Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Am solúbtha oibre le haghaidh cothromaíocht shláintiúil oibre is saoil 

Mar fhostaí den Choimisiúin, is féidir leat do lá a eagrú ar bhealach solúbtha. Fágann sé sin gur fútsa a bhíonn sé cén t-am a thosaíonn agus a chríochnaíonn do lá oibre, agus is féidir leat a bheith ag obair ón mbaile ar feadh cuid den tseachtain chomh maith. Oibríonn baill foirne 40 uair sa tseachtain agus bíonn ar a laghad 24 lá de shaoire bhliantúil acu gach bliain. 

Is féidir leat a bheith ag obair go páirtaimseartha freisin ar chúiseanna teaghlaigh nó oideachais.  

Deiseanna gairme éagsúla

Le gairmréim sa Choimisiún bíonn an deis agat dul ag obair in go leor réimsí éagsúla agus aistriú chuig ranna eile de chuid an Choimisiúin agus chuig institiúidí eile de chuid an Aontais.

Molaimid don fhoireann róil éagsúla a ghlacadh san fhoireann chéanna nó aistriú chuig foirne eile. Is féidir leis na foirne sin a bheith sa roinn chéanna (i.e. san Ard-Stiúrthóireacht chéanna) nó i ranna eile. Tá deiseanna ann freisin le haghaidh cúraimí sealadacha (ar iasachtaí) laistigh den Choimisiún, in institiúid eile de chuid an Aontais nó i rialtais náisiúnta. Tá comhairleoirí gairme ar fáil chun cuidiú le baill foirne na céimeanna is fearr a aithint chun a ngairm bheatha a fhorbairt. 

Is féidir le hoiliúnaithe agus earcaigh óga iarratas a dhéanamh chomh maith ar chlár forbartha gairmiúla inmheánach – clár na ngairmithe sóisearacha. Tá sé d’aidhm ag an gclár tallann shóisearach a choinneáil agus a fhorbairt, trí chlár cuimsitheach foghlama, forbartha agus soghluaisteachta. Cuirtear líon teoranta áiteanna ann gach bliain le haghaidh poist mar ghníomhairí sealadacha.

Tá deiseanna ann oibriú i ngach tír san Aontas agus fiú ar fud an domhain chomh maith

Nuatheachtaithe agus a mbaill teaghlaigh

Cuidíonn oifig fáilte an Choimisiúin le nuatheachtaithe agus lena mbaill teaghlaigh socrú sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. Eagraítear oiliúint do bhaill foirne nua chun cuidiú leo foghlaim faoi uirlisí agus nósanna imeachta an Choimisiúin.

Is féidir le páistí ball foirne freastal ar scoil Eorpach ina dteanga dhúchais. Cuireann na scoileanna sin oideachas ilteangach agus ilchultúrtha ar fáil ag leibhéal naíscoile, bunscoile agus meánscoile.

Chun eolas níos mionsonraithe a fháil faoin méid is féidir a bheith ag súil leis agus tú ag bogadh go dtí, tugtar eolas níos mionsonraithe sa treoirleabhar ‘Go gairid sa Bhruiséil’. Soon in Geel. Soon in Ispra. Soon in Luxembourg. Soon in PettenSoon in Seville.

Eagraíocht níos glaise

plean uaillmhianach leagtha amach ag an gCoimisiún chun go mbeidh an eagraíocht aeráidneodrach faoi 2030. Tá bealaí níos glaise á dtabhairt isteach aige maidir le hobair, le beartais taistil agus le bonneagar TF.

An chuimsitheacht

Tá an comhionannas ar cheann de chroíluachanna an Aontais ó bunaíodh é. I gcaitheamh na mblianta, neartaigh an Coimisiún a thiomantas ionad oibre atá éagsúil agus cuimsitheach a chinntiú dá fhoireann.

Folláine na foirne

Tá clár fairsing ag an gCoimisiún chun folláine mheabhrach agus fhisiceach na foirne a chinntiú, agus cothromaíocht shláintiúil oibre is saoil san áireamh ar fud na heagraíochta. Tá a sheirbhís leighis féin aige freisin, rud a thairgeann scrúduithe leighis bliantúla, a chinntíonn sábháilteacht ag an obair agus a eagraíonn feachtais rialta vacsaínithe, amhail vacsaíní fliú.

Foghlaim ar feadh an tsaoil

Tacaíonn an Coimisiún le foghlaim ar feadh an tsaoil. Tá go leor cúrsaí oiliúna ar fáil chun an t-eolas agus na scileanna a chothabháil agus a fhorbairt, rudaí a theastaíonn uait chun gur féidir leat do phost a dhéanamh go héifeachtach. I measc na ndeiseanna oiliúna tá cúrsaí inmheánacha, cuairteanna staidéir ar thíortha an Aontais, cóitseáil agus meantóireacht. Ina theannta sin, is féidir le baill foirne tabhairt faoi dheiseanna foghlama agus forbartha lasmuigh den institiúid freisin.

Doiciméad

30 MÁRTA 2023
Soon in Brussels
6 MÁRTA 2024
Soon in Geel
31 BEALTAINE 2023
Soon in Ispra
19 MÁRTA 2024
Soon in Luxembourg
31 EANÁIR 2024
Soon in Petten
24 AIBREÁN 2024
Soon in Seville