhaltóirí i gcaingne sásaimh agus dáileadh sásaimh i measc tomhaltóirí (lena n-áirítear uirlisí TF a úsáid).

Tá páipéir phlé, tuarascálacha agus taifeadtaí ón gceardlann ar fáil anseo: Ceardlann faoi chur chun feidhme Threoir (AE) 2020/1828 maidir le Caingne Ionadaíocha

An Treoir maidir le hUrghairí

Ón 25 Meitheamh 2023 ar aghaidh, aisghairtear An Treoir maidir le hUrghairí 2009/22/CE agus cuirtear an Treoir maidir le Caingne Ionadaíocha ina hionad.
 
Leanfaidh An Treoir maidir le hUrghairí d’fheidhm a bheith aici maidir le caingne ionadaíocha a thug na heintitis cháilithe roimh an 25 Meitheamh 2023, mar a fhoráiltear in Airteagal 22(2) den Treoir maidir le Caingne Ionadaíocha.
 
Féach an tábla comhghaoil ina léirítear an chaoi a gcuirtear forálacha sonracha Threoir maidir le hUrghairí i gcomparáid le forálacha na Treorach maidir le Caingne Ionadaíocha. Déanfar tagairtí don Treoir maidir le hUrghairí aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir um Chaingne Ionadaíocha agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil thuasluaite.
 
Féach thíos liosta na n-eintiteas cáilithe atá ainmnithe ag Ballstáit an Aontais faoin Treoir maidir le hUrghairí chun caingne a thabhairt le haghaidh urghaire i dtíortha eile de chuid an Aontais ina ndearnadh an sárú ar dtús.

Liosta na nEintiteas Cáilithe