Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Grinn-athbhreithnithe ar réimsí straitéiseacha i ndáil le leasanna na hEorpa

I gcomhthéacs an nuashonraithe ar an Straitéis maidir le Tionsclaíocht, rinne an Coimisiún Eorpach grinn-athbhreithnithe ar roinnt réimsí a d’fhéadfaí a mheas gur réimsí straitéiseacha iad i ndáil le leasanna na hEorpa. Sna hathbhreithnithe sin déantar anailís ar charachtar na spleáchas straitéiseach a d’fhéadfadh a bheith ann, ar an tionchar a bheadh acu agus ar na freagairtí beartais ábhartha, cuid acu atá ar bun cheana féin. Níor cheart na measúnuithe sin a mheas mar anailís uileghabhálach ar spleáchais straitéiseacha uile an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann, ach mar chéim thosaigh measúnuithe a bhaineann le roinnt réimsí tábhachtacha.

Amhábhair

Ós rud é nach dtáirgeann an tAontas na hamhábhair ar fad a bhfuil gá leo chun an t-éileamh a shásamh, tá iomaíocht dhomhanda roimh thionsclaíocht an Aontais maidir le rochtain ar amhábhair.

Breis agus dhá oiread níos mó
eastóscadh amhábhar
ar an leibhéal domhanda ó bhí 1990 ann
40%
méadú ar chaiteachas
a bhfuiltear ag súil leis faoi 2040

Shainaithin an Coimisiún 30 amhábhar criticiúil ar liosta 2020 na nAmhábhar Criticiúil. Is amhábhair iad sin atá an-tábhachtach ó thaobh an gheilleagair de agus a bhfuil ardriosca soláthair ag baint leo. 

Magnet

Úsáidtear dúil tearc-chré i maighnéid a bhogann gluaisteáin leictreacha agus a chuireann tuirbíní gaoithe ag obair.

led bulb

Baineann gailliam agus indiam le teicneolaíocht na ndé-óidí astaithe solais (LED) i lampaí.

Semiconductor

Úsáidtear miotal sileacóin i leathsheoltóirí.

hydrogen fuel

Teastaíonn miotail de chuid an ghrúpa platanaim i mbreosla-chealla hidrigine agus i leictrealóirí.

Na príomh-shaincheisteanna

click icon

Bíonn roinnt teicneolaíochtaí agus earnálacha straitéiseacha ag brath ar rochtain ar amhábhair chriticiúla 

click icon

Is as tíortha sonracha a thagann an mhórchuid den soláthar domhanda i dtaca le hamhábhar áirithe

    • Is ón tSín a thagann 98% de sholáthar dúl tearc-chré an Aontais
    • Is ó Türkiye a thagann 98% de sholáthar bóráite an Aontais
    • Is ón Afraic Theas a thagann 71% de riachtanais phlatanaim an Aontais
    • Is gnólachtaí aonair a sholáthraíonn haifniam agus strointiam don Aontas
    click icon

    Tá srianta easpórtála maidir le táirgeadh domhanda na n-amhábhar ag dul i méid

    Tá níos mó ná 70% den táirgeadh domhanda i dtaca le cóbalt, dúil tearc-chré agus tungstan faoi réir srianta easpórtála.

    click icon

    Beidh ilmhéadú ar an éileamh ar phríomh-amhábhair i réimsí na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh agus na leictrea-shoghluaisteachta ó 2030 go 2050

