Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Comhairliúchán agus staidéir maidir le conarthaí digiteacha

Comhairliúchán i dtaca le rialacha comhchuibhithe molta maidir le conradh digiteach le haghaidh ábhar digiteach agus earraí a cheannach ar líne.

Comhairliúchán

I gcomhréir le híoschaighdeáin an Choimisiúin Eorpaigh maidir le rannpháirtíocht agus oscailteacht do thuairimí na bpáirtithe leasmhara atá leagtha síos sna treoirlínte maidir le rialachán níos fearr, ullmhaíodh straitéis chomhairliúcháin fhairsing chun rannpháirtíocht fhorleathan i ngach céim den tionscnamh seo a chinntiú.

Bhí an straitéis sin bunaithe ar mheascán de chomhairliúcháin phoiblí agus spriocdhírithe. D’iarr an Coimisiún raon leathan tuairimí i dtaobh na ceiste sin trí dheis a thabhairt do gach páirtí ábhartha (gnólachtaí, tomhaltóirí, údaráis náisiúnta, dlíodóirí agus acadóirí) a dtuairimí a chur in iúl.
Bhí comhairliúchán poiblí ina chuid den phróiseas comhairliúcháin fairsing a rinneadh, comhairliúcháin shonracha a bhí dírithe ar phríomhpháirtithe leasmhara agus ar thíortha an Aontais, mar aon le shuirbhéanna ar thomhaltóirí agus ar ghnólachtaí.

1. Comhairliúchán poiblí 

2. Comhairliúcháin shonracha a bhí dírithe ar na príomhpháirtithe leasmhara:

a. I dtús 2015 cuireadh ar bunGrúpa Comhairliúcháin na bPáirtithe Leasmhara maidir le rialacha do thomhaltóirí le haghaidh ceannacháin ar líne agus dhigiteacha ("Grúpa Comhairliúcháin na bPáirtithe Leasmhara"), grúpa ina raibh 22 eagraíocht a dhéanann ionadaíocht do raon leathan leasanna e.g. tomhaltóirí, fiontair bheaga agus mheánmhéide, miondíoltóirí, oibreoirí ríomhthráchtála, ardán ar líne, déantúsóirí, lucht na ngairmeacha dlíthiúla, gairmithe margaíochta agus forbróirí agus soláthraithe ábhair. Cuireadh de chúram ar Ghrúpa Comhairliúcháin na bPáirtithe Leasmhara cúnamh a thabhairt don Choimisiún na réimsí fadhbacha a shainaithint chun dul i ngleic le bacainní roimh dhlí na gconarthaí maidir le ceannacháin ar líne d’ábhar digiteach agus d’earraí inláimhsithe agus chun réitigh fhéideartha a phlé. Bhuail an grúpa le chéile seacht n-uaire idir mí Eanáir agus mí Dheireadh Fómhair 2015.

b. Ceardlanna le Ballstáit an Aontais: Eagraíodh trí cheardlann le Ballstáit an Aontais. Díríodh sa phlé ag an gcéad cheardlann (5 Meitheamh 2015) ar an gcur chuige ginearálta ba cheart a bheith ag an gCoimisiún don tionscnamh nua seo agus ar phríomh-shaincheisteanna i dtaobh dhlí na gconarthaí maidir le hábhar digiteach.

Díríodh sa dara ceardlann (6 Iúil, 2015) ar shaincheisteanna maidir le díolacháin ar líne d’earraí inláimhsithe. Díríodh an tríú ceardlann (6 Deireadh Fómhair, 2015) ar na dréachtrialacha atá faoi bhreithniú ag seirbhísí an Choimisiúin. Ag cruinniú an Líonra maidir le Beartas Tomhaltóirí (5-6 Bealtaine, 2015) pléadh na saincheisteanna ábhartha freisin le húdaráis náisiúnta forfheidhmiúcháin ag cruinniú den choiste maidir le Comhar i gCosaint na dTomhaltóirí (28 Aibreán, 2015) agus ag na húdaráis náisiúnta atá freagrach as beartas tomhaltóirí.

