Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An Gníomh um Thionscal Glan-Nialasachta

Lárionad monaraíochta teicneolaíochtaí glana agus post glas a dhéanamh den Aontas

Míniú ar an nGníomh um an Tionscal Glan-Nialasachta

Déanann an Gníomh simpliú freisin ar an gcreat rialála chun na teicneolaíochtaí sin a mhonarú. Cuideoidh sé sin chun iomaíochas thionscal na teicneolaíochta glan-nialasaí san Eoraip a mhéadú agus dlús a chur leis an acmhainneacht astaíochtaí CO2 a stóráil.

Tugtar aghaidh leis an nGníomh ar theicneolaíochtaí a chuirfidh go mór leis an dícharbónú. Tacaíonn sé, go háirithe, le teicneolaíochtaí straitéiseacha glan-nialasacha atá ar fáil ar bhonn tráchtála agus a d’fhéadfadh méadú go tapa. Leis na teicneolaíochtaí sin, neartaítear iomaíochas tionsclaíoch an Aontais agus athléimneacht an chórais fuinnimh, agus éascaítear an t-aistriú chuig fuinneamh glan ag an am céanna.

An 6 Feabhra 2024 tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an nGníomh um Thionscal Glan-Nialasachta. A luaithe a ghlacfar é go foirmiúil, tiocfaidh an Gníomh i bhfeidhm. 

Príomhtheicneolaíochtaí

alt=""
Teicneolaíochtaí fótavoltacha gréine agus teirmeacha gréine
alt=""
Leictrealóirí agus breosla-chealla
alt=""
Gaoth ar tír agus foinsí in-athnuaite amach ón gcósta
Biomethane icon
Bithghás / bithmheatán inbhuanaithe
alt=""
Cadhnraí agus stóráil
alt=""
Gabháil agus stóráil carbóin
alt=""
Teaschaidéil agus fuinneamh geoiteirmeach
Elecricity grid icon
Teicneolaíochtaí eangaí

Tacaítear le teicneolaíochtaí glan-nialasacha eile freisin leis na bearta sa ghníomh, ina measc sin teicneolaíochtaí breoslaí malartacha inbhuanaithe, ardteicneolaíochtaí chun fuinneamh a tháirgeadh ó phróisis núicléacha agus dramhaíl íosta ón timthriall breosla ann, imoibreoirí beaga modúlacha, agus na breoslaí gaolmhara is fearr san aicme.

Na dálaí a chruthú le haghaidh earnáil na teicneolaíochta glaine san Aontas atá ar luas leis na treochtaí domhanda

€600 billiún sa bhliain
Luach mhargadh domhanda na teicneolaíochta glan-nialasaí faoi 2030
D.21– 3x
Meastar go mbeidh a thrí oiread príomhtheicneolaíochtaí glan-nialasacha ollmhonaraithe ann faoi 2030
€100 billiún
Tháinig méadú faoi dhó ar luach éiceachóras glan-nialasach an Aontais idir 2020 agus 2021

Faoi 2050

Méadú beagnach faoi 4
ar imscaradh foinsí in-athnuaite fuinnimh
Méadú faoi 6
ar úsáid teaschaidéal
Méadú faoi 15
ar tháirgeadh domhanda feithiclí leictreacha

Chun infheistíocht a spreagadh i dteicneolaíochtaí glan-nialasacha, moltar an méid seo a leanas sa Ghníomh:

