Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An coróinvíreas: an Dlúthpháirtíocht Eorpach ar obair

Ar fud an Aontais Eorpaigh, tá tíortha, réigiúin agus cathracha ag tairiscint lámh chuidithe do chomharsana agus ag cuidiú leo sin is mó atá ina ghá. Sin againn an dlúthpháirtíocht Eorpach ar obair.

Spléachtaí ar an dlúthpháirtíocht Eorpach

Rianaire Dlúthpháirtíochta na hEorpa

Uirlis le haghaidh amharcléiriú idirghníomhach ar shonraí is ea Rianaire Dlúthpháirtíochta na hEorpa, lena dtugtar amharcléiriú ar an dlúthpháirtíocht idir Ballstáit na hEorpa agus institiúidí na hEorpa.

Trí leas a bhaint as na foinsí atá ar fáil go poiblí agus a bhailigh taighdeoirí comhlacha Chomhairle na hEorpa um Chaidreamh Eachtrach (ECFR) agus foireann Rethink: Europe, rinne Rianaire Dlúthpháirtíochta na hEorpa doiciméadú ar líonra mór cúnaimh fhrithpháirtigh agus comhair ar fud na hEorpa agus léiríonn sé an ról ríthábhachtach a bhí ag an Aontas le linn ghéarchéim an choróinvíris.

Lucht tionsclaíochta an Aontais ag teacht le chéile chun cuidiú le saoránaigh an Aontais

D’fhreagair cuideachtaí na hEorpa go tapa ar ghéarchéim an choróinvíris agus léirigh siad dlúthpháirtíocht den scoth agus iad ag tabhairt aghaidh ar an bpaindéim le chéile chun sláinte shaoránaigh na hEorpa a chosaint.

Rinne go leor cuideachtaí as gach cearn den Eoraip a dtáirgeadh a athfheistiú agus a athchóiriú chun freastal ar an éileamh ar Threalamh Cosanta Pearsanta (TCP), ar dhíghalráin agus ar fheistí leighis. Ó dhrioglanna go cuideachtaí teicstíle, d’úsáid an lucht tionsclaíochta a shaineolas chun leas na saoránach le maisc, gúnaí cosanta, díghalráin lámh agus aerálaithe a tháirgeadh.

Rinne an Coimisiún bearta chun na dálaí cearta a chruthú ionas gurbh fhéidir leis an lucht tionsclaíochta an táirgeadh a mhéadú nó a athfheistiú. Mar chuid de na bearta sin d’iarr sé ar Eagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú na caighdeáin le haghaidh maisc aghaidhe agus trealamh cosanta eile a chur ar fáil gan bhac do gach páirtí leasmhar.

Chomh maith leis sin, chun dlús a chur le formheas táirgí riachtanacha agus chun cabhrú le cuideachtaí a línte táirgthe a chur in oiriúint, d’fhoilsigh an Coimisiún treoir sna réimsí seo a leanas: TCP, glantóirí lámh neamhshruthlaithe agus dífhabhtáin lámh, agus priontáil 3T.

26 BEALTAINE 2020
Lucht tionsclaíochta an aontais ag teacht le chéile chun cuidiú le saoránaigh an aontais

Is ar fhoinsí atá ar fáil go poiblí atá an t-eolas san uirlis idirghníomhach seo bunaithe. Tá liosta neamh-uileghabhálach ann ina léirítear an dóigh ar thug lucht tionsclaíochta an Aontais freagairt thapa ar an ráig den choróinvíreas. Más mian le haon chuideachta a scéal féin a chur in iúl dúinn, déan teagmháil linn ag comm-spp-grow-defiatec [dot] europa [dot] eu (comm-spp-grow-defi[at]ec[dot]europa[dot]eu)

An dlúthpháirtíocht Eorpach i gcóireáil othar

An Ostair

Cuireadh cóir leighis ar 11 othar dianchúraim as an Iodáil agus 3 othar dianchúraim as an bhFrainc in ospidéil san Ostair. ‘Nuair a chuimhnímid ar a shár-dhrámata atá an cor ina bhfuilimid, is cinnte gur beag an cuidiú é seo, ach mar sin féin tá tábhacht shiombalach ag baint le sinn a bheith ag tacú leis an Eoraip’, a dúradh i ráiteas a d’eisigh údaráis na hOstaire.