c. Tionóladh roinnt cruinnithe déthaobhacha le tíortha an Aontais a bhfuil tús curtha acu le hobair ullmhúcháin ar reachtaíocht maidir le hábhar digiteach. Tionóladh cruinnithe teicniúla déthaobhacha le Ballstáit eile an Aontais.

d. Tá moltaí curtha i láthair ag foghrúpa an mhargaidh aonair dhigitigh den Ghrúpa Comhairleach Eorpach um Thomhaltóirí (ECCG) atá comhdhéanta de 12 ionadaí ó eagraíochtaí tomhaltóirí náisiúnta. Moltaí iad faoin dóigh ar cheart dul i ngleic le bacainní ar dhlí na gconarthaí a bhaineann le ceannacháin ar líne d’ábhar digiteach agus earraí inláimhsithe. Mhol an Grúpa go háirithe athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Díolacháin agus Ráthaíochtaí agus ar an Treoir maidir le Téarmaí Éagóracha, d’éiligh forfheidhmiú níos fearr ar reachtaíocht agus dúirt nár cheart dhá réim éagsúla a bheith ann le haghaidh idirbhearta ar líne agus idirbhearta as líne.

e. Cuireadh faoi ghrinn-agallamh gnólachtaí atá gníomhach nó ag a bhfuil spéis i ríomhthráchtáil trasteorann ó bhallstáit éagsúla an Aontais ó mhí Mheithimh go mí Lúnasa 2015.

3. Suirbhéanna ar thomhaltóirí agus ar ghnólachtaí

Rinneadh comhairliúchán go díreach le tomhaltóirí trí shuirbhéanna a rinne an Coimisiún. Laistigh de chreat Straitéis an Mhargaidh Aonair Dhigitigh, rinneadh dhá shuirbhé in 2015 chun na príomhbhacainní trasteorann ar an margadh aonair digiteach a shainaithint:

  • Rinneadh suirbhé ar thomhaltóirí i ngach ceann de na 28 mBallstát. Cuireadh ceist ar bhreis agus 23 000 freagróirí faoina ngníomhaíocht cheannaigh ar líne i ngach Ballstát den Aontas agus faoina ngníomhaíocht cheannaigh ar líne thar theorainneacha, i gcás earraí inláimhsithe agus ábhar digiteach araon. Cuireadh na ceisteanna céanna i dtaobh na hIorua agus na hÍoslainne. Cuireadh agallamh freisin ar thomhaltóirí faoin méid a spreagann nó a chuireann bac ar ghníomhaíocht cheannaigh ar líne intíre agus thar theorainneacha bunaithe dar leo
  • Rinneadh suirbhé ar ghnólachtaí in 26 Bhallstát. Cuireadh ceist ar 8 705 freagróirí faoina ngníomhaíocht díola agus cheannaigh ar líne, ar bhonn intíre agus trasteorann, faoina n-eispéiris le díol agus le ceannach trasteorann, faoi na fadhbanna a bhí acu agus na príomhchúiseanna gan díol trasteorann a dhéanamh ar líne.

Mar chuid de staidéar eacnamaíoch maidir le táirgí tomhaltais lena mbaineann ábhar digiteach, cuireadh ceist ar 1 000 tomhaltóirí i ngach ceann de 15 bhallstát den Aontas faoi na cineálacha fadhbanna a bhí acu nuair a cheannaigh siad ábhar digiteach. Chuathas i gcomhairle go díreach le gnólachtaí trí shraith de 20-30 agallamh gnó a rinneadh in 15 Bhallstát. Iarradh ar ghnólachtaí aonair, fiontair bheaga agus mheánmhéide ina measc, na príomhfhadhbanna a shainaithint a bhíonn acu agus iad ag díol/soláthar ábhar digiteach do thomhaltóirí, ar bhonn intíre agus trasteorann.

Staidéir

  • 25 DEIREADH FÓMHAIR 2017
Economic study on consumer digital content products
  • 25 DEIREADH FÓMHAIR 2017
Report - The macro-economic impact of e-commerce in the EU Digital Single Market
  • 25 DEIREADH FÓMHAIR 2017
Study on mandatory rules applicable to contractual obligations in contract for sales of goods sold at a distance and in particular on line