Iompar éifeachtúil sábháilte a sholáthar atá neamhdhíobhálach don chomhshaol
Is ó earnáil an iompair a thagann timpeall 5% de OIT an Aontais agus tá níos mó ná 10 milliún duine fostaithe san earnáil san Eoraip. Dá bhrí sin, tá an córas iompair ríthábhachtach do ghnólachtaí na hEorpa agus do shlabhraí soláthair an domhain. Ag an am céanna, ní gan dochar don tsochaí na buntáistí: astaíochtaí gás ceaptha teasa, astaíochtaí truailleán, torann, timpistí bóthair agus plódú tráchta.
Inniu, is iad astaíochtaí iompair is cúis le 25% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais ina n-iomláine, agus tá méadú tagtha ar líon na n-astaíochtaí sin le blianta beaga anuas. Is gá athruithe uaillmhianacha a dhéanamh ar an iompar chun an sprioc atá againn a bhaint amach, is é sin a bheith ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach faoi 2050. Tá gá le bealach soiléir chun laghdú 90% a bhaint amach faoi 2050 i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis an iompar.
Ghlac an Coimisiún sraith tograí chun go mbeidh beartais aeráide, fuinnimh, iompair agus chánach an Aontais oiriúnach chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Tuilleadh eolais maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích.
In the spotlight

1 March 2023 - In 2022, more than 20,000 lives were lost on EU roads. The majority of victims were pedestrians, cyclists and people on scooters and motorbikes. The Commission wants to modernise driving license rules, with the introduction of a digital license valid throughout the EU, and to make it easier to enforce traffic rules across borders. The new rules will also help the EU achieve its Vision Zero – having no deaths on EU roads by 2050.
Doiciméid