Tá gá práinneach le hathchóiriú
Tá úsáid neamh-inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha atá ag an Aontas, go háirithe díghrádú agus truailliú na n-ithreacha, ar cheann de na cúiseanna is mó leis na géarchéimeanna aeráide agus bithéagsúlachta. Chosain sí na mílte saolta agus na billiúin euro orainn cheana féin.
Tá na triomaigh, na falscaithe, an ganntanas uisce agus rioscaí tuilte ag dul i méad go gasta agus ag cruthú tubaistí cheana féin i dtrí cheathrú de thíortha na hEorpa.
Bíonn feirmeoirí agus iascairí thíos le caillteanais barr mar gheall ar dhíghrádú an chomhshaoil, ar thriomaigh, ar theaspaigh, ar thuilte agus ar lotnaidí nua. Ach cosnaíonn na rudaí sin ar shaoránaigh freisin toisc go méadaíonn siad praghsanna an bhia.
Tá an Coimisiún Eorpach ag moladh bearta a gcinnteofar leo, de bharr a dtairbhí fadtéarmacha eacnamaíocha, sóisialta, sláinte agus comhshaoil, úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha an Aontais
Is acmhainn nádúrtha bheo ríthábhachtach í an ithir atá riachtanach don chomhshaol, don gheilleagar agus don tsochaí. Is acmhainn nádúrtha do-athnuaite í, ina mbíonn na céadta mílte speiceas ag idirghabháil agus ag obair le chéile. Soláthraíonn na hithreacha flúirse seirbhísí éiceachórais a mbímid ag brath orthu chun tubaistí a chosc, chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus chun deimhin a dhéanamh den soláthar bia.
Leis an dlí maidir le monatóireacht ar ithreacha atá á mholadh, tá sé i gceist ag an gCoimisiún an tAontas a chur ar chonair chuig ithreacha sláintiúla faoi 2050, trí shonraí maidir le sláinte na n-ithreacha a bhailiú agus a chur ar fáil d’fheirmeoirí agus do bhainisteoirí ithreach eile. Leis an togra seo:
- tugtar sainmhíniú coiteann soiléir ar shláinte na hithreach
- cuirtear creat monatóireachta láidir comhleanúnach ar bun
- déanfar gnáthchleachtas de bhainistíocht inbhuanaithe na n-ithreacha
- cuirtear d’iallach ar na Ballstáit láithreáin a d’fhéadfadh a bheith éillithe a shainaithint agus a imscrúdú agus aghaidh a thabhairt ar rioscaí do-ghlactha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol
Le sonraí níos fearr maidir le hithreacha, is féidir:
- tacú leis an nuálaíocht agus le réitigh theicneolaíocha agus eagraíochtúla i gcleachtais feirmeoireachta
- feabhas a chur ar an tuiscint atá againn ar threochtaí maidir le triomaigh, coinneáil uisce agus creimeadh, chun cosc agus bainistiú na dtubaistí a neartú
- deiseanna nua gnó, nuálaíochta agus fostaíochta a sholáthar d’fheirmeoirí agus do bhainisteoirí talún
Is féidir le teicneolaíochtaí nua cabhrú le hathléimneacht na talmhaíochta agus na talún foraoise araon a threisiú agus barra a chosaint ar éifeachtaí an athraithe aeráide, chailliúint na bithéagsúlachta agus dhíghrádú an chomhshaoil. Is uirlisí nuálacha iad Teicnící Géanómaíocha Nua (TGNanna) a chuidíonn le hinbhuanaitheacht agus athléimneacht ár gcórais bhia a mhéadú.
Cuireann siad ar ár gcumas dúinn cineálacha plandaí feabhsaithe a fhorbairt a bhíonn athléimneach ó thaobh aeráide de, a bhíonn frithsheasmhach in aghaidh lotnaidí, a dteastaíonn níos lú leasachán agus lotnaidicídí uathu agus a chinntíonn táirgeacht níos airde. Cuidíonn sin linn úsáid na lotnaidicídí ceimiceacha agus na rioscaí a bhaineann leo sin a laghdú ina leath, agus spleáchas an Aontais ar iompórtálacha talmhaíochta a laghdú.
Cad is Teicníc Ghéanómaíoch Nua ann?
Is éard atá i dTeicnící Géanómaíocha Nua teicnící a chuidíonn le cineálacha nua plandaí a phórú níos gasta agus ar bhealach níos beaichte ná mar is féidir le teicnící póraithe traidisiúnta, ar nós roghnú síolta nó an crosphórú. Is féidir éagsúlacht fhairsing de tháirgí plandaí a chruthú le TGNanna. Is féidir nach mbeidh ach athruithe beaga ar na plandaí sin a d’fhéadfadh tarlú sa dúlra nó trí phórú traidisiúnta freisin, nó is féidir go mbeidh modhnuithe níos casta i gceist.
Leis na rialacha nua, tá sé i gceist ag an gCoimisiún Eorpach ardleibhéal cosanta a dheimhniú don tslainte agus don chomhshaol, cur leis an inbhuanaitheacht i raon leathan speiceas plandaí, agus deiseanna taighde agus nuálaíochta a chruthú.
