Inneachar an leathanaighInneachar an leathanaigh Ranganna fíorúla Cuirimid cóitseáil agus ranganna ar líne ar fáil do chláir Mháistreachta agus iarchéime san Ateangaireacht Chomhdhála.Tugann oiliúnóirí ateangaireachta a bhfuil taithí acu treoir do mhic léinn agus tugann siad aiseolas go cianda.Tá níos mó ná 50 ollscoil ar fud an domhain páirteach sa ‘seomra ranga fíorúil’ seo againn.Teagmháil: scic-virtual-classec [dot] europa [dot] eu (scic-virtual-class[at]ec[dot]europa[dot]eu) An Stór Óráidí Is éard atá sa Stór Óráidí uirlis ríomhfhoghlama a d’ullmhaigh Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta ina bhfuil ábhar oiliúna closamhairc do mhic léinn agus oiliúnóirí ateangaireachta comhdhála. Tá bailiúchán d’óráidí taifeadta ann, sleachta as comhdhálacha nó cruinnithe poiblí eile agus óráidí oiliúna a d’ullmhaigh ateangairí de chuid na n-institiúidí Eorpacha. Tá siad curtha in eagar de réir teanga, leibhéal na deacrachta, an mhodha ateangaireachta agus ábhair. Is féidir rochtain láithreach a fháil ar bhreis agus 4,000 óráid. Cuimsítear ann na 24 theanga oifigiúla uile de chuid an Aontais, teangacha roinnt de na tíortha is iarrthóirí, maille le Rúisis, Araibis agus Sínis. Físeán teagaisc: Mo Stór Óráidí Mo Stór Óráidí - tuairimí ár n-úsáideoirí Teagmháil: SCIC-Speech-Repositoryec [dot] europa [dot] eu (SCIC-Speech-Repository[at]ec[dot]europa[dot]eu) SCICtrain In SCICtrain tá roinnt físeán do mhic léinn agus oiliúnóirí ina gclúdaítear raon leathan teicnící, uirlisí agus acmhainní ateangaireachta. Modúil oiliúna do mhic léinn ateangaireachta Acmhainní cleachtaidh ORCIT: Acmhainní ar líne d’Oiliúint Ateangairí Comhdhála CVCE: Centre virtuel de la connaissance sur l'Europe Bailiúchán óráidí Ollscoil Wake Forest Seirbhísí Closamhairc an Choimisiúin Eorpaigh Ionad Ilmheán – Parlaimint na hEorpa Sruthú ón gComhairle