Page contents Page contents Eoraip Shóisialta láidir is bonn don rathúnas Ní éireoidh le daoine agus gnólachtaí san Aontas mura bhfóireann an geilleagar dóibh. Eoraip Shóisialta láidir is bonn don rathúnas agus don dea-bhail, agus do gheilleagar iomaíoch cothrom freisin. Tá oibrithe oilte ríthábhachtach chuige sin, oibrithe atá in ann nuálaíocht a ghiaráil agus iad féin a chur in oiriúint don aistriú glan agus don aistriú digiteach.Le 4 bliana anuas, bhí dúshláin roimh an Aontas Eorpach nach bhfacthas a leithéid riamh, dúshláin a raibh tionchar nach beag acu ar ár bpoist, ár n-oideachas, ár ngeilleagair, ár gcórais leasa shóisialta agus ár saol sóisialta, agus a mhéadaigh constaicí agus neamh-chomhionannais. D’ainneoin suaití socheacnamaíocha a tháinig sa mhullach ar a chéile, tá teacht aniar fós san Aontas, mar is léir ó na rátaí ísle dífhostaíochta agus an méadú atá ag teacht ar an bhfostaíocht, a bhuí le bearta cinntitheacha a rinne an tAontas agus a Bhallstáit.Tá an tAontas Eorpach ag tógáil geilleagar atá cothrom, cuimsitheach, geilleagar a chuireann deiseanna ar fáil, agus a fhreastalaíonn ar riachtanais shaoránaigh uile an Aontais. Agus an lámh in uachtar á fháil againn ar an bpaindéim, agus na hathchóirithe riachtanacha á n-ullmhú againn agus luas á chur againn leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, creidim go bhfuil sé in am freisin chun an leabhar rialacha sóisialta a chur in oiriúint. Leabhar rialacha lena gcinnteofar dlúthpháirtíocht idir na glúnta. Leabhar rialacha lena dtugtar luach saothair d’fhiontraithe a thugann aire dá bhfostaithe. Ceann lena ndírítear ar phoist agus lena gcuirtear deiseanna ar fáil. Agus ceann lena gcuirtear scileanna, nuálaíocht agus an chosaint shóisialta ar comhchéim. Eoraip níos cothroime a thógáil Tógann Colún Eorpach na gCeart Sóisialta ar 20 príomhphrionsabal agus príomhcheart atá riachtanach chun margaí saothair agus córais leasa shóisialta a chinntiú atá níos cothroime agus a fheidhmíonn ar bhealach níos fearr. Is é a Phlean Gníomhaíochta, a cuireadh i láthair in 2021, an treoir atá againn chun na prionsabail sin a iompú ina ngníomhaíochtaí praiticiúla a théann chun tairbhe do shaoránaigh. Dírítear ann ar an méid seo a leanas:níos mó fostaíochta agus poist níos fearr a chruthúa chur ar a gcumas do dhaoine na scileanna a fhorbairt atá de dhíth orthu chun dul chun cinnrochtain chomhionann a chinntiú ar dheiseannaan bhochtaineacht a chomhrac agus sochaí níos cuimsithí a chruthúChun leanúint de thorthaí praiticiúla fadtéarmacha a chur i gcrích a rachaidh chun tairbhe do chách ar fud an Aontais, tá trí phríomhsprioc leagtha amach ag an gCoimisiún do 2030: 78%Fostaíochtba cheart 78% ar a laghad den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois a bheith fostaithe60%Oiliúintba cheart ar a laghad 60% de na daoine fásta uile a bheith rannpháirteach san oiliúint gach bliain15 mhilliúnAn bhochtaineacht a laghdúlaghdú 15 mhilliún ar a laghad ar líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta Foinse: Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart SóisialtaGheall ceannairí agus rialtais na mBallstát na trí sprioc sin a bhaint amach ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto in 2021. Chuir gach Ballstát i láthair an méid atá siadsan a dhéanamh chun iad a bhaint amach. Infheistíocht a dhéanamh i scileanna agus san oideachas Tá an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach ag cur borradh faoin éileamh ar scileanna nua san Eoraip. Mar shampla, tá an t-aistriú glan ag cruthú post san Aontas in earnálacha mar fhuinneamh gaoithe agus grianfhuinneamh, feithicil leictrithe, agus teaschaidéil.Chomh fada agus a bhaineann sé le fás inbhuanaithe agus iomaíochas, tá sé tábhachtach go mbeadh scileanna ardéilimh ag an lucht saothair. 90%an céatadán de na poist a mbeidh scileanna digiteacha ag teastáil ina leith sa todhchaíSuas le 40%an céatadán d’oibrithe na hEorpa atá ag cur leis an aistriú glanThart ar €65 bhilliúnan méid cistí ón Aontas a dhéantar a infheistiú san oiliúint Foinse: An Bhliain Eorpach um Scileanna – Fíricí agus figiúiríDá ainneoin sin, is ábhar imní iad ganntanais lucht saothair agus bearnaí scileanna í gcónaí. Tá ganntanais le feiceáil go háirithe san earnáil tógála, sa chúram sláinte, san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic. Tá mná faoi ghannionadaíocht i ngairmeacha agus i léann a bhaineann leis an teicneolaíocht; bean is ea duine amháin as gach cúigear speisialtóirí TFC, agus bean is ea duine amháin as gach triúr céimithe san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (ETIM).Chun dul i ngleic leis na ganntanais sin agus tacú leis an aistriú glan agus leis an aistriú digiteach, ainmníodh 2023 mar an Bhliain Eorpach um Scileanna. Déanann sin an lucht saothair agus an tsochaí a chumhachtú trí aghaidh a thabhairt ar na bearnaí scileanna san Aontas agus borradh a chur faoi chlár oibre scileanna an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin cuidíonn sé le daoine na scileanna cuí a fháil le haghaidh poist ardcháilíochta agus tacaíonn sé le cuideachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus iad ag tabhairt aghaidh ar bhearnaí scileanna.Ceann de phríomhspriocanna na Bliana Eorpaí um Scileanna is ea an plean gníomhaíochta chun dul i ngleic le ganntanais lucht saothair agus scileanna, rud a chuir an Coimisiún i láthair i mí an Mhárta 2024. Sa phlean leagtar amach príomhbhearta i gcúig réimse gníomhaíochta ba cheart don Aontas, do na Ballstáit, agus do na comhpháirtithe sóisialta a dhéanamh sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. (c) Tallaght Training Centre (DDLETB)Aistear scileanna Renata i dtreo gairm nuaI mí Feabhra 2019, chinn Renata a saol a athrú ó bhonn. Tar éis di 13 bliana a chaitheamh ag obair i ról nach raibh aon deis aici ardú céime a fháil ann, d’fhág sí chun gairm nua a shaothrú: “Bhí mé ag iarraidh a bheith i m’oibrí cúraim sláinte; ach i bhfianaise mo chúlra san eacnamaíocht, mheas mé go raibh sé rómhall mo chonair ghairme a athrú”.Cé go raibh amhras uirthi ag an tús, chláraigh sí leis an Tréimhse Oiliúna sa Chúram Sóisialta agus Pobail, clár a chuir oiliúint ar fáil a bhain leis an bpost go sonrach. Le linn a hoiliúna, rinne sí socrúchán oibre in Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath agus tairgeadh an post ab fhearr léi di, post ina bhféadfadh sí na scileanna agus an t-eolas nua a bhí aici a úsáid.Léigh scéal Renata Ba cheart an ceart chun oiliúna agus an ceart chun foghlama ar feadh an tsaoil a bheith ag gach duine ar fud an Aontais, sna cathracha agus sna ceantair iargúlta thuaithe. Tá oibrithe ag teastáil ó ghnólachtaí a bhfuil na scileanna acu is gá chun an t-aistriú glan agus an t-aistriú digiteach a chur i gcrích, agus caithfidh daoine a bheith ábalta an t-oideachas agus an oiliúint cheart a fháil chun go n-éireoidh leo sa saol.Chun aghaidh a thabhairt ar na ceanglais scileanna agus oideachais, thug an Coimisiún isteach:Clár Oibre Scileanna an Aontais Eorpaigh 2020Limistéar Eorpach OideachaisAn Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach Deiseanna fostaíochta a aimsiú do dhaoine ógaIs minic a bhíonn deacrachtaí ag daoine óga a gcéad phost a aimsiú. Tá an tAontas ag