COVID-19: Maolú sealadach chun gur féidir le cuideachtaí agus comharchumainn Eorpacha a gcruinnithe ginearálta a chur ar athló
Ar an 29 Aibreán, ghlac an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh maolú sealadach ar na rialacha lena rialaítear Cuideachtaí Eorpacha (SEnna) agus Comharchumainn Eorpacha (SCEnna). Mar gheall ar na bearta gaibhniúcháin agus scartha sóisialta atá i bhfeidhm san Aontas Eorpach faoi láthair, tá sé deacair do SEnna agus SCEnna a gcruinnithe ginearálta a eagrú laistigh de 6 mhí tar éis dheireadh a mbliana airgeadais, mar is gá de réir an dlí. Leis an maolú sealadach ceadófar do SEnna agus SCEnna a gcruinnithe ginearálta a eagrú laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais agus tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2020.
Rialachán ón gComhairle maidir le bearta sealadacha a bhaineann le cruinnithe ginearálta cuideachtaí Eorpacha (SEnna) agus Comharchumann Eorpach (SCEnna).
Chun tuilleadh eolais a fháil ar na bearta go léir atá glactha ag an gCoimisiún Eorpach chun dul i ngleic le géarchéim an choróinvíris, féach ar leathanach na Freagartha ar an gCoróinvíreas a bhaineann leis an nGeilleagar
Rialacha an Aontais sa réimse seo
Is é is cuspóir do rialacha an Aontais sa réimse seo ná
deimhin a dhéanamh de gur féidir gnólachtaí a chur ar bun agus oibríochtaí a dhéanamh aon áit san Aontas Eorpach
cosaint a chur ar fáil do scairshealbhóirí agus do pháirtithe eile ar nós fostaithe agus creidiúnaithe a bhfuil leas ar leith acu i gcuideachtaí
gnó a dhéanamh níos éifeachtaí, níos iomaíche agus níos inbhuanaithe san fhadtéarma
gnólachtaí atá lonnaithe i dtíortha éagsúla an Aontais a spreagadh chun comhoibriú le chéile.
Comhlánaíonn rialacha an Aontais maidir le tuairisciú cuideachta, iniúchadh agus trédhearcacht an creat dlí sin.
Company reporting and auditing
A bhfuil ar siúl ag an Aontas Eorpach
I. Cuimsíonn rialacha dhlí cuideachtaí an Aontais saincheisteanna ar nós cheanglais na cuideachtaí maidir le foirmiú, caipiteal agus nochtadh, agus ar nós oibríochtaí (cumaisc, deighiltí) na gcuideachtaí:
1. 1. Códaítear anois cuid mhór de dhlí cuideachtaí an Aontais i dTreoir aonair – Treoir 2017/1132 a bhaineann le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí.
I dTreoir 2019/1151 an 20 Meitheamh 2019, tá forálacha maidir le húsáid uirlisí digiteacha agus próiseas digiteach i réimse dhlí na gcuideachtaí. Is gá do na Ballstáit an Treoir sin a thrasuí faoi mhí Lúnasa 2021 (tá sprioc níos faide ann le haghaidh forálacha áirithe). I dTreoir (AE) 2019/2121 an 27 Samhain 2019, leagtar síos rialacha nua maidir le comhshónna agus deighiltí trasteorann agus leasaítear na rialacha maidir le cumaisc thrasteorann. Is gá do na Ballstáit an Treoir sin a thrasuí faoi mhí Eanáir 2023. Leis an tsraith nua rialacha seo, cuirfear ar chumas gnólachtaí uirlisí digiteacha a úsáid i nósanna imeachta um dhlí na gcuideachtaí chomh maith le hathstruchtúrú agus aistriú trasteorann, agus san am céanna bearta coimirce láidre in aghaidh na calaoise a chur ar fáil agus geallsealbhóirí a chosaint. Leis na Treoracha nua sin, leasaítear agus comhlánaítear Treoir 2017/1132.
