Scileanna agus Tallann: Na daoine a mhealladh ag a bhfuil na buanna a theastaíonn uainn
Tá gá le níos mó daoine a bhfuil buanna agus scileanna acu chun freastal ar riachtanais mhéadaitheacha mhargadh an tsaothair. Meallann an tAontas tallann ó gach cearn den domhan, ach ní hé amháin atá sa rás domhanda scileanna. Meallann tíortha eile ECFE, cuir i gcás Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada agus an Astráil, níos mó daoine a bhfuil tallanna acu ó thíortha eile chomh maith.
Léirítear sa tuarascáil maidir le Tionchar an Athraithe Dhéimeagrafaigh san Eoraip go bhfuil daonra na hEorpa ag dul in aois agus ag laghdú, agus go bhfuil ganntanas scileanna ann ar gá aghaidh a thabhairt air.
Gníomhaíochtaí
Thángthas ar chomhaontú faoin Treoir maidir le Cárta Gorm an Aontais a athchóiriú chun na daoine a mhealladh ag a bhfuil na hardscileanna a theastaíonn uainn i margaí éagsúla an tsaothair.
Athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir um Chónaí Fadtéarmach chun cearta cónaitheoirí a neartú le go mbeidh siad in ann bogadh agus dul i mbun oibre i mBallstáit éagsúla.
Athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir um Chead Aonair chun na nósanna imeachta a shimpliú le haghaidh oibrithe ar bheagán oiliúna agus oibrithe meánoilte.
Linn tallann an Aontais a bhunú chun oibrithe oilte ar mian leo bogadh go dtí an tAontas a mheaitseáil le riachtanais fhostóirí an Aontais.
I mí Aibreáin 2022 chuir an Coimisiún beartas imirce dlíthiúil uaillmhianach inbhuanaithe chun cinn. Moladh leis an méid sin tionscnaimh dhlíthiúla, oibríochtúla agus beartais a rachaidh chun tairbhe do gheilleagar an Aontais, a neartóidh an comhar le tíortha nach bhfuil san Aontas agus a chuirfidh feabhas ar bhainistiú foriomlán na himirce san fhadtéarma. Ar an tsraith tograí tá gníomhaíochtaí sonracha chomh maith chun lánpháirtiú i margadh saothair an Aontais a éascú dóibh siúd atá ag teitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin. Go háirithe, seoladh Treoirthionscadal Linn Tallann an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le daoine a theith ón gcogadh san Úcráin post a fháil san Aontas agus iad a lánpháirtiú sa mhargadh fostaíochta.
Bealaí dlíthiúla a fhorbairt chun na cosanta san Eoraip
Is féidir roghanna malartacha sábháilte ar thurais chontúirteacha a chur ar fáil ach bealaí dlíthiúla a thairiscint dóibh siúd a bhfuil cosaint de dhíth orthu. Is cuidiú é sin chun mór-roinn a dhéanamh den Eoraip atá oscailte agus nasctha ar an leibhéal domhanda
Gníomhaíochtaí
Tá an Coimisiún ag tacú leis na Ballstáit gealltanais 2024-2025 maidir le hathlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil a chur i bhfeidhm chun rannchuidiú an Aontais le riachtanais athlonnaithe dhomhanda a chothú
Tá bealaí á gcur chun cinn ag an gCoimisiún do dhaoine a bhfuil cosaint de dhíth orthu atá nasctha le staidéar nó le hobair trí thionscadail thiomnaithe a mhaoiniú sa réimse seo ó Bhallstát go chéile
Tá na Ballstáit á spreagadh chun comhoibriú le saoránaigh, le pobail agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta chun fáilte a chur roimh nuatheachtaithe a thagann chun na hEorpa trí bhealach sábháilte agus urraíocht a thabhairt dóibh.
Tá forbairt scéimeanna urraíochta pobail, lena n-áirítear bealaí daonnúla, á gcur chun cinn ag an gCoimisiún trí thionscadail thiomnaithe a mhaoiniú ó Bhallstát go chéile.
Oibríonn an Coimisiún go dlúth leis na Ballstáit chun athlonnú agus bealaí dlíthiúla eile i dtreo na cosanta a chur chun cinn. Ag an bplé ardleibhéil is déanaí an 8 Bealtaine 2023, phléigh an Coimisinéir Johansson agus ionadaithe ardleibhéil ó na Ballstáit ceisteanna straitéiseacha maidir le bealaí dlíthiúla i dtreo na cosanta agus na Ballstáit ag ullmhú a ngealltanas don chéad dá bhliain eile (2024-2025), rud a gcuirfear tacaíocht chistiúcháin an Aontais ar fáil ina leith.
Tacú le lánpháirtíocht sna pobail áitiúla
Dúshláin
- an dífhostaíocht
- easpa deiseanna oideachasúla nó oiliúna
- idirghníomhaíocht shóisialta theoranta
An lánpháirtíocht rathúil
- is chun tairbhe nuatheachtaithe agus pobal áitiúil é
- tugann sé sampla maith den chaoi ar féidir leis an Eoraip an imirce a bhainistiú trí shochaithe oscailte athléimneacha a thógáil
Gníomhaíochtaí
An Plean Gníomhaíochta maidir le lánpháirtíocht agus cuimsiú don tréimhse 2021-2027
Comhpháirtíocht Eorpach don Lánpháirtíocht athnuaite le haghaidh comhar níos láidre le ceardchumainn, eagraíochtaí fostóirí, comhlachais tráchtála le haghaidh comhtháthú tríd an obair
Tuairimí na n-imirceach a chur san áireamh agus beartais á bhforbairt trí ghrúpa saineolaithe saincheaptha chun comhairle a chur ar an gCoimisiún.
Doiciméid
Doiciméid a bhaineann leis an bPacáiste um Imirce agus Tearmann