Page contents Page contents Star Stable Entertainment AB Tar éis gearán ó Chomhlachas Tomhaltóirí na Sualainne, sheol an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CCT) faoi stiúir Ghníomhaireacht Tomhaltóirí na Sualainne agus Údarás Tomhaltóirí na hIorua, faoi chomhordú an Choimisiúin, gníomhaíocht chomhordaithe lena n-iarrtar ar Star Stable Entertainment AB eolas a chur ar fáil maidir le cleachtais tráchtála a bhféadfadh leanaí teacht orthu ina gcluiche, Star Stable Online. Sa mheasúnú a rinne Gréasán CCT ar an bhfreagra a chuir an chuideachta ar fáil, sainaithníodh roinnt cleachtas a sháraíonn reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí agus a d’fhéadfadh dochar ar leith a dhéanamh do leanaí, amhail: Spreagadh díreach do leanaí sna fógraí, ag tathant orthu airgeadra nó earraí sa chluiche a cheannach, nó a chur ina luí ar dhaoine fásta iad a cheannach dóibh;úsáid teicnící brú amhail ‘ceannach trí chleachtais atá teoranta ó thaobh ama de’ le tionchar míchuí a imirt ar leanaí chun airgeadra fíorúil nó ábhar i bhfíschluichí a cheannach;easpa eolais shoiléir agus trédhearcaigh, atá curtha in oiriúint do leanaí, maidir le hairgeadra fíorúil sa chluiche a cheannach agus a úsáid, rud a fhágann go gcaitheann tomhaltóirí níos mó airgid ná mar atá beartaithe acu;mainneachtain na cuideachta a chinntiú go ndéanann na tionchairí a chuireann a gcuid táirgí chun cinn ábhar tráchtála a nochtadh go soiléir agus nach mbeidh tionchar míchuí acu ar leanaí lena dteicnící margaíochta.Tá faill anois ag Star Stable Entertainment AB freagra i scríbhinn a thabhairt lena dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna a léirítear i gcomhsheasamh Ghréasán CCT agus gealltanais a mholadh chun iad a leigheas. Leis an mbeart sin, leagann Gréasán CCT béim ar an ngá atá le físchluichí agus a gcleachtais tráchtála a chur in oiriúint do leanaí agus gan leas a bhaint as a leochaileachtaí. 21 MÁRTA 2025Common Position on Star Stable Online Príomhphrionsabail maidir le hAirgeadraí Fíorúla i gCluichí Tá Gréasán CCT, faoi stiúir Údarás na hÍsiltíre um Thomhaltóirí agus Margaí agus Údarás Tomhaltóirí na hIorua, arna chomhordú ag an gCoimisiún Eorpach, tar éis príomhphrionsabail a ghlacadh chun trédhearcacht agus cothroime a chur chun cinn maidir leis an úsáid a bhaineann an tionscal cluichíochta ar líne as airgeadraí fíorúla. Leagtar amach sna Príomhphrionsabail na híoscheanglais agus léirítear iontu dea-chleachtais chun airgeadraí fíorúla a cheannach agus a úsáid, an méid seo a leanas ina measc:praghsáil shoiléir thrédhearcach agus eolas réamhchonarthach;cleachtais a sheachaint lena gceiltear costais ábhair dhigitigh agus seirbhísí digiteacha sa chluiche, chomh maith le cleachtais lena gcuirtear iallach ar thomhaltóirí airgeadra fíorúil a cheannach;urraim do cheart na dtomhaltóirí chun tarraingt siar;leochaileachtaí tomhaltóirí a urramú, go háirithe a mhéid a bhaineann le leanaí.Tá na Príomhphrionsabail deartha chun cabhrú leis an tionscal cearrbhachais a gcleachtais agus a gcóid iompair a oiriúnú, chun tomhaltóirí a chosaint níos fearr agus chun eispéireas níos sábháilte agus níos trédhearcaí a chruthú d’imreoirí. Leis na Príomhphrionsabail tugtar aghaidh freisin ar ábhair imní a chuir Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí in iúl.Tá an Gréasán CCT agus an Coimisiún Eorpach ag iarraidh ar an tionscal cluichíochta gníomhartha nithiúla a chur i láthair chun na príomhphrionsabail a chomhlíonadh agus chun a chinntiú go gcuirfear na príomhphrionsabail sin i bhfeidhm. Déanfaidh an Gréasán CCT monatóireacht ar an dul chun cinn agus féadfaidh sé breithniú a dhéanamh ar bhearta forfheidhmiúcháin má leantar de chleachtais dhíobhálacha. 