cuidiú le daoine óga poist ardcháilíochta a aimsiú trí chistiú agus tionscnaimh, mar shampla an Ráthaíocht threisithe don Aos Óg, faoin bPacáiste Tacaíochta Fostaíochta don Aos Óg. Ó bhí 2013 ann, tá thart ar 50 milliún duine óga i gcláir Ráthaíochta don Aos Óg tar éis poist, printíseachtaí, tréimhsí oiliúna, agus breisoideachas agus oiliúint a fháil. Tuilleadh post agus poist níos fearr a chruthú Tacú le saoránaigh agus gnólachtaí tríd an bpaindéimChuaigh an phaindéim go mór i bhfeidhm ar dhaoine, ar ár sochaí agus ar ár ngeilleagar. Trí bhearta agus tionscnaimh éigeandála eacnamaíocha chun cuidiú le hoibrithe agus fostóirí le linn phaindéim COVID-19, rinne an Coimisiún beart láithreach agus shlóg sé cistiú ón Aontas. Chuir an Coimisiún an Ionstraim Eorpach le haghaidh Tacaíocht shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála (SURE) ar bun chun cuidiú leis na Ballstáit poist agus gnólachtaí a chosaint, agus tacú le saoránaigh maidir leis an riosca dífhostaíochta agus caillteanais ioncaim.A bhuí le SURE baineadh an méid seo a leanas amach: Thart ar 31.5 milliúnan líon fostaithe agus daoine féinfhostaithe a fuair tacaíochtBreis agus 2.5 milliúnan líon gnólachtaí a fuair cuidiú, ar FBManna formhór acu€98.4 billiún san iomlánan méid cúnaimh airgeadais ó SURE a dáileadh ar 19 mBallstát Foinse: SUREBhí tionscnaimh mar SURE ríthábhachtach chun tionchar diúltach eacnamaíoch agus sóisialta na paindéime a laghdú, go bunúsach thug siad cosaint do thart ar 1.5 milliún duine ar an dífhostaíocht in 2020, agus neartaigh siad athléimneacht an Aontais i bhfianaise géarchéimeanna nach bhfacthas a leithéid roimhe.Conas a théann cistiú ón Aontas chun tairbhe do dhaoine agus do ghnólachtaíTá NextGenerationEU agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ag croílár bhuiséad an Aontais, agus léiríonn siad an chaoi a dtéann caiteachas an Aontais chun tairbhe don Aontas Eorpach trí chéile. Spreagann na cistí sin fás atá cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach trí thacú le fiontraíocht, iomaíochas, agus tionsclaíocht. Cuidíonn buiséad an Aontais le poist a chruthú agus tacaíonn sé le tionscadail thar roinnt réimsí, mar shampla sláinte, oideachas, iompar agus bonneagar fuinnimh. Mar shampla, meastar go gcruthóidh cláir Bheartais Chomhtháthaithe an Aontais1.3 milliún post breise san Aontas faoi 2027. Mar chuid den bheartas comhtháthaithe, is é Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) príomhuirlis an Aontais chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine, chun Eoraip atá níos sóisialta agus níos cuimsithí a thógáil agus chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun cinn. Cuidíonn sé le beartais a bhaineann le fostaíocht, ábhair shóisialta, oideachas agus scileanna a mhúnlú ar fud an Aontais. Rannchuidíonn sé le héagothromaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha a laghdú ar fud na mBallstát agus na réigiún. Tá cistiú ón Aontas ar fáil trí chláir chistithe éagsúla, InvestEU san áireamh, clár a chuireann chun cinn an infheistíocht inbhuanaithe, an nuálaíocht, agus cruthú fostaíochta. Is féidir le gnólachtaí agus tionscadail bheaga rochtain a fháil ar dheiseanna infheistíochta tríd an Tairseach InvestEU. Tá go leor cuideachtaí ar fud an Aontais tar éis cistiú a fháil cheana féin.Pá íosta leordhóthanach san AontasTacaíonn an Coimisiún go mór le pá cóir maireachtála do gach oibrí san Aontas. I mí Dheireadh Fómhair 2022, ghlac an tAontas treoir lena gcuirtear ar bun creat chun pá íosta leordhóthanach a chinntiú ar fud an Aontais agus cómhargáil agus idirphlé sóisialta a chur chun cinn ag an am céanna. Cinnte a dhéanamh de go bhfuil pá leordhóthanach ag gabháil le poist, tá an méid sin riachtanach chun dálaí cuibhiúla oibre agus maireachtála a chinntiú d’oibrithe agus dá dteaghlaigh, agus chun geilleagair atá cothrom agus athléimneach a thógáil agus tacú le fás cuimsitheach.Feabhas a chur ar dhálaí oibre na n-oibrithe ardáin Ba cheart na cearta saothair agus na tairbhí sóisialta a bhfuil siad ina dteideal a bheith ag gach duine atá ag obair san Aontas. I mí na Nollag 2021, mhol an Coimisiún treoir chun feabhas a chur ar dhálaí oibre na ndaoine a oibríonn trí ardáin dhigiteacha. Cuideoidh na bearta nua seo chun stádas fostaíochta na ndaoine a oibríonn d’ardáin a chinneadh i gceart, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh leas a bhaint as na cearta saothair a bhfuil siad ina dteideal. Ina theannta sin, déanfar úsáid algartam sa bhainistíocht acmhainní daonna a rialáil agus déanfar níos trédhearcaí é chun cinnte a dhéanamh de go mbíonn oibrithe ar an eolas faoi úsáid córas uathoibríoch monatóireachta agus cinnteoireachta maidir lena n-earcú, a ndálaí oibre, agus a bpá. Trí na rialacha nua sin, tá an tAontas ag tabhairt tús áite don chothromaíocht, don chuntasaíocht, agus do chosaint ceart oibrithe sa timpeallacht dhigiteach seo atá ag síorathrú. Cruinniú Mullaigh Val DuchesseAn 31 Eanáir 2024, shínigh an Coimisiún Eorpach, Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus comhpháirtithe sóisialta Eorpacha Dearbhú ag Cruinniú Mullaigh Val Duchesse na gComhpháirtithe Sóisialta, dearbhú inar gheall siad an t-idirphlé sóisialta a neartú san Aontas.Le chéile, tá sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar phríomhdhúshláin inár ngeilleagar agus inár margaí saothair, agus béim ar ghanntanais lucht saothair agus scileanna a chomhrac. I measc na ngealltanas atá déanta acu tá dálaí oibre a fheabhsú, níos mó daoine a thabhairt isteach sa mhargadh saothair, agus é a dhéanamh níos éasca aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí.Tuilleadh eolais Rochtain chomhionann a chinntiú ar dheiseanna Pá comhionann agus cothromaíocht oibre is saoilTá pá comhionann ar cheann de phrionsabail bhunaidh an Aontais, agus is príomhfhócas den Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025 é an bhearna phá idir na hinscní a chomhrac. Trí rialacha an Aontais maidir le trédhearcacht pá, tá an tAontas ag neartú phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann idir fir agus mná.Ina theannta sin tá an tAontas tiomanta tacú leis an gcothromaíocht idir an saol oibre agus an saol príobháideach tríd an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil lena spreagtar comhroinnt chomhionann freagrachtaí cúraim agus oibre idir mná agus fir, agus cearta breise a chur ar fáil ag an am céanna, mar shocruithe solúbtha oibre. 4 mhísaoire tuismitheora íosta an tuismitheoir10 lá oibresaoire atharthachta tráth bhreith an linbh5 lá oibresaoire cúramóra in aghaidh na bliana do gach oibrí Foinse: Bileog eolais ar chearta nua maidir le cothromaíocht oibre is saoilSábháilteacht agus sláinte ceirde a neartúTá sláinte agus sábháilteacht ag an obair ar cheann de na réimsí is mó ina raibh tionchar ag an Aontas; tá gá le dálaí maithe oibre chun go mbeidh an lucht saothair inbhuanaithe agus sláintiúil. Den chéad uair riamh, ghlac an Coimisiún cur chuige ‘Fís Nialais’ chun deireadh a chur leis an mbás a bhaineann leis an obair ina Chreat Straitéiseach maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027. Cuirtear cúig mholadh i láthair ann chun oibrithe a chosaint ar ailsí ceirde agus galair thromchúiseacha eile trí laghdú