Tá roinnt bloc tógála curtha i láthair ag an gCoimisiún chun an Eoraip a iompú ina geilleagar atá glan, tíosach ar acmhainní, cothrom agus iomaíoch. Sainaithníodh iad le linn na ‘Idirphléití maidir leis an Aistriú Glan’ a eagraíonn an Coimisiún leis an tionscal agus le comhpháirtithe sóisialta chun plé a dhéanamh ar conas an Comhaontú Glas don Eoraip a fhíorú. Tá formhór na dtionscnamh nithiúil a thagann as an gComhaontú Glas don Eoraip leabaithe go daingean anois i ndlí an Aontais. Díreofar anois ar chur i bhfeidhm, agus beidh ionchur ón tionscal agus ó na comhpháirtithe sóisialta ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis sin. Léirigh an t-aiseolas a thug siad go bhfuil gá leis an méid seo a leanas: rialacha cobhsaí, simplithe agus intuartha do ghnólachtaí. Cuirfidh an Coimisiún treoir bhreise ar fáil chun tacú leis an tionscal agus le tíortha an Aontais na rialacha sin a chur i bhfeidhm. fuinneamh glan flúirseach inacmhainne, trí leas iomlán a bhaint as dlíthe nuashonraithe an Aontais bonneagar nua-aimseartha a thógáil mar chnámh droma do thionscal an Aontais rochtain níos éasca ar mhaoiniú, ós rud é nach mór infheistíochtaí suntasacha a bheith ann roimh ré chun an bonneagar is gá a fhorbairt. Ní mór dúinn, mar ábhar práinne, comhordú níos mó a dhéanamh ar mhaoiniú ar leibhéal an Aontais. an Margadh Aonair a ghiaráil i gcomhthéacs domhanda iomaíoch, trí cheannacháin chomhpháirteacha agus chomhcheangailte, mar shampla amhábhair chriticiúla Breathnóidh ceannairí an Aontais ar na chéad chéimeanna eile in aistriú glan na hEorpa ag an gComhairle Eorpach a bheidh ar siúl idir an 17-18 Aibreán. D’fhógair an tUachtarán von der Leyen tús na nIdirphléití maidir leis an Aistriú Glan ina haitheasc ar Staid an Aontais in 2023. Sna naoi nIdirphlé a rinneadh go dtí seo, leis an leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Šefčovič mar chathaoirleacht orthu, díríodh ar hidrigin, tionscail dianfhuinnimh, teicneolaíocht ghlan, bonneagar fuinnimh, amhábhair chriticiúla, bithgheilleagar foraoisbhunaithe, cathracha, soghluaisteacht ghlan, cruach agus earnálacha na tógála. Beidh tuilleadh idirphléití ar siúl go luath. Tá an Coimisiún tiomanta i gcónaí an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i bhfeidhm go hiomlán i gcomhar leis an tionscal, leis na comhpháirtithe sóisialta, leis an bParlaimint agus leis an gComhairle. Tuilleadh eolais An Comhaontú Glas don Eoraip An Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích Bileog eolais maidir le breithniú a dhéanamh ar an Idirphlé maidir leis an Aistriú Glan Preaseisiúint: Breithniú déanta ag an gCoimisiún ar an Idirphlé maidir leis an Aistriú Glan le hearnáil tionsclaíochta an Aontais agus leis na comhpháirtithe sóisialta Sonraí Dáta foilsithe10 Aibreán 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide