Conarthaí digiteacha don Eoraip
Dóigh neamhchostasach agus thapa do thomhaltóirí le rudaí a cheannach is ea an ceannach ar líne. Is minic, áfach, nuair a thagann fadhbanna chun cinn, nach mbíonn tomhaltóirí ar an eolas faoina gcearta.
Chun na fadhbanna sin a réiteach, ghlac an Coimisiún Eorpach dhá thogra thábhachtacha. Ceann de na tograí, baineann sé le rialacha conartha maidir le hábhar digiteach a sholáthar (e.g. sruthú ceoil) agus an ceann eile, is le rialacha conartha maidir le hearraí a dhíol ar líne (e.g. ceamara a cheannach ar líne) a bhaineann sé.
De bharr na dtograí sin ní bheidh ach aon tacar amháin rialacha ann do na 28 mBallstát.
An Staid Reatha
Ghlac an Coimisiún na tograí maidir le conarthaí digiteacha i mí na Nollag 2015 agus tá siad faoi chaibidil faoi láthair ag na comhreachtóirí.
An 8 Meitheamh 2017, ghlac an Chomhairle a seasamh i leith an togra maidir le treoir maidir le rialacha conartha a bhaineann le hábhar digiteach a sholáthar.
Tá Parlaimint na hEorpa ag leanúint de bheith ag obair ar an togra le haghaidh treoir maidir le rialacha conartha maidir le hábhar digiteach a sholáthar (tuilleadh faisnéise faoin nós imeachta atá ar siúl) agus ar an togra le haghaidh treoir maidir rialacha conartha maidir le díol earraí ar líne nó cineálacha ciandíola eile (tuilleadh faisnéise faoin nós imeachta atá ar siúl).
Cuirfear tús le caibidlíocht idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa chomh luath agus a ghlacfaidh gach ceann acu seasamh.
Ábhar digiteach a cheannach
Is é rud é ábhar digiteach táirgí amhail físeáin, ceol, bogearraí agus himeachtaí sruthaithe spóirt bheo. Ar na fadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar gheall ar cheannach ar líne tá
- ceol a íoslódáil nach féidir a chasadh ar do ghléas
- bogearraí a cheannach ar a dtagann cliseadh gan choinne
Earraí ar líne a cheannach agus a dhíol
Maidir le hearraí a dhíol ar líne, tá éagsúlachtaí dlí ann freisin idir na Ballstáit, éagsúlachtaí a chuireann bac ar ghnólachtaí agus ar thomhaltóirí díol agus ceannach ar bhonn trasteorann. Áirítear i measc na n-éagsúlachtaí sin cearta tomhaltóirí nuair a bhíonn earraí fabhtach.
Dá thoradh sin, agus díol trasteorann ar siúl acu, ní mór do ghnólachtaí am agus airgead a chaitheamh ag cur eolas ar na dlíthe atá i bhfeidhm i dtíortha eile maidir le conarthaí tomhaltóirí agus a gcuid conarthaí a chur in oiriúint dá réir sin.
Go leor de na hábhair is mó imní atá ag thomhaltóirí maidir le ceannach ar líne, is le cearta conartha a bhaineann siad: gan a n-ordú a fháil, an táirge mícheart nó táirge dá bhfuil dochar déanta a fháil nó táirge fabhtach a fháil deisithe nó ceann nó a fháil ina ionad.
Rialacha comhchuibhithe maidir le hábhar digiteach a cheannach
Níl aon rialacha uile-AE ann maidir le hábhar digiteach fabhtach. Tá tús curtha ag roinnt tíortha san Aontas le reachtaíocht dá gcuid féin a ullmhú. Seachnaímis cás ina mbeadh 28 dtacar rialacha éagsúla ann maidir le hábhar digiteach a dhíoltar ar líne.
Le go dtiocfaidh rath ar fhíormhargadh digiteach aonair, teastaíonn tacar aonair rialacha ar fónamh chun cinnteacht dhlíthiúil a thabhairt agus dá réir sin cuidiú le comhlachtaí gnó a dhéanamh ar mhargaí eachtrannacha agus san am céanna muinín a chothú i dtomhaltóirí ionas go mbainfidís leas as buntáistí an mhargaidh aonair dhigitigh.