    Gníomhaíochtaí eile chun tacú le tionscadail amhábhar

    • Dhá Thionscadal Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) a bhaineann leis an slabhra luacha ceallraí 
    • Deiseanna infheistíochta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
    • €300 milliún le haghaidh taighde agus nuálaíocht maidir le hamhábhair faoin gclár Fís Eorpach
    • Comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta straitéiseacha chun soláthar amhábhar criticiúil atá éagsúlaithe inbhuanaithe a chinntiú
    • Tacú leis an tsamhail ghnó ‘táirge mar sheirbhís’ chun athchúrsáil agus athúsáid amhábhar a dhreasú
    • Amhábhair a rianú leis an teicneolaíocht, ceanglais chomhchuibhithe maidir le sonraí
    • An próiseas ceadaithe a fheabhsú chun intuarthacht a chinntiú agus chun ardchaighdeáin chomhshaoil a choinneáil ar bun
    • Prionsabail maidir le hamhábhair inbhuanaithe san Aontas a fhorbairt

    Comhábhair ghníomhacha chógaisíochta

    Na príomh-shaincheisteanna

    click icon

    Bristeacha a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr chastacht an tslabhra soláthair

    Mar gheall ar an gcastacht a bhaineann le slabhraí soláthair cógaisíochta, tá bristeacha féideartha rompu, bristeacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn feadh an tslabhra soláthair laistigh den Aontas agus lasmuigh de. D’fhéadfadh sé gurb é atá i gceist leo díospóidí trádála, cibirionsaithe, stoc-charnadh neamhchomhordaithe, srianta easpórtála, bristeacha lóistíochta, dúnadh láithreán nó timpistí ar an láthair, mar aon le neamhchomhlíontacht na ndea-chleachtas déantúsaíochta. 

    click icon

    Ard-chomhtháthú na slabhraí soláthair API

    Tá slabhra soláthair na cógaisíochta anois ar cheann de na slabhraí soláthair is comhtháite ar domhan. Go háirithe, tá táirgeadh na gcomhábhar gníomhach cógaisíochta (APInna) cineálach comhchruinnithe go mór i réigiúin áirithe. Ina theannta sin, tá treocht ag dul i méid maidir le táirgeadh na APInna cineálacha a bheith á chomhchruinniú san India agus sa tSín.

    Sciar den luach táirgthe domhanda maidir le APInna cineálacha (2015)

    • 66% i Réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise (an India agus an tSín)
    • 24% san Aontas Eorpach
    • 3% i Meiriceá Thuaidh
    • 7% sa chuid eile den domhan
    click icon

    Ard-chomhchruinniú trádála

    Ní thagann iompórtálacha APInna san Eoraip ach ó líon beag foinsí.

    80%
    de mhéid na n-iompórtálacha API ó chúig thír (an tSín, na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, an Indinéis agus an India) [45% ón tSín]
    80%
    de luach na n-iompórtálacha API ó cheithre thír (an Eilvéis, na Stáit Aontaithe, Singeapór agus an tSín) [30% ón Eilvéis agus ó na Stáit Aontaithe araon]

    Ceallraí litiam (ian litiam)

    Cé go bhfuil teicneolaíochtaí ceallra éagsúla ann, is cuid lárnach den iliomad cineálacha ceallraí é ian litiam mar gheall go bhfuil feidhmíocht níos fearr aige i gcomparáid le teicneolaíochtaí ceallra éagsúla atá aibí agus seanbhunaithe.

    An acmhainneacht táirgthe dhomhanda maidir le cealla ceallraí ian litiam in 2018

    3%
    san Aontas
    66%
    sa tSín
    20%
    sa Chóiré Theas, sa tSeapáin agus i dtíortha eile san Áise

    Na tosca cumasúcháin chun acmhainneacht táirgthe a mhéadú

    energy storage

     

    Is féidir le ceallraí ian litiam 300% níos mó fuinnimh a stóráil i gcomparáid le 1991 Laghdú costais (USD 1100/kWh in 2010 -> USD 156/kWh in 2019)
    graph increase
    Tá tuar ann go dtiocfaidh méadú ar an éileamh domhanda ó 90 gigeavatuair (GWh) in 2016 go 4,000 GWh faoi 2040 Meastar go sroichfidh éileamh na hEorpa 400 GWh faoi 2028

