Na folúntais atá ann faoi láthair
Iarratas a dhéanamh ar phoist shealadacha
Cineálacha conarthaí sealadacha
Le cois oifigigh bhuana, is minic a earcaíonn an Coimisiún Eorpach baill foirne neamhbhuana faoi chonarthaí ar théarma seasta. Tá dhá chatagóir ball foirne neamhbhuan ann
- cuireann gníomhairí sealadacha cúraimí ard-speisialaithe i gcrích agus féadtar iad a fhostú ar feadh achar teoranta
- déanann gníomhairí ar conradh obair láimhe nó obair riaracháin, nó soláthraíonn siad acmhainn bhreise i sainréimsí nuair nach bhfuil oifigigh ar fáil; is féidir a gconradh a shíneadh go ceann tréimhse éiginnte
Iarratais spontáineacha
Maidir le folúntais phoist nach gá próiseas speisialta roghnúcháin ina leith, is féidir teacht ar eolas fúthu i mbunachar sonraí EU CV Online.
Iarrtar ort clárú sa bhunachar sonraí agus iarratas a sheoladh isteach ar na folúntais phoist nó ar na glaonna oscailte ar léiriú spéise. Ná dearmad cead rochtana a thabhairt ar do CV agus é a nuashonrú go tráthrialta.
Más spéis linn do CV, déanfaimid teagmháil leat trí ríomhphost nó ar an bhfón.
Doiciméid
1 SAMHAIN 2017
Commission Decision C(2017) 6760 - employment conditions of contract staff
19 IÚIL 2018
Commission Decision C(2013) 8970 - classification in step on appointment or engagement
19 IÚIL 2018
Commission Decision C(2013) 9028 - maximum duration for the recourse to non-permanent staff
19 IÚIL 2018
Commission Decision C(2013) 9049 - policies for the engagement and use of temporary agents