  • Tionscadail Ghlan-nialasacha Straitéiseacha: tionscadail tosaíochta a aithint atá riachtanach chun athléimneacht agus iomaíochas thionscal glan-nialasach an Aontais a threisiú
  • Rómhaorlathas a laghdú agus ceadú a bhrostú: an t-ualach riaracháin a laghdú chun tionscadail mhonaraíochta ghlan-nialasacha agus nósanna imeachta ceadaithe níos simplí agus níos tapúla a fhorbairt. Baineann sé sin go háirithe le tionscadail straitéiseacha a bhainfidh tairbhe as ceadú níos tapúla fós, chun pleanáil agus cinnteacht infheistíochta a mhéadú.
  • Acmhainneacht insteallta CO2: tacú le tionscadail gabhála agus stórála carbóin, lena n-áirítear trí infhaighteacht láithreán stórála CO2 a fheabhsú
  • Infheistíocht a mhealladh: infheistíocht a mhealladh tríd an Ardán um Ghlan-Nialasacht na hEorpa agus tríd an mBanc Hidrigine Eorpach
  • Rochtain ar na margaí a éascú: borradh a chur faoin éileamh ar fhoinsí in-athnuaite trí chritéir inbhuanaitheachta agus athléimneachta a chur chun feidhme i nósanna imeachta soláthair agus i gceantanna
  • Nuálaíocht: boscaí gainimh rialála a bhunú le cuidiú chun teicneolaíochtaí glan-nialasacha nuálacha a fhorbairt agus a thástáil agus chun go mbeidh cothrom na Féinne ann don nuálaíocht
  • Feabhas a chur ar scileanna: Acadaimh an Tionscail Ghlan-Nialasaigh a chur ar bun, le tacaíocht agus formhaoirseacht ón Ardán um Ghlan-Nialasacht na hEorpa. Cuirfidh siad sin oiliúint agus oideachas ar fáil maidir le teicneolaíochtaí glan-nialasacha, agus cruthófar poist ardcháilíochta dá mbarr.

An tArdán um Ghlan-Nialasacht na hEorpa

Cabhróidh an tArdán um Ghlan-Nialasacht na hEorpa le maoirseacht a dhéanamh ar na bearta go léir faoin nGníomh. Tabharfaidh sé an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit le chéile chun na gníomhaíochtaí atá beartaithe a chomhordú agus a phlé. Is féidir cuireadh chuig an Ardán a thabhairt d’ionadaithe tionscail agus do shaineolaithe eile.

Banc Hidrigine Eorpach

Is i bhfómhar 2023 a sheolfar na chéad cheantanna píolótacha faoin gCiste Nuálaíochta, rud a thacóidh le táirgeadh hidrigine in-athnuaite. Cuirtear in iúl go soiléir leis an méid sin gurb í an Eoraip an áit le haghaidh giniúint hidrigine.

Cúlra

Tá gealltanas tugtha ag an Aontas aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, ach faoi láthair is glan-iompórtálaí é i dtaca le roinnt de na teicneolaíochtaí agus comhpháirteanna glan-nialasacha atá ríthábhachtach chun an cuspóir sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, mhol an Coimisiún an Gníomh um an Tionscal Glan-Nialasachta mar chuid de Phlean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais chun a chinntiú nach gcuirfidh spleáchais straitéiseacha an t-aistriú glas i mbaol. Trí chuspóir acmhainneachta monaraíochta comhiomláin a leagan síos do 2030 agus tríd an gcreat rialála do theicneolaíochtaí glan-nialasacha a shimpliú, cuirfidh an Gníomh ar chumas an Aontais a bheith ina cheannaire tionsclaíoch sa mhargadh sin. Ag foghlaim ó na ceachtanna ó phaindéim COVID-19 agus ón ngéarchéim fuinnimh, cinnteofar leis an nGníomh nach gcuirfear isteach ar shlabhraí soláthair a thuilleadh agus go mbeidh an acmhainneacht mhonaraíochta intíre atá ag teastáil mar bhonn taca leis an aistriú chuig fuinneamh glan.

*cruthaíodh na deilbhíní ar an leathanach seo le stock.adobe.com

Doiciméid

16 MÁRTA 2023
A Net-Zero Industry Act
16 MÁRTA 2023
Factsheet on the Net-Zero Industry Act
16 MÁRTA 2023
Factsheet on the European Hydrogen Bank
16 MÁRTA 2023
Questions and Answers: The Net-Zero Industry Act and the European Hydrogen Bank