Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Preaseisiúint20 Márta 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Aghaidh a thabhairt ar ghanntanas saothair agus scileanna san Aontas Eorpach

A young trainee in a hi-viz jacket working on a wall in Seville

 

Tá méadú ag teacht ar ghanntanais saothair agus scileanna i mBallstáit uile an Aontais. Dúirt beagnach dhá thrian (63%) de ghnólachtaí beaga agus meánmhéide i suirbhé a rinneadh le déanaí nach féidir leo teacht ar an tallann atá de dhíth orthu. Ina theannta sin, tá 42 ghairm aitheanta ag an gCoimisiún a bhfuil ganntanas iontu. Chun aghaidh a thabhairt ar na ganntanais saothair agus scileanna sin, tá plean gníomhaíochta curtha i láthair ag an gCoimisiún ina leagtar amach na príomhbhearta ba cheart don Aontas, do na Ballstáit agus do na comhpháirtithe sóisialta a dhéanamh sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. Cuideoidh sé le hacmhainneacht fáis an Aontais a scaoileadh, tacóidh sé lena iomaíochas, agus cuirfidh sé deiseanna níos fearr ar fáil do chách

Tá cúig réimse gníomhaíochta ann: 

  1. Tacaíocht a thabhairt do dhaoine atá faoi ghannionadaíocht chun dul isteach sa mhargadh saothair 
  1. Tacaíocht a chur ar fáil le haghaidh forbairt scileanna, oiliúna agus oideachais 
  1. Dálaí oibre a fheabhsú 
  1. Soghluaisteacht chothrom laistigh den Aontas a fheabhsú d’oibrithe agus d’fhoghlaimeoirí 
  1. Tallann a mhealladh ó lasmuigh den Aontas 

Chuathas i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta maidir leis an bplean gníomhaíochta, rud atá ríthábhachtach chun riachtanais oibrithe a thuiscint agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin sa mhargadh saothair. Leanann sé freisin an iliomad tionscnamh atá curtha i bhfeidhm cheana féin ag an Aontas, ag na Ballstáit agus ag na comhpháirtithe sóisialta, an Clár Oibre Scileanna don Eoraip, an Comhshocrú um Scileanna agus Bliain Eorpach na Scileanna ina measc. Tá gá leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe má tá an tAontas chun a phríomhspriocanna 2030 maidir le scileanna agus fostaíocht a bhaint amach, i.e. ba cheart 78% ar a laghad den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois a bheith fostaithe, agus 60% de dhaoine fásta ag glacadh páirt in oiliúint bhliantúil. 

Tuilleadh eolais 

Geilleagar a oireann do na daoine 

Preaseisiúint: Gníomhaíochtaí leagtha amach ag an gCoimisiún chun dul i ngleic le ganntanais saothair agus scileanna san Aontas Eorpach 

Idirphlé Sóisialta 

Bliain Eorpach na Scileanna 

An Comhshocrú um Scileanna 

Clár Oibre Scileanna don Eoraip 

Cruinniú Mullaigh na gComhpháirtithe Sóisialta Val Duchesse 2024

Sonraí

Dáta foilsithe
20 Márta 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide