Leagtar amach i dtuarascáil nua ar fheidhmíocht chomhshaoil earnáil eitlíochta na hEorpa bearta maidir le conas tionchar na heitlíochta ar an athrú aeráide, ar thorann agus ar cháilíocht an aeir a laghdú, agus a chinntiú go gcomhlíonfaidh an Eoraip a sprioc maidir le neodracht aeráide faoi 2050. Moltar sa tuarascáil go háirithe díriú ar bhearta de leithéid úsáid breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a mhéadú, an leas is fearr is féidir a bhaint as barrfheabhsú bainistíochta aerthráchta agus teicneolaíochtaí atá níos éifeachtúla ó thaobh breosla de a ghlacadh. Trí na bearta sin a chur i bhfeidhm, d’fhéadfaí astaíochtaí a laghdú faoi aon trian ar a laghad faoi 2050. I measc na dtorthaí, tugtar an méid seo a leanas faoi deara sa tuarascáil: tá méadú ag teacht i gcónaí ar mheánlíon na bpaisinéirí (135) agus ar an achar (1,730 km) in aghaidh na heitilte, agus ar mheánaois an chabhlaigh (11.8 mbliana) freisin líon na n-eitiltí a thagann isteach chuig aerfoirt an Aontais agus Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) agus a imíonn uathu, ba ionann é agus 8.35 milliún in 2023, figiúr atá 10% faoi bhun leibhéal 2019 roimh COVID in 2023, ba 133 mhilliún tona CO2 méid na n-astaíochtaí ó eitiltí a d’imigh ó aerfoirt an Aontais agus CSTE, méid atá 10% níos lú ná figiúirí 2019 tháinig laghdú breise ar an meánmhais CO2 a astaítear in aghaidh an chiliméadair paisinéara go 83 ghram in 2023, rud arb ionann agus 3.3 lítear breosla in aghaidh an 100 ciliméadar paisinéara in 2022, b’ionann astaíochtaí na n-eitiltí a d’imigh ón Aontas agus ó CSTE agus 12% d’iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) iompair agus 4% d’iomlán na n-astaíochtaí GCT san Aontas agus in CSTE Luaitear ann freisin go bhféadfaí glanastaíochtaí CO2 a laghdú 65 mhilliún tona (47%) ar a laghad in 2050 má chomhlíontar sainordú soláthair ReFuelEU Aviation le haghaidh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe (SAF). Mar sin féin, agus é tuartha go sroichfidh an fás ar an éileamh ar aerthrácht 11.8 milliún eitilt bhliantúil faoi 2050, cuirtear i dtábhacht sa tuarascáil gur gá tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh maidir le teicneolaíocht atá níos éifeachtúla ó thaobh breosla de, oibríochtaí a bharrfheabhsú agus breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a úsáid ionas nach nginfidh fás den sórt sin astaíochtaí méadaithe. Is é an Coimisiún Eorpach, i gcomhar le Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, a chuir Tuarascáil Comhshaoil Eitlíochta na hEorpa 2025 ar fáil, le tacaíocht ón nGníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach agus Eurocontrol. Tuilleadh eolais Tuarascáil Comhshaoil Eitlíochta na hEorpa 2025 An Comhaontú Glas don Eoraip Plean nua chun go mbeidh rathúnas agus iomaíochas na hEorpa inbhuanaithe Astaíochtaí ón eitlíocht a laghdú An earnáil eitlíochta agus an comhshaol Preaseisiúint: Tuarascáil Comhshaoil Eitlíochta na hEorpa 2025: Tá sé ríthábhachtach do thodhchaí na heitlíochta gníomhartha a dhéanamh de na spriocanna atá ann Sonraí Dáta foilsithe14 Eanáir 2025ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide