Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Ag obair ar fud an Aontais Eorpaigh

Oibríonn formhór fhoireann an Choimisiúin sa Bhruiséil agus i Lucsamburg, ach tá deiseanna ann obair a dhéanamh in áiteanna eile.

an Bhruiséil agus Lucsamburg ina gceanncheathrú ag go leor institiúidí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta de chuid an Aontais, agus cuireann siad cáilíocht mhaith saoil ar fáil i dtimpeallacht idirnáisiúnta ilteangach. Tá an Bhruiséil ina príomhionad polaitiúil le blianta anuas. Is áit tharraingteach í do chéimithe óga mar bíonn go leor deiseanna á gcur ar fáil sa Bhruiséil cairde a dhéanamh agus obair a aimsiú.

Is mol airgeadais, dlíthiúil agus digiteach é Lucsamburg agus is cathair álainn atá ann. Tá sé ag éirí níos tarraingtí do ghairmithe oilte mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar an margadh fostaíochta agus mar gheall ar an bhfás eacnamaíoch leanúnach.

Ag obair ar fud an domhain

Oibríonn níos mó ná 3,000 ball foirne in oifigí áitiúla an Choimisiúin atá lonnaithe i ngach Ballstát (‘na hionadaíochtaí’) agus sna hAirmheáin Chomhpháirteacha Taighde sa Bheilg, sa Ghearmáin, san Iodáil, san Ísiltír agus sa Spáinn.

Tá níos mó ná 140 Ionadaíocht Taidhleoireachta an Aontais Eorpaigh ann arna mbainistiú ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, ceann de na seirbhísí taidhleoireachta is mó ar domhan. Bíonn an deis ag baill foirne an Choimisiúin iarratas a dhéanamh chun oibriú sna hIonadaíochtaí Taidhleoireachta sin, cláir chomhair an Aontais a bhainistiú, nó trádáil a fhorbairt, mar shampla.