Page contents Page contents Sainmhíniú ar sheirbhísí leasa ghinearáltaIs éard is seirbhísí leasa ghinearálta ann ná seirbhísí arna n-aicmiú ag údaráis phoiblí an Bhallstáit mar sheirbhísí a bhfuil leas ginearálta leo agus atá, dá bhrí sin, faoi réir oibleagáidí sonracha seirbhíse poiblí. Is féidir seirbhísí a chuireann an stát nó an earnáil phríobháideach a bheith i gceist leo.Is samplaí de sheirbhísí leasa ghinearálta iad seo a leanas: iompar poiblí, seirbhísí poist agus cúram sláinte.CatagóiríTá trí chatagóir de sheirbhísí leasa ghinearálta ann, mar atá seirbhísí eacnamaíocha, seirbhísí neamh-eacnamaíocha agus seirbhísí sóisialta.Seirbhísí ar mhaithe leis an leas ginearálta eacnamaíoch, is é sin seirbhísí bunúsacha a dhéantar ar íocaíocht, e.g. seirbhísí poist. Tá na seirbhísí sin faoi réir rialacha Eorpacha maidir leis na margadh inmheánach agus an iomaíocht. Is féidir maoluithe ar na rialacha sin a bheith ann, nuair is gá sin chun rochtain na saoránach ar sheirbhísí bunúsacha a chosaint.Seirbhísí neamh-eacnamaíocha, amhail na póilíní, an córas ceartais agus scéimeanna reachtacha slándála sóisialta, nach bhfuil faoi réir reachtaíocht Eorpach ar leith ná rialacha maidir leis an margadh inmheánach agus iomaíocht.Seirbhísí sóisialta ar mhaithe leis an leas ginearálta, is é sin na cinn a riarann ar riachtanais na saoránach leochaileach, agus atá bunaithe ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta agus ar phrionsabal na rochtana comhionainne. Is féidir seirbhísí eacnamaíocha nó seirbhísí neamh-eacnamaíocha a bheith ann. Samplaí de sheirbhísí den sórt sin is ea scéimeanna slándála sóisialta, seirbhísí fostaíochta agus tithíocht shóisialta.Gníomhú an AontaisIn 2011, ghlac an tAontas Eorpach an Creat Cáilíochta le haghaidh Seirbhísí Leasa Ghinearálta (SGI) san Aontas. Déanann an SGI an méid seo:soiléiriú ar an gcaoi a gcuirtear rialacha an Aontais i bhfeidhm i leith seirbhísí bunúsacha, agus ar na leasuithe atá déanta ar na rialacha sin chomh maith, nuair is gá, le deimhin a dhéanamh de go riartar ar riachtanais shonracharochtain ar sheirbhísí bhunriachtanacha a chinntiú do na saoránaigh go léirardcháilíocht a chur chun cinn i réimse na seirbhísí sóisialta agus béim a leagan ar rudaí atá bainte amach agus ina n-eiseamláirí ag seirbhísí bunúsacha eileIna theannta sin, rinneadh nuachóiriú ar na rialacha Eorpacha maidir le soláthar poiblí freisin, agus tugadh isteach reachtaíocht a shoiléiríonn an dóigh ar ceart rialacha státchabhrach a chur i bhfeidhm ar sheirbhísí leasa ghinearálta eacnamaíoch.Ceist agat faoi dhlí an Aontais maidir le seirbhísí bunúsacha?Mura bhfuil tú in ann teacht ar fhreagra do cheiste sa treoir, is féidir leat scríobh chuig an gCoimisiún Eorpach tríd an tseirbhís idirghníomhach eolais.Is féidir leis an gCoimisiún freagra a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann le dlí an Aontais sa réimse seo. Féach, áfach, nach féidir leis an gCoimisiún:anailísiú a dhéanamh ar chásanna aonairléirmhíniú foirmiúil a thabhairt ar dhlí an Aontais i ndáil le cás ar leithcomhairle dlí a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann leis an dlí náisiúntacomhairle a thabhairt ar an gcaoi le glaonna ar thairiscintí nó conarthaí a leagan amach Documents 24 EANÁIR 2017Quality Framework for Services of General Interest (SGI) in the EU 24 EANÁIR 2017Guide on Services of General Economic Interest Naisc ghaolmhara LamháltaisSeirbhísí digiteachaIomparIomaíochtTomhaltóiríSeirbhísí sóisialta leasa ghinearáltaReachtaíocht maidir le státchabhair i ndáil le seirbhísí ar mhaithe leis an leas ginearálta eacnamaíoch (SGEI)Creat Cáilíochta le haghaidh Seirbhísí Leasa Ghinearálta (SGI) san Aontas Eorpach
Reachtaíocht maidir le státchabhair i ndáil le seirbhísí ar mhaithe leis an leas ginearálta eacnamaíoch (SGEI)