Mar fhreagairt ar an gcruatan agus ar an suaitheadh sa mhargadh domhanda fuinnimh mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, chuir an Coimisiún Eorpach Plean REPowerEU i láthair.
Is plean é REPowerEU chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- fuinneamh a choigilt
- fuinneamh glan a ghiniúint
- ár soláthairtí fuinnimh a éagsúlú
Tacaítear leis le bearta airgeadais agus dlíthiúla chun an bonneagar nua fuinnimh agus an córas nua fuinnimh atá de dhíth ar an Eoraip a thógáil.
Gníomhaíochtaí REPowerEU
Mar gheall ar réaltacht nua an mhargaidh gheopholaitiúil agus fuinnimh, ní mór dúinn dlús ollmhór a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glas agus méadú a dhéanamh ar neamhspleáchas an Aontais ar sholáthróirí neamhiontaofa agus ar bhreoslaí iontaise luaineacha.
Is éard atá in REPowerEU plean an Choimisiúin Eorpaigh chun an Eoraip a dhéanamh neamhspleách ar bhreoslaí iontaise na Rúise i bhfad roimh 2030, i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin.
Creideann 85% de mhuintir na hEorpa gur cheart don Aontas a spleáchas ar ghás agus ar ola na Rúise a laghdú a luaithe is féidir chun tacú leis an Úcráin. Trí ghníomhú le chéile mar Aontas, is féidir leis an Eoraip é sin a bhaint amach níos tapúla.
Leagtar amach i bplean REPowerEU sraith beart chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú go tapa agus chun dlús a chur leis an aistriú glas, agus ag an am céanna athléimneacht an chórais fuinnimh ar fud an Aontais a mhéadú. Is ar na nithe a leanas atá sé bunaithe:
Tá an tAontas Eorpach ag obair le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun soláthairtí fuinnimh malartacha a aimsiú. Sa ghearrthéarma, teastaíonn uainn soláthairtí malartacha gáis, ola agus guail a luaithe is féidir, agus ag féachaint chun cinn beidh hidrigin inathnuaite de dhíth orainn freisin.
Is féidir le gach saoránach, gnólacht agus eagraíocht fuinneamh a choigilt. Trí athruithe beaga iompraíochta a dhéanamh is féidir linn ar fad difear suntasach a dhéanamh, ach a bheith tiomanta dóibh. Beidh gá freisin le bearta teagmhasacha le haghaidh briseadh sa soláthar.
Is iad na foinsí inathnuaite fuinnimh an fuinneamh is saoire agus is glaine atá ar fáil, agus is féidir iad a tháirgeadh ar bhonn intíre, rud a laghdaíonn an gá atá againn le hiompórtálacha fuinnimh. Cuirfidh REPowerEU dlús leis an aistriú glas agus spreagfaidh sé infheistíocht ollmhór san fhuinneamh inathnuaite. Ní mór dúinn freisin é a chur ar chumas earnáil na tionsclaíochta agus an iompair breoslaí iontaise a ionadú níos tapa chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí agus ar spleáchais.
- Ceannacháin choiteanna gáis, GNL agus hidrigine trí Ardán Fuinnimh an Aontais le haghaidh na mBallstát uile ar mian leo a bheith rannpháirteach, chomh maith leis an Úcráin, an Mholdóiv, an tSeoirsia agus na Balcáin Thiar
- Comhpháirtíochtaí nua fuinnimh le soláthróirí iontaofa, lena n-áirítear comhar amach anseo maidir le gáis inathnuaite agus gáis ísealcharbóin
- Tionscadail fuinnimh gréine agus fuinnimh gaoithe a chur i bhfeidhm go tapa, mar aon le húsáid hidrigine inathnuaite, chun timpeall 50 billiún méadar ciúbach d’iompórtálacha gáis a shábháil
- Táirgeadh bithmheatáin a mhéadú chun 17 mbilliún méadar ciúbach d’iompórtálacha gáis a shábháil
- Na chéad tionscadail hidrigine ar fud an Aontais a fhormheas faoin samhradh
- Teachtaireacht ón Aontas maidir le Fuinneamh a Shábháil ina bhfuil moltaí faoin dóigh ar féidir le saoránaigh agus gnólachtaí tuairim is 13 bhilliún méadar ciúbach d’iompórtálacha gáis a shábháil
- Stóráil gáis a líonadh go dtí 80% den toilleadh faoin 1 Samhain 2022
- Pleananna comhordaithe an Aontais maidir le laghdú éilimh i gcás suaitheadh an tsoláthair gáis
