Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh An 23 Feabhra 2022 chuir an Coimisiún Eorpach an dara grinnanailís ar spleáchais straitéiseacha na hEorpa i láthair. Dírítear san anailís sin ar chúig réimse ina mbíonn an Eoraip ag brath níos mó agus níos mó ar thríú tíortha, agus is é is aidhm don anailís tuiscint níos fearr a fhorbairt maidir leis na rioscaí agus leis na deiseanna chun aghaidh a thabhairt ar na spleáchais sin. Tearc-chré agus maignéisiam Amhábhair chriticiúla, amhail tearc-chré agus maignéisiam, is iad is bonn le réimse príomhtháirgí agus príomhtheicneolaíochtaí a thacóidh le cumas an Aontais astaíochtaí carbóin a laghdú. Is ionchur ríthábhachtach iad na maighnéid bhuana tearc-chré do na feithiclí leictreacha agus do na tuirbíní gaoithe. Is ábhar cóimhiotalaithe tábhachtach é maignéisiam, mar shampla i dtáirgeadh alúmanaim, agus tá ról tábhachtach aige chun ídiú breosla agus astaíochtaí CO2 soghluaisteachta a laghdú. Na príomh-shaincheisteanna Tá an tAontas ag brath go mór ar an tSín chun rochtain a fháil ar mhaignéisiam agus ar thearc-chré. Déanann an tSín 93% de tháirgeadh domhanda na maighnéad tearc-chré agus 89% de mhaignéisiam. Tá méadú ag teacht ar éileamh an Aontais ar na hamhábhair sin. Faoi 2030, d’fhéadfadh méadú faoi dhó a bheith ann ar riachtanais an Aontais do mhaighnéid bhuana tearc-chré go dtí 40,000 tona in aghaidh na bliana, ó 18,000 tona in 2019. Cad is féidir leis an Aontas a dhéanamh?Tá 14 thionscadal tionsclaíocha sainaitheanta cheana féin ag Comhghuaillíocht Amhábhar na hEorpa chun mianadóireacht tearc-chré a bhaint amach ar fud na hEorpa.Chomh maith leis sin, tá an tAontas ag comhordú iarrachtaí chun táirgeadh maignéisiam san Eoraip a mhéadú, i bhfianaise shrianta an tsoláthair in 2021.Táthar ag fiosrú comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta eile maidir le hamhábhair.Béim níos láidre ar an athchúrsáil agus ar ionadú ábhair. Ceimiceáin Tá táirgí ceimiceacha atá sábháilte agus inbhuanaithe ríthábhachtach do tháirgí agus do theicneolaíochtaí, ó thuirbíní gaoithe go cadhnraí, ó insliú na bhfoirgneamh go cógais leighis. 1.1 milliúnoibrí i dtionscal ceimiceach na hEorpa€543 bhilliúnde láimhdheachas€9.3 billiúnin infheistíochtaí sa taighde agus sa nuálaíocht Na príomh-shaincheisteanna Tá roinnt spleáchais léirithe ag an Eoraip ar líon teoranta tríú tíortha chun rochtain a fháil ar roinnt ceimiceán. Tá tábhacht straitéiseach ar leith le roinnt acu, amhail iaidín, fluairín, fosfar dearg, ocsaíd litiam agus hiodrocsaíd, dé-ocsaíd mholaibdéineam agus tungstáit. Is easpórtálaithe tábhachtacha iad na tíortha Eoráiseacha (e.g. an Chasacstáin, an Rúis, an tSín) chuig an Aontas le haghaidh na gceimiceán straitéiseach sin a sainaithníodh. Baineann réimse leathan úsáidí deiridh leis na ceimiceáin sin, mar chuid de shlabhraí soláthair agus luacha, e.g. stóráil fuinnimh, táirgeadh bia, táirgeadh leathsheoltóirí a úsáidtear i ngrianphainéil agus táirgeadh ceallraí leictreacha le haghaidh feithiclí. Cad is féidir leis an Aontas a dhéanamh?Ar na bearta a d’fhéadfadh a bheith ann chun neamhspleáchas straitéiseach oscailte a neartú i gcomhthéacs na Straitéise Ceimiceán don Inbhuanaitheacht, tá an méid seo a