An Bheilg

Tar éis don tSlóvaic cabhair leighis a iarraidh chun cóireáil a chur ar othair a raibh COVID-19 orthu, d’imlonnaigh an Bheilg dochtúir amháin, beirt altraí agus ceann foirne chuig an tír.

An Danmhairg

Tar éis don tSlóvaic cabhair leighis a iarraidh chun cóireáil a chur ar othair a raibh COVID-19 orthu, sheol an Danmhairg foireann chuig an tír ar a raibh triúr dochtúirí agus cúigear altraí.

An Ghearmáin

Chuir ospidéil i gcathracha agus i stáit ar fud na Gearmáine a gcuid acmhainní dianchúraim ar fáil d’othair as an Iodáil, as an bhFrainc, as an Ísiltír, as an mBeilg agus as an tSeicia a bhí i mbaol a mbáis agus cuireadh cóir leighis orthu.

Maidir leis an Iodáil, cuireadh 85 leaba dhianchúraim in áirithe i 10 gcinn de stáit chónaidhmeacha na Gearmáine, agus aistríodh 44 othar as an Iodáil chun na tíre roimhe sin freisin.

Maidir leis an bhFrainc, aistríodh 130 othar as an bhFrainc chuig an nGearmáin in earrach 2020, agus níos mó i mí na Samhna.

Maidir leis an bhFrainc, cuireadh 98 leaba dhianchúraim in áirithe i 10 gcinn de stáit chónaidhmeacha na Gearmáine agus aistríodh 130 othar as an bhFrainc chun na tíre roimhe sin freisin.

Aistríodh 46 othar ón Ísiltír go dtí an Ghearmáin chun cóir leighis a fháil.
Chuir Aerfhórsa na Gearmáine eitleáin agus héileacaptair ar fáil gur thug siad othair dhianchúraim chun na Gearmáine le haghaidh cóireála. Tá foireann leighis as clinic Ollscoil Jena ag tabhairt tacaíochta do chlinic atá láimh le Napoli, i réigiún Campania.

Aistríodh 23 othar ó réigiún Liège na Beilge go dtí an Ghearmáin chun cóir leighis a fháil.  
Chuir an Bhaváir 100 leaba ospidéil ar fáil le haghaidh othair COVID-19 ón tSeicia

An Ghréig

Le 500 aonad leighis soghluaiste a chómhaoinigh an tAontas Eorpach, bhíothas in ann saoránaigh a thástáil ina dtithe féin.

An Iodáil

D’ullmhaigh Foireann Éigeandála Leighis ar a bhfuil deichniúr, idir dhochtúirí agus altraí, misean chun na hAirméine, trí Shásra an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta.

Lucsamburg

Tugadh seachtar othar dianchúraim Francach ar héileacaptar as Mulhouse na Fraince go Lucsamburg an 25 Márta agus cuireadh cóireáil orthu sa tír sin. Tháinig ceathrar eile as Thionville.

Rinne Seirbhís Aertharrthála Lucsamburg seisear othar eile a aisdúichiú ón réigiún Grand-Est de chuid na Fraince agus chuir cóireáil orthu in ionaid dianchúraim i Lucsamburg agus sa Ghearmáin

Táthar tar éis othar-scairdeitleáin agus dhá héileacaptar de chuid Sheirbhís Aertharrthála Lucsamburg a chomhtháthú faoi Sheirbhís Éigeandála Cóireála Leighis na Fraince. Úsáideadh na haerfheithiclí sin chun othair dhianchúraim as an bhFrainc a thabhairt go Hamburg agus go Dresden na Gearmáine.

