Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Moltaí an tSeimeastair a chur i bhfeidhm

Tar éis fhoilsiú na moltaí tírshonracha i mí na Bealtaine, déanann Ballstáit an Aontais beart lena gcur i bhfeidhm.

Forbhreathnú

Tar éis eisiúint Phacáiste Earraigh an tSeimeastair Eorpaigh i mí na Bealtaine, comhroinneann an Coimisiún Eorpach a bhfuil ann le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais agus leis na Ballstáit. Príomhchuid den phacáiste sin is ea na dréachtmholtaí tírshonracha, lena dtugtar treoir shaincheaptha do gach Ballstát maidir leis na beartais eacnamaíocha, fostaíochta agus fhioscacha atá le cur i bhfeidhm.

Ó mhí Iúil i leith, tar éis formheas a fháil ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ionchorpraíonn na Ballstáit na moltaí tírshonracha deiridh ina mbeartais náisiúnta agus ina bpleananna buiséadacha don bhliain atá le teacht. Maireann an chéim cur chun feidhme sin, ar a dtugtar an ‘seimeastar náisiúnta’, go dtí mí Dheireadh Fómhair. Ansin ní mór do Bhallstáit an limistéir euro a ndréachtbhuiséid a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena n-athbhreithniú.

Is féidir monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na moltaí tírshonracha trí bhunachar sonraí speisialaithe, ina dtaifeadtar na moltaí uile a glacadh ó 2011 i leith. Is é measúnú an Choimisiúin ar an dul chun cinn a rinneadh le linn na céime cur chun feidhme an bunús don chéad timthriall eile den Seimeastar Eorpach.

Amlíne

  1. Meitheamh
    Pléann an Chomhairle na moltaí tírshonracha

    I mí an Mheithimh, pléann an Chomhairle na dréachtmholtaí tírshonracha, breathnaíonn sí ar leasuithe agus tagann sí ar chomhaontú maidir le leagan deiridh. Nuair a imíonn moltaí ón togra bunaidh ón gCoimisiún, cuireann an Chomhairle sonraí míniúcháin ar fáil. Ina dhiaidh sin, cuirtear na moltaí tírshonracha faoi bhráid na Comhairle Eorpaí a dhéanann iad a fhormhuiniú go foirmiúil.

  2. Iúil
    Glacadh na moltaí tírshonracha críochnaitheacha

    I mí Iúil, glacann an Chomhairle na moltaí tírshonracha deiridh go hoifigiúil.

  3. Iúil-Deireadh Fómhair
    Cuireann na Ballstáit treoir i bhfeidhm le linn an ‘tseimeastair náisiúnta’

    Ó mhí Iúil ar aghaidh, cuireann Ballstáit an Aontais tús le cur i bhfeidhm na moltaí tírshonracha trí bhearta agus athchóirithe nithiúla beartais. Cuimsítear na moltaí fioscacha sna dréachtbhuiséid don bhliain atá le teacht.

    Déanann an Coimisiún dlúthmhonatóireacht ar dhul chun cinn na mBallstát i dtaca leis na moltaí tírshonracha a chur i bhfeidhm, agus déanann sé meastóireacht ar thionchar na mbeart. Ina theannta sin, téann sé i mbun idirphlé le páirtithe leasmhara ábhartha. Bunaithe ar an aiseolas sin, ullmhaíonn an Coimisiún an Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe a fheidhmíonn mar bhonn do mholtaí nua beartais sa chéad timthriall eile den Seimeastar Eorpach.

    Ceanglaítear ar Bhallstáit an limistéir euro a ndréachtbhuiséid don bhliain dár gcionn a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus an Ghrúpa Euro faoi lár mhí Dheireadh Fómhair. Déanann an Coimisiún measúnú ar a mhéid a chomhlíonann siad na moltaí tírshonracha, an chonair ghlanchaiteachais chomhaontaithe agus cheanglais an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis. Is é sin deireadh thimthriall an tseimeastair Eorpaigh.

Na chéad chéimeanna eile

Le foilsiú Phacáiste an Fhómhair i mí na Samhna, cuirtear tús le timthriall nua den Seimeastar Eorpach. Bíonn ábhar an phacáiste bunaithe ar mheastóireacht an Choimisiúin ar iarrachtaí na mBallstát le linn an tseimeastair náisiúnta.

Ba cheart a thabhairt faoi deara go mbíonn na moltaí tírshonracha ó thimthriall críochnaithe an tSeimeastair Eorpaigh fós ábhartha. Aon dréachtbhuiséid nach bhfuil ailínithe le moltaí tírshonracha roimhe seo, tugtar aghaidh orthu sna Tuairimí maidir leis na Dréachtphleananna buiséadacha a bhíonn mar chuid de Phacáiste an Fhómhair.

Glacann na Ballstáit a mbuiséid náisiúnta nua ag deireadh na bliana.