    Na príomh-shaincheisteanna

    click icon

    Is rud lárnach í rochtain ar na hamhábhair ábhartha i dtáirgeadh ceallraí

    Ní tháirgeann an tAontas ach 1% de na hamhábhair ceallraí ar fad. Chun riachtanais na n-earnálacha soghluaisteachta agus stórála fuinnimh a chumhdach, tá an méid seo a leanas de dhíth ar an Aontas:

    • 7-18 n-uaire níos mó litiam faoi 2030
    • 2-5 huaire níos mó cóbailt faoi 2030
    • 16-57 n-uaire níos mó litiam faoi 2050
    • 3-15 huaire níos mó cóbailt faoi 2050
    click icon

    Rochtain ar ábhair agus comhpháirteanna próiseáilte

      • Is ón Áise a thagann 84% d’ábhair agus comhpháirteanna próiseáilte
      • Is ón Aontas Eorpach a thagann 8-9% d’ábhair agus comhpháirteanna próiseáilte
      • Fógraíodh roinnt infheistíochtaí in ábhair ceallraí san Aontas, ach tá infheistíochtaí breise ag teastáil

      Infheistíochtaí foriomlána

      charging station

      Leictrea-shoghluaisteacht

      €60 billiún d’infheistíochtaí i slabhra luacha na leictrea-shoghluaisteachta san Eoraip in 2019 amháin, ar infheistíochtaí príobháideacha iad den chuid is mó

      = 3.5 uair níos mó ná an tSín
      research

      Taighde

      Thart ar €270 milliún ó chláir thaighde an Aontais idir 2019-2020

      €925 mhilliún beartaithe le haghaidh na Comhpháirtíochta Eorpaí nua um Shlabhra Luacha na gCeallraí Tionsclaíocha faoin gclár Fís Eorpach

      Cooperation

      Tionscadal Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI).

      An chéad deontas IPCEI: €3.2 billiún i státchabhair, agus meastar go ndéanfaidh an méid sin €5 bhilliún breise d’infheistíochtaí san earnáil phríobháideach a ghiaráil

      An dara deontas IPCEI: €2.9 billiún i státchabhair, agus meastar go mbeidh €9 mbilliún breise ann d’infheistíochtaí san earnáil phríobháideach

      Tionscnaimh eile atá ar siúl

      • Creat reachtach nua maidir le ceallraí le teacht i bhfeidhm, ar dócha gur in 2022 a thiocfaidh sé i bhfeidhm
      • Athléimneacht shlabhraí luacha na n-amhábhar criticiúil san Aontas a neartú
      • Cur chun feidhme éifeachtach an mhaoinithe ón gclár Fís Eorpach le haghaidh taighde ceallraí a chinntiú
      • Lucht saothair Eorpach a fhorbairt atá oilte in ábhar na gceallraí

      Hidrigin

      Tá réimse leathan feidhmeanna ag hidrigin ar fud na n-éiceachóras, cuir i gcás tionscail cheimiceacha agus scagtha, ach in earnáil na soghluaisteachta, na stórála fuinnimh agus an téimh freisin. Tá ardluach fuinnimh aige in aghaidh an aonaid, rud a fhágann go bhfuil sé oiriúnach d’iompar trom, cuir i gcás. Ní mór é a ‘eastóscadh’ ar dtús áfach ar chostas fuinnimh – ó ghás nádúrtha nó trí leictrealú uisce.

      Méadú spriocdhírithe ar acmhainneacht na leictrealóirí in-athnuaite 

      1 GW
      acmhainneacht leictrealóirí in-athnuaite in 2020
      6 GW
      acmhainneacht leictrealóirí in-athnuaite faoi 2024
      40 GW
      acmhainneacht leictrealóirí in-athnuaite in 2030

      An chonair céim ar chéim i dtreo éiceachóras hidrigine Eorpach

      1. Ón lá inniu go dtí 2024

        Cuirfimid tacaíocht ar fáil chun ar a laghad 6 ghigeavata de leictrealóirí hidrigine inathnuaite a shuiteáil san Aontas agus suas le milliún tonna de hidrigin inathnuaite a tháirgeadh.