- Pleananna nua REPowerEU faoin gCiste modhnaithe um Théarnamh agus Athléimneacht chun tacú le hinfheistíocht agus le hathchóirithe dar luach € 300 bhilliún
- Borradh a chur faoin dícharbónú tionsclaíoch le tionscadail tús-ualaithe dar luach €3 bhilliún faoin gCiste don Nuálaíocht
- Reachtaíocht agus moltaí nua maidir le cead a thabhairt níos tapúla d’fhoinsí inathnuaite sna limistéir thiomnaithe is fearr lena mbaineann riosca íseal don chomhshaol
- Infheistíochtaí i ngréasán bonneagair gáis agus leictreachais atá comhtháite agus oiriúnaithe
- Uaillmhian mhéadaithe maidir le coigilteas fuinnimh tríd an sprioc uile-Aontais maidir le héifeachtúlacht do 2030 a ardú ó 9% go dtí 13%
- An sprioc Eorpach maidir le foinsí fuinnimh inathnuaite do 2030 a mhéadú ó 40% go dtí 45%
- Tograí nua ón Aontas chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag earnáil na tionsclaíochta ar amhábhair ríthábhachtacha
- Bearta rialála chun an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú in earnáil an iompair
- Luasaire hidrigine chun 17.5 GW de leictrealóirí a thógáil faoi 2025 chun breosla a chur ar fáil do thionscal an Aontais agus táirgeadh inmheánach 10 milliún tona hidrigine inathnuaite
- Bearta rialála nua-aimseartha le haghaidh hidrigine
Fuinneamh glan
Chun deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise, beidh gá le méadú ollmhór ar fhoinsí inathnuaite chomh maith le leictriú níos tapa agus athrú ó theas agus breosla iontaise-bhunaithe in earnáil na tionsclaíochta, i bhfoirgnimh agus san earnáil iompair. Le himeacht ama, cabhróidh an t-aistriú chuig fuinneamh glan chun praghsanna fuinnimh a ísliú agus chun an spleáchas ar iompórtálacha a laghdú.
Is iad foinsí inathnuaite fuinnimh na foinsí fuinnimh is saoire agus is glaine atá ar fáil, agus is féidir iad a ghiniúint ar bhonn intíre, agus mar sin laghdaítear an gá atá againn le hiompórtálacha fuinnimh. Tá sé á mholadh ag an gCoimisiún sprioc 2030 an Aontais le haghaidh foinsí inathnuaite a mhéadú ó 40% mar atá sé faoi láthair go 45%. Le Plean REPowerEU, mhéadófaí acmhainneachtaí giniúna fuinnimh inathnuaite iomlána go 1,236 GW faoi 2030, i gcomparáid le 1,067 GW faoi 2030 mar atá beartaithe faoi ‘Oiriúnach do 55’ le haghaidh 2030.
Le Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh cuirfear borradh faoi chur i bhfeidhm an fhuinnimh fhótavoltaigh. Mar chuid de phlean REPowerEU, is é is aidhm den straitéis sin níos mó ná 320 GW de ghrianfhuinneamh fótavoltach nuashuiteáilte a chur ar fáil faoi 2025, líon atá is mó ná dhá oiread an leibhéil atá ann inniu, agus beagnach 600 GW a chur ar fáil faoi 2030. Leis na hacmhainneachtaí breise tús-ualaithe sin, déanfar úsáid 9 mbilliún méadar ciúbach (bcm) de ghás nádúrtha a ionadú gach bliain faoi 2027.
Tionscal glan
Trí ghual, ola agus gás a ionadú i bpróisis thionsclaíocha, cuideofar chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú agus sinn ag aistriú chuig foinsí fuinnimh níos glaine, ag neartú an iomaíochais thionsclaíoch agus ag tacú le ceannaireacht teicneolaíochta idirnáisiúnta.
- Leis an leictriú, an éifeachtúlacht fuinnimh agus glacadh na bhfoinsí fuinnimh inathnuaite, d’fhéadfaí é a chur ar chumas earnáil na tionsclaíochta 35 bcm de ghás nádúrtha a choigilt faoi 2030, rud a sháródh spriocanna an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’
- D’fhéadfaí na laghduithe gáis is mó a dhéanamh, beagnach 22 bcm, as mianraí neamh-mhiotalacha, stroighin, gloine, earraí criadóireachta agus as táirgeadh agus scaglanna ceimiceán
- Meastar go ndéanfar thart ar 30% de tháirgeadh príomhúil cruach an Aontais a dhícharbónú a bhuí le hidrigin inathnuaite faoi 2030
Beidh ról lárnach ag an earnáil tionsclaíochta freisin maidir le méadú a dhéanamh ar tháirgeadh trealaimh agus comhpháirteanna atá riachtanach chun ár gcóras fuinnimh a athrú ó bhonn go tapa.
