Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Próifíl an aistritheora

Próifíl an aistritheora

Próifíl ghinearálta d’aistritheoirí an Choimisiúin a thugtar anseo. Chun liosta oifigiúil a fháil de na riachtanais a bhaineann le post ar leith, is féidir féachaint san fhógra comórtais, sa ghlao ar léiriú spéise nó sa ghlao ar thairiscintí agus iarratas á dhéanamh agat. Is í an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO), an comhlacht atá freagrach as baill foirne a roghnú d’institiúidí uile an Aontais Eorpaigh, a eagraíonn agus a fhoilsíonn eolas faoi gach comórtas.

Do phróifíl

Bíonn ar aistritheoirí an Choimisiúin téacsanna polaitiúla, dlíthiúla, riaracháin agus gréasáin a aistriú – go dtí an phríomhtheanga atá acu de ghnáth. Is minic a bhíonn ardchastacht i gceist leo, agus cuimsíonn ábhar na dtéacsanna gach ceann de réimsí gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh (cúrsaí eacnamaíocha, airgeadais, eolaíochta, teicniúla, srl.).

Iarrthóirí ar ardchaighdeán a bhíonn á lorg againn – ina measc daoine ag a bhfuil céim san eolaíocht nó céim i ndámh na ndán, nach céim teanga í, a bhaineann le beartais an Aontais.

Na bunriachtanais

  • bheith in ann ceisteanna éagsúla, a bhíonn an-chasta go minic, a thuiscint, dul i ngleic go tapa le dálaí a bhíonn ag athrú, faisnéis a bhainistiú agus cumarsáid éifeachtach a dhéanamh
  • bheith in ann obair a dhéanamh go tionscantach; bheith samhlaíoch, fiosrach ó thaobh intleachta de agus treallúsach
  • bheith in ann obair a dhéanamh go seasmhach agus faoi bhrú, bíodh sé go neamhspleách nó mar chuid d'fhoireann, agus bheith in ann ag obair i dtimpeallacht spreagúil ilchultúrtha
  • bheith in ann an féinsmacht a theastaíonn le bheith ag obair in eagraíocht mhór seirbhíse poiblí a choinneáil

Scileanna ar leith

Anuas ar na bunriachtanais sin, ar cinn iad nach mór a bheith ag gach duine a earcaítear sa Choimisiún beag beann ar an speisialtóireacht atá acu, sa phróifíl earcaíochta atá againn leagtar béim ar chéimithe a bhfuil na sainscileanna atá leagtha amach thíos acu, nó atá sásta iad a fháil, agus atá sásta na scileanna sin agus scileanna eile a fheabhsú feadh a ngairmréime.

Scileanna teanga

  • máistreacht a bheith agat ar gach gné agus ar gach leibhéal stíle de do mháthairtheanga/phríomhtheanga
  • sáreolas a bheith agat ar 2 nó níos mó de theangacha oifigiúla an Aontais, agus Béarla, Fraincis nó Gearmáinis ar cheann acu sin

Scileanna téamacha

  • eolas ar chúrsaí eacnamaíochta, gnóthaí airgeadais, ábhair dhlíthiúla, réimsí teicniúla nó eolaíochta

Scileanna aistriúcháin

  • téacsanna a thuiscint sa teanga fhoinseach agus leagan ceart díobh a sholáthar sa sprioctheanga, trí stíl agus réim teanga a úsáid a oireann do chuspóir an téacs
  • taighde a dhéanamh ar ábhair agus ar théarmaíocht go tapa éifeachtúil – sa teanga fhoinseach agus sa sprioctheanga araon
  • máistreacht a fháil ar uirlisí aistriúcháin ríomhchuidithe agus téarmaíochta, agus ar ghnáth-bhogearraí oifige chomh maith