An Pholainn

Chuir Ionad Cabhrach Idirnáisiúnta na Polainne foireann shaintiomnaithe de 15 dhochtúir agus pharaimhíochaineoir Pholannacha, a bhfuil deimhnithe inniúlachta faighte acu ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, go dtí an Iodáil, chuig ospidéal machaire in Brescia na Lombairde, ceann de na háiteanna is mó a bhí thíos leis an ráig.

An Rómáin

Seoladh dochtúirí agus altraí ón Rómáin agus ón Iorua (agus iad mar chuid de Chor Liachta an Aontais, i gcás na hIorua) go Bergamo agus Milano. Is faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta a cómhaoiníodh an beart sin agus is é Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha an Aontais a rinne é a chomhordú. 

An dlúthpháirtíocht Eorpach i gcosaint oibrithe cúraim sláinte agus i gcosaint saoránach

An tAontas Eorpach

An 7 Bealtaine 2020 thosaigh an Coimisiún Eorpach ar 1.5 milliún masc a sheachadadh chuig 17 mBallstát agus chuig an Ríocht Aontaithe chun oibrithe cúraim sláinte an Aontais a chosaint. Is é sin an chéad bhaisc de 10 milliún masc a cheannaigh an Coimisiún tríd an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála. Rinneadh iad a sheachadadh sna sé seachtaine ina dhiaidh sin i mbearta seachtainiúla de 1.5 milliún masc chuig na Ballstáit agus chuig na réigiúin a raibh siad de dhíth orthu. 

Seachadadh thart ar 330,000 masc cosanta go dtí an Iodáil, an Spáinn agus an Chróit cheana féin, agus ina dhiaidh sin seachadadh tuilleadh baisceanna de mhaisc chosanta go dtí an Liotuáin (20,000), an Mhacadóin Thuaidh (10,000) agus go Montainéagró (10,000) faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Is ó bhuiséad an Aontais atá taisce trealaimh leighis iomlán rescEU á maoiniú. Ba iad an Ghearmáin agus an Rómáin na chéad Bhallstáit a d’óstáil taisce rescEU, agus lean an Danmhairg, an Ghréig, an tSualainn agus an Ungáir iad i mí Mheán Fómhair.

An 18 Meitheamh 2020 d’éirigh le hoibríocht phíolótach os cionn seacht dtona de threalamh cosanta pearsanta a sheachadadh go dtí an Bhulgáir. Ina measc sin bhí breis agus 500,000 masc cosanta a cheannaigh an Bhulgáir agus ar chlúdaigh an tAontas na costais a bhain lena n-iompar.

An 7 Iúil 2020 sheachaid an tAontas 65,000 masc breise chuig an gCróit, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró agus an tSeirbia trí thaisce straitéiseach rescEU.

Le linn na chéad seachtaine de mhí Lúnasa dáileadh tuilleadh baisceanna de mhaisc chosanta ar an gCróit, ar an Macadóin Thuaidh agus ar Mhontainéagró ó thaisce choiteann rescEU. Seachadadh breis agus 130,000 masc agus gúna cosanta de ghrád leighis chuig an Macadóin Thuaidh agus go Montainéagró i mí Dheireadh Fómhair, sin sa bhreis ar an 520,000 masc a seachadadh ó thaisce rescEU agus ar an gcúnamh comhchineáil a tugadh do thíortha a raibh gá acu leis trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

Ar iarraidh ón bhFrainc trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, seachadadh dhá bhaisc de 2 mhilliún lámhainn mháinliachta, a chuir an Iorua ar fáil, chuig an tír i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2020.

An 22 Deireadh Fómhair, sheol an tAontas an chéad bhaisc de 30 aerálaí go dtí an tSeicia ó stoc-charn coiteann trealaimh leighis an Aontais, rescEU. A bhuí le rannchuidiú ón Ísiltír agus ón Ostair, comhlíonadh iarraidh na Seicia ar 150 aerálaí ina hiomlán.