21 MÁRTA 2025Key principles on in-game virtual currencies Samhail ghnó ‘íoc-nó-toiligh’ Meta I mí na Samhna 2023 d’iarr Meta ar thomhaltóirí san Aontas/LEE liostáil chun Facebook agus Instagram a úsáid ar tháille nó leanúint de sheirbhísí Meta a úsáid gan íocaíocht agus, dá bhrí sin, toiliú le Meta ioncam a dhéanamh ó fhógraí pearsantaithe a thaispeáint dóibh bunaithe ar a gcuid sonraí pearsanta (‘íoc nó toiligh’). Tar éis sheoladh na samhla gnó nua sin agus tar éis foláireamh a fháil ó Bhiúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí agus óna chomhlachais is comhaltaí[1], sheol údaráis náisiúnta tomhaltóirí (údaráis CCT), faoi chomhordú an Choimisiúin Eorpaigh agus cheannaire Ard-Stiúrthóireacht na Fraince um Iomaíocht, Gnóthaí Tomhaltóirí agus Cosc Calaoise (DGCCRF), litir chuig Meta i ndáil le cleachtais a d’fhéadfadh a bheith éagórach agus i ndáil le húsáid téarmaí seirbhíse éagóracha agus príomhghnéithe na rogha ‘íoc-nó-toiligh’ sin á gcur i láthair do thomhaltóirí. Is iad na príomhábhair imní atá ag an nGréasán CCT ná cé acu a chuir nó nár chuir Meta eolas fíor soiléir leordhóthanach ar fáil do thomhaltóirí roimh ré lenar cuireadh ar a gcumas dóibh measúnú a dhéanamh ar na himpleachtaí a bheadh ag a gcinneadh íoc nó glacadh le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta chun críoch tráchtála ar a gcearta mar thomhaltóirí. Ina theannta sin, is ábhar imní d’údaráis CCT go bhféadfadh sé go raibh brú míchuí ar go leor tomhaltóirí roghnú go tapa idir an dá shamhail, agus imní orthu go gcaillfidís rochtain láithreach ar a gcuntais agus ar a líonra teagmhálaithe.Príomhghnéithe na gníomhaíochtaMeasann údaráis CCT go bhféadfadh na cleachtais seo a leanas an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha agus an Treoir maidir le Téarmaí Éagóracha Conartha, arna dtrasuí i ndlíchóras inmheánach na mBallstát, a shárú:Agus tomhaltóirí á gcur ar míthreoir tríd an bhfocal ‘saor in aisce’ a úsáid, éilíonn Meta ar úsáideoirí nach mian leo suibscríobh do Facebook/Instagram ar tháille glacadh leis gur féidir le Meta ioncam a dhéanamh as a gcuid sonraí pearsanta a úsáid chun fógraí pearsantaithe a thaispeáint dóibh;Agus á éileamh ar úsáideoirí nascleanúint a dhéanamh trí scáileáin éagsúla san aip Facebook/Instagram nó sa leagan gréasáin agus cliceáil ar hipearnaisc á dtreorú chuig codanna éagsúla de na Téarmaí Seirbhíse nó den Bheartas Príobháideachais chun a fháil amach conas a úsáidfidh Meta a gcuid roghanna, sonraí pearsanta agus sonraí arna nginiúint ag úsáideoirí chun fógraí pearsantaithe a thaispeáint dóibh;Téarmaí agus teanga neamhbheacht a úsáid, amhail ‘do chuid eolais’ chun tagairt a dhéanamh do ‘shonraí pearsanta’ tomhaltóirí nó a mholadh nach bhfeicfidh tomhaltóirí a chinneann íoc fógraí ar chor ar bith, cé go bhféadfadh siad fógraí a fheiceáil fós agus iad ag plé le hábhar arna chomhroinnt trí Facebook nó Instagram ag baill eile den ardán;Agus brú á chur ar thomhaltóirí ar minic gur cuid shuntasach dá saol sóisialta agus dá n-idirghníomhaíochtaí sóisialta iad Facebook/Instagram rogha láithreach a dhéanamh, gan