leanas:Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta nua a fhorbairtInfheistiú i dtáirgeadh inbhuanaithe malartacha san Aontas Eorpach Grianphainéil Tá teicneolaíochtaí fótavoltacha (FV) gréine ar an teicneolaíocht fuinnimh is mó fás ar domhan agus tá ról tábhachtach acu maidir le méideanna leordhóthanacha leictreachais dícharbónaithe a sholáthar. Tá teicneolaíochtaí sonracha FV ríthábhachtach freisin do leasanna spáis agus cosanta an Aontais, mar shampla chun soláthar cumhachta satailíte a ráthú. Na príomh-shaincheisteanna Tá éileamh ollmhór ar ghiniúint grianfhuinnimh de dhíth ar an gComhaontú Glas don Eoraip: tá gá le méadú faoi dheich faoi 2050. Is ceannairí domhanda iad cuideachtaí an Aontais i roinnt deighleoga iartheachtacha den slabhra luacha FV gréine. Mar sin féin, tá spleáchais straitéiseacha thábhachtacha roimh an Aontas sna deighleoga monaraíochta réamhtheachtacha: Is ag an tSín atá 96% de tháirgeadh domhanda na sliseog gréine. 1% de tháirgeadh domhanda na sliseog gréine, 0.4% de ghrianchealla agus 2-3% de mhodúil atá ag cuideachtaí an Aontais. Bhí tionchar tromchúiseach ag imeachtaí a tharla ar fud an domhain le déanaí ar iompórtáil agus ar imscaradh na bpainéal FV gréine san Aontas: Rinneadh 20-25% de thionscadail ghréine an Aontais a chur ar athlá nó a chur ar ceal in 2021. Tionscnamh Gréine na hEorpa, atá faoi threoir phríobháideach, díríonn sé ar mhéadú tháirgeadh fótavoltach bliantúil an Aontais go dtí 20 GW faoi 2025. Cad is féidir leis an Aontas a dhéanamh?D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist le bearta lena bhfuil gá chun táirgeacht an Aontais a mhéadú, go háirithe ar na deighleoga sin a bhfuil an spleáchas is mó orthu:Maoiniú agus tacaíocht chun cabhrú chun go mbeidh teicneolaíochtaí ardfhorbartha agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn ullamh don mhargadhTeorainn a chur leis an spleáchas ar amhábhair chriticiúla áiritheComhar a fhorbairt le comhpháirtithe idirnáisiúnta An Chibearshlándáil Tá an chibearshlándáil ríthábhachtach chun sábháilteacht ár dteicneolaíochta digití, ár soghluaisteachta, ár gcuid fuinnimh agus ár sláinte a chinntiú, agus chun sábháilteacht sa chosaint agus sa spás a chinntiú chomh maith. I ngeall ar an méadú atá ag teacht ar líon na gcibirionsaithe, ní mór don Aontas an chibearshlándáil a neartú agus a leasanna a chosaint. Na príomh-shaincheisteanna Cé gur ceannródaí é an tAontas i dtaighde cibearshlándála domhanda, tá an tAontas chun deiridh ó thaobh na nuálaíochta cibearshlándála agus na n-infheistíochtaí príobháideacha de. Níl ceanncheathrú san Aontas ach ag 14% de na 500 cuideachta cibearshlándála is mó ar domhan. Formhór na gcrua-earraí agus na mbogearraí atá in úsáid faoi láthair san Aontas le haghaidh na cibearchosanta, is sna Stáit Aontaithe a fhorbraítear iad agus is sa tSín a mhonaraítear iad. An formhór de chuideachtaí cibearshlándála an Aontais, is micreachuideachtaí nó cuideachtaí beaga iad a bhíonn ag brath ar thríú páirtithe. Cad is féidir leis an Aontas a dhéanamh?Chun acmhainní cibearshlándála an Aontais a neartú, tá na bearta seo a leanas glactha ag an gCoimisiún:Le Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh don Deacáid Dhigiteach, lena n-áirítear Gníomh Eorpach um an gCibear-Athléimneacht, treiseofar athléimneacht na hEorpa i gcoinne cibearbhagairtíBonneagar cumarsáide candamaí slán a fhorbairt (EuroQCI)An Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála chun acmhainní cibearshlándála an Aontais a threisiúCistiú cibearshlándála tiomnaithe ón gclár don Eoraip Dhigiteach agus ón gclár Fís Eorpach; maoiniú don chibearchosaint ón gCiste Eorpach CosantaGníomhaíocht reachtach an Aontais le haghaidh roinnt teicneolaíochtaí agus táirgí sonracha Bogearraí TF néalríomhaireachta agus imeall-ríomhaireachta Tá bogearraí TF néalríomhaireachta agus imeall-ríomhaireachta ríthábhachtach d’aistriú digiteach na hEorpa. Cuimsíonn sé feidhmchláir agus seirbhísí TF arna n-úsáid ag gnólachtaí ar éileamh agus a leanann samhail ‘íoc in aghaidh na húsáide’, lena n-áirítear na cinn sin is gá chun an bonneagar bunúsach ríomhaireachta a bhainistiú. Na príomh-shaincheisteanna I margadh na dteicneolaíochtaí den chineál sin tá líon teoranta soláthraithe néalríomhaireachta domhanda nach den Aontas iad. D’fhéadfadh rioscaí a bheith ann don Aontas mar thoradh air sin, rioscaí a d’fhéadfadh teacht as cur isteach ar néalseirbhís eachtrach, as éifeacht ghlasála d’úsáideoirí Eorpacha, nó as rochtain neamhdhleathach ar shonraí i gcás ina ndéanfaí reachtaíocht tríú tíortha is infheidhme a chur chun feidhme nó a mhodhnú ar bhealach iomarcach. Is fiú €5.9 billiún margadh néalríomhaireachta na hEorpa. Mhéadaigh a luach faoi thrí idir 2017 agus 2020. Mar sin féin, tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh atá ag soláthraithe néalríomhaireachta an Aontais ó 26% in 2017 go dtí 16% in 2020. Cad is féidir leis an Aontas a dhéanamh?Ar na deiseanna agus na gníomhaíochtaí atá ann chun cumais earnáil néalríomhaireachta na hEorpa a neartú tá an méid seo a leanas:Maoiniú ón gclár don Eoraip Dhigiteach agus ón gclár Fís Eorpach le haghaidh na hintleachta saorga, na sonraí agus na hinniúlachta néalríomhaireachtaAn Chomhghuaillíocht Eorpach um Shonraí Tionsclaíocha, an tImeall agus an NéalAn tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2 Naisc ghaolmhara An chéad ghrinn-athbhreithniú ar réimsí straitéiseacha i ndáil le leasanna na hEorpa
Amhábhair chriticiúla, amhail tearc-chré agus maignéisiam, is iad is bonn le réimse príomhtháirgí agus príomhtheicneolaíochtaí a thacóidh le cumas an Aontais astaíochtaí carbóin a laghdú. Is ionchur ríthábhachtach iad na maighnéid bhuana tearc-chré do na feithiclí leictreacha agus do na tuirbíní gaoithe. Is ábhar cóimhiotalaithe tábhachtach é maignéisiam, mar shampla i dtáirgeadh alúmanaim, agus tá ról tábhachtach aige chun ídiú breosla agus astaíochtaí CO2 soghluaisteachta a laghdú.
Cad is féidir leis an Aontas a dhéanamh?Tá 14 thionscadal tionsclaíocha sainaitheanta cheana féin ag Comhghuaillíocht Amhábhar na hEorpa chun mianadóireacht tearc-chré a bhaint amach ar fud na hEorpa.Chomh maith leis sin, tá an tAontas ag comhordú iarrachtaí chun táirgeadh maignéisiam san Eoraip a mhéadú, i bhfianaise shrianta an tsoláthair in 2021.Táthar ag fiosrú comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta eile maidir le hamhábhair.Béim níos láidre ar an athchúrsáil agus ar ionadú ábhair.
