Cáin bhreisluacha - An Coimisiún Eorpach
Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais EorpaighSuíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais

Cáin bhreisluacha

An acmhainn dhílis atá bunaithe ar Cháin Bhreisluacha (CBL) le haghaidh 2021-2027, comhfhreagraíonn sí do chéatadán a ghearrtar ar bhoinn CBL na dtíortha, agus déantar í a ríomh i gcomhréir le rialacha an Aontais Eorpaigh.

Ba é CBL an chéad cháin a comhchuibhíodh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, dá bhrí sin sa bhliain 1970 ba rud loighciúil é acmhainn dílis bhuiséid bunaithe ar CBL a thabhairt isteach mar fhoinse ioncaim taobh le dleachtanna custaim agus tobhaigh thalmhaíochta.

Go dtí le déanaí, an bonn CBL ar ar chuir gach Ballstát an glaoráta i bhfeidhm chun a ranníocaíocht bunaithe ar CBL le buiséad an Aontais Eorpaigh a ríomh, bhí an bonn sin comhchuibhithe. Chun an bonn acmhainní CBL bunaithe a ríomh le haghaidh bliain féilire ar leith, bhí ar Bhallstát an glanioncam CBL foriomlán a bhailigh an Ballstát sin i gcaitheamh na bliana sin a roinnt ar an ráta ar ar gearradh CBL sa Bhallstát sin i gcaitheamh na bliana céanna. Mar sin féin, má cuireadh ní ba mhó ná ráta CBL amháin i bhfeidhm sa Bhallstát, rinneadh an bonn comhchuibhithe CBL a ríomh tríd an nglanioncam CBL foriomlán a bailíodh a roinnt ar mheánráta ualaithe CBL na tíre sin. Cinneadh an mhodheolaíocht sin chun an bonn comhchuibhithe CBL a ríomh i Rialachán 1553/89 ón gComhairle maidir le socruithe aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú.

Chun an bonn CBL a chomhchuibhiú bhí gá le neart ceartuithe agus cúiteamh, agus leis an meánráta ualaithe a ríomh freisin.

An acmhainn dhílis bunaithe ar CBL sa lá atá inniu ann

Faoin mbuiséad fadtéarmach le haghaidh 2021-2027, rinneadh an acmhainn dhílis bunaithe ar CBL a shimpliú chun an t-ualach riaracháin atá ar údaráis riaracháin an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát araon a laghdú.

Is mar seo a leanas a oibríonn an simpliú sin:

  • An bonn CBL a cheartú le haghaidh raon feidhme críochach sa chásanna teoranta dá bhforáiltear sa Chonradh agus le haghaidh sáruithe ar an Treoir CBL, agus lena n-aghaidh sin amháin;
  • Meánráta CBL ualaithe 2016 a chur i bhfeidhm i ngach Ballstát don tréimhse 2021-27.

Cuirtear uasteorainn ansin le boinn CBL gach tíre ag 50% de bhonn Ollioncaim Náisiúnta (OIN) gach tíre, d’fhonn teorainn a chur leis na gnéithe aischéimnitheacha a bhaineann leis an acmhainn dhílis bunaithe ar CBL. Ar deireadh, tá glaoráta aonfhoirmeach 0.3% á chur i bhfeidhm ar bhonn CBL gach Ballstáit don tréimhse 2021-2027.

Cén chaoi a n-oibríonn sé go sonrach?

Is é is cuspóir fhoriomlán don iniúchadh ar an acmhainn dhílis bunaithe ar CBL a chinntiú go bhfuil gach Ballstát in ann an méid ceart den acmhainn dhílis atá bunaithe ar CBL a ranníoc le buiséad an Aontais Eorpaigh. Tugtar faoin iniúchadh sin trí anailís a dhéanamh ar dhoiciméadacht, trí chigireachtaí ar an láthair sna Ballstáit atá san Aontas faoi láthair agus sna Ballstáit a bheidh san Aontas amach anseo, agus tríd an modheolaíocht iomchuí a fhorbairt. Is í Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid, ar AS de chuid an Choimisiúin í, atá freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar ráitis bhonn CBL na mBallstát.