Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach: rialacha ar líne nua maidir le hardáin

alt=""

Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus leis an nGníomh um Margaí Digiteacha leagtar síos tagarmharc ard domhanda maidir le rialáil a dhéanamh ar sheirbhísí digiteacha le hoibleagáidí soiléire atá curtha in oiriúint do thábhacht na n-ardán ar líne.

Oibleagáidí soiléire ar gheatóirí ar fud an Aontais Eorpaigh

An bealach a stiúrann geatóirí a gcuid gnóthaí sa lá atá inniu ann, ní dhéantar rialú air den chuid is mó nó is ar thacair rialacha a bhí ann roimh ré an gheilleagair dhigitigh atá sé bunaithe. Is amhlaidh an cás ar fud an Aontais.

Sna rialacháin atá ann faoi láthair, ní dhéileálann na Ballstáit ná an tAontas Eorpach go héifeachtach leis na fadhbanna a bhaineann le geatóirí.

Deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh na n-ardán

Sa lá atá inniu ann, d’fhéadfadh sé go dtabharfadh tionscnaimh reachtacha náisiúnta na mBallstát aghaidh ar chuid de na fadhbanna a sainaithníodh ach d’fhéadfadh sé go mbeadh siad ina gcúis le hilroinnt rialála breise san Aontas Eorpach. D’fhéadfadh sé sin costais chomhlíontachta bhreise a chruthú le haghaidh na n-ardán a oibríonn ar bhonn trasteorann.

Digital growth
Na hathruithe a dhéanann an Gníomh nua um Margaí Digiteacha:
  • Beidh réamheolas ag na geatóirí faoi na hoibleagáidí atá le hurramú acu.
  • Ní bheidh ardáin eile faoi réir na rialacha seo ach beidh siad in ann leas a bhaint as iompair níos cothroime agus gnó á dhéanamh acu leis na geatóirí.
  • Costais chomhlíontachta laghdaithe le haghaidh na ngeatóirí agus a n-úsáideoirí gnó.
The use of Wi-Fi and roaming in train and metro stations, and in public spaces
Na hathruithe a dhéanann an Gníomh nua um Sheirbhísí Digiteacha:
  • Tacar rialacha amháin is infheidhme ar fud an Aontais Eorpaigh
  • Leis na rialacha nua, cuirtear sásraí ar bun ionas gur féidir leis an gCoimisiún agus na Ballstáit a ngníomhaíochtaí a chomhordú agus cur chun feidhme cuí an chreata a chinntiú ar fud an Aontais.

Oibleagáidí struchtúrtha neamhshiméadracha

Sa lá atá inniu ann, bíonn ar úsáideoirí aghaidh a thabhairt ar earraí, seirbhísí nó ábhar neamhdhleathach, agus fágtar na cinntí uile faoi rogha na n-ardán den chuid is mó. Na hardáin atá iompaithe ina spásanna poiblí de shaghas éigin le haghaidh na cumarsáide agus na trádála, is acusan atá an tionchar is mó.

Na hathruithe a dhéanann an Gníomh nua um Sheirbhísí Digiteacha:

  • Bearta in éadan ábhar, earraí agus seirbhísí neamhdhleathacha ar líne, ar nós sásra lena mbeidh úsáideoirí in ann ábhar den chineál sin a chomharthú agus lena mbeidh na hardáin in ann comhoibriú le ‘comharthóirí iontaofa’.
  • Oibleagáidí nua maidir le hinrianaitheacht úsáideoirí gnó i margaí ar líne chun cabhrú le díoltóirí earraí neamhdhleathacha a aithint.
  • Cosaintí éifeachtacha le haghaidh úsáideoirí, cuir i gcás an fhéidearthacht cinntí na n-ardán a cheistiú maidir le modhnóireacht ábhair
  • Bearta fairsinge trédhearcachta le haghaidh ardáin ar líne, na halgartaim a úsáidtear le haghaidh moltaí ina measc
  • Oibleagáidí ar na hardáin an-mhór a théann i bhfeidhm ar níos mó ná 10% de dhaonra an Aontais Eorpaigh ionas nach mbainfear mí-úsáid as a gcórais, trí ghníomh bunaithe ar riosca a dhéanamh agus trí iniúchtaí neamhspleácha a dhéanamh ar a gcórais bainistithe riosca.
  • Beidh rochtain ag taighdeoirí ar shonraí na bpríomhardán, chun grinnscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibríonn ardáin.
  • Cóid iompair agus caighdeáin theicniúla, cuideoidh siad sin leis na hardáin agus le gníomhaithe eile i gcomhlíonadh na rialacha nua. Feabhsóidh cóid eile bearta a glacadh chun inrochtaineacht ar ardáin a chinntiú le haghaidh daoine faoi mhíchumas, nó tacóidh siad le bearta breise maidir le fógraíocht.
  • Gach idirghabhálaí ar líne a thairgeann seirbhísí sa mhargadh aonair, bíodh siad bunaithe san Aontas nó lasmuigh de, beidh orthu cloí leis na rialacha nua.
  • Struchtúr formhaoirseachta atá oiriúnach do chastacht an spáis ar líne: Is ag na Ballstáit a bheidh an príomhról, agus tabharfaidh an Bord Eorpach nua um Sheirbhísí Digiteacha tacaíocht dóibh; i gcás na n-ardán an-mhór, déanfaidh an Coimisiún maoirseacht agus forfheidhmiú.
 