Déanfaidh rialacha comhchuibhithe maidir le táirgí ábhair dhigitigh na costais a laghdú do thrádálaithe agus iad a spreagadh níos mó gnó a dhéanamh ar an gcoigríoch. Ní chaithfear déileáil a thuilleadh le héagsúlachtaí i ndlí conartha i ngach Ballstát ina bhfuil siad ag iarraidh ag cuid táirgí a dhíol. Beidh a fhios ag tomhaltóirí a bhfuil in ainm agus a bheith i ndán dóibh nuair a cheannaíonn siad ábhar digiteach ar líne, agus go bhfuil cearta acu má tá an táirge fabhtach.
Fíricí agus figiúirí
- Ní cheannaíonn daoine ó shuíomhanna gréasáin i dtíortha eile ós rud é nach bhfuil muinín acu iontu
- bhí fadhb nó roinnt fadhbanna ag 70 milliún tomhaltóirí ar a laghad agus i gcás ceithre chineál d’ábhar digiteach a mbíonn tóir orthu (an ceol, bogearraí frithvíris, cluichí agus néalstóráil) le 12 mhí seo anuas
- ní bhfuair ach 10% de thomhaltóirí a raibh fadhbanna acu réiteach. De thoradh na bhfadhbanna neamhréitithe sin, d’fhulaing tomhaltóirí san Aontas díobháil airgeadais agus neamhairgeadais dar luach measta €9 - 11 bhilliún
- ní dhéanann trádálaithe díol cionn is go gcuireann an chastacht dhlíthiúil as dóibh. Déantar conarthaí le haghaidh soláthar ábhar digiteach a chatagóiriú ar bhonn éagsúil ó thír go tír, i gcás conarthaí díolacháin, conarthaí seirbhísí nó conarthaí cíosa. Dá thoradh sin, ní hionann ó thír go chéile an dóigh a réitítear fadhbanna tomhaltóirí
- ní dhéanann ach 15% de thomhaltóirí an Aontais ceannach ar líne ó thíortha eile san Aontas; os a choinne sin déanann beagnach trí oiread an méid sin (44%) ceannach ar líne ina dtír féin
- ní dhéanann ach 12 % de mhiondíoltóirí an Aontais díol ar líne i dtíortha eile san Aontas; os a choinne sin déanann beagnach trí oiread an méid sin (37%) díol ar líne ina dtír féin
An toradh a mheastar a bheidh ag rialacha comhchuibhithe
Ós rud é gur baineadh bacainní a ghabhann le dlí conarthaí, meastar
- go dtosóidh 122, 000 gnó eile ar a laghad ag díol ar líne do chustaiméirí i mBallstáit eile
- go dtosóidh idir 8 agus 13 mhilliún tomhaltóirí breise ag ceannach ar líne ó thíortha eile san Aontas
- tiocfaidh méadú €4 bhilliún ar OTI an Aontais
- laghdóidh iomaíochas méadaithe praghsanna do tomhaltóirí ar fud an Aontais. Mar gheall air sin feabhsófar leas breise tomhaltóirí agus meastar go ndéanfar tomhaltas teaghlaigh a mhéadú san Aontas Eorpach faoi €18 mbilliún ón leibhéal reatha
Doiciméid
Bileoga eolais
Bileoga eolais a bhaineann go sonrach le tír faoi leith
- ÍoslódáilDeutsch(1.01 MB - PDF)
- Íoslódáilбългарски(855.02 KB - PDF)
- Íoslódáilελληνικά(1.1 MB - PDF)
- Íoslódáilčeština(845.8 KB - PDF)
- ÍoslódáilDeutsch(991.99 KB - PDF)
- Íoslódáileesti(854.8 KB - PDF)
- Íoslódáildansk(847.6 KB - PDF)
- Íoslódáilελληνικά(1.1 MB - PDF)
- Íoslódáilespañol(848.94 KB - PDF)
- Íoslódáilfrançais(992.58 KB - PDF)
- Íoslódáilfrançais(859.76 KB - PDF)
- Íoslódáilmagyar(878.57 KB - PDF)
- Íoslódáilitaliano(852.95 KB - PDF)
- Íoslódáillietuvių(983.28 KB - PDF)
- Íoslódáillatviešu(852.31 KB - PDF)
- ÍoslódáilMalti(985.92 KB - PDF)
- ÍoslódáilNederlands(988.59 KB - PDF)