Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta5 Meitheamh 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 3 nóiméad

Lá Domhanda an Chomhshaoil 2024

Biodiversity Belgium - Landscapes

 

An 5 Meitheamh, déanaimid ceiliúradh ar Lá Domhanda an Chomhshaoil. Bhunaigh na Náisiúin Aontaithe é in 1972 agus tá sé ar an imeacht idirnáisiúnta is mó ar son an chomhshaoil. Glacann na milliúin daoine páirt ann ar fud an domhain. Tá sé tagtha chun cinn mar ardán domhanda feiceálach chun feasacht ar an gcomhshaol a chur chun cinn.

Chuir an tAontas an comhshaol ar thús cadhnaíochta ina chlár oibre le beartais de chuid an Aontais atá deartha chun an comhshaol agus an bhithéagsúlacht a chosaint, sláinte an duine a chosaint, agus an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach a chur chun cinn. In 2019, thug an Coimisiún isteach an Comhaontú Glas don Eoraip, straitéis chuimsitheach arb é is aidhm di an Eoraip a dhéanamh aeráidneodrach faoi 2050.

Príomhghníomhaíochtaí:

  • Gáis cheaptha teasa a laghdú: creat a bhunú chun laghdú 55% ar a laghad a bhaint amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi dheireadh na deacáide seo
  • Fás eacnamaíoch a dhíchúpláil ó astaíochtaí: ó 1990 i leith, tá laghdú 32.5% tagtha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus tá fás beagnach 70% tagtha ar ár ngeilleagar
  • Forbairt teicneolaíochtaí nuálacha a chothú chun astaíochtaí a laghdú: an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta a chur i bhfeidhm chun dlús a chur le próisis cheadaithe le haghaidh monaraíocht teicneolaíochta glaine agus chun tacú le gnólachtaí Eorpacha iomaíochas a choinneáil ar bun agus aistriú á dheánamh chuig cleachtais níos glaise
  • An tionchar atá ag táirgeadh agus caitheamh bia ar an gcomhshaol a laghdú: gnáthrud a dhéanamh de tháirgí inbhuanaithe, idir táirgí leictreonacha, teicstílí, feithiclí, tógáil agus bia leis an bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach
  • Cosaint na bithéagsúlachta: tógáil ar Natura 2000, an líonra is mó ar domhan de limistéir nádúrtha faoi chosaint, chun acmhainní nádúrtha a chosaint agus deireadh a chur le meath speiceas agus gnáthóg atá i mbaol
  • Aghaidh a thabhairt ar sceitheadh carbóin: leis an gCoigeartú Carbóin ar Theorainneacha lena gcinnteofar go laghdófar astaíochtaí cibé áit a dtáirgtear iad, fiú lasmuigh de theorainneacha an Aontais
  • Daoine a chosaint ar ghuaiseacha comhshaoil: le rialacha de chuid an Aontais lena ráthófar uisce óil sábháilte, uisce snámha glan, cáilíocht aeir níos fearr, agus torann laghdaithe, chomh maith le héifeachtaí ceimiceán díobhálach a laghdú nó deireadh a chur leo
  • Tacaíocht a thabhairt do dhaoine agus do réigiúin atá thíos le teagmhais adhaimsire aeráide: le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun tacú leis na limistéir atá buailte
  • Oibrithe agus sochaithe leochaileacha a chosaint: an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Aeráide Sóisialta a bhunú chun tacú le pobail leochaileacha a bhfuil na dúshláin is mó rompu dul in oiriúint do bheartais nua chomhshaoil

Tá an Coimisiún lántiomanta i gcónaí geilleagar glan iomaíoch a dhéanamh den Aontas Eorpach, geilleagar a bheidh tíosach ar acmhainní, i gcomhréir le spriocanna Chomhaontú Pháras. Tá an Comhaontú Glas don Eoraip bunaithe ar gheilleagar glan ciorclach. Leis an gComhaontú, tá aistriú glan á chur chun cinn lena gcosnaítear daoine agus an pláinéad, aistriú atá fónta ó thaobh an gheilleagair de agus cothrom ó thaobh na sochaí de. 

Tuilleadh eolais

An Comhaontú Glas don Eoraip

Scéal Choimisiún von der Leyen: An Comhaontú Glas don Eoraip

Tuilleadh eolais faoi Bheartas Comhshaoil an Aontais

Seachtain Ghlas an Aontais 2024

Sonraí

Dáta foilsithe
5 Meitheamh 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide