Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

ECC-Net agus COVID-19

Is iad ceisteanna a bhaineann le COVID-19 is bunús leis an ardú suntasach atá tagtha ar líon na gceisteanna atá faighte ag na Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí ó bhí lár mhí Feabhra 2020 ann.

Is é atá sna Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí (ECC) comhlachtaí atá cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach agus a thugann comhairle agus cúnamh do shaoránaigh an Aontais faoina gcearta tomhaltóirí maidir le siopadóireacht trasteorann sa Mhargadh Aonair.

I mí an Mhárta 2020 d’fhreagair siad 15,000 ceist ó thomhaltóirí, ar bhain go leor acu le tionchar an choróinvíris ar sheirbhís nó ar earra a cheannaigh siad. Sin timpeall 5,000 ceist níos mó ná an líon a freagraíodh i mí an Mhárta 2019. Na treochtaí seachtainiúla atá á dtaifeadadh ó thús na bliana, tá méadú leanúnach tagtha orthu ó bhí lár mhí Feabhra ann.

Is iad iompar paisinéirí, seirbhísí lóistín (óstáin, leaba agus bricfeasta, mar shampla) agus laethanta saoire láneagraithe na réimsí is mó a bhfuil difear déanta dóibh; ach tá go leor earnálacha gnó eile ann freisin ina bhfuil tomhaltóirí ag cur ceisteanna a bhaineann leis an bpaindéim.

Graph showing business sectors generating most coronavirus queries
Data below relates to queries received before 1st April 2020

leathanach gréasáin ilteangach ar leith cruthaithe ag an gCoimisiún faoin tionchar atá ag COVID-19 ar go leor de na saincheisteanna sin.

Chomh maith le freagra a thabhairt ar cheisteanna ó thomhaltóirí, tá na Lárionaid ag tabhairt rabhadh do thomhaltóirí faoi tháirgí cógaisíochta calaoiseacha, maisc chosanta bhréige, díghalráin láimhe bhréige agus faoi chamscéimeanna eile a bhaineann le COVID-19. Cuireann siad na húdaráis náisiúnta tomhaltóirí agus an Coimisiún ar an eolas go rialta faoi na camscéimeanna a bhraitheann siad. Tuilleadh eolais faoin ngníomhaíocht chomhordaithe i gcoinne trádálaithe bradacha a dhíríonn ar thomhaltóirí i gcomhthéacs an choróinvíris, tá sé le fáil anseo.

Tá na Lárionaid ag leanúint orthu ag obair go cianda agus is féidir teacht orthu trína suíomhanna gréasáin nó trí ríomhphost. Tá na sonraí anseo.

Ina theannta sin, bainistíonn an Coimisiún an tArdán um Réiteach Díospóidí Ar Líne chun cabhrú le tomhaltóirí agus le trádálaithe a ndíospóidí a réiteach lasmuigh den chúirt. Molann an Coimisiún do thomhaltóirí é a úsáid mura bhfuil siad in ann freagra sásúil a fháil ón trádálaí.

8 Leid de chuid ECC-Net faoi Shiopadóireacht Ar Líne Níos Sábháilte i gcomhthéacs an Choróinvíris

  • Maidir le hinfhaighteacht táirgí leighis a choisceann nó a leigheasann an coróinvíreas, ná húsáid ach na bealaí oifigiúla eolais chun comhairle a fháil faoi na táirgí sin, más ann dóibh;
  • Bí san airdeall ar fhearainn bhréige a bhféadfadh cuma dhlisteanach a bheith orthu agus a d’fhéadfadh bob a bhualadh ort dá bharr;
  • Féach an bhfuil eolas ann faoin díoltóir, sonraí teagmhála mar shampla, agus ar scríobh tomhaltóirí eile aon léirmheas iontaofa orthu;
  • Léigh an t-eolas faoi chúrsaí seachadta ar shuíomh gréasáin an trádálaí agus cuimhnigh go bhféadfadh sé go dtógfadh an seachadadh níos mó ama le linn na tréimhse seo de bharr srianta teorann éagsúla;
  • Léigh na téarmaí agus na coinníollacha go maith ionas nach mbuailfear bob ort agus go nglacfaidh tú síntiús i ngan fhios duit féin, mar shampla agus tú ag clárú le ranganna aclaíochta nó teanga ar líne;
  • Bí cúramach sula dtabharfaidh tú do shonraí pearsanta chun eolas a fháil faoi tháirge nó faoi sheirbhís gan cúis shonrach a bheith luaite;
  • Lean na treoracha maidir le conas táirge a úsáid i gceart agus déan tástáil phaiste más féidir, i gcás táirgí daite gruaige mar shampla;
  • Mura bhfuil tú sásta leis an táirge, cuimhnigh go bhfuil an ceart chun tarraingt siar agat i bprionsabal agus gur féidir leat an táirge a thabhairt ar ais laistigh de 14 lá

Cúlra

Tá na Lárionaid Eorpacha do Thomhaltóirí lonnaithe i ngach Ballstát den Aontas, san Iorua, san Íoslainn agus sa Ríocht Aontaithe, go dtí deireadh 2020 ar a laghad. Cuireann ECC-Net tomhaltóirí ar an eolas faoina gcearta trí fheachtais ardchaighdeáin maidir le buntáistí an mhargaidh aonair sa tsiopadóireacht trasteorann agus cabhraíonn sé leo ina ndíospóidí trasteorann. Is bliain speisialta í 2020 don líonra mar go bhfuil sé 15 bliana ar an bhfód i mbliana. Tá an líonra tar éis cabhrú le breis agus 1 mhilliún tomhaltóir ó bunaíodh é; is i dteanga dhúchais an tomhaltóra agus saor in aisce a cuireadh an chabhair sin ar fáil den chuid is mó.

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoin dóigh a n-oibríonn ECC-Net agus faoin méid atá bainte amach aige, sin agus an nasc chuig suíomh gréasáin an Lárionaid Eorpaigh do Thomhaltóirí i do thír féin.