Fuinneamh a shábháil
Is é fuinneamh a choigilt an bealach is saoire, is sábháilte agus is glaine chun ár spleáchas ar iompórtálacha breosla iontaise ón Rúis a laghdú. Is féidir le gach duine againn páirt a ghlacadh go héasca inár dtomhaltas fuinnimh a laghdú, idir thomhaltóirí, ghnólachtaí agus gach earnáil tionsclaíochta. In éineacht le bearta éifeachtúlachta fuinnimh, beidh dea-thionchar ag ár ngníomhaíochtaí aonair ar phraghsanna – rud a chabhróidh lenár mbillí fuinnimh a laghdú go díreach, lenár ngeilleagar a dhéanamh níos athléimní agus le dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan ag an Aontas.
Is iomaí bealach atá againn inár saol laethúil chun tomhaltas fuinnimh a laghdú:
- Teocht na gcóras teasa a laghdú nó níos lú úsáide a bhaint as an aerchóiriú
- Fearais tí a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla
- Tiomáint ar bhealach níos eacnamaíche
- Aistriú go níos mó iompar poiblí agus soghluaisteacht ghníomhach
- Na soilse a múchadh
Ní mór do gach úsáideoir fuinnimh a bheith ar an eolas faoi na deiseanna coigiltis is fearr agus faoi na rudaí is éifeachtúla is féidir leis a dhéanamh. Tacóidh an Coimisiún le saoránaigh trí fhaisnéis spriocdhírithe a chur ar fáil dóibh chun cuidiú leo roghanna eolasacha agus ceannacháin fhuinneamhéifeachtúla a dhéanamh.
Táimid ag obair freisin le heagraíochtaí ar nós na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, leis na Ballstáit agus le húdaráis áitiúla chun na gníomhaíochtaí coigilte fuinnimh is éifeachtaí a shainaithint agus a chur chun cinn.
REPowerEU a mhaoiniú
Tá gá le hinfheistíochtaí breise €210 mbilliún idir seo agus 2027 chun deireadh a chur de réir a chéile le hiompórtálacha breoslaí iontaise ón Rúis, iompórtálacha a chosnaíonn beagnach €100 billiún in aghaidh na bliana ar cháiníocóirí na hEorpa faoi láthair.
Tá an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i gcroílár chur chun feidhme Phlean REPowerEU agus cuireann sí maoiniú breise ón Aontas ar fáil dó. Ba cheart do na Ballstáit caibidil faoi REPowerEU a chur lena bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta chun infheistíochtaí a dhíriú ar thosaíochtaí REPowerEU agus na hathchóirithe is gá a dhéanamh.
Is féidir leis na Ballstáit úsáid a bhaint as na hiasachtaí de chuid na Saoráide atá fós ar fáil (€225 bhilliún faoi láthair) agus as deontais nua na Saoráide arna gcistiú trí lamháltais an Chórais Trádála Astaíochtaí a chur ar ceant, lamháltais atá á gcoinneáil faoi láthair i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh agus ar fiú €20 billiún iad.
Ar na foinsí eile maoinithe atá ag REPowerEU tá:
- Cistí an Bheartais Comhtháthaithe
- An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe:
- An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa
- An Ciste don Nuálaíocht
- Maoiniú náisiúnta agus maoiniú ón Aontas chun tacú le cuspóirí REPowerEU
- Bearta náisiúnta fioscacha
- Infheistíocht phríobháideach
- An Banc Eorpach Infheistíochta
Comhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta
Is mian linn comhpháirtíochtaí fadtéarmacha a thógáil a rachaidh chun tairbhe do gach taobh – comhpháirtíochtaí lena gcuirtear borradh faoin bhfuinneamh inathnuaite, lena méadaítear éifeachtúlacht fuinnimh ar fud an domhain agus trína ndéantar comhoibriú maidir leis an teicneolaíocht ghlas agus an nuálaíocht ghlas. Beidh ról lárnach ag Ardán Fuinnimh nua an Aontais maidir le héileamh a chomhthiomsú, úsáid an bhonneagair a chomhordú, caibidlíocht a dhéanamh leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta agus ullmhú do chomhcheannacháin gháis agus hidrigine.
Gníomhaíochtaí:
- Méadú a dhéanamh ar sheachadtaí gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) ó SAM agus ar ghás píblíne agus GNL ón Iorua
- An comhar a threisiú leis an Asarbaiseáin, go háirithe maidir le Conair Gháis an Deiscirt
- Comhaontuithe polaitiúla le soláthraithe gáis amhail an Éigipt agus Iosrael chun soláthar GNL a mhéadú
- An t-idirphlé fuinnimh a atosú leis an Ailgéir
- Comhar leanúnach le táirgeoirí móra sa Mhurascaill, Catar san áireamh, agus san Astráil
- Comhordú le ceannaitheoirí gáis amhail an tSeapáin, an tSín agus an Chóiré
- Acmhainneacht easpórtála na dtíortha san Afraic Fho-Shahárach amhail an Nigéir, an tSeineagáil agus Angóla a fhiosrú
Leanfaidh an tAontas den obair le G7, le G20 agus le fóraim idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear OPEC agus IEA, chun dea-fheidhmiú na margaí domhanda ola a áirithiú.
