Ghlac an Coimisiún Eorpach tuarascálacha 2023 maidir le méadú. Breathnaítear go grinn sna tuarascálacha sin ar an dul chun cinn atá déanta ag na tíortha ar mian leo a bheith ina mbaill den Aontas Eorpach. Áirítear ar na príomhphointí an moladh ón gCoimisiún tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin agus leis an Moldóiv. Rinneadh moladh comhchosúil maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin ar choinníoll go gcomhlíonann an tír critéir áirithe. Ar an lámh eile, ba cheart stádas tír is iarrthóir a thabhairt don tSeoirsia.
Áirítear an Úcráin, an Mholdóiv agus an tSeoirsia sa mheasúnú den chéad uair, agus tá nuashonruithe ann freisin maidir leis na tíortha is iarrthóirí seo a leanas
- An Albáin
- An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin
- An Chosaiv
- Montainéagró
- An Mhacadóin Thuaidh
- An tSeirbia
- An Tuirc
Dírítear sna tuarascálacha ar an dul chun cinn atá déanta acu maidir le cur chun feidhme na n-athchóirithe bunúsacha is gá chun cáiliú do bhallraíocht san Aontas. Cuirtear comhairle ar fáil iontu freisin maidir le tosaíochtaí athchóiriúcháin atá ar na bacáin.
Aon tír Eorpach a urramaíonn luachanna daonlathacha an Aontais agus atá tiomanta iad a chur chun cinn, is féidir léi iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht san Aontas. Chun teacht isteach san Aontas, ní mór don tír is iarrthóir sraith critéar polaitiúil agus eacnamaíoch a chomhlíonadh. Nuair a thugtar an chaibidlíocht maidir leis na réimsí beartais uile chun críche, agus nuair atá an tAontas féin ullamh don mhéadú ó thaobh cumais ionsúcháin de, déantar na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh aontachais a ionchorprú i gconradh aontachais, lena n-áirítear clásail choimirce agus socruithe idirthréimhseacha a d’fhéadfadh a bheith ann. Ní mór formheas ó Pharlaimint na hEorpa agus formheas d’aon toil ó Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh a bheith ag an gconradh sin. Ansin síníonn agus daingníonn gach páirtí, Ballstáit an Aontais agus an tír is iarrthóir an conradh.
Tuilleadh eolais
Bileog eolais lena mínítear próiseas aontachais an Aontais céim ar chéim
Bileog eolais faoin mBoisnia agus an Heirseagaivéin
Bileog eolais faoi Mhontainéagró
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 8 Samhain 2023
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide