Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Caidreamh leis an Ombudsman Eorpach

Is féidir leis an Ombudsman Eorpach gearáin a ghlacadh agus a scrúdú maidir le haon chás ina mbraitear go ndearna institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais Eorpaigh drochriarachán. Tá neamhspleáchas iomlán ag an Ombudsman agus díríonn sé ar an dea-riarachán a chur chun cinn. Tionscnaíonn an tOmbudsman fiosrúcháin, aon uair is gá. Bíonn an Coimisiún i dteagmháil go laethúil leis an Ombudsman agus is tábhachtach leis caidreamh fónta a bheith aige leis an Ombudsman, ar mhaithe le leas na saoránach.

An tOmbudsman Eorpach agus an Coimisiún

Is leis an gCoimisiún a bhaineann dhá thrian, nó mar sin, de na fiosrúcháin a dhéanann an tOmbudsman Eorpach (59.7%, nó 274 fhiosrúchán, in 2019), ó tharla gurb é an Coimisiún an institiúid is mó a bhíonn i dteagmháil dhíreach le saoránaigh.

Commission and other institutions

Fíor 1. Na hinstitiúidí lena mbaineann

Gach bliain, aontaíonn an Coimisiún le tuairim is trí cheathrú (75% in 2019, mar shampla) den mhéid a mholann an tOmbudsman Eorpach (moltaí maidir le réitigh, moltaí maidir le feabhsuithe agus sainmholtaí).

Agreement Ombudsman

Fíor 2. A mhéid a aontaítear le moltaí an Ombudsman

In 2019, bhí líon iomlán 118 moladh ann maidir le réitigh agus i dtaca le feabhsúcháin agus moltaí, agus bhain 71 cheann díobh leis an gCoimisiún agus thug an Coimisiún freagra sásúil ar 53 cinn díobh.

  • ‘Moltaí maidir le réitigh’: As 10 gcinn ar an iomlán, bhain 5 cinn díobh leis an gCoimisiún agus thug an Coimisiún freagra sásúil ar 2 cheann díobh.
  • ‘Moltaí maidir le feabhsúcháin’: As 83 cinn ar an iomlán, bhain 53 cinn díobh leis an gCoimisiún agus thug an Coimisiún freagra sásúil ar 48 gcinn díobh.
  • ‘Moltaí’: As 25 cinn ar an iomlán, bhain 13 cinn díobh leis an gCoimisiún agus thug an Coimisiún freagra sásúil ar 3 cinn díobh.

Cinneadh nárbh ann d’aon drochriarachán, is é sin a dhéantar i 95 % de na cásanna a fhiosraítear, agus is ceann de dhá chúis a thugann gurb amhlaidh a chinntear: mar nach ndearnadh aon drochriarachán nó mar gur thángthas ar réiteach sásúil.

complaints

Fíor 3. Cásanna inar cinneadh gurbh ann do dhrochriarachán

An dea-riarachán a chur chun cinn

Déanann an Coimisiún gach a dtig leis chun a chinntiú go mbeidh an dea-riarachán ann. I dtromlach mór na gcásanna, tar éis fiosrúchán dúthrachtach a chur i gcrích, dúnann an tOmbudsman an fiosrúcháin gan a chinneadh go ndearna an Coimisiún aon drochriarachán.

I bhformhór na gcásanna ina n-eisíonn an tOmbudsman moltaí maidir le réitigh nó i dtaca le feabhsúcháin, cuireann an Coimisiún na moltaí sin i bhfeidhm.

I roinnt cásanna, áfach, ní fhéadann an Coimisiún feidhm a thabhairt don mholadh, ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail nó i gcás nach n-aontaíonn sé leis. Sna cásanna sin, míníonn an Coimisiún an chúis a bhí leis an dóigh ar ghníomhaigh sé.

An scéala is déanaí:

Sa tuarascáil bhliantúil is déanaí ‘Rudaí a chur ina gCeart’, a foilsíodh i mí na Nollag 2020, luaigh an tOmbudsman roinnt ‘cásanna eiseamláireacha’ a bhaineann leis an gCoimisiún ar a raibh toradh dearfach.

  • An fiosrúchán maidir leis an gcaoi ar láimhseáil an Coimisiún líomhaintí maidir le sáruithe ar chearta an duine in ionad cúraim do dhaoine atá faoi mhíchumas san Ungáir a chómhaoinigh an tAontas.
  • An fiosrúchán maidir le ceapachán an iar-Ard-Rúnaí.
  • An fiosrúchán maidir leis an gcinneadh ón gCoimisiún cistí a aisghabháil ó chuideachta a ghlac páirt i dtionscadal a mhaoinigh an tAontas Eorpach sa Namaib.
  • An fiosrúcháin féintionscnaimh maidir leis an gcaoi a ndéanann an Coimisiún cásanna ‘doirse imrothlacha’ a bhainistiú i measc a bhall foirne.
  • An tionscnamh straitéiseach maidir le trédhearcacht na caibidlíochta faoi BREXIT idir an Coimisiún agus an Ríocht Aontaithe

Gradam Dea-Riaracháin an Ombudsman Eorpaigh

Tá d’aidhm leis an nGradam aitheantas a thabhairt do thionscnaimh, do thionscadail agus do chineálacha eile oibre de chuid institiúidí, gníomhaireachtaí, oifigí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh a imríonn tionchar díreach follas ar shaol daoine san Eoraip agus lasmuigh di.

Is é an Coimisiún Eorpach a bhain an príomhghradam in 2017 agus in 2019, as ucht tionscadail dá chuid i réimse na sláinte (comhoibriú Eorpach chun cuidiú le hothair a bhfuil galair neamhchoitianta orthu) agus i réimse an chomhshaoil (laghdú ar an truailliú ó phlaisteach agus méadú ar an bhfeasacht faoi phlaistigh aon úsáide). Chomh maith leis sin, ghnóthaigh an Coimisiún Eorpach roinnt gradam i bhfochatagóirí éagsúla (ceithre ghradam in 2017 agus triúr in 2019).

Tuilleadh eolais:

Tagairtí dlí

An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh:

  • Sainítear “an ceart chun dea-riaracháin” in Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh: ‘Tá ag gach duine an ceart go ndéanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a ghnóthaí nó a gnóthaí a láimhseáil go neamhchlaon, go cóir agus laistigh de thréimhse réasúnta.’
  • Foráiltear le hAirteagal 43 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go bhfuil ‘ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát an ceart chun cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, seachas Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ag gníomhú di ina cáil bhreithiúnach, a tharchur chuig an Ombudsman Eorpach’.

Rialachán (CE) 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin

Tuarascálacha an Ombudsman Eorpaigh:

An láimhseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta

Naisc ghaolmhara