Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Idirphlé Straitéiseach maidir le todhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach

Tá feirmeoirí ríthábhachtach don am i láthair agus don todhchaí

A bhuí le hearnáil agraibhia na hEorpa, tá rochtain ag 450 milliún duine ar bhia sábháilte sláintiúil inacmhainne.

Is iad feirmeoirí an Aontais cnámh droma neamhspleáchas bia na hEorpa, agus cuireann siad go mór le poist agus le fás inbhuanaithe i gceantair thuaithe. Tá siad ag cur go mór lenár n-aistriú glas comhchoiteann. Ag an am céanna tá dúshláin rompu, amhail an t-athrú aeráide agus margadh domhanda iomaíoch. Léirigh siad athléimneacht iontach le linn paindéime, géarchéim fuinnimh, iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus boilsciú ard.

Portrait of Ursula von der Leyen, President of the European Commission

Ní mór dúinn oibriú i gcomhar leis na fir agus na mná i bhfeirmeoireacht an Aontais chun ár soláthar bia a chinntiú don todhchaí. Tá méadú ag teacht ar na dúshláin atá roimh ár bhfeirmeoirí: is é sin an fáth ar mian linn idirphlé straitéiseach a sheoladh maidir le todhchaí na talmhaíochta san Aontas. Táim lánchinnte gur féidir leis an talmhaíocht agus le cosaint an domhain nádúrtha a bheith fite fuaite ina chéile. Tá an dá rud ag teastáil uainn.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Staid an Aontais 2023
An táirgiúlacht,
tá sí faoi bhrú mór de bharr an athraithe aeráide agus na drochaimsire
Níos mó ná 17 mhilliún duine,
sin é líon na ndaoine atá ag obair in earnáil na talmhaíochta
57 mbliana d’aois,
sin é meánaois na bhfeirmeoirí san Aontas

Seoladh an Idirphlé Straitéisigh

Ceapadh an tOllamh Peter Strohschneider mar chathaoirleach ar an Idirphlé, bunaithe ar a thaithí dhomhain fhada go háirithe mar chathaoirleach ar an gCoimisiún um Thodhchaí na Talmhaíochta de chuid rialtas Cónaidhme na Gearmáine.

Tionóladh an chéad chruinniú den Idirphlé Straitéiseach maidir leis an Talmhaíocht an 25 Eanáir 2024.

Dátaí na seisiún iomlánach:

  1. Seisiún iomlánach 1
    25 Eanáir
  2. Seisiún iomlánach 2
    11-12 Márta
  3. Seisiún iomlánach 3
    22-23 Aibreán
  4. Seisiún iomlánach 4
    11-12 Meitheamh
  5. Seisiún iomlánach 5
    9-10 Iúil

Tuarascáil le foilsiú faoi Shamhradh 2024

Cuspóir an Idirphlé

Tá an tIdirphlé ríthábhachtach chun comhthuiscint a fhorbairt ar chóras feirmeoireachta agus bia an Aontais amach anseo. Tugtar aghaidh ann ar na dúshláin agus ar na deiseanna seo a leanas:

  • An dóigh ar féidir linn ionchais níos fearr a thabhairt dár bhfeirmeoirí agus do na pobail tuaithe ina bhfuil cónaí orthu, caighdeán cóir maireachtála san áireamh
  • An dóigh ar féidir linn tacú leis an talmhaíocht laistigh de shrianta an phláinéid agus a éiceachórais
  • An dóigh ar féidir linn leas níos fearr a bhaint as na deiseanna ollmhóra a chuireann an t-eolas agus an nuálaíocht theicneolaíoch ar fáil
  • An dóigh ar féidir linn todhchaí gheal rathúil a chur chun cinn do chóras bia na hEorpa i ndomhan iomaíoch

Deis atá san Idirphlé chun éisteacht le dearcthaí, uaillmhianta, ábhair imní agus réitigh na bhfeirmeoirí agus na bpríomhpháirtithe leasmhara eile ó gach cearn den slabhra agraibhia, agus é d’aidhm aige teacht ar chomhthuiscint do thodhchaí earnáil agraibhia an Aontais.

An méid atá ar siúl ag an Aontas Eorpach maidir leis an talmhaíocht