réamhrabhadh, go leor ama, agus deis cheart a thabhairt dóibh measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh an rogha sin difear a dhéanamh dá ngaol conarthach le Meta, agus gan ligean dóibh rochtain a fháil ar a gcuntais sula ndéanfaidh siad a rogha.Díríonn an beart comhordaithe seo ar mheasúnú a dhéanamh ar chleachtais Meta faoi dhlí tomhaltóirí an Aontais agus tá sé éagsúil leis na himscrúduithe leanúnacha atá á ndéanamh ag an gCoimisiún in aghaidh na cuideachta as a samhail ‘Íoc nó Toiligh’ a d’fhéadfadh sárú a dhéanamh ar an nGníomh um Margaí Digiteacha (DMA), le hiarraidh fhoirmiúil an Choimisiúin ar eolas faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA), agus leis an measúnú a rinne Coimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a shárú. Iarrtar anois ar Meta gealltanais a mholadh don ghréasán CCT agus don Choimisiún maidir leis an gcaoi a gcinntíonn Meta go gcomhlíonann a chleachtais ghnó agus a théarmaí seirbhíse dlí tomhaltóirí an Aontais. WhatsApp Tar éis idirphlé leis an nGréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CCT), faoi cheannaireacht Ghníomhaireacht Tomhaltóirí na Sualainne agus an Choimisiúin um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí in Éirinn, arna chomhordú ag an gCoimisiún Eorpach, gheall WhatsApp tomhaltóirí a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr maidir le nuashonruithe ar a théarmaí seirbhíse, sin agus míniú soiléir a thabhairt ar an gcaoi a ndéanann siad difear do chearta agus d’oibleagáidí úsáideoirí. Thairis sin, tabharfaidh WhatsApp an rogha i gcónaí d’úsáideoirí na téarmaí seirbhíse nuashonraithe a dhiúltú fiú má chiallaíonn sé nach féidir le húsáideoirí leanúint de sheirbhísí WhatsApp a úsáid. Dheimhnigh WhatsApp nár roinn agus nach roinneann sé sonraí pearsanta úsáideoirí le tríú páirtithe ná le cuideachtaí Meta eile chun críocha fógraíochta, Facebook ina measc. Forbhreathnú ar na gealltanais: Maidir le haon nuashonrú beartais a bheidh ann amach anseo, déanfaidh WhatsApp an méid seo a leanas:míneoidh sé cad iad na hathruithe atá beartaithe aige a dhéanamh ar chonarthaí na n-úsáideoirí agus conas a d’fhéadfadh sin difear a dhéanamh dá gcearta agus dá n-oibleagáidí;an fhéidearthacht na téarmaí seirbhíse nuashonraithe a dhiúltú, déanfaidh sé an fhéidearthacht sin chomh feiceálach céanna leis an bhféidearthacht glacadh leo;cinnteoidh sé gur féidir na fógraí ina bhfuil eolas faoi na nuashonruithe a dhúnadh nó gur féidir moill a chur ar an athbhreithniú ar na nuashonruithe, agus go n-urramóidh sé roghanna na n-úsáideoirí trí gan fógraí a sheoladh chucu arís agus arís eile.Déanfaidh údaráis CCT monatóireacht ar chur chun feidhme na ngealltanas thuasluaite i ndáil le haon nuashonrú a dhéanfar amach anseo ar théarmaí seirbhíse agus ar bheartais chuideachta, sin agus déanfaidh siad bearta forfheidhmithe i gcás neamhchomhlíonta. Sheol Gréasán CCT litir chuig WhatsApp den chéad uair i mí Eanáir 2022 tar éis do Bhiúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí (BEUC) agus ocht gcinn de chumainn na heagraíochta sin* foláireamh a thabhairt maidir le cleachtais éagóracha líomhnaithe i gcomhthéacs nuashonruithe WhatsApp ar a dtéarmaí seirbhíse agus ar a mbeartas príobháideachais. Thug WhatsApp freagra ar an gcéad litir ó Ghréasán CCT i mí an Mhárta 2022. Mar sin féin, tar éis do Ghréasán CCT measúnú cúramach a dhéanamh ar aighneacht