Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An Bhliain Eorpach um Scileanna 2023

Borradh a chur faoin iomaíochas, faoin rannpháirtíocht agus faoin tallann

Lucht saothair a bhfuil na scileanna acu atá ar éileamh, cuireann sé leis an bhfás inbhuanaithe freisin, rud a fhágann go mbíonn níos mó nuálaíochta ann agus cuireann sé feabhas ar iomaíochas na gcuideachtaí. Cuideoidh an Bhliain Eorpach um Scileanna 2023 le cuideachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, aghaidh a thabhairt ar ghanntanas scileanna san Aontas. Cuirfidh sé meon athscilithe agus uas-scilithe chun cinn, rud a chuideoidh le daoine na scileanna cearta a fháil le haghaidh poist ardcháilíochta. 

Leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, tá deiseanna nua á gcur ar fáil do dhaoine agus do gheilleagar an Aontais.

Beidh deiseanna fostaíochta níos fearr ag oibrithe oilte agus glacfaidh siad páirt iomlán sa tsochaí. Tá sé sin ríthábhachtach chun a chinntiú go mbeidh an téarnamh eacnamaíoch cothrom agus cóir go sóisialta, chomh maith leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.

UVD

Ní mór dúinn díriú i bhfad níos mó ar ár n-infheistíocht san oideachas gairmiúil agus san uas-sciliú. Tá comhoibriú níos fearr le cuideachtaí ag teastáil uainn, toisc gurb iad féin is fearr a thuigeann a bhfuil de dhíth orthu. Agus ní mór dúinn na riachtanais sin a mheaitseáil le mianta daoine. Ach ní mór dúinn freisin na scileanna cearta a mhealladh chuig ár mór-roinn, scileanna a chuidíonn le cuideachtaí agus a neartaíonn fás na hEorpa.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Ugach úr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil

Leis an mBliain Eorpach um Scileanna, beidh ugach úr ann chun spriocanna sóisialta 2030 an Aontais a bhaint amach, is é sin 60% ar a laghad de dhaoine fásta a bheith faoi oiliúint gach bliain, agus 78% ar a laghad a bheith ag obair. 

Cuideoidh an tionscnamh freisin le spriocanna 2030 an Chompáis Dhigitigh a bhaint amach, is é sin 80% ar a laghad de dhaoine fásta a bhfuil bunscileanna digiteacha acu agus 20 milliún saineolaí TFC a bheith ag obair san Aontas. 

San am i láthair, tuairiscíonn níos mó ná trí cheathrú de na cuideachtaí san Aontas go mbíonn deacrachtaí acu oibrithe a aimsiú a bhfuil na scileanna riachtanacha acu, agus ní thugann ach 37% de dhaoine fásta faoi oiliúint ar bhonn rialta. 

Léirítear san Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach nach bhfuil bunscileanna digiteacha ag ceathrar as gach deichniúr fásta ná ag gach tríú duine a oibríonn san Eoraip. Tá mná faoi ghannionadaíocht i ngairmeacha agus i léann a bhaineann leis an teicneolaíocht; bean is ea duine amháin as gach cúigear speisialtóirí TFC, agus bean is ea duine amháin as gach triúr céimithe san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (ETIM).

77%
de chuideachtaí an Aontais a thuairiscíonn go mbíonn deacrachtaí acu oibrithe a aimsiú a bhfuil na scileanna riachtanacha acu
20 milliún
speisialtóirí TFC ba cheart a fhostú san Aontas faoi 2030
60%
de dhaoine fásta ar a laghad ba cheart a bheith rannpháirteach i gcúrsaí oiliúna gach bliain faoi 2030

An dóigh a mbainfimid an méid sin amach

Agus muid ag obair i gcomhar le Parlaimint na hEorpa, na Ballstáit, comhpháirtithe sóisialta, seirbhísí fostaíochta, comhlachais tráchtála agus tionscail, soláthraithe oideachais agus oiliúna, oibrithe agus cuideachtaí, molaimid dlús a chur le forbairt scileanna ar an láthair.  

Vocational Education and Training School in Netherlands

Infheistíocht níos airde, níos éifeachtaí agus níos cuimsithí san oiliúint agus san uas-sciliú a chur chun cinn.

Vocational Education and Training School in Netherlands

Deimhin a dhéanamh de go mbíonn na scileanna ábhartha do riachtanais mhargadh an tsaothair, agus comhoibriú le comhpháirtithe sóisialta agus le cuideachtaí san áireamh chomh maith.

Vehicle Emissions Laboratories of the Joint Research Centre (JRC)

Ardmhianta agus tacair scileanna daoine a mheaitseáil le deiseanna ar an margadh fostaíochta, go háirithe don aistriú glas, don aistriú digiteach agus don téarnamh eacnamaíoch.

research

Scileanna agus tallann ó thríú tíortha a mhealladh, trí dheiseanna foghlama agus soghluaisteacht a neartú agus trí aithint cáilíochtaí a éascú ina measc.

Cuirfidh an Coimisiún béim ar thionscnaimh ábhartha agus ar mhaoiniú ábhartha ón Aontas, chun tacú lena nglacadh, lena gcur chun feidhme agus lena gcur i gcrích ar an láthair. Beidh imeachtaí agus feachtais ardaithe feasachta ann chun tacú le foghlaim fhrithpháirteach na gcomhpháirtithe maidir le huas-sciliú agus athsciliú.

Díreofar go speisialta ar níos mó daoine a ghníomhachtú don mhargadh saothair, go háirithe mná agus daoine óga, agus go speisialta iad siúd nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna.
 

Tionscnaimh de chuid an Aontais chun tacú le forbairt scileanna

I gcás na Bliana Eorpaí um Scileanna, cuirfidh an tAontas leis an iliomad tionscnamh atá ar siúl faoi láthair, lena n-áirítear:

Maoiniú ón Aontas Eorpach le haghaidh Scileanna

Tá maoiniú suntasach agus tacaíocht theicniúil shuntasach ón Aontas ar fáil chun tacú le hinfheistíocht san uas-sciliú agus san athsciliú:

Amlíne

  1. 7 Márta 2023

    Comhaontú polaitiúil idir Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit

  2. 9 Feabhra 2023

    Tuarascáil glactha ag Parlaimint na hEorpa i ndáil le togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Bliain Eorpach um Scileanna 2023 

  3. 8 Nollaig 2022

    Chomhaontaigh na hAirí sa Chomhairle um Fhostaíocht agus um Beartas Sóisialta (EPSCO) seasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh cinnidh chun 2023 a ainmniú mar an Bhliain Eorpach um Scileanna

  4. 12 Deireadh Fómhair 2022

    Ghlac an Coimisiún a thogra le haghaidh na Bliana Eorpaí um Scileanna 2023 

  5. 14 Meán Fómhair 2022

    Mhol an tUachtarán von der Leyen ina haitheasc ar Staid an Aontais go ndéanfaí Bliain Eorpach na Scileanna den bhliain 2023 

Doiciméid

12 NOLLAIG 2022
Proposal for a decision of the European Parliament and of the Council on a European Year of Skills 2023