Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An nós imeachta um fhaireachán ar phrionsabal na coimhdeachta

Is é is coimhdeacht ann an prionsabal faoi nach nglactar aon bheart ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ach amháin nuair is éifeachtaí sin ná tíortha an Aontais a bheith ag gníomhú ar a gconlán féin ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Má mheasann na parlaimintí náisiúnta nach bhfuil dlí atá á bheartú i gcomhréir leis an bprionsabal sin, féadfaidh siad an tuairim sin a chur in iúl leis an nós imeachta um fhaireachán ar phrionsabal na coimhdeachta. 

An chaoi a n-oibríonn sé

Bíonn feidhm ag an nós imeachta um fhaireachán ar phrionsabal na coimhdeachta sna réimsí sin ina roinneann an tAontas Eorpach inniúlacht leis na Ballstáit.

Má tharlaíonn sé gur dóigh leis na parlaimintí náisiúnta nach bhfuil dréachtghníomhartha reachtacha i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, féadfaidh siad tuairim réasúnaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh d'ocht seachtaine.

Ní mór don Choimisiún aird a thabhairt ar gach tuairim réasúnaithe a chuirfear faoina bhráid.

Tuairimí ó na parlaimintí náisiúnta agus freagraí an Choimisiúin

Tionchair ar an bpróiseas reachtach

Ar fhreagairt na bparlaimintí náisiúnta agus ar líon na vótaí i ngach ceann acu a bhraitheann an tionchar a bheidh ag na tuairimí réasúnaithe ar an bpróiseas reachtach. Dhá vóta a shanntar do gach ceann de na 28 bparlaimintí náisiúnta. Más dhá theach atá ag an bparlaimint, tugtar vóta amháin do gach aon teach acu.  

Má thacaíonn an tríú cuid, ar a laghad, de na vótaí a sannadh do na parlaimintí náisiúnta leis na tuairimí réasúnaithe, caithfidh an Coimisiún a thogra a athbhreithniú. Is ísle an tairseach seo i gcás dréachtghníomhartha reachtacha a bhaineann le cúrsaí cirt, saoirse agus slándála - an ceathrú cuid de na vótaí a bhíonn i gceist sa chás sin. Féadfaidh an Coimisiún, sa dá chás, an togra aige a choinneáil, a athrú nó a tharraingt siar. Ní mór don Choimisiún cúiseanna a thabhairt lena chinneadh. Nós imeachta an chárta bhuí a thugtar air seo.

Má bhíonn tacaíocht ag na tuairimí réasúnaithe ó thromlach na vótaí agus más leis an ngnáthnós imeachta reachtach a bhaineann an dréachtghníomh, caithfidh an Coimisiún a thogra a athbhreithniú agus cinneadh a dhéanamh é a choinneáil, a athrú nó a tharraingt siar. Má chinneann an Coimisiún an togra a choinneáil, caithfidh sé bonn cirt a thabhairt leis an gcinneadh sin, do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle na hEorpa, i dtaobh an chaoi a gcomhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta. Nós imeachta an chárta oráiste a thugtar air seo.

Más dóigh leis an tromlach is lú de chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa, nó le 55% de chomhaltaí na Comhairle, go sáraíonn an togra prionsabal na coimhdeachta, ní leanfar den togra a bhreithniú.

Nósanna imeachta a tionscnaíodh go n-uige seo

Trí huaire, go n-uige seo, a tionscnaíodh nós imeachta an chárta bhuí. Maidir le nós imeachta an chárta oráiste, níor tionscnaíodh riamh go n-uige seo é.

2012

Den chéad uair, sroicheadh tairseach an triain e.g. go gcaithfidh trian, ar a laghad, de na vótaí a sannadh do na parlaimintí náisiúnta a bheith ar son a bhfuil á mholadh. Is i dtaca le rialachán a bhí á bheartú maidir le feidhmiú an chirt comhghníomhaíocht a dhéanamh a tharla sin. D'athbhreithnigh an Coimisiún an togra a bhí i gceist ach níor mheas sé gur sháraigh an togra prionsabal na coimhdeachta.

Ach rinne an Coimisiún a mharana ar na tuairimí a tugadh dó agus ar an bplé a bhí aige leis na comhreachtóirí, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, agus d'aithin sé nár dhócha go n-éireodh leis an togra a dhóthain den tacaíocht pholaitiúil a fháil le go nglacfaí é. Chinn an Coimisiún, dá réir sin, an togra a tharraing siar.

2013

Tionscnaíodh den dara huair, in 2013, nós imeachta an chárta bhuí, i dtaca le togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena mbunófaí Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh. Tar éis dó na tuairimí réasúnaithe a athbhreithniú go cúramach, chinn an Coimisiún gur chomhlíon an togra prionsabal na coimhdeachta agus shocraigh sé an togra a choinneáil. Thug an Coimisiún na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh sin sa Teachtaireacht COM(2013) 851.

2016

Tionscnaíodh an nós imeachta an treas uair, i mBealtaine na bliana 2016, nuair a chuir 14 de na seomraí parlaiminte in aon Bhallstát déag i gcoinne mhian an Choimisiúin athbhreithniú a dhéanamh ar an treoir maidir le hoibrithe a phostú. Tar éis dó anailís chúramach a dhéanamh ar na tuairimí réasúnaithe sin, chinn an Coimisiún gur chomhlíon an togra prionsabal na coimhdeachta agus shocraigh sé an togra a choinneáil. Thug an Coimisiún na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh sin sa COM(2016) 505.

Tuarascálacha bliantúla

Tugann an Coimisiún tuairisc gach bliain faoi chur i bhfeidhm phrionsabal na coimhdeachta agus phrionsabal na comhréireachta.

Tuarascálacha bliantúla ar choimhdeacht agus comhréireacht

Documents

  • 7 MEITHEAMH 2016
Protocol no. 2 on the application of the principles of subsidiarity and proportionality

  • 7 MEITHEAMH 2016
Letter from President Barroso and Vice-President Wallström to the Presidents of the national Parliaments on practical arrangements for applying the subsidiarity control mechanism - 1 December 2009