suntasach a dhéanamh ar an neamhchosaint ag an obair ar aispeist agus luaidhe, mar shampla.Ag an gCruinniú Mullaigh um Shláinte agus Sábháilteacht i mí na Bealtaine 2023 deimhníodh éifeachtacht chreat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht. Ina theannta sin sainaithníodh ábhair imní a bhfuil tuilleadh machnaimh ag teastáil ina leith, mar shampla rioscaí síceasóisialta agus an mheabhairshláinte ag an obair, agus éifeachtaí an athraithe aeráide.Feabhas a chur ar an rochtain atá ag daoine faoi mhíchumas ar dheiseanna Tá thart ar 87 milliún duine san Aontas atá faoi mhíchumas de shórt éigin. Bíonn bacainní suntasacha roimh dhaoine atá faoi mhíchumas maidir le hoideachas, oiliúint, fostaíocht, cosaint shóisialta, tithíocht agus sláinte. Cé go bhfuil iarracht nach beag déanta ag an Aontas i dtaca le feabhas a chur ar an inrochtaineacht, tá dul chun cinn breise ag teastáil. Chun cur leis an gcomhionannas deiseanna san Aontas, ghlac an Coimisiún Straitéis nua maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030. Sa straitéis sin cuirtear san áireamh an éagsúlacht míchumais agus féachtar le daoine faoi mhíchumas a chumhachtú chun páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar. Faoin straitéis sin, glacadh Pacáiste maidir le Fostaíocht do Dhaoine faoi Mhíchumas in 2022. As an 42.8 milliún duine faoi mhíchumas atá in aois oibre san Aontas, níl fostaithe ach an leathchuid acu, agus is éard atá á dhéanamh le tionscnaimh den chineál sin treoir a chur ar fáil d’fhostóirí agus d’údaráis phoiblí, sin agus cúnamh a thabhairt sa tslí go bhfaighidh tuilleadh daoine faoi mhíchumas rochtain ar an margadh saothair.Tar éis mholadh an Choimisiúin i mí Mheán Fómhair 2023, tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir le Cárta Míchumais Eorpach caighdeánaithe a thabhairt isteach, chomh maith le feabhas a chur ar an gCárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas. An bhochtaineacht a chomhrac agus sochaí níos cuimsithí a chruthú Ioncam íosta leordhóthanach chun cuimsiú gníomhach a chinntiúTá sé tuillte ag gach duine dínit a bheith aige ag gach céim den saol. Is bacainní iad an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta ar an gceart sin agus ní mór dúinn mar shochaí teacht ar bhealaí chun iad a shárú. Chun sin a dhéanamh caithfear líontáin láidre sábhála shóisialta a chruthú a chuireann tacaíocht ioncaim leordhóthanach ar fáil dóibh siúd a bhfuil sé de dhíth go géar orthu. Ina theannta sin caithfear rochtain éifeachtach ar sheirbhísí cumasúcháin agus ar sheirbhísí riachtanacha a chinntiú, agus cabhrú leo siúd atá in ann a bheith ag obair post a aimsiú. Ghlac an tAontas Moladh i mí Eanáir 2023 chun tacú leis na Ballstáit na spriocanna sin a bhaint amach.Deireadh a chur leis an easpa dídineIs ábhar imní é an rochtain ar thithíocht inacmhainne ar fud an Aontais. An 21 Meitheamh 2021, ag comhdháil ardleibhéil i Liospóin, sheol ceannairí Eorpacha an tArdán Eorpach chun an Easpa Dídine a Chomhrac agus shínigh siad Dearbhú Liospóin maidir leis an Easpa Dídine a Chomhrac chun sonraí a bhailiú agus malartú dea-chleachtas a éascú chun an easpa dídine a laghdú go mór.Timthriall na bochtaineachta leanaí a bhriseadhNíor cheart d’aon leanbh maireachtáil go beo bocht san Eoraip. Chun cinnte a dhéanamh de go mbíonn rochtain éifeachtach ag leanaí atá i mbaol bochtaineachta agus eisiamh sóisialta ar shraith príomhsheirbhísí mar chúram sláinte agus oideachas, ghlac an tAontas Straitéis an Aontais um Chearta an Linbh agus an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí. Is é is aidhm don Ráthaíocht Eorpach do Leanaí