Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Acmhainní físeáin do thomhaltóirí

Litearthacht airgeadais

Is gá duit a bheith ar an eolas faoi rioscaí agus deiseanna airgeadais ionas go mbeidh tú in ann roghanna eolasacha a dhéanamh agus go mbeidh a fhios agat cén áit ar féidir cabhair a fháil. Déan cinnte de go bhfuil eolas maith agat ar do chearta tomhaltóra agus go bhforbróidh tú tacar scileanna chun d’ioncam a bhainistiú agus d’fholláine airgeadais a fheabhsú.

Leideanna agus seifteanna chun do chuid airgeadais a bhainistiú:

  • Smaoinigh go cúramach an dteastaíonn táirge airgeadais uait (creidmheas, infheistíocht, árachas) a d’fhéadfadh a bheith rioscach, costasach nó a léiríonn rannpháirtíocht fhadtéarmach.
  • Iarr comhairle ó chomhairleoir neamhspleách mura dtuigeann tú an tairiscint.
  • Léigh an t-eolas réamhchonarthach go cúramach agus déan iarracht tairiscintí a fháil ó sholáthraithe éagsúla lena gcur i gcomparáid le chéile.
  • Déan cinnte de go bhfuil do chearta ar eolas agat. Mar shampla, má cheannaíonn tú seirbhísí airgeadais ar líne, tá ceart chun tarraingt siar agat ar feadh 14 lá a bhuí le reachtaíocht tomhaltóirí an Aontais atá ann cheana.

Má bhíonn fadhbanna agat le soláthraí seirbhíse airgeadais, déan teagmháil le Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí nó leis an eagraíocht tomhaltóirí i do thír féin.

Acmhainní

Cosaint sonraí

Cinnte a dhéanamh de go bhfuil smacht agat ar an dóigh a láimhseálann eagraíochtaí sonraí a bhaineann leat, sin atá i gceist le cosaint sonraí. Ceanglaítear ar eagraíochtaí cúis mhaith a bheith acu le do chuid sonraí a phróiseáil, sin agus a bheith trédhearcach faoin méid a dhéanann siad agus é a dhéanamh ar bhealach slán.

Leideanna agus seifteanna chun do chuid sonraí a chosaint

  • Má iarrann rialaitheoirí do thoiliú, caithfidh tú é a thabhairt de do dheoin féin agus ní mór dóibh eolas sonrach a thabhairt ina leith. Ná tabhair do thoiliú mura mian leat. Mar shampla, ní leor boscaí ar cuireadh tic leo roimh ré agus téarmaí atá róleathan.
  • Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar má athraíonn tú d’intinn agus caithfidh an próiseas sin a chomh héasca céanna ná mar a bhí sé do thoiliú a thabhairt ar an gcéad dul síos.
  • Is féidir leat rochtain saor in aisce a fháil ar na sonraí pearsanta a choinníonn eagraíochtaí fút. Má fhaigheann tú amach go bhfuil na sonraí sin mícheart, is féidir iarraidh ar an eagraíocht iad a cheartú. Má fhaigheann tú amach go bhfuil siad á stóráil go neamhdhleathach, is féidir iarraidh ar an eagraíocht iad a scriosadh.
  • Tá an ceart chun iniomparthachta sonraí agat i gcásanna áirithe, nuair a aistríonn tú chuig soláthraí seirbhíse nua, cuir i gcás.
  • Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le húdarás cosanta sonraí i do thír féin má bhíonn fadhb agat leis an gcaoi a láimhseálann eagraíochtaí do chuid sonraí pearsanta.

Acmhainní:

Ríomhshábháilteacht

Táirgí as gach cearn den domhan seolta chuig do dhoras féin laistigh de chúpla clic ‑ sin buntáiste na siopadóireachta ar líne. Is iomaí úsáid atá ag an idirlíon, ach bíonn neart deiseanna ag daoine mí-úsáid a bhaint as freisin. Is gá duit a bheith ar an airdeall agus tú ag siopadóireacht ar líne, sin agus ar an eolas faoi na rialacha ar gá do chuideachtaí cloí leo. 

Leideanna agus seifteanna chun bheith slán ar líne

  • Mura gcuireann trádálaithe a sonraí aitheantais agus teagmhála ar fáil, smaoinigh ar do chuid siopadóireachta a dhéanamh in áit éigin eile.
  • Seachain gaistí ceannaigh agus bí ar an eolas faoi theicnicí teanndíola ar nós:
    • táirgí a fhógraítear mar ‘dheis uathúil’
    • táirgí a mhaíonn gurb é ‘an t-aon táirge a sholáthraíonn cosaint éifeachtach’, ‘an t-aon fearas tástála le húsáid sa bhaile’ nó táirgí a dhíoltar ‘ag an bpraghas is lú ar an margadh’;
    • táirgí a mhaíonn go bhfuil easpa mhór ann ar nós ‘inniu agus inniu amháin a bheidh sé le fáil’, nó go mbeidh ‘deireadh díolta go luath’.
  • Léigh seoltaí gréasáin agus teidil na leathanach go cúramach, agus ná bain úsáid as leathanaigh a bhfuil mílitriú córasach orthu. Is minic a úsáidtear iad sin ionas nach mbraithfidh algartaim oibreoirí gréasáin iad.
  • Déan cinnte de go bhfuil cur síos i dtéacs beacht intuigthe ar na táirgí.  
  • Tuairiscigh tairiscintí nach bhfuil bunús leo nó atá amhrasach. Bain úsáid as na huirlisí tuairiscithe a chuireann oibreoir an ardáin ar fáil nó déan teagmháil leis na húdaráis náisiúnta inniúla nó leis na heagraíochtaí tomhaltóirí i do thír féin.
  • Déan cinnte de go bhfuil do chearta tomhaltóirí ar eolas agat.

Acmhainní:

Tomhaltas inbhuanaithe

Gach lá déanaimid cinntí inár saol a théann i bhfeidhm ar an gcomhshaol. Níos mó a dhéanamh le níos lú, agus sin a dhéanamh ar bhealach níos fearr - sin atá i gceist le tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe.

Leideanna agus seifteanna chun tomhaltas inbhuanaithe a chleachtadh

  • Déan do mhachnamh go cúramach agus smaoinigh ar tháirgí athláimhe a cheannach. Ná ceannaigh fón cliste nua má tá an fón atá agat faoi láthair fós ag feidhmiú i gceart.
  • Déan cinnte de go bhfuil tairbhí comhshaoil ag baint le do chuid ceannachán. Faigh amach an bhfuil Éicilipéad an Aontais acu, mar shampla.
  • Déan nós de na lipéid inbhuanaitheachta a léamh. Nuair a bhíonn a fhios agat conas iad a léamh nó cad is brí leo, déantar thú a chosaint ar éilimh mhíchearta ar phacáistíocht an táirge.
  • Siúil nó roghnaigh an rothar nó an t-iompar poiblí in ionad taisteal sa charr nó ar eitleán. Bliain Eorpach an Iarnróid is ea é 2021!
  • Cinntigh go mbíonn níos lú dramhaíola i do shaol. Nuair a chaitheann tú amach bia, cuireann tú amú acmhainní nádúrtha agus airgead. Smaoinigh ar tháirge briste a dheisiú seachas ceann nua a cheannach.

Acmhainní