2. Le Treoir 2012/17/AE agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/884 ón gCoimisiún, leagtar amach rialacha maidir le Córas Idirnasctha na gClár Gnó (‘BRIS’). Córas Idirnasctha i bhfeidhm ón 8 Meitheamh 2017. Leis an gcóras sin, cuirtear rochtain leictreonach ar fud an Aontais ar fáil ar fhaisnéis agus doiciméid chuideachta atá stóráilte i gcláir ghnó na mBallstáit tríd an Tairseach Eorpach don r-Cheartas. Leis an gCóras Idirnasctha, is féidir fógraí maidir le hoibríochtaí trasteorann agus brainsí a mhalartú idir na cláir ghnó freisin.
3. Le Treoir 2009/102/CE, cuirtear creat ar fáil maidir le cuideachtaí aonbhaill a bhunú.
4. Tá dhá Rialachán lena gcuirtear rialacha ar fáil maidir le heintitis dhlíthiúla an Aontais: i Rialachán 2157/2001, leagtar amach reacht le haghaidh Cuideachta Eorpach (Societas Europea nó ‘SE’) i.e. foirm dhlíthiúil an Aontais le haghaidh cuideachtaí poiblí faoi theorainn scaireanna, agus ceadaítear do ghnólachtaí ó Bhallstáit éagsúla a ngnó a reáchtáil san Aontas faoi aon ainm branda Eorpach amháin. I Rialachán 2137/85, leagtar amach reacht le haghaidh Grúpáil Eorpach um Leas Eacnamaíoch (GELE), i.e. foirm dhlíthiúil an Aontais le haghaidh grúpáil atá curtha ar bun ag gnólachtaí nó comhlachtaí dlíthiúla agus/nó daoine nádúrtha ó Bhallstáit éagsúla atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch; is é is aidhm dá leithéid de ghrúpáil gníomhaíochtaí eacnamaíocha trasteorann na mball a éascú nó a fhorbairt.
II. Le rialacha dhlí cuideachtaí an Aontais, tugtar aghaidh freisin ar shaincheisteanna a bhaineann leis an rialachas corparáideach agus dírítear ar an gcaidreamh idir bainistíocht, bord, scairshealbhóirí an ghnólachta agus na geallsealbhóirí eile, agus ar an ábhar sin, dírítear ar an dóigh a bhfuil an gnólacht á bhainistiú agus á rialú.
Le Treoir 2007/36/CE maidir le cearta scairshealbhóirí, leagtar amach cearta áirithe le haghaidh scairshealbhóirí i gcuideachtaí liostaithe.
Leasaíodh an Treoir sin le Treoir (AE) 2017/828 ar aidhm di rannpháirtíocht scairshealbhóirí níos fadtéarmaí a spreagadh.
Ina theannta sin, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1212 ón gCoimisiún ó 2018, leagtar síos na híoscheanglais maidir le sainaithint scairshealbhóra, aistriú faisnéise agus éascú fheidhmiú chearta na scairshealbhóirí.
I dTreoir 2004/25/CE maidir le tairiscintí táthcheangail, leagtar amach na híoschaighdeáin maidir le tairiscintí táthcheangail (nó athruithe rialaithe) a bhaineann le hurrúis ghnólachtaí an Aontais.
III. Sainaithníodh saincheisteanna maidir le rialachas corparáideach mar réimse tábhachtach ar cheart díriú air i gcomhthéacs chur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin um maoiniú fáis inbhuanaithe agus Ghníomhaíocht 10 den Phlean sin go háirithe.
I gcomhréir le cuspóir foriomlán an Choimisiúin maidir le haistriú cóir chuig geilleagar inbhuanaithe agus maidir leis an téarnamh inbhuanaithe tar éis ghéarchéim COVID, leis an Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le Plean Téarnaimh an Choimisiúin dearbhaítear an tábhacht a bhaineann leis an inbhuanaitheacht a neadú sa rialachas corparáideach. Tá sé beartaithe tionscnamh rialachais chorparáidigh a mholadh in 2021. Tá comhairliúchán poiblí ar oscailt anseo:Sustainable corporate governance - consultation.
IV. Na rialacha sonracha maidir le rialachas corparáideach agus luach saothair, tá feidhm acu i dtaca le bainc agus gnólachtaí infheistíochta. Is é is aidhm do na rialacha sin tógáil rioscaí iomarcacha a shrianadh agus cobhsaíocht airgeadais a chinntiú sa dóigh sin.
