Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
Ukraine building with colours
Getty Images / Sergei Supinsky
An tSaoráid don Úcráin

Tacú le téarnamh agus atógáil na hÚcráine, agus lena conair i dtreo aontachas leis an Aontas Eorpach

Cad é an tSaoráid don Úcráin?

Chun cabhrú leis an Úcráin maidir lena hiarrachtaí téarnaimh, atógála agus nuachóirithe, sheol an tAontas Eorpach sásra nua tacaíochta do na blianta 2024-2027. Is ionstraim thiomnaithe í an tSaoráid don Úcráin a chuirfidh ar chumas an Aontais suas le €50 billiún de thacaíocht airgeadais chobhsaí intuartha a chur ar fáil don Úcráin le linn na tréimhse sin.  

Is léiriú í an tSaoráid ar ghealltanas an Aontais chun tacú leis an Úcráin agus í ag tabhairt aghaidh ar chogadh foghach leanúnach na Rúise agus í ar a bealach ionsar bhallraíocht san Aontas. 

Seasfaidh an Eoraip taobh leis an Úcráin gach aon lá den chogadh, agus gach lá ina dhiaidh sin freisin. Is amhlaidh a dhéanann an Eoraip beart de réir a briathair. Leanfaimid de mhaoiniú agus intuarthacht a chur ar fáil, rudaí a bhfuil géarghá leo, dár gcomhpháirtí cróga ar mian leis teacht isteach san Aontas.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Aidhmeanna na Saoráide

  • alt=""

    Tacú le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine

  • alt=""

    Tacú le riachtanais mhaoinithe na hÚcráine chun go mbeidh an rialtas in ann seirbhísí poiblí gan bhriseadh a chur ar fáil

  • alt=""

    Infheistíochtaí a shlógadh in earnáil phríobháideach na hÚcráine le haghaidh téarnamh eacnamaíoch agus atógáil ghasta

  • alt=""

    Tacú leis an Úcráin na hathchóirithe is gá a dhéanamh ar a conair i dtreo aontachas leis an Aontas

  • alt=""

    Tacú le sochaí na hÚcráine i gcoitinne trí aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta an chogaidh

Cén dóigh a n-oibríonn an tSaoráid?

Tá an tSaoráid bunaithe ar na trí cholún seo a leanas: 

Cén dóigh a maoineofar an tacaíocht?

Chun na hiasachtaí don Úcráin a mhaoiniú, tiomsóidh an tAontas Eorpach suas le €33 bhilliún ar an margadh airgeadais go dtí deireadh 2027 trí bhannaí an Aontais a eisiúint faoin straitéis aontaithe mhaoiniúcháin.  

Maoineofar deontais trí bhuiséad bliantúil an Aontais faoi ionstraim speisialta nua ar a dtugtar an Cúlchiste don Úcráin. Bainfear leas as an ionstraim sin gach bliain mar chuid den nós imeachta buiséadach bliantúil chun an dul chun cinn a dhéanann an Úcráin maidir le hathchóirithe a chur i bhfeidhm agus infheistíochtaí a úsáid a chur san áireamh.

Cad iad na coinníollacha a bhaineann leis an tacaíocht?

Chun an tacaíocht a fháil, ní mór don Úcráin a plean téarnaimh agus athchóirithe a chur i bhfeidhm agus seasamh leis an méid seo a leanas freisin:

  • sásraí daonlathacha, córas parlaiminteach ilpháirtí san áireamh 
  • an smacht reachta 
  • cearta an duine, cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad san áireamh 

A luaithe is féidir leis an gCoimisiún a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha, déanfar íocaíochtaí leis an Úcráin gach ráithe. 

Beidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar an Úcráin leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí chalaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chomhrac. Tacóidh Bord Iniúchóireachta tiomnaithe leis an gCoimisiún trí mheasúnú a dhéanamh ar éifeachtacht chórais bhainistíochta agus rialaithe na hÚcráine, agus seiceálacha iniúchóireachta rialta á ndéanamh aige ar an láthair agus idirchaidreamh aige le húdaráis na hÚcráine.

Ina theannta sin, féadfaidh an Chomhairle Eorpach díospóireacht a reáchtáil gach bliain maidir le cur chun feidhme na Saoráide, í bunaithe ar thuarascáil ón gCoimisiún. Más gá, iarrfaidh an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún moladh a dhéanamh le haghaidh athbhreithniú ar an tSaoráid in 2026 i gcomhthéacs an chéad bhuiséid fhadtéarmaigh eile de chuid an Aontais. Reáchtálfar Idirphlé maidir leis an tSaoráid don Úcráin go rialta le Parlaimint na hEorpa gach 4 mhí ar a laghad freisin.

Amlíne

  1. 13 Samhain 2025

    Eisíocadh níos mó ná €1.8 billiún leis an Úcráin sa chúigiú híocaíocht rialta, rud a fhágann gurb é € 24.8 billiún an tacaíocht iomlán ón Aontas a eisíocadh cheana féin faoin tSaoráid. 

  2. 13 Samhain 2025

    Ag Comhdháil Infheistíochta 2025 idir an tAontas agus an Úcráin i Vársá, d’fhógair an Coimisiún treisiú ar an gCreat Infheistíochta don Úcráin. Fágann sé sin gur fiú €6.9 billiún gealltanais iomlána an Aontais, agus meastar go ndéanfaidh sé sin os cionn €21 bhilliún d’infheistíochtaí a ghiaráil don Úcráin.

  3. 10 Iúil 2025

    Ag Comhdháil Atógála na hÚcráine 2025 sa Róimh, fógraíodh €2.3 billiún breise i gcomhaontuithe ráthaíochta agus deontais faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin. Leis sin, fágadh gur fiú €5.7 billiún gealltanais iomlána an Aontais faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin.

  4. 6 Márta 2025

    Shínigh an Coimisiún Eorpach agus Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) comhaontú ráthaíochta €2 bhilliún faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin. 

  5. 11 Meitheamh 2024

    Shínigh an tAontas comhaontuithe nua ráthaíochta chun tacú le téarnamh agus atógáil na hÚcráine. Is éard atá sna comhaontuithe, a fógraíodh le linn na Comhdhála ar Théarnaimh na hÚcráine in 2024 i mBeirlín, ráthaíochtaí agus deontais dar luach €1.4 billiún agus is iad na chéad chomhaontuithe a síníodh faoi Chreat Infheistíochta na Saoráide iad. 

  6. 24 Aibreán 2024

    Eisíocadh an dara tráthchuid de mhaoiniú eisceachtúil idirlinne leis an Úcráin faoin tSaoráid don Úcráin, méid arb ionann agus €1.5 billiún.

  7. 18 Aibreán 2024

    Bhunaigh an tAontas an Creat Infheistíochta don Úcráin chun borradh a chur faoi infheistíochtaí ar mhaithe le téarnamh agus atógáil na tíre.

  8. 15 Aibreán 2024

    D’fhormhuinigh an Coimisiún Plean na hÚcráine, straitéis chuimsitheach athchóirithe agus infheistíochta na hÚcráine do na 4 bliana amach romhainn. 

  9. 20 Márta 2024
  10. 6 Feabhra 2024

    Tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an tSaoráid don Úcráin, rud a mhol an Coimisiún ar dtús i mí an Mheithimh 2023.