Tá táirgí ceimiceacha atá sábháilte agus inbhuanaithe ríthábhachtach do tháirgí agus do theicneolaíochtaí, ó thuirbíní gaoithe go cadhnraí, ó insliú na bhfoirgneamh go cógais leighis.
Cad is féidir leis an Aontas a dhéanamh?Ar na bearta a d’fhéadfadh a bheith ann chun neamhspleáchas straitéiseach oscailte a neartú i gcomhthéacs na Straitéise Ceimiceán don Inbhuanaitheacht, tá an méid seo a leanas:Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta nua a fhorbairtInfheistiú i dtáirgeadh inbhuanaithe malartacha san Aontas Eorpach
Tá teicneolaíochtaí fótavoltacha (FV) gréine ar an teicneolaíocht fuinnimh is mó fás ar domhan agus tá ról tábhachtach acu maidir le méideanna leordhóthanacha leictreachais dícharbónaithe a sholáthar. Tá teicneolaíochtaí sonracha FV ríthábhachtach freisin do leasanna spáis agus cosanta an Aontais, mar shampla chun soláthar cumhachta satailíte a ráthú.
Cad is féidir leis an Aontas a dhéanamh?D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist le bearta lena bhfuil gá chun táirgeacht an Aontais a mhéadú, go háirithe ar na deighleoga sin a bhfuil an spleáchas is mó orthu:Maoiniú agus tacaíocht chun cabhrú chun go mbeidh teicneolaíochtaí ardfhorbartha agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn ullamh don mhargadhTeorainn a chur leis an spleáchas ar amhábhair chriticiúla áiritheComhar a fhorbairt le comhpháirtithe idirnáisiúnta
Tá an chibearshlándáil ríthábhachtach chun sábháilteacht ár dteicneolaíochta digití, ár soghluaisteachta, ár gcuid fuinnimh agus ár sláinte a chinntiú, agus chun sábháilteacht sa chosaint agus sa spás a chinntiú chomh maith. I ngeall ar an méadú atá ag teacht ar líon na gcibirionsaithe, ní mór don Aontas an chibearshlándáil a neartú agus a leasanna a chosaint.
Cad is féidir leis an Aontas a dhéanamh?Chun acmhainní cibearshlándála an Aontais a neartú, tá na bearta seo a leanas glactha ag an gCoimisiún:Le Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh don Deacáid Dhigiteach, lena n-áirítear Gníomh Eorpach um an gCibear-Athléimneacht, treiseofar athléimneacht na hEorpa i gcoinne cibearbhagairtíBonneagar cumarsáide candamaí slán a fhorbairt (EuroQCI)An Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála chun acmhainní cibearshlándála an Aontais a threisiúCistiú cibearshlándála tiomnaithe ón gclár don Eoraip Dhigiteach agus ón gclár Fís Eorpach; maoiniú don chibearchosaint ón gCiste Eorpach CosantaGníomhaíocht reachtach an Aontais le haghaidh roinnt teicneolaíochtaí agus táirgí sonracha
Tá bogearraí TF néalríomhaireachta agus imeall-ríomhaireachta ríthábhachtach d’aistriú digiteach na hEorpa. Cuimsíonn sé feidhmchláir agus seirbhísí TF arna n-úsáid ag gnólachtaí ar éileamh agus a leanann samhail ‘íoc in aghaidh na húsáide’, lena n-áirítear na cinn sin is gá chun an bonneagar bunúsach ríomhaireachta a bhainistiú.
Cad is féidir leis an Aontas a dhéanamh?Ar na deiseanna agus na gníomhaíochtaí atá ann chun cumais earnáil néalríomhaireachta na hEorpa a neartú tá an méid seo a leanas:Maoiniú ón gclár don Eoraip Dhigiteach agus ón gclár Fís Eorpach le haghaidh na hintleachta saorga, na sonraí agus na hinniúlachta néalríomhaireachtaAn Chomhghuaillíocht Eorpach um Shonraí Tionsclaíocha, an tImeall agus an NéalAn tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2