Ansin, rinne Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta comhordú ar imscaradh Fhoireann Leighis Éigeandála de chuid na hIodáile, ina raibh seisear saineolaithe leighis, chuig an Asarbaiseáin chun tacú leis na húdaráis sláinte áitiúla sa chomhrac in aghaidh an choróinvíris.

I mí Eanáir 2021 seachadadh 107,000 masc cosanta go dtí an Mhacadóin Thuaidh agus 78,000 masc cosanta go Montainéagró ó thaisce leighis rescEU atá á hóstáil sa Ghréig agus sa Ghearmáin. Ina theannta sin, fuair an Mhacadóin Thuaidh 35,000 gúna cosanta agus 140,000 forchóta, agus fuair Montainéagró 15,000 gúna leighis.

I mí Feabhra 2021, ar iarraidh ar chúnamh ón Moldóiv, sheol an Rómáin 1.5 milliún masc máinliachta, 100,000 masc FFP3, 100,000 culaith chosanta agus 100,000 lámhainn chucu. I mí Feabhra 2021 seachadadh 600,000 masc cosanta FFP2 agus 650,000 péire lámhainní go dtí an tSeirbia ó thaisce leighis rescEU atá á hóstáil sa Ghréig.

D’fhreagair Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta do 25 iarraidh le linn na paindéime agus chuir trealamh cosanta pearsanta, cógais agus saineolaithe sláinte ar fáil.

An Laitvia

Chuir an Laitvia 478,500 masc ar fáil don Eastóin faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.
Chuir sí 60,000 masc aghaidhe ar fáil don Liotuáin faoin Sásra freisin.

An Ostair

Thug an Ostair 1.5 milliún masc don Iodáil.
Sheachaid an Ostair breis agus 3,360 lítear de dhífhabhtán leighis chuig an Iodáil trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

Sheol an Ostair lámhainní agus dhífhabhtán go dtí an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chróit, Montainéagró agus an Mholdóiv trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Tá míreanna dídine agus sláintíochta faighte ag an Macadóin Thuaidh, agus fuair an tSeirbia pluideanna, tochtanna agus pubaill le haghaidh na n-imirceach sa tír tríd an Sásra. Chuir an Ostair 181 choimeádán ar fáil freisin d'údaráis na Gréige is féidir a úsáid mar dhídean nó saoráidí cúraim sláinte soghluaiste i gcampaí na n-imirceach sa Ghréig. 

Sheol an Ostair 15 aerálaí go dtí an tSeicia agus thairg 30 gléas teiripe ocsaigine sróine ardsreafa trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

An tSeicia

Sheachaid an tSeicia 10,000 culaith chosanta go dtí an Iodáil agus 10,000 eile go dtí an Spáinn
Sheol an tSeicia míreanna dídine agus sláintíochta, agus earraí eile nach bia iad, go dtí an Ghréig le haghaidh na ndídeanaithe agus na n-imirceach a bhí i mbaol ionfhabhtú an choróinvíris, agus rinneadh sin trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. I mí Eanáir 2021, sheol an tSeicia 126,000 masc agus 5,000 forchóta chuig an Macadóin Thuaidh.

An Danmhairg

Sheol an Danmhairg coimeádáin shaincheaptha le haghaidh dídine agus cúram leighis go dtí an Ghréig trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta le haghaidh na ndídeanaithe agus na n-imirceach a bhí i mbaol ionfhabhtú an choróinvíris.  Chuir an Danmhairg aerálaithe leighis ar fáil don Iodáil agus trealamh cosanta ar fáil don tSeoirsia chomh maith.