WhatsApp, ní raibh sé suite de na soiléirithe a thug WhatsApp i ndáil leis na hábhair imní a tharraing an Gréasán anuas. Ar iarrataí ón nGréasán CCT, chuir WhatsApp eolas agus soiléirithe breise ar fáil sna litreacha ó mhí Iúil 2022 agus ó mhí Eanáir 2023 lenar ceadaíodh don ghréasán glacadh le gealltanais WhatsApp. * APC (an Rómáin), Consumentenbond (an Ísiltír), dTest (Poblacht na Seice), Forbrukerrådet (an Iorua), KEPKA (an Ghréig), EKPIZO (an Ghréig), S.O.S. Poprad (an tSlóvaic) agus UFC-Que choisir (an Fhrainc). Google Tar éis idirphlé a tosaíodh in 2021 leis an nGréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CCT), arna chomhordú ag an gCoimisiún Eorpach agus faoi stiúir Údarás na hÍsiltíre um Thomhaltóirí agus Margaí agus Ard-Stiúrthóireacht na Beilge um Chigireacht Eacnamaíoch, d’aontaigh Google aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann lena chleachtais agus athruithe a dhéanamh ar Google Store, Google Play Store, Google Hotels agus Google Flights chun a chinntiú go mbeifear ag comhlíonadh rialacha an Aontais maidir le tomhaltóirí.Forléargas ar na gealltanais:Chun deimhin a dhéanamh de go gcloífear le rialacha an Aontais maidir le tomhaltóirí, d’aontaigh Google an méid seo a leanas a dhéanamh:Teorainn a chur lena chumhacht, dá bhforáiltear sna Téarmaí Díolacháin, orduithe a chur ar ceal go haontaobhach nó praghas earra ordaithe a athrú ar fógraíodh praghas mícheart ina leithSeoladh ríomhphoist a chruthú a fhéadfaidh na hÚdaráis Tomhaltóirí a úsáid, agus iad sin amháin, chun cumarsáid a dhéanamh go díreach leis an gcuideachta, agus chun ábhar neamhdhleathach a thuairisciú agus chun a iarraidh go mbainfí an t-ábhar sin anuas go tapa ó ardán Google.Google Flights agus Google Hotels:A samhail ghnó a chur i láthair go soiléir, a bhuí le sraith uirlisí nua a bheith san áireamh in aice leis na roghanna áirithinte, chomh maith le rannán ‘Tuilleadh Eolais’ níos soiléire. Chuir na nochtuithe nua le tuiscint tomhaltóirí go bhfuil conradh á dhéanamh acu go díreach leis an gcuideachta eitilte nó leis an gcuideachta óstáin, seachas le Google, nuair a dhéanann siad áirithint (mar nach bhféadfaí eitiltí ná óstáin a chur in áirithe trí Book on Google a thuilleadh)Cabhrú le tomhaltóirí na praghsanna a úsáidtear a shainaithint go soiléir mar thagairt chun lascaine a ríomh, nuair a chuirtear lascainí chun cinn ar an ardán A shoiléiriú nach ndeimhníonn siad na léirmheasanna a chuirtear le Google Hotels.Glacadh leis na gealltanais trédhearcachta chéanna a nglacann na hardáin chóiríochta mhóra eile leo (Booking.com, Expedia, Airbnb), a mhéid a bhaineann leis an dóigh a gcuireann sé eolas ar fáil do thomhaltóirí (e.g. maidir le praghsanna nó lascainí)Google Play Store agus Google Store:Eolas maidir leis an gcuideachta a chur ar fáil do thomhaltóirí (ainm dlíthiúil, seoladh an eintitis, uimhreacha clárúcháin agus uimhreacha CBL) in Google Store, chomh maith le modhanna cumarsáide díreacha agus éifeachtacha chun teagmháil a dhéanamh leis an gcuideachta (e.g. gníomhaire teileafóin beo, seoladh sholáthraí seirbhíse an Aontais, seoladh ríomhphoist) in Google Play Store agus nasc chuig an gclár réitigh díospóidí ar líne sa dá shiopa;Eolas soiléir a chur ar fáil faoina dtáirgí agus seirbhísí atá ríthábhachtach do thomhaltóirí sula dtabharfar an t-ordú i gcrích (eolas réamhchonarthach), amhail costais seachadta a bheith ann nó gan a bheith