Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Carranna ar cíos

I mí Eanáir 2017 d’fhoilsigh an Gréasán CCT gealltanais a rinne na cúig mhórchuideachta carranna ar cíos. Gheall na cuideachtaí trédhearcacht ina gcuid praghsanna agus téarmaí agus coinníollacha níos soiléire, cuir i gcás soiléireacht maidir le polasaithe árachais agus tarscaoilte agus roghanna i dtaca le hathbhreoslú umair, agus cothroime níos fearr nuair a bhítear ag déileáil le cásanna inar líomhnaítear go bhfuil damáiste déanta d’fheithiclí.

Preaseisiúint 19/01/2017

I mí an Mhárta 2019 d’fhoilsigh an Gréasán CCT a mheasúnú ar na gealltanais a rinne na cuideachtaí carranna ar cíos in 2017. Tugadh faoi deara sa mheasúnú go ndearna Enterprise agus Sixt na hathruithe riachtanacha go léir. Gheall Avis na hathruithe a bhí fós gan déanamh a chur i gcrích faoi mhí na Bealtaine 2019. Gheall Europcar, a bhfuil Goldcar mar chuid de anois, na hathruithe a bhí fós gan déanamh a chur chun feidhme faoi mhí an Mheithimh 2019. Gheall Hertz go ndéanfadh sé gach athrú ba ghá faoin gcéad ráithe de 2020 ar a dhéanaí.

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach, agus na húdaráis náisiúnta tomhaltóirí sa ghréasán Eorpach um Chomhar ar mhaithe le Tomhaltóirí, cur chun feidhme na n-athruithe atá fós gan déanamh a leanúint go géar. Cé gur trí na cuideachtaí atá i gceist leis an mbeart seo a fhaightear dhá thrian de na carranna príobháideacha a fhaightear ar cíos san Aontas, tá ról tábhachtach ag trádálaithe eile, cuir i gcás idirghabhálaithe agus cuideachtaí beaga, sa mhargadh sin. Leanfaidh na húdaráis agus an Coimisiún Eorpach de mhonatóireacht a dhéanamh ar gach gníomhaí lena chinntiú go n-urramóidh siad rialacha tomhaltóirí an Aontais ina n-iomláine.

Preaseisiúint 25/03/2019