- Tá na rialacha maidir le rialachas corparáideach agus luach saothar i mbainc agus i ngnólachtaí infheistíochta sistéamacha le fáil sa Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil (Treoir 2013/36/AE arna leasú le Treoir 2019/878/AE) agus sa Rialachánmaidir le Ceanglais Chaipitil (Rialachán Uimh. 575/2013 arna leasú le Rialachán 2019/876).
- Tá na rialacha maidir le rialachas corparáideach agus luach saothair i ngnólachtaí infheistíochta nach gnólachtaí sistéamacha iad le fáil sa Treoir maidir le Gnólachtaí Infheistíochta (Treoir 2019/2034) agus sa Rialachán maidir le Gnólachtaí Infheistíochta (Rialachán 2019/2033).
Dá bhrí sin, cé go bhfanfaidh gnólachtaí infheistíochta sistéamacha faoi na rialacha baincéireachta, beidh gnólachtaí infheistíochta nach gnólachtaí sistéamacha iad faoi réir córas nua. Déantar amhlaidh toisc gur chinn an Coimisiún nach raibh an creat stuamachta le haghaidh na mbanc in oiriúint rómhaith do mhúnla gnó na ngnólachtaí sin.
Sainghrúpaí agus Ardáin do Gheallsealbhóirí
An Sainghrúpa Neamhfhoirmiúil um Dhlí na gCuideachtaí
Tá ollúna agus gairmithe le dlí na gcuideachtaí mar chuid den ghrúpa seo a thugann comhairle don Choimisiún maidir le tionscnaimh i réimse dhlí na gcuideachtaí a ullmhú. Le haghaidh tuilleadh eolais ar obair an ghrúpa sin, féach an nasc seo.
- Tuarascáil faoi eolas ar ghrúpaí (845 kB)
- Tuarascáil faoin digitiú (2 MB)
- Tuarascáil faoi leas an ghrúpa a shainaithint (1 MB)
An sainghrúpa neamhfhoirmiúil um ghnéithe teicniúla den rialachas corparáideach
Cabhraíonn an sainghrúpa seo le hobair an Choimisiúin ar ghnéithe teicniúla den rialachas corparáideach, úsáid teicneolaíochtaí comhaimseartha faisnéise agus cumarsáide sa rialachas corparáideach san áireamh.
Ardán Ar Líne um Rialachas Corparáideach
Is spás digiteach é seo inar féidir eolas a roinnt agus dea-chleachtas a mhalartú maidir le réimse téamaí éagsúla a bhaineann le rialachas corparáideach, ó mhaoirseacht infheisteora go dtí an inbhuanaitheacht. Leis an ardán sin, spreagtar idirphlé idir gnólachtaí, infheisteoirí agus geallsealbhóirí príobháideacha agus poiblí, agus cabhraítear leis an gCoimisiún a mheas cé acu an mbaineann nó nach mbaineann na bearta a glacadh roimhe seo a gcuspóir amach i bhfírinne. Chun tuilleadh eolais a fháil, is féidir ríomhphost a sheoladh chuig just-cg-op@ec.europa.eu
Staidéir
Staidéar ar dhualgais na stiúrthóirí agus ar an rialachas corparáideach inbhuanaithe
Ba é ba chuspóir don staidéar seo measúnú a dhéanamh ar na bunchúiseanna a bhaineann le “meon an ghearrthéarma” sa rialachas corparáideach, an bhaint atá ag na cúiseanna sin leis na cleachtais mhargaidh agus/nó leis na creata rialála atá ann faoi láthair a phlé, agus réitigh fhéideartha ar leibhéal an Aontais a shainaithint d'fhonn tacú freisin le gnóthú Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus spriocanna Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide.
Léirigh an staidéar go bhfuil claonadh follasach i dtreo mheon an ghearrthéarma i ngnólachtaí an Aontais. Léirigh sé na nithe is mó is cúis leis an gclaonadh sin, cuir i gcás tuiscint chúng ar dhualgais na stiúrthóirí agus ar leas an ghnólachta mar aon leis an nós an bhéim a leagan ar uasmhéadú an luacha airgeadais sa ghearrthéarma, méadú an bhrú ó na hinfheisteoirí agus easpa cur chuige straitéiseach i leith na hinbhuanaitheachta, agus forfheidhmiú teoranta ar an dualgas atá ar stiúrthóirí gníomhú ar mhaithe le leas fadtéarmach an ghnólachta. Chomh maith leis sin, chun an chinnteoireacht chorparáideach a dhéanamh níos fadcheannaí agus chun rialachas corparáideach de chineál atá níos fabhraí don inbhuanaitheacht a chur chun cinn, sainaithníodh sa staidéar cuspóirí sonracha ar a bhféadfaí bearta an Aontais a dhíriú.