ann, fad na tréimhse um cheart an tomhaltóra tarraingt siar, agus na ráthaíochtaí dlíthiúla atá ar fáil chun táirgí a dheisiú nó a athsholáthar nach raibh i gcomhréir leis an ordú)Cuirfidh siad ar a gcumas do thomhaltóirí úsáid a bhaint as modhanna íocaíochta ó aon Bhallstát den Aontas Eorpach agus iad ag ceannach ó leaganacha éagsúla tíre de Google Store. Soiléiriú a thabhairt ar conas na leaganacha éagsúla tíre den Google Play Store a bhrabhsáil agus forbróirí a chur ar an eolas maidir lena n-oibleagáidí faoin Rialachán maidir le Geobhlocáil chun a gcuid aipeanna a dhéanamh inrochtana ar fud an Aontais mura féidir brath ar eisceacht shonrach den Rialachán.Maidir le Google Ads agus Google Search, le soiléirithe a chuir Google ar fáil réitíodh na hábhair imní a tharraing Údaráis CCT anuas sa Chomhsheasamh.Mar sin féin, tá ceann amháin de chleachtais Google ann go fóill nach gcomhlíonann an Rialachán maidir le Geobhlocáil go hiomlán. Cuireann Google teorainneacha teicniúla i bhfeidhm maidir le húsáid na n-aipeanna a bheadh ar fáil de ghnáth sa tír ina bhfuil an t-úsáideoir lonnaithe go sealadach. Is é an t-údar a thug Google gur féidir le húsáideoirí ó Bhallstát amháin a dtír chónaithe Play a athrú, agus iad ar cuairt ar Bhallstát eile, uair amháin sa bhliain chun rochtain a fháil ar aipeanna áitiúla agus cluichí áitiúla na tíre ina bhfuil siad ar cuairt. Mar sin féin, cé is moite de theorainneacha treallacha na rogha seo (gan ach uair amháin sa bhliain), i gcás athrú den sórt sin ní dhéanfar an t-iarmhéid gan íoc a nascadh ach leis an seanleagan tíre de Google Play. Meastar gur sárú é ar an Rialachán maidir le Geobhlocáil.Déanfaidh Gréasán CCT monatóireacht ghníomhach ar chur chun feidhme na ngealltanas sin, agus déanfaidh na húdaráis náisiúnta monatóireacht agus forfheidhmiú ar an gcomhlíonadh i gcás ina bhfuil imní ann fós. 26 EANÁIR 2023Common position of national authorities of the CPC Network concerning the commercial practices and terms and conditions of Google 26 EANÁIR 2023Table of changes agreed by Google TikTok Sheol an Coimisiún Eorpach agus údaráis CCT idirphlé foirmiúil le TikTok chun athbhreithniú a dhéanamh ar a chuid cleachtas agus beartas tráchtála, tar éis dóibh foláireamh a fháil ó Bhiúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí i mí Feabhra 2022 faoi sháruithe na haipe comhroinnte físeán ar chearta tomhaltóirí an Aontais. D’éascaigh an Coimisiún an gníomh, agus ba iad Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí in Éirinn agus Konsumentverket, Gníomhaireacht na Sualainne um Chosaint Tomhaltóirí a rinne comhthreorú air thar ceann údarás náisiúnta um chosaint sonraí na mBallstáit go léir. I measc na n-ábhar imní sonrach, tá an mhargaíocht cheilte, teicnící fógraíochta ionsaitheacha atá dírithe ar leanaí, agus téarmaí conarthacha áirithe i mbeartais TikTok a d’fhéadfaí a mheas go gcuireann siad mearbhall ar thomhaltóirí agus go gcuireann siad ar strae iad. Tar éis idirphléití leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis náisiúnta um chosaint sonraí, thug TikTok gealltanas a chuid cleachtas a ailíniú le rialacha an Aontais maidir le fógraíocht agus cosaint tomhaltóirí. Leis na bearta a ghlacann TikTok beidh sé níos éasca do thomhaltóirí fógraí a fheiceáil ar an ardán agus cuirfear i bhfeidhm go hiomlán iad faoi dheireadh R3 2022. Déanfaidh Gréasán CCT monatóireacht ghníomhach ar chur chun