Seirbhísí idirghabhálacha

(oibleagáidí carnacha)

Seirbhísí óstála

(oibleagáidí carnacha)

Ardáin ar líne

(oibleagáidí carnacha)

Ardáin an-mhór

(oibleagáidí carnacha)

Tuairisciú trédhearcachta
Ceanglais maidir le téarmaí seirbhíse, agus cearta bunúsacha á gcur san áireamh
Comhar leis na húdaráis náisiúnta de réir orduithe
Pointí teagmhála agus, nuair is gá, ionadaí dlíthiúil
Fógra agus gníomhaíocht agus an oibleagáid faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí  
Cionta coiriúla a thuairisciú  
Sásra gearáin agus sásaimh agus réiteach díospóide lasmuigh den chúirt    
Comharthóirí iontaofa    
Bearta i gcoinne fógraí maslacha agus frithfhógraí    
Oibleagáidí speisialta ar mhargaí, e.g. Dintiúir soláthraithe tríú páirtí a ghrinnfhiosrú (‘KYBC’), comhlíonadh trí dhearadh, seiceálacha randamacha    
Cosc ar fhógraí atá spriocdhírithe ar pháistí agus ar fhógraí atá bunaithe ar shaintréithe speisialta na n-úsáideoirí    
Trédhearcacht na gcóras moltóirí    
Trédhearcacht na fógraíochta ar líne le haghaidh an úsáideora    
Oibleagáidí maidir le bainistiú riosca agus freagairt ar ghéarchéimeanna      
Iniúchóireacht sheachtrach neamhspleách, feidhm comhlíonta inmheánaigh agus cuntasacht phoiblí      
Rogha ag úsáideoirí gan moltaí a fháil bunaithe ar phróifíliú      
Sonraí a roinnt le húdaráis agus le taighdeoirí      
Cóid iompair      
Comhar maidir le freagairt ar ghéarchéimeanna      

 

Sásra um dhliteanas soiléirithe agus comhlíonadh éifeachtúil

Is bunchloch de chuid na rialála idirlín é an díolúine ó dhliteanas le haghaidh idirghabhálaithe ar líne, lena gcinntítear gur féidir dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach nó earraí agus seirbhísí mídhleathacha go tapa, ach freisin nach ndreasaítear ardáin chun ábhar dlisteanach a bhaint agus nach bhfuil siad faoi oibleagáid faireachán a dhéanamh ar a n-úsáideoirí. Sa lá atá inniu ann, ba chúis le hilroinnt ar fud an mhargaidh aonair iad cuid de na rialacha, agus tá éiginnteacht ann i gcás na n-ardán dícheallach ar mian leo bearta a ghlacadh agus a n-úsáideoirí a chosaint ar ábhar neamhdhleathach.

Na hathruithe a dhéanann an Gníomh nua um Sheirbhísí Digiteacha:

  • Coinníollacha na ndíolúintí ó dhliteanas a threisiú agus a shoiléiriú a thuilleadh: Níl na hardáin ná na hidirghabhálaithe eile freagrach as iompar neamhdhleathach na n-úsáideoirí ach amháin nuair atá siad ar an eolas faoi ghníomhartha neamhdhleathacha agus nach mbaineann siad den ardán iad.
  • Na rialacha maidir leis an díolúine ón dliteanas, déanfar iad a chomhchuibhiú, agus beidh siad ar aon dul le chéile, ar fud an Aontais anois a bhuí le Rialachán atá infheidhme go díreach.
  • Soiléirithe nua maidir leis an gcaoi a gcuirfear na coinníollacha i bhfeidhm ar dhliteanas cosanta tomhaltóirí.
  • Réiteach a fháil ar pharadacsa na mbeart a ghlacann ardáin bheaga dá ndeoin féin: níl ardáin dhícheallacha freagrach as ábhar neamhdhleathach a bhraitheann siad féin.
  • Deimhneacht dhlíthiúil bhreise maidir le hidirghníomhaíochtaí le húdaráis: beidh ar ardáin comhoibriú leis na húdaráis a eisíonn orduithe dlí ag a bhfuil íoschritéir chomhchoiteanna.

Ardáin bheaga ar líne a fheabhsú san Aontas Eorpach

Tá níos mó ná 10,000 ardán san Aontas, breis agus 90% acu atá ina bhfiontair bheaga agus mheánmhéide, de réir mheastacháin an Choimisiúin. Faoi láthair bíonn ar sheirbhísí digiteacha an Aontais Eorpaigh déileáil le 27 dtacar de rialacha náisiúnta éagsúla. Ní bhíonn ach na comhlachtaí is mó in ann dul i ngleic leis na costais chomhlíontachta a bhíonn ann dá bharr.

Na hathruithe a dhéanann an Gníomh nua um Sheirbhísí Digiteacha:

  • Cinntiú nach mbeidh tionchar díréireach ar na hardáin bheaga ar líne ach go mbeidh siad fós cuntasach.
  • Tá díolúine ag fiontair bheaga agus micrifhiontair ó na hoibleagáidí is costasaí, ach is féidir leo na cleachtais is fearr a chur i bhfeidhm, chun buntáiste iomaíoch a bhaint amach.
  • Le tacar amháin rialacha le haghaidh an Aontais Eorpaigh uile, cruthófar na coinníollacha cuí lena mbeidh rath ar sheirbhísí digiteacha trasteorann. Leis sin tiocfaidh méadú suas le 2% ar an trádáil dhigiteach trasteorann sa mhargadh aonair. 
  • Beidh deimhneacht dhlíthiúil ag gníomhaithe beaga chun seirbhísí a fhorbairt agus úsáideoirí a chosaint ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha mar go mbeidh tacaíocht na gcaighdeán agus na dtreoirlínte acu.