timthriall na bochtaineachta agus an eisiata shóisialta a bhriseadh ó ghlúin go glúin. Cinnteoidh an Ráthaíocht go ndeimhneoidh na Ballstáit go mbíonn rochtain shaor in aisce agus éifeachtach ag leanaí ar na nithe seo a leanas:oideachas agus cúram luath-óigeoideachas agus gníomhaíochtaí scoilebéile sláintiúil amháin ar a laghad gach lá scoilecúram sláinte Tugann cistiú ón Aontas tacaíocht do theaghlaigh bhochta ÉireannachaTá an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) ag tacú le teaghlaigh leochaileacha in Éirinn tríd an tionscnamh ‘School Stationary Kits [Fearais Stáiseanóireachta Scoile]’.Go dtí seo dáileadh 120,000 fearas stáiseanóireachta scoile ar leanaí i dteaghlaigh a fuair cúnamh bia ó FEAD, ar iarrthóirí tearmainn (mar chuid den Chlár Idirnáisiúnta Cosanta Dídeanaithe) agus orthu siúd atá ar Lóistín Éigeandála de bharr a bheith Gan Dídean. In 2020, leathnaíodh raon feidhme an tionscnaimh chun a chinntiú go dtabharfaí tacaíocht do theaghlaigh Romacha agus lucht siúil, agus do chuid de na scoileanna is boichte i lár chathair Bhaile Átha Cliath.Tuilleadh eolais faoin tionscnamh Na chéad chéimeanna eile Cé go ndearnadh dul chun cinn suntasach i dtreo Eoraip níos sóisialta le blianta anuas, níl ár gcuid oibre déanta go fóill.Chun cinnte a dhéanamh de go bhfuilimid ar an mbóthar ceart, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an bPlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta in 2025. Tríd an athbhreithniú sin féadfaimid oibriú amach cad iad na chéad chéimeanna eile atá le glacadh againn chun ár spriocanna do 2030 a bhaint amach agus prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur i bhfeidhm ina n-iomláine. Naisc ghaolmhara Do Chearta Sóisialta san AontasAontas níos cothroime agus níos cuimsithí a thógáilInfheistíocht a dhéanamh i rathúnas na hEorpaAn Comhionannas agus An CuimsiúAn Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
(c) Tallaght Training Centre (DDLETB)Aistear scileanna Renata i dtreo gairm nuaI mí Feabhra 2019, chinn Renata a saol a athrú ó bhonn. Tar éis di 13 bliana a chaitheamh ag obair i ról nach raibh aon deis aici ardú céime a fháil ann, d’fhág sí chun gairm nua a shaothrú: “Bhí mé ag iarraidh a bheith i m’oibrí cúraim sláinte; ach i bhfianaise mo chúlra san eacnamaíocht, mheas mé go raibh sé rómhall mo chonair ghairme a athrú”.Cé go raibh amhras uirthi ag an tús, chláraigh sí leis an Tréimhse Oiliúna sa Chúram Sóisialta agus Pobail, clár a chuir oiliúint ar fáil a bhain leis an bpost go sonrach. Le linn a hoiliúna, rinne sí socrúchán oibre in Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath agus tairgeadh an post ab fhearr léi di, post ina bhféadfadh sí na scileanna agus an t-eolas nua a bhí aici a úsáid.Léigh scéal Renata
Cuidíonn buiséad an Aontais le poist a chruthú agus tacaíonn sé le tionscadail thar roinnt réimsí, mar shampla sláinte, oideachas, iompar agus bonneagar fuinnimh. Mar shampla, meastar go gcruthóidh cláir Bheartais Chomhtháthaithe an Aontais1.3 milliún post breise san Aontas faoi 2027. Mar chuid den bheartas comhtháthaithe, is é Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) príomhuirlis an Aontais chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine, chun Eoraip atá níos sóisialta agus níos cuimsithí a thógáil agus chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun cinn. Cuidíonn sé le beartais a bhaineann le fostaíocht, ábhair shóisialta, oideachas agus scileanna a mhúnlú ar fud an Aontais. Rannchuidíonn sé le héagothromaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha a laghdú ar fud na mBallstát agus na réigiún.