Leis an togra seo:
- leagtar síos dhá chatagóir plandaí a fhaightear ó TGNanna – plandaí atá inchurtha le hathruithe a tharlaíonn go nádúrtha, agus plandaí a bhfuil modhnaithe níos casta déanta orthu
- tugtar dreasachtaí chun forbairt na bplandaí a stiúradh chun tacú le spriocanna inbhuanaitheachta
- déantar deimhin den trédhearcacht maidir le gach planda TGN ar mhargadh an Aontais (mar shampla, trí shíolta a lipéadú)
- déantar foráil le haghaidh monatóireacht láidir ar thionchair eacnamaíocha, chomhshaoil agus shóisialta na dtáirgí TGN
Tuilleadh eolais faoi theicnící nua sa bhith-theicneolaíocht
Ábhar atáirgthe plandaí agus foraoise a fheabhsú
Is í earnáil síolta na hEorpa an t-easpórtálaí is mó i margadh domhanda na síolta.
Úsáidtear ábhar atáirgthe plandaí chun plandaí eile a atáirgeadh (síolta, gearrtháin, fréamhacha, tiúbair, etc.). Ar an taobh eile, is é atá i gceist le hábhar atáirgthe foraoise ná síolta, plandaí, agus codanna de speicis crann a úsáidtear chun foraoisí nua a chruthú agus chun crainn a phlandú. Tá sé tábhachtach go mbeidh an reachtaíocht bord ar bhord le héabhlóid na heolaíochta.
Leis an rialachán atá beartaithe, is mian leis an gCoimisiún feabhas a chur ar éagsúlacht agus cáilíocht na síolta, na ngearrthán agus ábhar atáirgthe plandaí eile. Is amhlaidh a dhéanfar deimhin de bharra seasmhacha agus de shíolta a bheidh in oiriúint do bhrúnna an athraithe aeráide, a chaomhnófar éagsúlacht ghéiniteach na mbarr saothraithe leo, agus a chuirfear le deimhneacht an tsoláthair bia.
Maidir leis na hábhair atáirgthe foraoise, beidh na rialacha nua ina gcabhair lena chinntiú go gcuirfear an crann ceart san áit cheart ionas go mbeidh na foraoisí in oiriúint níos fearr don athrú aeráide.
Tuilleadh eolais maidir le hábhair atáirgthe plandaí agus foraoise
Dramhaíl bhia agus teicstíle a laghdú
Is rud é laghdú na dramhaíola bia agus teicstíle a fhéadfaidh cuidiú le húsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní nádúrtha agus le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó na hearnálacha sin a laghdú a thuilleadh.
Dul i ngleic le cur amú an bhia
Tá an tAontas agus a Bhallstáit tiomanta do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe faoina mbeidh an dramhaíl bhia dhomhanda le laghdú faoina leath ar leibhéal an mhiondíola agus ar leibhéal an tomhaltóra faoi 2030. Chun dlús a chur le dul chun cinn an Aontais, molann an Coimisiún go ndéanfaidh na Ballstáit, faoi 2030, cur amú an bhia a laghdú:
- faoi 10% le linn próiseála agus monaraithe
- faoi 30% (in aghaidh an duine) sa mhiondíol, i mbialanna, i seirbhísí bia agus i dteaghlaigh
Má théitear i ngleic le cur amú an bhia, sábháiltear bia lena ithe ag daoine, cuidítear le gnólachtaí agus le tomhaltóirí airgead a choigilt, agus laghdaítear tionchar tháirgeadh agus thomhaltas an bhia ar an gcomhshaol.
Teicstílí inbhuanaithe agus ciorclacha
Is é tomhaltas teicstílí na hEorpa a imríonn an ceathrú tionchar is mó ar an gcomhshaol agus ar an athrú aeráide, tar éis an bhia, na tithíochta agus na soghluaisteachta. Tá sé ar na trí fhoinse bhrú is mó ar an uisce agus úsáid na talún, agus ar na cúig fhoinse bhrú is mó ó thaobh úsáid na n-amhábhar agus na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa de san Aontas.
Chun dul i ngleic leis an dramhaíl teicstíle, tá rialacha á moladh ag an gCoimisiún le freagracht ar chur ar na táirgeoirí as saolré iomlán na dtáirgí teicstíle agus le tacú le bainistiú inbhuanaithe na dramhaíola teicstíle ar fud an Aontais:
- tabharfar scéimeanna Freagrachta Leathnaithe Táirgeora isteach i gcomhair na dteicstílí i ngach Ballstát den Aontas, sa chaoi go mbeidh na táirgeoirí ag clúdach costais bainistithe na dramhaíola teicstíle
- éascófar cur chun feidhme an cheanglais teicstílí a bhailiú ar leithligh ó 2025 do na Ballstáit
- cuirfear taighde agus forbairt chun cinn maidir le teicneolaíochtaí nuálacha ar son chiorclaíocht earnáil na dteicstílí chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb easpórtálacha neamhdhleathacha na dramhaíola teicstíle chuig tíortha nach bhfuil acmhainneacht mhaith acu í a bhainistiú
Trí infhaighteacht na dteicstílí úsáidte a mhéadú, meastar go gcruthófar poist áitiúla agus go sábhálfaidh tomhaltóirí airgead san Aontas agus níos faide i gcéin, agus go laghdófar an tionchar a bhíonn ag táirgeadh na dteicstílí ar acmhainní nádúrtha san am céanna.
Tuilleadh eolais faoi theicstílí inbhuanaithe agus ciorclacha