Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Gaistí agus camscéimeanna coitianta a dhírítear ar thomhaltóirí

Íocaíochtaí athfhillteacha síntiúis

Thug thart ar 10% de thomhaltóirí an Aontais le fios gur mealladh iad chun síntiús a ghlacadh nach raibh ag teastáil uathu. Is teicnící ionramhála ar líne is cúis leis sin, teicnící a fhágann go gcreideann tomhaltóirí go bhfuil siad ag glacadh le triail saor in aisce nó le tairiscint an-saor. I ndáiríre áfach, i ngan fhios dóibh féin, tá siad ag glacadh síntiús as a mbeidh siad ag íoc arís is arís eile. An t-eolas faoi na híocaíochtaí athfhillteacha sin, is minic a fhágtar ar lár é nó a bhíonn sé i bhfolach sna mionsonraí. D’iarr an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CCT), arna chomhordú ag an gCoimisiún Eorpach agus faoi stiúir Ombudsman Tomhaltóirí na Danmhairge, ar Mastercard, VISA agus American Express sraith athruithe a thabhairt isteach ina gcuid rialacha, chun a chinntiú go gcuireann trádálaithe eolas soiléir ar fáil do thomhaltóirí maidir le híocaíochtaí athfhillteacha sula nglacann siad aon síntiús.

Thug Údaráis CCT faoi deara go mbíonn gaiste caimiléireachta ann ar líne go minic a chuireann táirgí i láthair le haghaidh triail saor in aisce nó ar chostas an-íseal. I bhfolach sna mionsonraí áfach, luaitear go mbeifeá ag aontú le síntiús a ghlacadh lena ngabhann íocaíochtaí athfhillteacha dá nglacfá leis an tairiscint sin. Beireann scéimeanna den sórt buntáiste ar thomhaltóirí nuair a iarrtar orthu sonraí a gcárta a chur ar fáil ach nach dtagraíonn an t-eolas a thaispeántar ach do phraghas an chéad táirge ar baineadh triail as nó a ceannaíodh – ní thaispeántar an t-eolas faoin táille a ghearrfar orthu go rialta ina dhiaidh sin. 

Rinne na húdaráis athbhreithniú ar chleachtais MasterCard, VISA agus American Express ina gcáil mar cheannairí margaidh. Bhain an t-iniúchadh leis an dóigh a gcuireann siad rialacha sonracha i bhfeidhm maidir le hidirbhearta cártaí a údarú trína líonra íocaíochta. Fuair Údaráis CCT amach nár chinntigh a gcuid rialacha go ndearnadh idirbhearta cártaí a údarú i gceart nuair a bhain siad le híocaíochtaí rialta ina dhiaidh sin.  Dá bhrí sin, tharraing siad anuas saincheisteanna comhlíontachta i dtaca leis an Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta agus an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha.
 
Forbhreathnú ar rialacha modhnaithe scéimeanna cártaí:
 
Le linn na gníomhaíochta sin, thug American Express rialacha níos déine isteach maidir le trádálaithe, lena n-áirítear an oibleagáid fógra meabhrúcháin a sheoladh faoin gcéad táille shíntiúis. Os a choinne sin, chuaigh MasterCard agus VISA céim níos faide trí threoir mhionsonraithe a thabhairt faoin bhfuinneog inar cheart do na trádálaithe an t-eolas faoi na híocaíochtaí síntiúis a thaispeáint, ionas nach mbeifí ag dul timpeall ar na rialacha. Go sonrach, chomhaontaigh siad – mar a mhol Údaráis CCT – go mbeidh oibleagáid ar thrádálaithe eolas faoi na táillí síntiúis athfhillteacha a chur ar fáil i gcónaí san fhuinneog ina gcuireann na tomhaltóirí sonraí a gcárta creidmheasa isteach chun an chéad táirge a cheannach nó chun glacadh le triail, gníomh a mbíonn síntiús mar thoradh air.

  • Mastercard: Ní mór do cheannaithe na téarmaí síntiúis a nochtadh anois ag an am céanna a iarrtar sonraí an chárta. Ní mór an méid seo a leanas a bheith san áireamh sa nochtadh:
    1) An praghas a ghearrfar;
    2) Minicíocht na híocaíochta;
    3) Más ábhartha, téarmaí na trialach, lena n-áirítear aon táille thosaigh, fad na tréimhse trialach, agus praghas agus minicíocht an tsíntiúis a bheidh ann ina dhiaidh sin.
     
  • VISA: Ag tosú le linn 2023, beidh ar cheannaithe a chinntiú go mbíonn fad na tréimhse trialach, na tairisceana tosaigh nó na tréimhse promóisin, chomh maith le méid an idirbhirt/méideanna na n-idirbheart, ar taispeáint go soiléir ar an leathanach gréasáin ar a n-iarrtar agus ar a gcuirtear isteach sonraí an chárta, agus ar an scáileán deiridh íocaíochta araon. Le méid an idirbhirt/méideanna na n-idirbheart atá le taispeáint go soiléir, áirítear an méid atá dlite tráth an cheannaigh (fiú mura bhfuil aon rud le híoc), agus an méid agus an dáta socraithe nó an t-eatramh a bhaineann le gach idirbheart athfhillteach.
     
  • American Express: Ní mór do cheannaithe téarmaí ábhartha uile na tairisceana a nochtadh go soiléir anois, lena n-áirítear, más infheidhme, go leanfaidh na Táillí Billeála Athfhillteacha ar aghaidh go dtí go gcuirfidh úinéir an chárta an rogha sin ar ceal. Má tá tairiscint tosaigh san áireamh leis sin, ba cheart dóibh fógra meabhrúcháin a sheoladh chuig úinéir an chárta i scríbhinn sula ngearrfaidh siad an chéad Táille Bhilleála Athfhillteach, rud a thabharfaidh méid réasúnta ama d’úinéir an chárta an rogha a chur ar ceal. 

Sna chéad chéimeanna eile, déanfaidh Gréasán CCT faireachán gníomhach ar chur chun feidhme na ngealltanas sin, agus leanfaidh na húdaráis náisiúnta ar aghaidh le tuilleadh gníomhaíochta i gcás ina sainaithneofar fadhbanna breise.

COVID-19

Leibhéal na mífhaisnéise agus na bréagaisnéise a bhaineann le COVID-19, bhí sé an-ard i dtosach na paindéime. Ba cheart do thomhaltóirí a bheith ar an airdeall i dtaca le camscéimeanna ar líne a bhaineann le táirgí a mhaítear a dhéanann an t-ionfhabhtú COVID-19 a leigheas nó a chosc. Tá trádálaithe bradacha ann a thagann i dtír ar an eagla atá ar thomhaltóirí chun táirgí bréagacha nó táirgí atá ar chaighdeán íseal a fhógairt agus a dhíol, chun praghsanna an-ard a mholadh le haghaidh earraí bunúsacha ar nós maisc aghaidhe nó díghalráin lámh, agus chun forlíontaí bia neamhúdaraithe a dhíol, ar forlíontaí iad a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shláinte an duine.  

Chun na cleachtais sin a chomhrac, ghlac na húdaráis seasamh comhchoiteann CCT maidir le conas déileáil le camscéimeanna a bhaineann le COVID-19 agus d’éiligh siad ar na príomhardáin dhomhanda comhoibriú leo (féach Camscéimeanna a bhaineann le COVID-19).

Calaois tomhaltóirí

Tá na húdaráis cosanta tomhaltóirí ag féachaint go cúramach ar shaincheist na gcalaoisí agus na gcamscéimeanna a thagann roimh thomhaltóirí. Sa lá atá inniu ann, dírítear ar thomhaltóirí trí chleachtais agus camscéimeanna atá míthreorach nó calaoiseach agus atá ag éirí níos sofaisticiúla i rith an ama, ar bhealaí éagsúla, as líne agus ar líne araon. Is féidir díriú ar thomhaltóirí agus iad ag siopadóireacht ar líne, ar na meáin shóisialta, trí bhíthin an teileafóin, teachtaireachtaí téacs, ríomhphoist nó i bhfochair na dtomhaltóirí trí dhíolacháin tairsí. D’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí i gcoitinne araon, tionchar a bheadh forleathan agus díobhálach.

29 EANÁIR 2020
Factsheet for survey on "fraud and scams experienced by consumers"
28 EANÁIR 2020
Survey on "fraud and scams experienced by consumers"