Amlíne
- 14 Nollaig 2022
Tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir le REPowerEU a mhaoiniú agus na Ballstáit a chumasú chun caibidlí REPowerEU a thabhairt isteach ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta
- 9 Nollaig 2022
Seoladh comhghuaillíocht thionsclaíoch nua chun borradh a chur faoi ghrianchumhacht agus faoi shlándáil fuinnimh an Aontais
- 9 Samhain 2022
Tá an Coimisiún le borradh a chur faoin aistriú glas ó ghás na Rúise trí dhlús a chur le foinsí inathnuaite fuinnimh a cheadú
- 26 Iúil 2022
Bunaithe ar an togra ón gCoimisiún, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú chun laghdú ordúil agus comhordaithe ar thomhaltas gáis ar fud an Aontais a chinntiú chun ullmhú don gheimhreadh atá le teacht.
- 20 Iúil 2022
Coigil Gás i gcomhair Geimhreadh Sábháilte: Plean um laghdú ar an éileamh gáis molta ag an gCoimisiún chun an tAontas a ullmhú do chiorruithe soláthair
- 18 Iúil 2022
Shínigh an tAontas agus an Asarbaiseáin Meabhrán Tuisceana nua maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach i Réimse an Fhuinnimh, lena leagtar síos an bhunchloch le haghaidh comhpháirtíocht fhadtéarmach maidir leis an bhfuinneamhéifeachtúlacht agus fuinneamh glan. A bhuí leis sin, déanfar acmhainneacht Chonair Gáis an Deiscirt a dhúbailt chun 20 billiún méadar ciúbach ar a laghad a sheachadadh chuig an Aontas gach bliain faoi 2027.
- 15 Iúil 2022
D’fhormheas an Coimisiún ‘IPCEI Hy2Tech’, an chéad Tionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne in earnáil na hidrigine. Is é is aidhm don tionscadal teicneolaíochtaí nuálacha a fhorbairt don slabhra luacha hidrigine chun próisis thionsclaíocha agus soghluaisteacht a dhícharbónú. Tá 35 ghnólacht agus 41 thionscadal ó 15 Bhallstát páirteach ann.
- 27 Meitheamh 2022
Glacadh rialacha nua maidir le stóráil gáis. Leis na rialacha sin, neartófar slándáil sholáthar gáis an Aontais i bhfianaise na ngeimhreadh atá le teacht. Leis na rialacha nua, ceanglófar ar Bhallstáit an Aontais na saoráidí stórála a líonadh go dtí 80% dá dtoilleadh faoi mhí na Samhna i mbliana agus go dtí 90% sna blianta amach romhainn.
- 23 Meitheamh 2022
Chomhaontaigh an tAontas agus an Iorua cur lena gcomhpháirtíocht chun soláthairtí gáis gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a mhéadú, aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh, agus an comhar maidir le fuinneamh glan a neartú, maidir le hidrigin san áireamh.
- 17 Meitheamh 2022
Sheol an tAontas Eorpach, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus 11 thír eile Conair Fuinnimh an Ghealltanais Dhomhanda maidir le Meatán chun laghduithe ar astaíochtaí meatáin a chatalú in earnáil na hola agus an gháis, agus ar an dóigh sin lorg a imirt ar an athrú aeráide agus ar an tslándáil fuinnimh.
- 15 Meitheamh 2022
Shínigh an tAontas Eorpach, an Éigipt agus Iosrael Meabhrán Tuisceana tríthaobhach chun gás nádúrtha a easpórtáil chun na hEorpa. Déanfar gás nádúrtha ó Iosrael, ón Éigipt agus ó fhoinsí eile i réigiún na Meánmhara Thoir a sheoladh chun na hEorpa trí bhíthin bhonneagar onnmhairiúcháin gáis nádúrtha leachtaithe na hÉigipte.
- 25 Bealtaine 2022
Bhunaigh an Coimisiún Tascfhórsa Ardán Fuinnimh an Aontais Eorpaigh chun soláthairtí malartacha a aimsiú.
- 18 Bealtaine 2022
Chuir an Coimisiún REPowerEU i láthair, plean chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a laghdú go tapa agus chun dlús a chur leis an aistriú glas.
Doiciméid
- Communication
REPowerEU related documents
A clear and complete repository of the thematic areas that are shaping the REPowerEU initiative
- Íoslódáilfrançais(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilfrançais(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilfrançais(5.95 KB - HTML)
- Íoslódáilfrançais(5.95 KB - HTML)