      2. 2025 - 2030

        Is gá go mbeidh hidrigin ina dlúthchuid dár gcóras fuinnimh comhtháite, agus go mbeidh ar a laghad 40 gigeavata de leictrealóirí hidrigine inathnuaite san Aontas, sin agus go ndéanfar suas le 10 milliún tonna de hidrigin inathnuaite a tháirgeadh

      3. 2030

        Ó 2030 ar aghaidh, cuirfear hidrigin inathnuaite chun úsáide ar mhórscála i ngach earnáil atá deacair a dhícharbónú

      Na príomh-shaincheisteanna

      click icon

      Soláthairtí móra hidrigine glaine ag teastáil

      Chun na príomhearnálacha a dhícharbónú (cuir i gcás an chruach, ceimiceáin nó an t-iompar trom), tá gá le soláthar mór iontaofa hidrigine glaine. Má tá easpa soláthair hidrigine in-athnuaite agus hidrigine ísealcharbóin sa ghearrthéarma agus easpa bonneagair ann, d’fhéadfadh sé sin moill a chur ar chinntí infheistíochta iartheachtacha.

      • Tá nasc 80-120 GW d’acmhainneacht táirgthe fuinnimh gréine agus gaoithe ag teastáil chun an leictreachas is gá a sholáthar faoi 2030.
      click icon

      Spleáchais ar iompórtálacha amhábhar

      Bíonn an tAontas ag brath ar iompórtálacha amhábhar le haghaidh príomh-chomhpháirteanna a theastaíonn ón ngeilleagar hidrigine (cuir i gcás leictrealóirí agus breosla-chealla).

      • Teastaíonn thart ar 30 amhábhar chun breosla-chealla, leictrealóirí agus teicneolaíochtaí stórála hidrigine a tháirgeadh. Aicmítear 13 cinn acu siúd mar amhábhair chriticiúla.

      Leathsheoltóirí

      An ganntanas a bhí ann i dtionscal na ngluaisteán le déanaí, is léiriú é sin ar na dúshláin atá roimh an Aontas. Is iad slisíní leathsheoltóra bunchlocha gach táirge dhigitigh agus gach seirbhíse digití. Tá siad leabaithe i ngluaisteáin, aerárthaí, trealamh leighis, gutháin phóca, líonraí agus sár-ríomhairí.

      Na príomh-shaincheisteanna

      click icon

      Tá sé níos deacra agus níos costasaí sliseanna ceannródaíocha a tháirgeadh 

      Sa lá atá inniu ann d’fhéadfadh costas chomh hard le €1 bhilliún a bheith ag baint leis na sliseanna is sofaisticiúla a dhearadh agus a fhorbairt. Bíonn suas le €20 billiún d’infheistíocht ag teastáil ó mhonarcha dhéantúsaíochta cheannródaíoch. In 2020 ní raibh ach dhá dhéantúsóir ag táirgeadh na sliseanna is sofaisticiúla: TSMC (an Téaváin) agus Samsung (An Chóiré Theas). 

      click icon

      Spleáchais

      Bíonn an tAontas Eorpach ag brath go mór ar na Stáit Aontaithe ó thaobh uirlisí deartha ginearálta de agus ar an Áise ó thaobh déantúsaíocht sliseanna sofaisticiúla de. 

      click icon

      Cothrom na Féinne

      Déanann teannas geopholaitiúil agus easpa chothrom na Féinne dochar don iomaíocht sa réimse seo. Bíonn fóirdheontais ollmhóra i gceist le forbairt agus déantúsaíocht na sliseanna agus is ag dul i méid atá an treocht sin. 

      click icon

      Is beag lorg leathsheoltóra na hEorpa

      An sciar den ioncam domhanda atá ag an Aontas, tá sé ag thart ar 10% ar an iomlán agus ag thart ar 6% i gcás na ndeighleog a bhaineann leis an ríomhaireacht agus an chumarsáid.