feidhme na ngealltanas sin in 2022 agus ina dhiaidh sin, agus leanfaidh Údaráis um Chosaint Sonraí de bheith inniúil chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh bheartais agus chleachtais nua na cuideachta le rialacha an Aontais um chosaint sonraí.Déanfaidh údaráis CCT monatóireacht agus measúnú go háirithe ar chomhlíontacht i gcás ina bhfuil imní fós ann, cuir i gcás cé acu an bhfuil soiléireacht leordhóthanach ann maidir le tuiscint leanaí ar ghnéithe tráchtála chleachtais TikTok, ó thaobh fógraíocht phearsantaithe de ina measc, agus ag féachaint do na ‘5 phríomhphrionsabal maidir le fógraíocht chothrom do leanaí’. 21 MEITHEAMH 2022List of commitments by TikTok to improve their practices Na meáin shóisialta De réir mar a dhírítear ar níos mó agus níos mó tomhaltóirí le calaois agus le camscéimeanna trí na meáin shóisialta, fuarthas amach trí ghníomhaíocht chomhpháirteach CCT go dtugann Facebook agus Twitter a dtéarmaí seirbhíse chun comhréireachta le dlí tomhaltóirí na hEorpa; agus comhoibríonn siad go tapa le húdaráis CCT nuair a thuairiscíonn siad ábhar neamhdhleathach ar líne agus nuair a iarrann siad go mbainfí anuas é. 9 AIBREÁN 2019Factsheets on changes implemented by Facebook Preaseisiúint 09/04/2019Preaseisiúint 15/02/2018 Ceannacháin ionaipe D’iarr an Gréasán CCT ar na soláthraithe ardáin idirlín Apple agus Google, agus ar an gcomhlachas forbróirí cluichí ar líne, ISFE, réitigh a mholadh chun ceannacháin ionaipe a thaispeáint go soiléir i gcluichí ar líne agus aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhaineann le fógraíocht mhíthreorach a mhaíonn go bhfuil cluichí ‘saor in aisce’; gríosú spriocdhírithe ar leanaí nuair atá cosc ar a leithéid; conas is féidir le tuismitheoirí smacht níos fearr a bheith acu ar cheannacháin neamhbheartaithe a dhéantar i gcluichí. 6 AIBREÁN 2018Common Position of the national consumer enforcement authorities on consumer protection in games apps from July 2014 13 MEITHEAMH 2017Common Position of the national consumer enforcement authorities on consumer protection in games apps from December 2013 Boscaí éadála Mar fhreagairt ar an bhfás tapa ar úsáid boscaí éadála i gcluichí ar líne, i mí Mheán Fómhair 2022, sheol an Coimisiún Eorpach litir chuig an dá phríomh-bhrateagraíocht cluichí ar líne le haghaidh forbróirí agus eagarthóirí, is iad sin Cónaidhm na hEorpa um Bogearraí Idirghníomhacha (ISFE) agus an Chónaidhm Eorpach um Fhorbróirí Cluichí (EGDF).Sa litir sin, d’iarr an Coimisiún orthu a chur i gcuimhne dá mbaill na dlíthe agus na prionsabail is infheidhme maidir le cosaint tomhaltóirí i réimse na mboscaí éadála nó cineálacha eile ábhair randamaigh is gá íoc as agus a chuirtear ar fáil le ceannach san aip. Dá bhrí sin, ní mór do dhíol boscaí éadála mar chuid de chluiche na hoibleagáidí faisnéise uile a chomhlíonadh faoin Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí (CRD) agus faoin Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha (UCPD) i dtaca le praghas agus príomhthréithe an táirge. Ina theannta sin, níor cheart do sholáthraithe cluichí a chur chun cinn mar chluichí ‘saor in aisce’ mura bhfuil siad go hiomlán saor in aisce. Ar deireadh, níor cheart go n-áireofaí mar chuid de chluichí spreagthaí díreacha do leanaí chun na breiseáin ar gá íoc astu ar nós boscaí éadála a cheannach. 5 IÚIL 2023Commission letter to ISFE EGDF on loot boxes from September 2022