An scéala is déanaí
Freagrachtaí
Bunaíodh an Tascfhórsa Téarnaimh agus Athléimneachta (RECOVER) an 16 Lúnasa 2020 in Ardrúnaíocht an Choimisiúin Eorpaigh. Tá RECOVER freagrach as cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a stiúradh agus as an Seimeastar Eorpach a chomhordú. Is d'Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen a bhíonn RECOVER ag tuairisciú.
Is í Céline Gauer atá ina Ceannasaí ar RECOVER. Bíonn Príomhchomhairleoir agus dhá Stiúrthóireacht ag tacú léi.
Oibríonn RECOVER i ndlúthchomhar le hArd-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, ar Ard-Stiúrthóireacht de chuid an Choimisiúin í, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- tacaíocht a chomhordú do na Ballstáit maidir le tuilleadh sonraí a thabhairt faoina gcuid pleananna um athchóiriú agus athléimneacht;
- dul i mbun plé leis na Ballstáit chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh na pleananna ar tugadh fógra ina leith na ceanglais rialála a leagtar síos sa reachtaíocht, agus chun a chinntiú go n-éireoidh leis na tionscnaimh athchóirithe agus infheistíochta atá beartaithe cuspóirí téarnaimh agus athléimneachta an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh araon a bhaint amach;
- ullmhú a dhéanamh ar na gníomhartha cur chun feidhme is gá maidir le formheas na bpleananna;
- measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát maidir le cur chun feidhme na bpleananna agus anailís a dhéanamh ar na tuarascálacha tréimhsiúla dá bhforáiltear sa reachtaíocht;
- an Seimeastar Eorpach a chomhordú le linn na tréimhse sin.
Tá tuilleadh eolais le fáil anseo faoi iarrachtaí an Choimisiúin sa chomhrac i gcoinne an choróinvíris agus faoin tacaíocht a thugann sé do théarnamh an Aontais.
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
Cuireann an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta iasachtaí (€385.8 billiún) agus deontais (€338 mbilliún) dar luach €723.8 billiún (i bpraghsanna reatha) ina n-iomláine ar fáil chun tacú le hathchóirithe agus le hinfheistíochtaí a dhéanann na Ballstáit. Is é is aidhm dó sin maolú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim an choróinvíris, sin agus geilleagair agus sochaithe na hEorpa a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe do na dúshláin agus do na deiseanna a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Tháinig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Tá tuilleadh eolais, an nuacht is déanaí agus na doiciméid chúlra le fáil anseo:
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
Pleananna agus tuarascálacha
Clár oibre an Choimisiúin – forléargas ar a bhfuil le baint amach ag an institiúid ar fad sa bhliain reatha
Ceannaireacht agus eagrúchán
Teagmháil
An Tascfhórsa Téarnaimh agus Athléimneachta
Teagmháil na meán le haghaidh ceisteanna a bhaineann le hobair RECOVER:
Veerle Nuyts
Teil. +32 (0) 2 29 96302
Seoladh ríomhphoist: veerle [dot] NUYTSec [dot] europa [dot] eu (veerle[dot]NUYTS[at]ec[dot]europa[dot]eu)
Teagmháil le haghaidh ceisteanna nach ceisteanna meán iad a bhaineann le hobair RECOVER nó le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta:
EC-RECOVERec [dot] europa [dot] eu (EC-RECOVER[at]ec[dot]europa[dot]eu)
- Ainm
- An Tascfhórsa Téarnaimh agus Athléimneachta