      An néalríomhaireacht agus an imeall-ríomhaireacht

      Cuireann teicneolaíochtaí néil stóráil agus próiseáil sonraí ar fáil, ar seirbhísí ar éileamh, solúbtha agus níos saoire iad. Feidhmíonn siad in ionaid sonraí láraithe, i saoráidí dáilte nó ar ghléasanna nasctha atá gar don úsáideoir (imeall-ríomhaireacht). Neart seirbhísí a úsáideann gnólachtaí, údaráis riaracháin phoiblí agus saoránaigh gach lá, is bunaithe ar an imeall-ríomhaireacht atá siad.

      Deiseanna le haghaidh neamhspleáchas an Aontais

      80%

      Meastar gur ar an imeall a phróiseálfar na sonraí uile a ghintear faoi 2025, agus níl aon ghníomhaí ceannasach margaidh ann faoi láthair

      Computer

      Is deis mhór é an fás láidir i seirbhísí bogearraí le haghaidh soláthraithe Eorpacha chun an seasamh atá acu a dhaingniú

      5g

      Is deis ar leith iad líonraí 5G agus an ríomhaireacht ilnéil (uirlis maolaithe riosca)

      Na príomh-shaincheisteanna

      click icon

      Tá úsáid an néil san Aontas ag dul i méid go han-mhall

      D'ainneoin fás éigin le blianta beaga anuas, tá an úsáid a bhaintear as néalseirbhísí san Aontas fós íseal. De réir shonraí Eurostat, cé go bhfuil feabhas ann i gcomparáid le 2018, níor úsáid ach 36% d’fhiontair an Aontais néalseirbhísí in 2020, agus is le haghaidh seirbhísí simplí a úsáideadh iad den chuid is mó, ar nós ríomhphoist agus stóráil comhad.

      click icon

      Sciar beag den mhargadh ag gníomhaithe an Aontais

      An soláthraí néalríomhaireachta is mó san Aontas, níl aige ach níos lú ná 1% den ioncam iomlán a ghintear sa mhargadh Eorpach. I gcomparáid leis sin, is breis agus 80% den ioncam domhanda in 2021 atá ag na ceithre cheannaire dhomhanda (Amazon Web Services, Microsoft Azure, Google Cloud agus Alibaba Cloud). Mar gheall ar an seasamh atá ag na hollghnólachtaí sa mhargadh agus an scála ar a bhfuil siad ag feidhmiú, is beag luach atá ann d’iomaitheoirí eile dul isteach sa mhargadh agus cuireann sé cosc ar cheannairí Eorpacha teach chun cinn.

      click icon

      Bearna san infheistíocht

      Is measa an scéal sin mar gheall ar bhearna san infheistíocht idir an méid a infheistíonn na Stáit Aontaithe agus an tSín sa néal agus an méid a infheistíonn an tAontas Eorpach ann, bearna a mheastar ag €11 bhilliún in aghaidh na bliana.

      click icon

      Na hábhair imní atá ag úsáideoirí Eorpacha

      I gcleachtas, tá féidearthacht an-teoranta ag úsáideoirí néalríomhaireachta aistriú idir soláthraithe seirbhíse néalríomhaireachta éagsúla, nó fiú ní ann don fhéidearthacht sin ar chor ar bith. Ina theannta sin, cuireann siad na hábhair imní atá acu in iúl maidir le néalseirbhísí eachtracha a úsáid ar chúiseanna a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta, an chibearshlándáil agus ceisteanna faoin dlí is infheidhme.

      Doiciméid

       

      5 BEALTAINE 2021
      Staff working document - Strategic dependencies and capacities
      English
      (3.96 MB - PDF)
      Íoslódáil