Staidéar ar cheanglais an díchill chuí feadh an tslabhra soláthair
Sa staidéar seo, dírítear ar cheanglais an díchill chuí maidir le hiarmhairtí corparáideacha diúltacha (sárú ar chearta an duine – sárú ar chearta an linbh agus ar shaoirsí bunúsacha san áireamh, díobháil mhór choirp nó baol don tsláinte, dochar don chomhshaoil – dochar i leith na haeráide san áireamh) a shainaithint, a chosc, a mhaolú agus a chur san áireamh. Déantar scrúdú ar na cleachtais mhargaidh agus ar na creataí rialála atá i bhfeidhm faoi láthair chomh maith leis na roghanna maidir leis an dícheall cuí a rialáil in oibríochtaí na ngnólachtaí féin agus ina gcuid slabhraí soláthair.
Trí thaighde deisce, anailís ar thíortha, agallaimh, cás-staidéir agus suirbhéanna, sainaithnítear cleachtais agus braistintí i leith roghanna rialála. Sa mheasúnú ar na roghanna, ó gan idirghabháil ar bith go dtí dícheall cuí éigeantach mar chaighdeán dlíthiúil cúraim, cuirtear san áireamh an tionchar eacnamaíoch agus sóisialta, an tionchar ar údaráis phoiblí, agus an tionchar ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol.
Léirítear sa staidéar go bhfuil caighdeán díchill chuí na Náisiún Aontaithe, na Prionsabail Threoracha maidir le Gnó agus Cearta an Duine, á dtabhairt isteach i gcaighdeáin dhlíthiúla níos mó nó á moladh sna Ballstáit, ach nach bhfuil ach aon trian de ghnólachtaí ag tabhairt faoin dícheall cuí ar dhóigh a gcuirtear an tionchar iomlán ar chearta an duine agus an tionchar iomlán ar an gcomhshaol san áireamh. Léirigh freagróirí an tsuirbhé go bhféadfadh gnó tairbhe a bhaint as rialachán ón Aontas maidir le ceanglas ginearálta an díchill chuí le haghaidh iarmhairtí chearta an duine agus iarmhairtí comhshaoil agus rinneadh measúnú ar na roghanna inar scrúdaíodh na costais agus na hualaí riaracháin a bhaineann le gach cur chuige.
Is féidir do thuairimí a sheoladh chuig: just-cg-op@ec.europa.eu
Staidéar Ernst and Young ar Oibríochtaí Trasteorann
Sa staidéar seo, tugtar forléargas ar chuir chuige éagsúla na mBallstát maidir le comhshónna agus deighiltí trasteorann, na fadhbanna a chruthaítear do ghnólachtaí agus do gheallsealbhóirí mar gheall ar a leithéid d’ilroinnt, agus na staitisticí a bhaineann leis sin.
Staidéar Barrmhaitheasa ar Thionchar an Digitithe
Sa staidéar seo, cuirtear anailís chomparáideach i láthair ar na próisis pháipéir agus na próisis ar líne a úsáidtear i gcomhthéacs cláraithe gnólachtaí, díscaoilte gnólachtaí, chomhdú agus nochtadh fhaisnéis an ghnólachta agus an nós imeachta um chumaisc trasteorann, agus i gcomhthéacs an tionchair atá ag úsáid na n-uirlisí digiteacha ar dheimhneacht dhlíthiúil, ar shaincheisteanna soch-eacnamaíocha agus ar ghníomhaíochtaí mídhleathacha nó calaoiseacha.