Ba cheart na cearta saothair agus na tairbhí sóisialta a bhfuil siad ina dteideal a bheith ag gach duine atá ag obair san Aontas. I mí na Nollag 2021, mhol an Coimisiún treoir chun feabhas a chur ar dhálaí oibre na ndaoine a oibríonn trí ardáin dhigiteacha. Cuideoidh na bearta nua seo chun stádas fostaíochta na ndaoine a oibríonn d’ardáin a chinneadh i gceart, rud a chuirfidh ar a gcumas dóibh leas a bhaint as na cearta saothair a bhfuil siad ina dteideal. Ina theannta sin, déanfar úsáid algartam sa bhainistíocht acmhainní daonna a rialáil agus déanfar níos trédhearcaí é chun cinnte a dhéanamh de go mbíonn oibrithe ar an eolas faoi úsáid córas uathoibríoch monatóireachta agus cinnteoireachta maidir lena n-earcú, a ndálaí oibre, agus a bpá.
Cruinniú Mullaigh Val DuchesseAn 31 Eanáir 2024, shínigh an Coimisiún Eorpach, Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus comhpháirtithe sóisialta Eorpacha Dearbhú ag Cruinniú Mullaigh Val Duchesse na gComhpháirtithe Sóisialta, dearbhú inar gheall siad an t-idirphlé sóisialta a neartú san Aontas.Le chéile, tá sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar phríomhdhúshláin inár ngeilleagar agus inár margaí saothair, agus béim ar ghanntanais lucht saothair agus scileanna a chomhrac. I measc na ngealltanas atá déanta acu tá dálaí oibre a fheabhsú, níos mó daoine a thabhairt isteach sa mhargadh saothair, agus é a dhéanamh níos éasca aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí.Tuilleadh eolais
Tá thart ar 87 milliún duine san Aontas atá faoi mhíchumas de shórt éigin. Bíonn bacainní suntasacha roimh dhaoine atá faoi mhíchumas maidir le hoideachas, oiliúint, fostaíocht, cosaint shóisialta, tithíocht agus sláinte. Cé go bhfuil iarracht nach beag déanta ag an Aontas i dtaca le feabhas a chur ar an inrochtaineacht, tá dul chun cinn breise ag teastáil. Chun cur leis an gcomhionannas deiseanna san Aontas, ghlac an Coimisiún Straitéis nua maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030. Sa straitéis sin cuirtear san áireamh an éagsúlacht míchumais agus féachtar le daoine faoi mhíchumas a chumhachtú chun páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar.
Is é is aidhm don Ráthaíocht Eorpach do Leanaí timthriall na bochtaineachta agus an eisiata shóisialta a bhriseadh ó ghlúin go glúin. Cinnteoidh an Ráthaíocht go ndeimhneoidh na Ballstáit go mbíonn rochtain shaor in aisce agus éifeachtach ag leanaí ar na nithe seo a leanas:oideachas agus cúram luath-óigeoideachas agus gníomhaíochtaí scoilebéile sláintiúil amháin ar a laghad gach lá scoilecúram sláinte
Tugann cistiú ón Aontas tacaíocht do theaghlaigh bhochta ÉireannachaTá an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) ag tacú le teaghlaigh leochaileacha in Éirinn tríd an tionscnamh ‘School Stationary Kits [Fearais Stáiseanóireachta Scoile]’.Go dtí seo dáileadh 120,000 fearas stáiseanóireachta scoile ar leanaí i dteaghlaigh a fuair cúnamh bia ó FEAD, ar iarrthóirí tearmainn (mar chuid den Chlár Idirnáisiúnta Cosanta Dídeanaithe) agus orthu siúd atá ar Lóistín Éigeandála de bharr a bheith Gan Dídean. In 2020, leathnaíodh raon feidhme an tionscnaimh chun a chinntiú go dtabharfaí tacaíocht do theaghlaigh Romacha agus lucht siúil, agus do chuid de na scoileanna is boichte i lár chathair Bhaile Átha Cliath.Tuilleadh eolais faoin tionscnamh