An Eastóin

Chuir an Eastóin díghalrán, pluideanna agus éadaí leapa ar fáil don Mhacadóin Thuaidh, do Mhontainéagró agus don tSeoirsia trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

An Fhrainc

Dheonaigh an Fhrainc 1 mhilliún masc don Iodáil mar aon le 20,000 culaith chosanta. Sheol an Fhrainc coimeádáin shaincheaptha le haghaidh dídine agus cúram leighis go dtí an Ghréig freisin trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta le haghaidh na ndídeanaithe agus na n-imirceach a bhí i mbaol ionfhabhtú an choróinvíris. I mí Eanáir 2021, sheol an Fhrainc 400 masc ocsaigine, 200 canúl sróine, gineadóirí agus nithe gaolmhara eile chuig an Mongóil.

An Ghearmáin

Sheachaid an Ghearmáin 7.5 tonna de threalamh leighis chuig an Iodáil, aerálaithe agus maisc ainéistéiseacha ina measc. Sheachaid sí 50 aerálaí chun na Spáinne, mar aon le 25 cinn chun na Fraince chomh maith.

An Ungáir

Chuir an Ungáir breis agus 1,700,000 masc, 200,000 lámhainn agus roinnt trealaimh eile go dtí an Chróit, an tSlóivéin, an Rómáin, an tSlóvaic, an Iodáil, an tSeirbia, an Mhacadóin Thuaidh, an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus go Montainéagró, i measc tíortha eile.

Lucsamburg

Rinne Lucsamburg 1,440 kg d’ábhar a sheachadadh chuig an Spáinn chun cultacha cosanta aonair a dhéanamh dá foireann leighis; chuidigh sí freisin 100t de threalamh leighis a sheachadadh ón tSín go dtí an Liotuáin.

An Ísiltír

Sheol an Ísiltír coimeádáin shaincheaptha le haghaidh dídine agus cúram leighis go dtí an Ghréig trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta le haghaidh na ndídeanaithe agus na n-imirceach a bhí i mbaol ionfhabhtú an choróinvíris.

Sheol an Ísiltír 105 aerálaí go dtí an tSeicia trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

An Pholainn

Chuir an Pholainn díghalrán, maisc mháinliachta, sciatha aghaidhe agus trealamh cosanta pearsanta eile ar fáil don Mholdóiv agus don Úcráin.

An tSlóvaic

Sheol an tSlóvaic maisc agus díghalrán go dtí an Iodáil, agus chuir sí otharcharranna, maisc, díghalrán agus pluideanna ar fáil don Úcráin, faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

An dlúthpháirtíocht Eorpach san obair chun daoine a thabhairt abhaile*

An tAontas Eorpach

Ó thús na ráige, tugadh abhaile os cionn 90,000 saoránach Eorpach a bhí sáinnithe i dtíortha eile agus iad ar níos mó ná 360 eitilt aisdúichithe a d’éascaigh agus a chómhaoinigh Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Tíortha éagsúla den Aontas Eorpach a d’eagraigh na heitiltí aisdúichithe sin, ach is saoránaigh de thíortha eile, ó thíortha nach tír eagraithe na heitilte, an tríú cuid de na paisinéirí a bhí ar na heitiltí.
Bhí a lán eitiltí eile ann laistigh den Eoraip ar tugadh saoránaigh abhaile orthu gach lá, eitiltí nár bhain le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta ach ar chairtfhostaigh na Ballstáit féin iad.

An Ostair

Rinne an Ostair saoránaigh de chuid 25 Bhallstát éagsúla a aisdúichiú ar eitiltí a d’eagraigh an Ostair as an Afraic Theas, an Airgintín, an Astráil, Cúba, an Éigipt, an Indinéis, an Mhalaeisia, Meicsiceo, Maracó, na hOileáin Fhilipíneacha, Oileáin Mhaildíve, Oileán Mhuirís, Peiriú, an Phoblacht Dhoiminiceach, an tSile, an Spáinn, an Téalainn, an Túinéis, an Ríocht Aontaithe, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus as Vítneam. 

