Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Tuarascáil 2021 maidir leis an Smacht Reachta

Le Tuarascáil 2021 maidir leis an Smacht Reachta, déantar monatóireacht ar fhorbairtí suntasacha a bhaineann leis an smacht reachta sna Ballstáit uile.

Cumarsáid agus caibidlí na dtíortha

I dTuarascáil 2021 maidir leis an Smacht Reachta, agus caibidlí na dtíortha freisin, a bhfuil 27 acu ann, cuirtear forbairtí dearfacha agus diúltacha ar fud na mBallstát i láthair i gceithre phríomhréimse don smacht reachta: an córas ceartais, an creat frith-éillithe, an t-iolrachas sna meáin agus saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin. Neartaíonn tuarascáil na bliana seo an beart a tosaíodh le tuarascáil 2020, rud a bheachtaíonn measúnú an Choimisiúin agus a chuireann síos a thuilleadh ar iarmhairtí agus dúshláin phaindéim COVID-19. I gcaibidlí na dtíortha, a bhraitheann ar mheasúnú cáilíochtúil ón gCoimisiún, déantar anailís ar fhorbairtí nua ó foilsíodh an chéad tuarascáil agus ó rinneadh an obair leantach ar na dúshláin agus ar na forbairtí a sainaithníodh i dTuarascáil 2020.

Tá an Tuarascáil mar chuid d’iarrachtaí níos leithne an Aontais Eorpaigh a luachanna bunaidh a chur chun cinn agus a chosaint. San obair seo freisin tá an Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach agus an Straitéis nua maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha a chur chun feidhme, mar aon le straitéisí spriocdhírithe a thabhairt ar aghaidh i dtreo “Aontas Comhionannais”. Gné ghaolmhar eile is ea monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais Eorpaigh agus cosaint ceart bunúsach faoin gCairt, mar aon le húsáid imeachtaí um shárú.

2021 Rule of law report - Communication and country chapters

Modheolaíocht

An measúnú atá le fáil i gcaibidlí na dtíortha, a bhfuil 27 acu ann, ullmhaíodh é i gcomhréir leis an modheolaíocht a pléadh leis na Ballstáit. Níl sé i gceist le caibidlí na dtíortha cur síos uilechuimsitheach a dhéanamh ar na saincheisteanna go léir a bhaineann leis an smacht reatha i ngach ceann de na Ballstáit aonair, ach is é atá i gceist forbairtí suntasacha a chur i láthair. Tagraíonn an measúnú do cheanglais dhlí an Aontais, agus na ceanglais sin a tháinig ó chásdlí CBAE san áireamh. Sa bhreis air sin, is úsáideach an creat tagartha iad na moltaí agus na tuairimí ó Chomhairle na hEorpa, sin creat tagartha do chaighdeáin ábhartha agus do na cleachtais is fearr.

Is a bhuí le dlúthchomhar leis na Ballstáit a tháinig ann don Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta agus braitheann sí ar roinnt foinsí éagsúla. Ghlac gach uile Bhallstát páirt sa phróiseas, chuir siad aighneachtaí i scríbhinn isteach agus ghlac siad páirt i gcuairteanna ar leith ar thíortha a reáchtáladh idir mí an Mhárta agus mí na Bealtaine. I gcás na gcuairteanna sin, d’eagraigh an Coimisiún níos mó ná 400 cruinniú fíorúil le húdaráis náisiúnta, comhlachtaí neamhspleácha agus páirtithe leasmhara, mar aon leis an tsochaí shibhialta. A bhuí le comhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara, fuarthas aighneachtaí cothrománacha agus tír-shonracha freisin a bhí luachmhar. Rinne Comhairle na hEorpa forbhreathnú ar a tuairimí a thug sí le déanaí agus ar a tuarascálacha chomh maith faoi Bhallstáit an Aontais Eorpaigh. Sular glacadh leis an tuarascáil seo, tugadh an deis do na Ballstáit eolas nuashonraithe fíorasach faoi chaibidil a dtíre féin a sholáthar.

An líonra de phointí teagmhála náisiúnta maidir leis an smacht reachta ar bunaíodh é in 2020 chun cuidiú leis an sásra a chur ar bun, is cainéal cumarsáide leis na Ballstáit é fós chun an Tuarascáil a ullmhú agus na cleachtais is fearr a chomhroinnt.

2021 Rule of law report - methodology

Ionchur ó na Ballstáit

Iarradh ar gach Ballstát eolas a sholáthar ar fhorbairtí suntasacha, go háirithe ó glacadh an chéad Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta. Is é rud a cuireadh an t-eolas i láthair de réir na gceithre cholún atá cumhdaithe sa Tuarascáil - an córas ceartais, an creat frith-éillithe, an t-iolrachas sna meáin agus saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin - agus soláthraíodh i dteimpléad comhaontaithe é. I ngeall ar an gcomhroinnt eolais le linn cuairteanna ar na tíortha agus sonraí ábhartha a fuarthas ó pháirtithe leasmhara eile, cuireadh leis an ionchur i scríbhinn a rinne na Ballstáit.

2021 Rule of law report - input from member states

Comhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara

Mar chuid den ullmhúchán do Thuarascáil 2021 maidir leis an Smacht Reachta, d’iarr an Coimisiún Eorpach ar pháirtithe leasmhara aighneachtaí i scríbhinn a chur ar fáil trí chomhairliúchán spriocdhírithe le páirtithe leasmhara ón 1 Feabhra go dtí an 8 Márta 2021. A bhuí leis an gcomhairliúchán, fuarthas breis agus 200 aighneacht chothrománach agus thír-shonrach ó réimse leathan gníomhaíochtaí de chuid an Aontais, líonraí Eorpacha, eagraíochtaí sochaí sibhialta náisiúnta agus Eorpacha agus comhlachais ghairmiúla mar aon le gníomhaithe idirnáisiúnta agus Eorpacha. An t-eolas a fuarthas tríd an gcomhairliúchán sin, chuir sé torthaí fíorasacha maidir le forbairtí sna Ballstáit ar fáil do mheasúnú an Choimisiúin.

2021 Rule of law report - targeted stakeholder consultation

Documents

20 IÚIL 2021
2021 Rule of law report - methodology

20 IÚIL 2021
EU’s rule of law toolbox - factsheet

20 IÚIL 2021
The European rule of law mechanism – factsheet