Staidéar Everis ar an Digitiú
Assessment of the impacts of using digital tools in the context of cross-border company operations
Sa staidéar seo, tugtar forléargas fíorasach ar úsáid uirlisí digiteacha i nósanna imeachta um dhlí na gcuideachtaí ar fud an Aontais Eorpaigh, eolas ar na tairbhí, na srianta agus na dúshláin a bhaineann lena leithéid de dhigitiú san áireamh.
Staidéar Ernst and Young ar shainaithint agus measúnú na mbac, idir dhlíthiúil agus phraiticiúil, ar úsáid na n-uirlisí digiteacha chun críoch idirghníomhaíochta idir gnólachtaí agus a scairshealbhóirí
Sa staidéar seo, déantar anailís ar na creataí dlíthiúla agus ar na cleachtais atá i bhfeidhm faoi láthair san Aontais Eorpach maidir le húsáid na réiteach digiteach san idirghníomhaíocht idir gnólachtaí agus scairshealbhóirí. Déantar measúnú ar na baic, idir dhlíthiúil agus phraiticiúil, ar úsáid na réiteach digiteach agus ar aon réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann.
Sa chuid is mó de na cásanna, tá gá le réitigh dhigiteacha de réir dlíthe náisiúnta, sin nó ceadaítear iad le dlíthe náisiúnta. Baineann an chuid is mó de ghnólachtaí agus de scairshealbhóirí úsáid as réitigh dhigiteacha, go háirithe le haghaidh rúin a glacadh i gcruinnithe ginearálta agus fógraí cruinnithe a chur in iúl. Is iad ríomhphoist agus suíomhanna gréasáin corparáideacha na réitigh is mó a úsáidtear. Fiú má tá infheistíocht shuntasach ag baint leo, mar gheall ar réitigh dhigiteacha, is féidir idirghníomhú ar bhealach atá níos tapa, níos saoire, níos áisiúla, níos éifeachtaí agus níos sábháilte ar an iomlán. I ngrinntaighde a rinneadh ar dheich mBallstát, léiríodh gur fearr a ghlactar réitigh dhigiteacha nuair a chruthaítear réitigh atá ag freastal níos mó ar riachtanais na n-úsáideoirí, fiú mura rófhabhrach an creat dlíthiúil. Sainaithníodh baic ar úsáid na réiteach digiteach: claonadh i bhfabhar réitigh thraidisiúnta; mí-éifeachtacht an chreata dhlíthiúil; ualach breise a bhaineann le húsáid réiteach digiteach; pointí baic i slabhra na n-idirghabhálaithe; rioscaí a bhaineann leis an teicneolaíocht a roghnaíodh; agus easpa comhchuibhithe i dtaca le reachtaíocht ar fud na mBallstát. Forbraíodh moltaí freisin d’fhonn na baic sin a shárú.
Staidéar TGS Baltic ar Chosaint Scairshealbhóirí Mionlaigh
Is é is aidhm don staidéar seo cabhrú leis an gCoimisiún Eorpach measúnú a dhéanamh ar bheartas an Aontais maidir le cosaint scairshealbhóirí mionlaigh. Sa staidéar, déantar anailís chuimsitheach agus measúnú ar chreat dlíthiúil gach Ballstáit agus dírítear ar gach príomhchatagóir de chearta na scairshealbhóirí, is é sin le rá, cearta eacnamaíocha, cearta rialaithe, cearta faisnéise, cearta dlíthíochta agus cearta na córa comhionainne. Leis an staidéar, táthar ag iarraidh go mbeidh lucht ceaptha beartais in ann íomhá níos soiléire a fháil de reachtaíocht chrua agus reachtaíocht bhog na mBallstát, chomh maith le cásdlí. Ghlac saineolaithe dlí náisiúnta chomh maith le páirtithe leasmhara náisiúnta páirt in ullmhúchán an staidéir d’fhonn fadhbanna praiticiúla agus teoiriciúla a shainaithint.
Léirítear sa staidéar go bhfuil cosúlachtaí sa chreat dlíthiúil le haghaidh chearta na scairshealbhóirí ar fud na mBallstát, ach go bhfuil roinnt difríochtaí ann ó thaobh reachtaíochta agus forfheidhmiú de. I réimsí áirithe tá tionchar measartha ag reachtaíocht an Aontais ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh chomh maith le tionchar teoranta ar dheimhneacht agus intuarthacht dhlíthiúil.