An Bheilg

Rinne an Bheilg saoránaigh de 20 ceann de Bhallstáit an Aontais a aisdúichiú.

An tSeicia

Rinne an tSeicia na céadta saoránach de 22 cheann de Bhallstáit an Aontais a aisdúichiú.

An Danmhairg

Thug an Danmhairg abhaile saoránaigh de Bhallstáit eile an Aontais ar eitilt ó Mhailí, agus thóg sí cabhair dhaonnúil léi ar an eitilt amach ann.

An Fhionlainn

Thug an Fhionlainn saoránaigh de 10 gcinn de Bhallstáit an Aontais abhaile.

An Fhrainc

Rinne an Fhrainc saoránaigh de 26 cinn de Bhallstáit an Aontais a aisdúichiú. Tháinig 64 shaoránach den Fhrainc agus 135 shaoránach eile den Aontas Eorpach abhaile ar eitilt as Wuhan na Síne i dtús mhí Feabhra.

An Ghearmáin

Rinne an Ghearmáin na mílte saoránach de gach Ballstát eile den Aontas a aisdúichiú.

An Ungáir

Thug an Ungáir saoránaigh de 4 cinn de Bhallstáit an Aontais abhaile. 

Éire

Thug Éire saoránaigh de 17 gcinn de Bhallstáit an Aontais abhaile.

An Iodáil

Rinne an Iodáil saoránaigh de 6 cinn de Bhallstáit an Aontais a aisdúichiú ó Thóiceo na Seapáine.

An Laitvia

Thug an Laitvia saoránaigh de 4 cinn de Bhallstáit an Aontais abhaile.

An Liotuáin

Thug an Liotuáin saoránaigh de 8 gcinn de Bhallstáit an Aontais abhaile.

Lucsamburg

Rinne Lucsamburg saoránaigh de 14 cinn de Bhallstáit an Aontais a aisdúichiú. Ní raibh ach 20 saoránach Lucsamburgach ar eitilt a d’fhág Cabo Verde an 25 Márta, ach bhí 131 shaoránach eile den Aontas Eorpach ar an eitilt chéanna sin.

An Phortaingéil

Thug an Phortaingéil na céadta saoránach de 17 gcinn de Bhallstáit an Aontais abhaile.

An Spáinn

Thug an Spáinn breis agus 600 saoránach Eorpach de 19 gcinn de Bhallstáit an Aontais abhaile.

An tSualainn

Thug an tSualainn saoránaigh de 15 cinn de Bhallstáit an Aontais abhaile.

Rinneadh cuid mhór saoránaigh Eorpacha eile a aisdúichiú ar eitiltí Eorpacha nár bhain le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Mar shampla:

An Chróit

Chuidigh an Chróit le saoránaigh de 5 cinn de Bhallstáit an Aontais a thabhairt abhaile.

An Danmhairg

Thug eitilt Dhanmhargach 105 Dhanmhargach agus 179 nEorpach eile abhaile ó na hOileáin Fhilipíneacha; chabhraigh sí chun 324 chomhshaoránach Eorpacha a aisdúichiú ar 4 eitilt speisialta ó Mharacó, ón Iodáil, ó na hOileáin Fhilipíneacha agus ó Pheiriú.

An Ghearmáin

Chabhraigh sí le 600 Eastónach, Laitviach agus Liotuánach filleadh abhaile ar bhád farantóireachta.

An Ungáir

Thug an Ungáir saoránaigh de 6 cinn de Bhallstáit an Aontais abhaile.

An Liotuáin

Chuidigh an Liotuáin chun 400 saoránach de 6 cinn de Bhallstáit an Aontais a thabhairt abhaile as Vítneam, an Téalainn, an Indinéis agus Meiriceá Theas.

An Ísiltír

Thug an Ísiltír níos mó ná 230 saoránach de roinnt Ballstát abhaile as an Spáinn, an Phortaingéil, an Ghaimbia, Cabo Verde, Peiriú agus an Tuirc.

