Gníomhaíochtaí
Tá sé mar aidhm ag Comhpháirtíocht an Oirthir an caidreamh a neartú idir an tAontas Eorpach agus sé thír chomharsanacha an Oirthir: an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Mholdóiv, an tSeoirsia agus an Úcráin.
Tá 10 dtír comhpháirtíochta mar chuid den Chomhar le Comharsanacht an Deiscirt: an Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin, Iosrael, an Libia, an Liobáin, Maracó, an Phalaistín*, an tSiria agus an Túinéis.
Tacaíonn Comhar Trastreorann leis an bhforbairt inbhuanaithe feadh theorainneacha seachtracha an Aontais, cuidíonn sé chun difríochtaí a laghdú sna caighdeáin mhaireachtála agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna.
Chun comhlánú a dhéanamh ar chláir do chomhar déthaobhach agus réigiúnach, bunaíodh cláir do chomhar ar fud na comharsanachta Eorpaí i ngeall gur féidir roinnt gníomhaíochtaí cabhrach a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla agus níos solúbtha ar an leibhéal idir-réigiúnach.
Cuspóirí
- tíortha comharsanacha a chobhsú trí thacaíocht a chur ar fáil dóibh sna réimsí seo a leanas: forbairt eacnamaíoch, infhostaitheacht agus an óige;
- nascacht iompair agus fuinnimh, imirce, soghluaisteacht agus slándáil - príomhleasanna an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn, mar atá dea-rialachas, daonlathas, smacht reachta agus cearta an duine
- comhar ar an leibhéal réigiúnach a éascú: Comhpháirtíocht an Oirthir, an tAontas don Réigiún Meánmhuirí
Comhthéacs
A bhuí le Beartas Comharsanachta na hEorpa tá creat ann chun comhpháirtíochtaí níos éifeachtaí agus níos láidre a chothú le comharsana an Aontais sa deisceart agus san oirthear atá bunaithe ar leasanna coiteanna agus ar ghníomhaíocht ar an dá thaobh.
Cuireann an tAontas Eorpach an chobhsaíocht chun cinn agus cothaíonn comhar leis na tíortha lena mbaineann trí chabhair airgid a chur ar fáil tríd an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht.