Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Two workers outside of a factory
©christian42/AdobeStock
Gníomhaíocht an Aontais chun dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh

Tá géarchéim fuinnimh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo san Aontas de dheasca an fhogha mhíleata gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin agus de dheasca soláthairtí gáis a bheith in úsáid mar arm ag an Rúis. Tá ardú mór tagtha ar phraghsanna fuinnimh agus tá cruatan ann do mhuintir na hEorpa i ngeall orthu. Tá gníomhaíocht láidir á déanamh ag an Aontas chun aghaidh a thabhairt air sin.

Cad atá déanta ag an Aontas chun dul i ngleic leis an ngéarchéim fuinnimh?

AUSTRIA BAUMGARTEN GAS CONNECT - Man riding a bike through gas plant

Tá an Coimisiún ag dul i ngleic leis an ardú ar phraghsanna fuinnimh le bliain anuas. Ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin agus ó rinne sí uirlis troda níos mó de na hacmhainní fuinnimh, tá staid an mhargaidh fuinnimh tar éis dul in olcas go mór.

D’ainneoin an laghdaithe mhóir ar sholáthairtí fuinnimh ón Rúis – ó 45% dár n-iompórtálacha gáis anuraidh go dtí 14% i mí Mheán Fómhair 2022 – d’éirigh leis an Eoraip soláthairtí malartacha a aimsiú agus laghdaigh sí an gá a bhí ann an t-easnamh sin a chúiteamh.

Tá bearta déanta againn freisin chun an luaineacht mhargaidh a mhaolú agus chun cuidiú le saoránaigh agus gnólachtaí trí ioncam iomarcach de chuid na hearnála fuinnimh a atreorú chucu.

alt=""

A bhuí leis an mBosca Uirlisí um Praghsanna Fuinnimh, is iomaí beart atá curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta chun an brú praghsanna ar shaoránaigh agus ar earnáil na tionsclaíochta a laghdú. I mí na Bealtaine ghlacamar plean REPowerEU chun deireadh a chur lenár spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a luaithe agus is féidir.

alt=""

Chun slándáil an tsoláthair a chinntiú le haghaidh na ngeimhrí atá le teacht, chuireamar ar bun oibleagáidí nua íosta stórála gáis agus sprioc laghdú 15% ar an éileamh ar ghás chun an chothromaíocht a éascú idir soláthar agus éileamh san Eoraip. Is maith na torthaí a tháinig ar na hiarrachtaí ar fhuinneamh a choigilt go dtí seo.

alt=""

I mí Mheán Fómhair 2022 glacadh bearta nua chun an t-éileamh ar an leictreachas a laghdú agus chun fuíll fuinnimh a úsáid le leas saoránach agus earnáil na tionsclaíochta. 

alt=""

An 18 Deireadh Fómhair 2022, mhol an Coimisiún bearta nua maidir le ceannach comhpháirteach gáis, sásraí chun praghsanna a theorannú, agus úsáid thrédhearcach an bhonneagair, chomh maith le dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus bainistiú an éilimh. Cuirfidh sé sin tuilleadh cobhsaíochta ar fáil don mhargadh.

Deilbhín arna dhéanamh ag Pixel perfect ó www.flaticon.com

Príomhfhigiúirí

5%
oibleagáid an t-éileamh ar leictreachas a laghdú le linn uaireanta buaicphraghais
15%
sprioc laghdaithe an éilimh ar ghás
92%
an leibhéal stórála gáis san Aontas

Ár soláthairtí a éagsúlú

Tá an tAontas ag obair le comhpháirtithe idirnáisiúnta le roinnt míonna anuas chun soláthairtí a éagsúlú, agus tá iompórtáil gáis nádúrtha comhbhrúite (GNC) ar leibhéil níos airde ná mar a bhí riamh ann agus seachadtaí gáis píblíne níos airde bainte amach aige. 

An méid atá bainte amach

  • Meabhrán Tuisceana tríthaobhach i leith easpórtáil gáis nádúrtha chun na hEorpa sínithe ag an Aontas Eorpach, an Éigipt agus Iosrael
  • Meabhrán Tuisceana maidir le Comhpháirtíocht Straitéiseach i Réimse an Fhuinnimh leis an Asarbaiseáin
  • An gealltanas ó na Stáit Aontaithe go dtabharfaidh sé 15 bhilliún méadar ciúbach breise GNL ar a laghad a sholáthar don Aontas
  • Sa chéad leath de 2022, tháinig méadú 19 mbilliún méadar ciúbach (bcm) ar iompórtálacha GNL neamh-Rúiseacha i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh. Ar a bharr sin, tháinig méadú 14 bcm ar iompórtálacha píblíne neamh-Rúiseacha ón Iorua, ón Asarbaiseáin, ón Ríocht Aontaithe agus ón Afraic Thuaidh

An t-éileamh a laghdú

Thairis sin, tá deis san áireamh sa Phlean staid foláirimh san Aontas a dhearbhú lena ngníomhachtófar laghduithe éigeantacha ar thomhaltas gáis ó Bhallstát go chéile. Is comhartha láidir é sin go ndéanfaidh an tAontas cibé rud is gá chun a chinnteacht soláthair a ráthú agus chun a thomhaltóirí a chosaint.

An méid atá bainte amach

  • Laghdú thart ar 15% ar ár dtomhaltas gáis
  • Laghdú ó 40% go 9% ar sholáthairtí gáis phíblíne ón Rúis

Tá dlúthmhonatóireacht á déanamh ag an gCoimisiún ar bhearta laghdaithe éilimh. Léiríonn réamhanailísiú ar bhonn tuairisciú ó 15 Bhallstát go mbeadh tomhaltas gáis an Aontais i mí Lúnasa agus i mí Mheán Fómhair 2022 thart ar 15% níos ísle ná meán na 5 bliana roimhe sin. Beidh gá le hiarrachtaí den chineál sin gach mí go dtí mí an Mhárta 2023. Tuairisceoidh na Ballstáit gach dhá mhí maidir leis an dul chun cinn a bheidh déanta acu. Tá an Coimisiún réidh le foláireamh an Aontais a ghníomhachtú nó le hathbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna sin más rud é nach leor na bearta atá ann faoi láthair.

Rialacha nua maidir le stóráil an gháis

Tá ról tábhachtach ag stóráil an gháis san iarracht chun slándáil sholáthar an Aontais a ráthú, mar is as na stórais gháis a fhaightear, le linn gnáthgheimhridh, 25-30% den ghás a thomhlaítear ar fud an Aontais.

Ó mhí an Mheithimh 2022 ar aghaidh tá reachtaíocht nua i bhfeidhm lena gceanglaítear go mbeidh 80% d’acmhainn stórála gáis an Aontais faoi thalamh faoin 1 Samhain 2022 – agus 90% sna blianta ina dhiaidh sin – chun an soláthar a chinntiú le haghaidh an gheimhridh seo chugainn.

Féach na figiúirí is déanaí.

An méid atá bainte amach

  • Tá an stóráil gáis san Aontas ar níos mó ná 90% anois. Bhí sí ar 30% i mí Feabhra 2022, agus ó shin i leith táimid ag obair i gcomhar le tíortha an Aontais chun cúltaiscí fuinnimh na hEorpa a mhéadú.

Fuinneamh a cheannach le chéile

Billí a laghdú do theaghlaigh agus do ghnólachtaí na hEorpa

An chéad fhreagairt chun dul i ngleic le praghsanna arda ná an t-éileamh a laghdú. Is féidir leis sin tionchar a imirt ar phraghsanna leictreachais agus éifeacht shuaimhneach a bheith aige ar an margadh ar an iomlán. Ar bhonn na dtograí ón gCoimisiún, tháinig na Ballstáit ar chomhaontú i leith na nithe seo a leanas;

  • sprioc chun an t-éileamh foriomlán ar leictreachas a laghdú faoi 10%
  • oibleagáid chun laghdú 5% a dhéanamh ar an éileamh le linn le linn uaireanta buaicphraghais

Tríd an éileamh ar leictreachas a laghdú 5% ag buaic-amanna, déanfaimid úsáid an gháis le haghaidh cumhachta a laghdú tuairim agus 4% sa gheimhreadh agus laghdóimid an brú ar phraghsanna.

Caidhp a chur ar an ioncam a fhaigheann lucht ginte cumhachta ísealchostais

Tá táirgeoirí leictreachais fo-imeallacha ag déanamh brabús an-ard sa tréimhse seo, toisc gur ardaigh praghas mórdhíola an leictreachais de bharr na bpraghsanna arda ar ghás, ach gur fhan na costais ghinte ag leibhéal íseal lena linn sin. Dá réir sin, mhol an Coimisiún caidhp ioncaim shealadach €180 san Aontas in aghaidh an MWh a chur ar leictreachas a ghintear leis na teicneolaíochtaí sin: an ghiniúint núicléach, an ghiniúint ó lignít agus ó fhoinsí in-athnuaite, chomh maith le cineálacha eile.
Baileoidh na Ballstáit aon ioncam os cionn an leibhéil sin agus atreorófar é chuig tomhaltóirí fuinnimh chun tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú.

Ranníocaíocht dlúthpháirtíochta ó chuideachtaí breoslaí iontaise

Tá brabús ollmhór déanta ag cuideachtaí ola, gáis, guail agus scaglainne le roinnt míonna anuas, agus ba é ba chúis leis sin, den chuid is mó, an suaitheadh a bhain do na margaí fuinnimh de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin, seachas cinntí gnó nó infheistíochtaí. Ní dhéanann na bearta a luaitear thuas aon difear do na cuideachtaí sin. Ar mhaithe leis an dlúthpháirtíocht agus leis an gcothroime, ní mór do na foinsí fuinnimh uile cuidiú maolú a dhéanamh ar an tionchar a d’imir praghsanna arda ar bhillí na gcustaiméirí. Chun é sin a bhaint amach, mhol an Coimisiún ranníocaíocht shealadach dlúthpháirtíochta ar bharrachas brabúis a ghintear ó ghníomhaíochtaí in earnálacha na mbreoslaí iontaise in 2022.

Dlúthpháirtíocht an Aontais a neartú

Is í an dlúthpháirtíocht bunchloch an Aontais agus is bunús í d’éifeachtacht a ghníomhaíochta. Cúig bliana tar éis chomhaontú an Rialacháin maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis, níl ach 6 chomhaontú dlúthpháirtíochta dhéthaobhacha sínithe idir Ballstáit, as 40 cinn a d’fhéadfaí a shíniú. Tá sé sin rómhall, agus mhol an Coimisiún rialacha réamhshocraithe a leagan síos maidir leis an dlúthpháirtíocht, rud a chinnteoidh, sa chás go bhfuil Ballstát i ngleic le héigeandáil, go bhfaighidh sé gás ó na Ballstáit eile mar mhalairt ar chúiteamh cóir.

An oibleagáid dlúthpháirtíocht a sholáthar, déanfar í a leathnú chuig Ballstáit nach bhfuil saoráidí GNL acu ar choinníoll gur féidir an gás a iompar chuig an mBallstát ina bhfuil gá leis.

Infheistiú a dhéanamh i mbonneagar

An méid atá bainte amach

Tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh agus do ghnólachtaí: Samplaí a bhí ann le déanaí

  • Faoi rialacha an Aontais maidir le Státchabhair, d’fhormheas an Coimisiún scéim de chuid na Polainne chun cúiteamh páirteach a thabhairt do chuideachtaí dianfhuinnimh as praghsanna leictreachais níos airde de dheasca costais astaíochtaí indíreacha.
  • D’fhormheas an Coimisiún beart de chuid na Spáinne dar luach €220 milliún chun tacú le Cobra Instalaciones y Servicios, S.A. chun hidrigin in-athnuaite a tháirgeadh. Rannchuidíonn an beart sin le Straitéis Hidrigine an Aontais agus spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, agus san am céanna cuidíonn sé chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a laghdú agus dlús a chur leis an aistriú glas i gcomhréir le plean REPowerEU.
  • Faoi rialacha an Aontais maidir le Státchabhair, d’fhormheas an Coimisiún sásra acmhainneachta de chuid na Fionlainne dar luach €150 milliún chun slándáil an tsoláthair leictreachais a chosaint san Fhionlainn. Cuideoidh an beart freisin astaíochtaí CO2 a laghdú in earnáil an leictreachais, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, agus rannchuideoidh sé le cuspóirí an Phlean REPowerEU chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú.

Gníomhaíochtaí coigilte fuinnimh: Do chion a dhéanamh

Gníomhaíochtaí coigilte fuinnimh – amlíne

  1. 22 Samhain 2022

    Ionstraim nua molta ag an gCoimisiún chun teorainn a chur le méaduithe iomarcacha ar phraghsanna gáis

  2. 30 Meán Fómhair 2022

    Comhaontú na nAirí Fuinnimh i ndáil leis an Rialachán maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh

  3. 14 Meán Fómhair 2022

    Mhol an Coimisiún rialachán nua éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda gáis san Aontas agus chun slándáil an tsoláthair a chinntiú an geimhreadh seo.

  4. 26 Iúil 2022

    Comhaontú na nAirí Fuinnimh i ndáil leis an Rialachán maidir le bearta comhordaithe chun an t-éileamh ar ghás a laghdú

  5. 20 Iúil 2022

    Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le bearta comhordaithe chun éileamh a laghdú le haghaidh gáis agus Teachtaireacht dar teideal ‘Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte’

  6. 27 Meitheamh 2022

    Glacadh an Rialacháin maidir le Stóráil Gáis

  7. 18 Bealtaine 2022

    Chuir an Coimisiún plean REPowerEU i láthair

  8. 23 Márta 2022

    Togra ón gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis agus Teachtaireacht dar teideal ‘Slándáil an tsoláthair agus praghsanna fuinnimh inacmhainne’

  9. 8 Márta 2022

    Teachtaireacht ‘REPowerEU: joint EU action for more affordable, secure and sustainable energy’ [‘Comhghníomhaíocht an Aontais ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláinte agus níos inbhuanaithe’]

  10. 13 Deireadh Fómhair 2021

    Teachtaireacht dar teideal ‘Tackling rising energy prices: a toolbox for action and support’ [‘Dul i ngleic le praghsanna fuinnimh méadaitheacha: bosca uirlisí don ghníomhaíocht agus don tacaíocht’]

Doiciméid

 

18 DEIREADH FÓMHAIR 2022
Factsheet on EU’s response to the high energy prices and security of supply
English
(HTML)
Íoslódáil

 

18 DEIREADH FÓMHAIR 2022
Factsheet - Energy Emergency: preparing, purchasing and protecting the EU together
English
(5.95 KB - HTML)
Íoslódáil

 

14 MEÁN FÓMHAIR 2022
Emergency Intervention
English
(5.95 KB - HTML)
Íoslódáil

 

18 BEALTAINE 2022
Factsheet on the International Energy Strategy
English
(5.95 KB - HTML)
Íoslódáil

 

18 BEALTAINE 2022
Factsheet on Energy Savings
English
(5.95 KB - HTML)
Íoslódáil

 

18 BEALTAINE 2022
Factsheet on Clean Energy
English
(5.95 KB - HTML)
Íoslódáil

 

13 DEIREADH FÓMHAIR 2021
Tackling rising energy prices: A toolbox for action and support
English
(5.95 KB - HTML)
Íoslódáil

 

18 DEIREADH FÓMHAIR 2022
EU Energy Market and Energy Prices
English
(5.95 KB - HTML)
Íoslódáil