An Pholainn

Chuidigh an aerlíne Pholannach, LOT, chun saoránaigh de 18 gcinn de Bhallstáit an Aontais a aisdúichiú. Thairg an Pholainn báid farantóireachta agus traenacha saintiomnaithe do shaoránaigh den Eastóin, den Laitvia agus den Liotuáin chun a chinntiú go mbeadh turas sábháilte abhaile acu. Chomh maith leis sin, d’eagraigh an Pholainn 18 gconbhua de os cionn 800 feithicil, le tionlacan ó phóilíní na Polainne, chun cuidiú le breis agus 2,000 saoránach den Eastóin, den Laitvia agus den Liotuáin filleadh abhaile go sábháilte.

An Phortaingéil

Chuidigh an Phortaingéil chun na céadta saoránach de 15 cinn de Bhallstáit an Aontais a thabhairt abhaile.

An tSlóvaic

Shocraigh an tSlóvaic eitilt ó na Stáit Aontaithe lena ndearnadh 300 saoránach de 4 cinn de Bhallstáit an Aontais a aisdúichiú. 

*Bhain 19 gcinn de Bhallstáit an Aontais leas as Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta chun a gcuid turas aisdúichithe a eagrú. I gcásanna inar tugadh tuairisc don Choimisiún, ar mhodh díreach, faoi iarrachtaí dlúthpháirtíochta déthaobhacha a rinneadh chun saoránaigh a thabhairt abhaile, áirítear na hiarrachtaí sin.

Séanadh: Ní liosta iomlán é liosta na samplaí atá le fáil ar an leathanach seo. Tá na figiúirí bunaithe ar na foinsí is déanaí atá ar fáil ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh tríd an gComhchóras Cumarsáide agus Faisnéise Éigeandála (CECIS). Féachann an Coimisiún leis an bhfaisnéis a choinneáil cothrom le dáta ach ní ghlacann sé le freagracht de chineál ar bith, sainráite nó intuigthe, as iomláine agus cruinneas na faisnéise atá ar an leathanach.

Dlúthpháirtíocht na hEorpa sa tacaíocht a thugtar d’iarrthóirí tearmainn

Ó thús phaindéim an choróinvíris, thacaigh an Coimisiún leis an nGréig chun daoine leochaileacha a chosaint ar an víreas a tholgadh agus chun géarchéim sláinte poiblí a sheachaint sna campaí dídeanaithe. Ina theannta sin, tugadh freagairt láithreach chun cosc a chur le leathadh an choróinvíris ar oileáin na Mara Aeigéiche, áit a bhfuil na hIonaid Ghlactha agus Sainaitheanta lonnaithe.

I gcomhréir leis an ngealltanas a thug an tUachtarán von der Leyen le linn a cuairte ar an nGréig i dtús mhí an Mhárta, cuireadh €350 milliún ar fáil láithreach chun tacaíocht a thabhairt do 5 thionscadal ar mhaithe leis an imirce a bhainistiú, faoi Chúnamh Éigeandála. Is é a bhí i gceist leis na tionscadail sin leanúint de chúnamh a thabhairt don acmhainneacht ghlactha ar mhórthír na Gréige agus ar na hoileáin, trí scéim a chur ar bun lena ligtear lóistín ar cíos agus trí thacaíocht a chur ar fáil.

Cuireadh cúnamh airgeadais breise dar luach €350 milliún ar fáil i mí Aibreáin 2020. Leis an maoiniú méadaithe tacaíodh leis an méid seo a leanas: acmhainneacht ghlactha bhreise ar oileáin na Gréige, seirbhísí agus earraí éigeandála (bia, mar shampla) a chur ar fáil sna campaí, foirne breise leighis a sholáthar, tacaíocht bhreise do Sheirbhís Tearmainn na Gréige, agus gardaí teorann agus póilíní a imscaradh ag teorainneacha seachtracha na Gréige.